52003XX0718(01)

Dréachtchonradh a bhunaíonn Bunreacht don Eoraip

Official Journal C 169 , 18/07/2003 P. 0001 - 0150


Dréachtchonradh

A BHUNAÍONN

BUNREACHT DON EORAIP

Arna ghlacadh de chomhthoil ag an gCoinbhinsiún Eorpach ar an 13 Meitheamh agus 10 Iúil 2003

ARNA CHUR FAOI BHRÁID UACHTARAN NA CHOMHAIRLE EORPAÍ SA RÓIMH

— 18 Iúil 2003 —

CLÁR NA nÁBHAR

RÉAMHRÁ…

BROLLACH…

CUID I…

TEIDEAL I — SAINMHÍNIÚ AR AN AONTAS AGUS CUSPÓIRÍ AN AONTAIS…

TEIDEAL II — CEARTA BUNÚSACHA AGUS SAORÁNACHT DEN AONTAS…

TEIDEAL III — INNIÚLACHTAÍ AN AONTAIS…

TEIDEAL IV — INSTITIÚIDÍ AN AONTAIS…

Caıbıdil I — An Creat Institiúideach…

Caıbıdil II — Institiúidí agus comhlachtaí eile…

TEIDEAL V — FEIDHMIÚ INNIÚLACHTAÍ AN AONTAIS…

Caıbıdil I — Forálacha coiteanna…

Caıbıdil II — Forálacha sonracha…

Caıbıdil III — An comhar feabhsaithe…

TEIDEAL VI — AN SAOL DAONLATHACH SAN AONTAS…

TEIDEAL VII — CÚRSAÍ AIRGEADAIS AN AONTAIS…

TEIDEAL VIII — AN tAONTAS AGUS AN TIMPEALLACHT IS GAIRE DÓ…

TEIDEAL IX — BALLRAÍOCHT SAN AONTAS…

CUID II: CAIRT UM CHEARTA BUNÚSACHA AN AONTAIS…

BROLLACH…

TEIDEAL I — AN DÍNIT…

TEIDEAL II — NA SAOIRSÍ…

TEIDEAL III — AN COMHIONANNAS…

TEIDEAL IV — AN DLÚTHPHÁIRTÍOCHT…

TEIDEAL V — AN tSAORÁNACHT…

TEIDEAL VI — AN CEARTAS…

TEIDEAL VII — FORÁLACHA GINEARÁLTA A BHFUIL LÉIRMHÍNIÚ AGUS CUR I bfFEIDHM NA CAIRTE FAOINA RIALÚ…

CUID III: BEARTAIS AGUS OIBRIÚCHÁN AN AONTAIS…

TEIDEAL I — CLASÁIL A BHFUIL FEIDHM GHIEARÁLTA ACU…

TEIDEAL II — NEAMH-IDIRDHEALÚ AGUS SAORÁNACHT…

TEIDEAL III — BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHT INMHEÁNACH…

Caıbıdil I — Margadh inmheánach…

Roinn 1 — Bunú an mhargaidh inmheánaigh…

Roinn 2 — Saorghluaiseacht daoine agus seirbhísí…

Foroinn 1 — Oibrithe…

Foroinn 2 — Saoirse bunaíochta…

Foroinn 3 — Saoirse seibhísí a sholáthar…

Roinn 3 — Saorghluaiseacht earraí…

Foroinn 1 — Aontas custaim…

Foroinn 2 — Comhar custaim…

Foroinn 3 — Toirmeasc ar shrianta cainníochtúla…

Roinn 4 — Caipiteal agus íocaíochtaí…

Roinn 5 — Rialacha iomaíochta…

Foroinn 1 — Rialacha a bhaineann le gnóthais…

Foroinn 2 — Cabhracha ó na Ballstáit…

Roinn 6 — Forálacha fioscacha…

Roinn 7 — Reachtaíocht a chomhfhogasú…

Caıbıdil II — Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta…

Roinn 1 — Beartas eacnamaíoch…

Roinn 2 — Beartas airgeadaíochta…

Roinn 3 — Forálacha institiúideacha…

Roinn 3a — Forálacha is sonrach do Bhallstáit den limistéar euro…

Roinn 4 — Forálacha idirthréimhseacha…

Caıbıdil III — Beartais i réimsí sonracha eile…

Roinn 1 — Fostaíocht…

Roinn 2 — Beartas sóisialta…

Foroinn 1 — An Ciste Sóisialta Eorpach…

Roinn 3 — Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach…

Roinn 4 — Talmhaíocht agus iascach…

Roinn 5 — Comhshaol…

Roinn 6 — Cosaint an tomhaltóra…

Roinn 7 — Iompar…

Roinn 8 — Gréasáin thraseorpacha…

Roinn 9 — Taighde agus forás teicneolaíoch agus spás…

Roinn 10 — Fuinneamh…

Caıbıdil IV — Limistéar saoirse, slándála agus ceartais…

Roinn 1 — Forálacha ginearálta…

Roinn 2 — Beartais maidir le seiceálacha teorann, tearmann agus inimirce…

Roinn 3 — Comhar breithiúnach in ábhair shibhialta…

Roinn 4 — Comhar breithiúnach in ábhair choiriúla…

Roinn 5 — Comhar póilíneachta…

Caıbıdil V — Réimsí ina bhféadfaidh an tAontas gníomhaíocht comhordaitheach, forlíontach nó tacaíochta a ghlacadh…

