EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 12016E160

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
CUID A TRÍ - BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA AN AONTAIS
TEIDEAL X - BEARTAS SÓISIALTA
Airteagal 160 (sean-Airteagal 144 CCE)

IO C 202, 7.6.2016, p. 118–119 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/treaty/tfeu_2016/art_160/oj

7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 202/118


Airteagal 160

(sean-Airteagal 144 CCE)

Bunóidh an Chomhairle, ag gníomhú di trí thromlach simplí tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, Coiste um Chosaint Shóisialta le stádas comhairleach chun comhordú idir na Ballstáit agus leis an gCoimisiún maidir le cosaint shóisialta a chur ar aghaidh. Is iad cúraimí an Choiste:

faireachán a dhéanamh ar an staid shóisialta agus ar fhorbairt beartas cosanta sóisialta sna Ballstáit agus san Aontas;

malairtí faisnéise, taithí agus dea-chleachtais a chur ar aghaidh idir na Ballstáit agus leis an gCoimisiún;

gan dochar d'Airteagal 240, tuarascálacha a ullmhú nó tuairimí a fhoirmiú nó gníomhaíochtaí eile a dhéanamh laistigh de réimsí a inniúlachta, arna iarraidh sin don Chomhairle nó don Choimisiún nó ar a thionscnamh féin.

Agus a shainordú á chomhall aige, bunóidh an Coiste tadhaill iomchuí leis na comhpháirtithe sóisialta.

Ceapfaidh gach Ballstát dhá chomhalta den Choiste agus ceapfaidh an Coimisiún dhá chomhalta den Choiste.


Top