Roinn 1 — Sláinte an phobail…

Roinn 2 — Tionscal…

Roinn 3 — Cultúr…

Roinn 4 — Oideachas, gairmoiliúint, óige agus spórt…

Roinn 5 — Cosaint shibhialta…

Roinn 6 — Comhar riarthach…

TEIDEAL IV — COMHLACHAS TÍORTHA AGUS CRÍOCHA THAR LEAR…

TEIDEAL V — GNÍOMHAÍOCHT EACHTRACH AN AONTAIS…

Caıbıdil I — Forálacha ginearálta…

Caıbıdil II — Comhbheartas eachtrach agus slándála…

Roinn 1 — Comhbheartas slándála agus cosanta…

Roinn 2 — Forálacha airgeadais…

Caıbıdil III — Comhbheartas tráchtála…

Caıbıdil IV — Comar le tríú tíortha agus cabhair dhaonnúil…

Roinn 1 — Comhar um fhorbairt…

Roinn 2 — Comhar eacnamaíoch arigeadais agus teicniúl le tríú tíortha…

Roinn 3 — Cabhair dhaonnúil…

Caıbıdil V — Bearta sriantacha…

Caıbıdil VI — Comhaontuithe idirnáisiúnta…

Caıbıdil VII — Caidreamh le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus tríú tíortha agus toscaireachtaí don aontas…

Caıbıdil VIII — Clásal na dlúthpháirtíochta a chur chun feidhme…

TEIDEAL VI — OIBRIÚCHÁN AN AONTAIS…

Caıbıdil I — Forálacha institiúideacha…

Roinn 1 — Na hInstitiúidí…

Foroinn 1 — Parlaimint na hEorpa…

Foroinn 2 — An Chomhairle Eorpach…

Foroinn 3 — An Chomhairle…

Foroinn 4 — An Coimisiún…

Foroinn 5 — An Chúirt Bhreithiúnais…

Foroinn 6 — An Chúirt Iniúchóirí…

Roinn 2 — Comhlachtaí comhairleacha den Aontas…

Foroinn 1 — Coiste na Réigiún…

Foroinn 2 — An Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta…

Roinn 3 — An Banc Eorpach Infheistíochta…

Roinn 4 — Forálacha is coiteann do na hInstitiúidí agus comhlachtaí den Aontas…

Caıbıdil II — Forálacha airgeadais…

Roinn 1 — An Creat airgeadais ilbhliantúil…

Roinn 2 — Buiséad bliantúil an Aontais…

Roinn 3 — Cur chun feidhme agus urscaoileadh an bhuiséid…

Roinn 4 — Forálacha coiteanna…

Roinn 5 — Calaois a chomhrac…

Caıbıdil III — Comhar feabhsaithe…

TEIDEAL VII: FORÁLACHA COITEANNA…

CUID IV: FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA…

PRÓTACAL MAIDIR LE RÓL NA bPARLAIMINTÍ NÁISIÚNTA SAN AONTAS EORPACH…

PRÓTACAL MAIDIR LE PRIONSABAL NA COIMHDEACHTA AGUS PRIONSABAL NA COMHRÉIREACHTA A CHUR I bhFEIDHM…

PRÓTACAL MAIDIR LE hIONADAÍOCHT NA SAORÁNACH I bPARLAIMINT NA hEORPA AGUS UALÚ NA VÓTAÍ SA CHOMHAIRLE…

PRÓTACAL MAIDIR LEIS AN nGRÚPA EURO…

PRÓTACAL A LEASAÍONN CONRADH EURATOM…

DEARBHÚ ATÁ I gCEANGAL LEIS AN bPRÓTACAL MAIDIR LE hIONADAÍOCHT NA SAORÁNACH I bPARLAIMINT NA hEORPA AGUS UALÚ NA VÓTAÍ I gCOMHAIRLE NA nAIRÍ…

DEARBHÚ ATÁ I gCEANGAL LEIS AN bPRÓTACAL LEIS AN tSEIRBHÍS EORPACH UM GHNÍOMHAÍOCHT EACHTRACH…

DEARBHÚ A GHABHANN LEIS AN IONSTRAIM CHRÍOCHNAITHEACH A SHÍNÍONN AN CONRADH A BHUNAÍONN AN BUNREACHT…

Liosta de chomhaltaí den Choinbhinsiún Eorpach…

RÉAMHRÁ

do Chuid I agus Cuid II de dhréachtchonradh a bhunaíonn Bunreacht don Eoraip arna chur faoi bhraid na Comhairle Eorpaí in Thessaloniki ar an 20 Meitheamh 2003.

Ag tabhairt dá haire di go raibh an tAontas Eorpach ar tí druidim le céim chinniúnach ina réim, chomóir an Chomhairle Eorpach, ag teacht le chéile di in Laeken na Beilge ar an 14 agus 15 Nollaig 2001, Coinbhinsiún Eorpach maidir le todhchaí na hEorpa.

Iarradh ar an gCoinbhinsiún sin tograí a chumadh ar thrí ábhar: cad é mar is féidir na saoránaigh a thabhairt níos gaire don tionscadal Eorpach agus do na hInstitiúidí Eorpacha; cad é mar is féidir an saol polaitiúil agus an limistéar polaitiúil Eorpach a eagrú san Aontas méadaithe; agus cad é mar is féidir siocair cobhsaíochta agus eiseamláir don ord nua sa chruinne a dhéanamh den Aontas.

D'aimsigh an Coinbhinsiún freagraí ar na ceisteanna a cuireadh sa dearbhú in Laeken:

- molann sé cionroinnt níos fearr a dhéanamh ar na hinniúlachtaí atá ag an Aontas agus ag na Ballstáit;

- molannn sé na conarthaí a chomhcheangal agus pearsantacht dhlítheanach a thabhairt don Aontas;

- déanann sé simpliú ar ionstraimí gníomhaíochta an Aontais;

- molann sé bearta chun an daonlathas, an trédhearcacht agus éifeachtúlacht san Aontas a mhéadú trí chion na bParlaimintí náisiúnta do dhlisteanacht an tionscadail Eorpaigh a fhorbairt, trí na próisis chinnteoireachta a shimpliú, agus trí oibriú na nInstitiúidí Eorpacha a dhéanamh níos trédhearcaí sothuigthe;

- bunaíonn sé na bearta is gá chun an struchtúr a fheabhsú agus chun an ról atá ag gach ceann de na trí Institiúid a athneartú agus aird á tabhairt, ach go háirithe, ar iarmhairtí an mhéadaithe.

Chuir an dearbhú in Laeken an cheist ar chóir go mbeadh de thoradh ar na conarthaí a shimpliú agus a atheagrú go réiteofaí an bealach chun téacs bunreachtúil a ghlacadh. Tá de thoradh ar imeachtaí an Choinbhinsiúin go bhfuil dréachchonradh a bhunaíonn Bunreacht don Eoraip ullmhaithe agus go raibh comhthoil fhorleathan ar a shon ag an seisiún iomlánach ar an 13 Meitheamh 2003.

Is é sin an téacs atáimid a chur faoi bhráid na Comhairle Eorpaí inniu an 20 Meitheamh 2003 in Thessalonici thar ceann an Choinbhinsiúin Eorpaigh sa tsúil go mbeidh sé ina chloch choirnéil do Chonradh todhchaí a bhunaíonn an Bunreacht Eorpach.

+++++ TIFF +++++

Valéry Giscard d'Estaing

Uachtarán an Choinbhinsiúin

+++++ TIFF +++++

Giuliano Amato

Leasuachtarán

+++++ TIFF +++++

Jean-Luc Dehaene

Leasuachtarán

--------------------------------------------------

Dréachtchonradh

A BHUNAÍONN BUNREACHT DON EORAIP

BROLLACH

Tugtar daonlathas ar ár mBunreacht toisc gur i lámha tromlaigh agus ní i lámha mionlaigh atá an chumhacht.

Thucydides II, 37

Ós feasach gur ilchríoch é an Eoraip as a d'eascair an tsibhialtacht; go bhfuil a cuid áitritheoirí a tháinig ar an láthair ina dtáinte comhleanúnacha ó luathaoiseanna an chine tar éis na luachanna a fhorbairt de réir a chéile ar a bhfuil an daonnachas fothaithe: comhionannas na ndaoine, an tsaoirse, meas ar an réasún.

Ag fáil inspioráid ó oidhreacht chultúrtha, reiligiúnach agus daonnach na hEorpa, a bhfuil a cuid luachanna, atá fós le fáil san oidhreacht sin, tar éis a ciall do ról lárnach an duine agus a chearta dosháraithe doshannta agus meas ar an dlí a leabú i saol na sochaí,

Os deimhin gurb é is intinn don Eoraip athaontaithe leanúint ar chonair seo na sibhialtachta, an fhoráis agus an rathúnais, ar mhaithe lena háitritheoirí uile, go fiú an dream is laige agus is míbhuntáistiúla; gur mian léi fanacht ina hilchríoch atá ar oscailt don chultúr, don léann agus don fhorás sóisialta; agus gur toil léi cineál daonlathach trédhearcach a saoil phoiblí a dhoimhniú, agus oibriú ar son na síochána, an cheartais agus na dlúthpháirtíochta ar fud na cruinne,

Ós deimhin go bhfuil sé beartaithe ag pobail na hEorpa, agus iad bródúil i gcónaí as a bhféiniúlacht agus as a stair náisiúnta féin, na seandeighiltí a shárú, agus, trína bheith aontaithe níos dlúithe ná riamh, oidhreacht choiteann a mhunlú.

Ar bheith deimhin, agus "í arna haontú d'ainneoin na héagsúlachta", go gcuireann an Eoraip ar fáil dóibh an deis is fearr, le lánmheas ar chearta gach duine, agus le lánfheasacht ar a bhfreagracht i leith glúnta amach romhainn agus i leith an Domhain, dul ar an móreachtra a fhágann gur limistéar speisialta é ina mborrfaidh dóchas an duine,

Ag gabháil buíochais de na comhaltaí den Choinbhinsiún Eorpach a d'ullmhaigh an Bunreacht seo thar ceann shaoránaigh agus Stáit na hEorpa,

Noch a rinne, tar éis dóibh a Lánchumhachtaí, agus iad i bhfoirm cheart chuí, a thabhairt ar aird dá chéile, comhaontú mar a leanas:

CUID I

TEIDEAL I

SAINMHÍNIÚ AR AN AONTAS AGUS CUSPÓIRÍ AN AONTAIS

Airteagal 1

Bunú an Aontais

1. Ag freagairt do thoil phobail agus Stáit na hEorpa todhchaí choiteann a thógáil, bunaíonn an Bunreacht seo an tAontas Eorpach dá dtabharfaidh na Ballstáit inniúlachtaí chun na cuspóirí is coiteann dóibh a bhaint amach. Déanfaidh an tAontas na beartais a chomhordú chun na cuspóirí seo a bhaint amach, agus feidhmeoidh sé ar an dóigh Chomhphobail na hinniúlachtaí a thugann siad dó.

2. Beidh an tAontas ar oscailt do gach Stát Eorpach a bhfuil meas aige ar a chuid luachanna agus atá tiomanta dá gcur ar aghaidh i gcomhpháirt le chéile.

Airteagal 2

Luachanna an Aontais

Tá an tAontas fothaithe ar na luachanna seo a leanas, meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an daonlathas, an comhionannas, an smacht reachta agus meas ar chearta an duine. Is coiteann do na Ballstáit na luachanna sin i sochaí ina bhfuil an t-iolrachas, an chaoinfhulaingt, an ceartas, an dlúthpháirtíocht agus an neamhidirdhealú ina sainairíonna.

Airteagal 3

Cuspóirí an Aontais

1. Is é is aidhm don Aontas an tsíocháin, a chuid luachanna agus leas a chuid pobal a chur ar aghaidh.

2. Cuirfidh ar tAontas ar fáil dá shaoránaigh limistéar saoirse, slándála agus ceartais gan teorainneacha inmheánacha, agus margadh aonair ina bhfuil an iomaíocht saor agus neamhshaofa.

3. Oibreoidh an tAontas ar mhaithe le forás inbhuanaithe na hEorpa arna bunú ar an bhfás eacnamaíoch cothromúil, ar gheilleagar margaidh sóisialta ina bhfuil iomaíocht ghéar agus arb é is aidhm dó lánfhostaíocht agus forás sóisialta le hardleibhéal cosanta agus feabhas ar mhianach an chomhshaoil. Cuirfidh sé ar aghaidh an forás eolaíoch agus teicneolaíoch.

Comhraicfidh sé an t-eisiamh sóisialta agus an t-idirdhealú agus cuirfidh sé ar aghaidh an ceartas agus an chosaint sóisialta, an comhionannas idir mná agus fir, an dlúthpháirtíocht idir na glúnta agus cosaint chearta an linbh.

Cuirfidh sé ar aghaidh an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, mar aon leis an dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit.

Urramóidh an tAontas an saibhreas atá san éagsúlacht chultúrtha agus teangeolaíoch, agus áiritheoidh sé go ndéanfar oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chaomhnú agus a fheabhsú.

4. Ina chaidreamh leis an domhan mór, cumhdóidh an tAontas agus cuirfidh sé ar aghaidh a chuid luachanna agus leasa. Rannchuideoidh sé leis an tsíocháin, an tslándáil, forbraíocht inbhuanaithe an domhain, an dlúthpháirtíocht agus an meas frithpháirteach idir na ciníocha, an tsaorthrádáil chóir, deireadh a chur leis an mbochtaineacht, agus cearta an duine agus cearta an linbh ach go háirithe a chosaint, meas dian ar an dlí idirnáisiúnta agus forbraíocht an dlí sin, lena n-áirítear meas ar na prionsabail atá i gCairt na Náisiún Aontaithe.

5. Saothrófar na cuspóirí sin trí gach meán is iomchuí ag brath ar a mhéad a dhéanann an Bunreacht seo na hinniúlachtaí ábhartha a chionroinnt ar an Aontas.

Airteagal 4

Saoirsí bunúsacha agus neamhidirdhealú

1. Áiritheofar saorghluaiseacht daoine, earraí, seirbhísí agus caipitil, agus saoirse bunaíochta laistigh den Aontas agus ag an Aontas, i gcomhréir leis na forálacha sa Bhunreacht seo.

2. Fad a bhaineann leis an mBunreacht seo a chur i bhfeidhm, agus gan dochar do na forálacha sonracha dá bhforáiltear ann, beidh toirmeasc ar gach idirdhealú de bhithín náisiúntachta.

Airteagal 5

Caidreamh idir an tAontas agus na Ballstáit

1. Urramóidh an tAontas féiniúlacht náisiúnta a chuid Ballstát atá ina cuid dhíls dá struchtúir bhunúsacha idir pholaitiúil agus bhunreachtúil, lena n-áirítear an fhéinriail réigiúnach agus áitiúil. Urramóidh sé a gcuid feidhmeanna sár-riachtanacha Stáit, lena n-áirítear na feidhmeanna chun iomláine chríochach an Stáit a áirithiú, agus chun an smacht reachta a chothabháil agus an tslándáil inmheánach a choimirciú.

2. De bhua an phrionsabail a bhaineann leis an gcomhar dílis, beidh an tAontas agus na Ballstáit de chúnamh ag a chéile go frithpháirteach agus tabharfaidh siad meas ar a chéile i dtaca le cúraimí a chineann ón mBunreacht seo a chur i gcrích.

Déanfaidh na Ballstáit gnóthú chúraimí an Aontais a éascú agus staonfaidh siad ó aon bheart a chuirfeadh i gcontúirt gnóthú na gcuspóirí atá leagtha amach sa Bhunreacht.

Airteagal 6

Pearsantacht dhlítheanach

Beidh pearsantacht dhlítheanach ag an Aontas.

TEIDEAL II

CEARTA BUNÚSACHA AGUS SAORÁNACHT DEN AONTAS

Airteagal 7

Cearta bunúsacha

1. Aithneoidh an tAontas na cearta, saoirsí agus prionsabail atá leagtha amach sa Chairt um Chearta Bunúsacha arb éard é Cuid II den Bhunreacht seo.

2. Iarrfaidh an tAontas aontú don Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint. Ní dhéanfaidh aontachas don Choinbhinsiún sin difear d'inniúlachtaí an Aontais mar atá siad sainithe sa Bhunreacht seo.

3. Cearta bunúsacha mar atá siad ráthaithe sa Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus mar a leanann siad ó na traidisiúin bhunreachtúla is coiteann do na Ballstáit, is éard iad prionsabail ghinearálta de dhlí an Aontais.

Airteagal 8

Saoránacht den Aontas

1. Is saoránach den Aontas é gach náisiúnach de Bhallstát. Beidh saoránacht den Aontas sa bhreis ar an tsaoránacht náisiúnta; ní ghabhfaidh sí a hionad.

2. Teachtfaidh saoránaigh den Aontas na cearta agus beidh siad faoi réir na ndualgas dá bhforáiltear sa Bhunreacht seo. Beidh an ceart acu:

- gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát;

- vótáil agus bheith ina n-iarrthóirí i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin bhardasacha sa Bhallstát ina bhfuil cónaí orthu faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin;

- an ceart chun cosaint a fháil ar chríoch tríú tír nach bhfuil ionadaíocht inti ag an mBallstát ar náisiúnach de é ó údaráis taidhleoireachta agus consalacha aon Bhallstáit faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin;

- achainí a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa, dul ar iontaoibh an Ombudsman, agus scríobh chuig na hInstitiúidí agus comhlachtaí comhairleacha san Aontas in aon cheann de theangacha an Bhunreachta agus freagra a fháil sa teanga chéanna.

3. Feidhmeofar na cearta sin i gcomhréir leis na coinníollacha agus teorainneacha arna sainiú sa Bhunreacht seo agus leis na bearta arna nglacadh chun éifeacht a thabhairt dó.

TEIDEAL III

INNIÚLACHTAÍ AN AONTAIS

Airteagal 9

Prionsabail bhunúsacha

1. Tá teorainneacha ar inniúlachtaí an Aontais faoi rialú ag an bprionsabal a bhaineann le tabhairt. Tá feidhmiú na n-inniúlachtaí faoi rialú ag prionsabal na coimhdeachta agus ag prionsabal na comhréireachta.

2. Faoin bprionsabal a bhaineann le tabhairt, gníomhóidh an tAontas faoi theorainneacha na n-inniúlachtaí arna dtabhairt dó sa Bhunreacht d'fhonn na cuspóirí atá leagtha amach sa Bhunreacht a bhaint amach. Inniúlachtaí nach bhfuil tugtha don Aontas sa Bhunreacht fanann siad ag na Ballstáit.

3. Faoin bprionsabal a bhaineann le coimhdeacht, ní ghníomhóidh an tAontas, i réimsí nach dtagann faoina inniúlacht eisiach, ach amháin mura féidir agus a mhéad nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na gníomhaíochta arna ceapadh a ghnóthú go leordhóthanach, bíodh sé ar leibhéal lárnach nó ar leibhéal réigiúnach agus áitiúil, ach gur féidir, de bharr scála nó éifeachtaí na gníomhaíochta arna beartú, iad a ghnóthú níos fearr ar leibhéal an Aontais.

Cuirfidh Institiúidí an Aontais prionsabal na coimhdeachta i bhfeidhm mar atá sé leagtha síos sa Phrótacal maidir le prionsabal na coimhdeachta agus prionsabal na comhréireachta a chur i bhfeidhm, atá i gceangal leis an mBunreacht. Áiritheoidh Parlaimintí Náisiúnta go gcomhlíontar an prionsabal sin i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach sa Phrótacal.

4. Faoin bprionsabal a bhaineann le comhréireacht, ní rachaidh raon feidhme agus foirm ghníomhaíocht an Aontais thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí an Bhunreachta seo a bhaint amach.

Cuirfidh na hInstitiúidí prionsabal na comhréireachta i bhfeidhm mar atá sé leagtha síos sa Phrótacal dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal 10

Dlí an Aontais

1. Beidh príomhaíocht ag an mBunreacht agus ag an dlí arna ghlacadh ag Institiúidí an Aontais agus iad ag feidhmiú na n-inniúlachtái arna dtabhairt dó sa Bhunreacht ar dhlí na mBallstát.

2. Glacfaidh na Ballstáit gach beart is iomchuí, ginearálta nó sonrach, chun comhall na n-oibleagáidí a chineann ón mBunreacht nó a leanann ó ghníomhartha de chuid Institiúidí an Aontais a áirithiú.

Airteagal 11

Earnálacha inniúlachtaí

1. Nuair a thugann an Bunreacht inniúlacht eisiach don Aontas i réimse sonrach, is é an tAontas amháin a fhéadfaidh dlíthe a dhéanamh agus gníomhartha dlí atá ceangailteach a ghlacadh; ní fhéadfaidh na Ballstáit gníomhú amhlaidh ach amháin má chumhachtaíonn an tAontas amhlaidh iad nó chun gníomhartha arna nglacadh ag an Aontas a chur chun feidhme.

2. Nuair a thugann an Bunreacht inniúlacht don Aontas atá arna roinnt leis na Ballstáit i réimse sonrach, beidh an chumhacht ag an Aontas agus ag na Ballstáit dlíthe a dhéanamh agus gníomhartha dlí atá ceangailteach a ghlacadh. Feidhmeoidh na Ballstáit a n-inniúlacht a mhéad nár fheidhmigh an tAontas a inniúlacht féin, nó gur chinn sé scor dá feidhmiú.

3. Beidh inniúlacht ag an Aontas beartais eacnamaíocha na mBallstát a chur ar aghaidh agus a chomhordú.

4. Beidh inniúlacht ag an Aontas comhbheartas eachtrach agus slándála a shainiú agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear comhbheartas cosanta a chumadh go comhleanúnach.

5. I réimsí áirithe agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Bhunreacht, beidh inniúlacht ag an Aontas gníomhaíochtaí a chur i gcrích chun tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát, iad a chomhordú nó a fhorlíonadh gan a inniúlacht a chur in ionad a n-inniúlachta siúd sna réimsí sin dá thoradh sin.

6. Cinnfear an raon feidhme agus na socruithe chun inniúlachtaí an Aontais a fheidhmiú sna forálacha is sonrach do gach réimse i gCuid III den Bhunreacht.

Airteagal 12

Inniúlacht eisiach

1. Beidh inniúlacht eisiach ag an Aontas na rialacha iomaíochta is gá a bhunú ar mhaithe le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, agus sna réimsí seo a leanas:

- beartas airgeadaíochta, do na Ballstáit a bhfuil an euro glactha acu,

- comhbheartas tráchtála,

- aontas custaim,

- acmhainní bitheolaíocha na mara a chaomhnú faoin gcomhbheartas iascaigh.

2. Beidh inniúlacht eisiach ag an Aontas comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích nuair a fhoráiltear dá thabhairt i gcrích i ngníomh reachtach den Aontas, nó nuair atá sé riachtanach chun gur féidir leis an Aontas a inniúlacht inmheánach a fheidhmiú, nó nuair a dhéanann sé difear do ghníomh inmheánach de chuid an Aontais.

Airteagal 13

Réimsí na n-inniúlachtaí arna roinnt

1. Déanfaidh an tAontas inniúlacht a roinnt leis na Ballstáit nuair a thugann an Bunreacht inniúlacht dó nach mbaineann leis na réimsí dá dtagraítear in Airteagail 12 agus 16.

2. Déantar raon feidhme na n-inniúlachtaí arna roinnt a chur i bhfeidhm sna príomhréimsí seo a leanas:

- margadh inmheánach,

- réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais,

- talmhaíocht agus iascach, amach ó acmhainní bitheolaíocha na mara a chaomhnú,

- iompar agus gréasáin thraseorpacha,

- fuinneamh,

- beartas sóisialta, do na gnéithe atá sainithe i gCuid III,

- comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach,

- comhshaol,

- cosaint tomhaltóirí.

- gnáthchúraimí a bhaineann leis an tsábháilteacht i dtaca le sláinte an phobail.

3. Sna réimsí a bhaineann le taighde, forbraíocht theicneolaíoch agus an spás, beidh an inniúlacht ag an Aontas gníomhaíochtaí a chur i gcrích, lena n-áirítear cláir a shainiú agus a chur chun feidhme; ar a shon sin, ní féidir go bhfuil de thoradh ar an inniúlacht sin a fheidhmiú na Ballstáit a chosc ar a n-inniúlacht siúd a fheidhmiú.

4. Sna réimsí a bhaineann le comhar um fhorbraíocht agus cabhair dhaonnúil, beidh inniúlacht ag an Aontas gníomhaíochtaí a dhéanamh agus comhbheartas a sheoladh; ar a shon sin, ní féidir go bhfuil de thoradh ar an inniúlacht sin a fheidhmiú na Ballstáit a chosc ar a n-inniúlacht siúd a fheidhmiú.

Airteagal 14

Beartais eacnamaíocha agus fostaíochta a chomhordú

1. Glacfaidh an tAontas bearta chun a áirithiú go ndéantar beartais eacnamaíocha na mBallstát a chomhordú, go háirithe trí mhórthreoirlínte a bhunú le haghaidh na mbeartas sin. Comhordóidh na Ballstáit a mbeartais eacnamaíocha laistigh den Aontas.

2. Beidh forálacha sonracha infheidhme ar na Ballstáit sin a bhfuil an euro glactha acu.

3. Glacfaidh na Ballstáit bearta chun a áirithiú go ndéantar beartais fostaíochta na mBallstát a chomhordú, go háirithe trí threoirlínte do na beartais sin a ghlacadh.

4. Féadfaidh an tAontas tionscnaimh a ghlacadh chun a áirithiú go ndéantar beartais shóisialta na mBallstát a chomhordú.

Airteagal 15

An comhbheartas eachtrach agus slándála

1. Folóidh inniúlacht an Aontais in ábhair a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála gach réimse den bheartas eachtrach agus gach ceist a bhaineann le slándáil an Aontais, lena n-áirítear trí chomhbheartas cosanta a chumadh go comhleanúnach, as a dtiocfadh comhchosaint.

2. Tacóidh na Ballstáit go gníomhach agus gan forchoimeádas le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais de mheon dílseachta agus dlúthpháirtíochta frithpháirtí agus comhlíonfaidh siad na gníomhartha arna nglacadh ag an Aontas sa réimse sin. Staonfaidh siad ó aon ghníomhaíocht a bheadh bunoscionn le leasa an Aontais nó ar dóigh dí a éifeachtacht a dhochrú.

Airteagal 16

Réimsí a bhaineann le gníomhaíocht tacaíochta, comhordaitheach nó forlíontach

1. Féadfaidh an tAontas gníomhaíocht tacaíochta, comhordaitheach nó forlíontach a ghlacadh.

2. Is iad na réimsí le haghaidh gníomhaíocht tacaíochta, comhordaitheach nó forlíontach:

- tionscal

- sláinte an duine a chosaint agus a fheabhsú

- oideachas, gairmoiliúint, óige agus spórt

- cultúr

- cosaint shibhialta.

3. Gníomhartha dlí ceangailteacha arna nglacadh ag an Aontas ar bhonn forálacha is sonrach do na réimsí sin i gCuid III, ní féidir go mbeidh de thoradh orthu go ndéantar dlíthe nó rialacháin de chuid na mBallstát a chomhchuibhiú.

Airteagal 17

Clásal na solúbthachta

1. Más cosúil gur gá gníomh ón Aontas faoi chuimsiú na mbeartas atá sainithe i gCuid III chun ceann de na cuspóirí atá leagtha síos sa Bhunreacht seo a ghnóthú agus nach bhfuil na cumhachtaí is gá chuige sin leagtha síos sa Bhunreacht, glacfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis aontú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, na bearta is iomchuí.

2. Tarraingeoidh an Coimisiún, trí dhul ar iontaoibh an nós imeachta chun faireachán a dhéanamh ar phrionsabal na coimhdeachta dá dtagraítear in Airteagal 9(3), aird na bParlaimintí náisiúnta sna Ballstáit ar thograí arna mbunú ar an Airteagal seo.

3. Ní bheidh de thoradh ar fhoralácha arna nglacadh ar bhonn an Airteagail seo go ndéantar dlíthe nó rialacháin de chuid na mBallstát a chomhchuibhiú sna cásanna ina n-eisiann an Bunreacht comhchuibhiú den sórt sin.

TEIDEAL IV

INSTITIÚIDÍ AN AONTAIS

Caibidil I

AN CREAT INSTITIÚIDEACH

Airteagal 18

Institiúidí an Aontais

1. Beidh ag an Aontas creat institiúideach aonair arb é is aidhm dó:

- cuspóirí an Aontais a shaothrú,

- luachanna an Aontais a chur ar aghaidh,

- fónamh do leasa an Aontais, a chuid saoránach agus a chuid Ballstát,

agus a áirithiú comhchuibheas, éifeachtacht agus leanúnachas na mbeartas a thugann sé ar láimh chun a chuid cuspóirí a bhaint amach.

2. Cuimsíonn an creat institiúideach:

Parlaimint na hEorpa,

An Chomhairle Eorpach,

Comhairle na nAirí,

An Coimisiún Eorpach,

An Chúirt Bhreithiúnais.

3. Gníomhóidh gach institiúid acu faoi theorainn na gcumhachtaí atá tugtha di sa Bhunreacht agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na coinníollacha atá leagtha amach ann. Cleachtfaidh na hInstitiúidí comhar dílis i leith a chéile.

Airteagal 19

Parlaimint na hEorpa

1. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, i gcomhpháirt leis an gComhairle, na feidhmeanna reachtacha agus buiséadacha mar aon leis na feidhmeanna a bhaineann le rialú polaitiúil agus na feidhmeanna comhairliúcháin mar atá siad leagtha síos sa Bhunreacht a fheidhmiú. Toghfaidh sí Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh.

2. Déanfar Parlaimint na hEorpa a thoghadh trí vótáil chomhchoiteann dhíreach de shaoránaigh na hEorpa i saorbhallóid rúnda go ceann tréimhse cúig bliana. Ní rachaidh líon na gcomhaltaí thar seacht gcéad tríocha sé. Beidh ionadaíocht na saoránach Eorpach comhréireach go céimlaghdaitheach, le híosmhéid de cheathrar comhaltaí do gach Ballstát.

Tamall fada go leor roimh na toghcháin i 2009 do Pharlaimint na hEorpa, agus de réir mar is gá ina dhiaidh sin do thoghcháin níos déanaí, glacfaidh an Chomhairle Eorpach d'aon toil, ar bhonn togra ó Pharlaimint na hEorpa agus lena toiliú, cinneadh a bhunaíonn comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa, ag urramú na bprionsabal atá leagtha amach thuas.

3. Toghfaidh Parlaimint na hEorpa a hUachtarán agus a cuid oifigeach as measc a cuid comhaltaí.

Airteagal 20

An Chomhairle Eorpach

1. Tabharfaidh an Chomhairle Eorpach don Aontas an spreagadh is gá ar mhaithe lena fhorbraíocht, agus saineoidh sí a threoirlínte agus tosaíochtaí polaitúla ginearálta. Ní fheidhmíonn sé feidhmeanna reachtacha.

2. Beidh ar an gComhairle Eorpach na Ceannairí Stáit nó Rialtais de na Ballstáit mar aon lena hUachtarán agus Uachtarán an Choimisiúin. Glacfaidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais páirt ina cuid oibre.

3. Tiocfaidh an Chomhairle Eorpach le chéile in aghaidh na ráithe ar an Uachtarán í a chomóradh. Nuair a éilíonn an clár oibre é, féadfaidh na baill a chinneadh go mbeidh Aire de chúnamh acu, agus, i gcás Uachtarán an Choimisiúin, go mbeidh Coimisinéir de chúnamh aige. Má éilíonn an cor a leithéid, féadfaidh an tUachtarán cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach a chomóradh.

4. Mura bhforáiltear a mhalairt sa Bhunreacht, glacfar cinntí den Chomhairle Eorpach trí chomhthoil.

Airteagal 21

Uachtarán na Comhairle Eorpaí

1. Toghfaidh an Chomhairle Eorpach a hUachtarán, trí thromlach cáilithe, go ceann téarma dhá bhliain go leith, atá inathnuaite uair amháin. Mura féidir di/dó é nó má tharlaíonn míchleachtas tromchúiseach, féadfaidh an Chomhairle Eorpach deireadh a chur lena t(h)éarma oifige de réir an nós imeachta céanna.

2. Is é Uachtarán na Comhairle Eorpaí:

- a bheidh i gceannas ar imeachtaí na Comhairle Eorpaí agus stiúróidh sé iad,

- i gcomhar le hUachtarán an Choimisiúin, agus ar bhonn na n-imeachtaí sa Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta, áiritheoidh sé an t-ullmhúchán cuí agus an leanúnachas,

- déanfaidh sé a dhícheall an comhchuibheas agus an chomhthoil sa Chomhairle Eorpach a éascú,

- cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa tar éis gach ceann dá cuid cruinnithe.

Áiritheoidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí ar a leibhéal féin agus sa cháil sin ionadaíocht eachtrach an Aontais maidir le saincheisteanna a bhaineann lena chomhbheartas eachtrach agus slándála, gan dochar do na hinniúlachtaí atá ag Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais.

3. Ní fhéadfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí sainordú náisiúnta a shealbhú.

Airteagal 22

Comhairle na nAirí

1. Déanfaidh Comhairle na nAirí, i gcomhpháirt le Parlaimint na hEorpa, na feidhmeanna reachtacha agus buiséadacha a fheidhmiú mar aon leis na feidhmeanna a bhaineann le beartais a shainiú agus a chomhordú mar atá siad leagtha síos sa Bhunreacht.

2. Beidh ar Chomhairle na nAirí ionadaí do gach Ballstát ar leibhéal aireachta le haghaidh gach comhdhéanamh dá cuid. Is é an t-ionadaí sin amháin atá i dteideal gníomhú thar ceann an Bhallstáit agus an ceart chun vótáil a fheidhmiú.

3. Mura bhforáiltear a mhalairt sa Bhunreacht, cinnfidh an Chomhairle trí thromlach cáilithe.

Airteagal 23

Comhdhéanaimh Chomhairle na nAirí

1. Déanfaidh an Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta agus Reachtach comhchuibheas na n-imeachtaí i gComhairle na nAirí a áirithiú.

Nuair a fheidhmíonn sí mar Chomhairle um Ghnóthaí Ginearálta, ullmhóidh sí i gcuibhreann leis an gCoimisiún cruinnithe den Chomhairle Eorpach agus áiritheoidh sí go gcuirtear na cinntí i gcrích.

Nuair a fheidhmíonn sí ina cáil reachtach, breithneoidh Comhairle na nAirí agus, i gcomhpháirt le Parlaimint na hEorpa, déanfaidh sí dlíthe Eorpacha agus dlíthe réime Eorpacha, i gcomhréir leis na forálacha sa Bhunreacht seo. Sa cháil sin di beidh ar an ionadaíocht do gach Ballstát ionadaí nó dhó ar leibhéal aireachta a bhfuil an saineolas ábhartha acu, i bhfianaise an ábhair ar chlár oibre na Comhairle.

2. Oibreoidh an Chomhairle um Ghnóthaí Eachtracha amach beartais eachtracha an Aontais de réir na dtreoirlínte straitéiseacha arna sainiú ag an gComhairle Eorpach agus áiritheoidh sé go bhfuil comhchuibheas ina chuid gníomhaíochtaí. Is é Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais a bheidh i gceannas uirthi.

3. Glacfaidh an Chomhairle Eorpach cinntí a bhunaíonn comhdhéanaimh eile ina bhféadfaidh Comhairle na nAirí teacht le chéile.

4. Ionadaithe do Bhallstát laistigh de Chomhairle na nAirí ar bhonn córas uainíochta cothroime a bheidh ina n-uachtarán ar chomhdhéanamh de Chomhairle na nAirí, amach ó chomhdhéanamh na Comhairle um Ghnóthaí Eachtracha, go ceann bliana ar a laghad. Is é an Chomhairle Eorpach a ghlacfaidh cinneadh Eorpach a bhunaíonn rialacha na huainíochta sin, agus aird á tabahairt aici ar an gcothromaíocht pholaitiúil gheografach Eorpach agus ar éagsúlacht na mBallstát uile.

Airteagal 24

An Tromlach cáilithe

1. Nuair a ghlacann an Chomhairle Eorpach nó Comhairle na nAirí cinntí trí thromlach cáilithe, is éard é an tromlach sin, tromlach na mBallstát atá in ionannas le trí chúigiú de dhaonra an Aontais.

2. Nuair nach n-éilíonn an Bunreacht go ngníomhóidh an Chomhairle Eorpach nó Comhairle na nAirí ar bhonn togra ón gCoimisiún, nó nuair nach ngníomhaíonn an Chomhairle Eorpach nó Comhairle na nAirí ar thionscnamh ó Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, is éard é an tromlach cáilithe is gá, dhá thrian de na Ballstáit atá in ionannas le trí chúigiú de dhaonra an Aontais ar a laghad.

3. Gabhfaidh éifeacht leis na forálacha i míreanna 1 agus 2 ar 1 Samhain 2009, nuair atá na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa thart, i gcomhréir leis na forálacha in Airteagail 19.

4. Má tá sé leagtha síos sa Bhunreacht i gCuid III gur féidir le Comhairle na nAirí dlíthe Eorpacha agus dlíthe réime Eorpacha a ghlacadh de réir nós imeachta reachtach speisialta, féadfaidh an Chomhairle Eorpach, ar a thionscnamh féin agus d'aon toil, tar éis tréimhse machnaimh sé mhí ar a laghad, cinneadh a ghlacadh trínar féidir dlíthe agus dlíthe réime den sórt sin a ghlacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach. Gníomhóidh an Chomhairle Eorpach tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus tar éis na Parlaimintí náisiúnta a chur ar an eolas.

Má tá sé leagtha síos sa Bhunreacht i gCuid III gur féidir le Comhairle na nAirí gníomhú d'aon toil i réimse ar leith, féadfaidh an Chomhairle Eorpach, ar a thionscnamh féin agus d'aon toil, cinneadh Eorpach a ghlacadh trínar féidir le Comhairle na nAirí gníomhú trí thromlach cáilithe sa réimse sin. Aon tionscnamh arna ghlacadh ag an gComhairle Eorpach faoin bhfomhír seo, cuirfear chuig na Parlaimintí náisiúnta é faoi cheann ceithre mhí ar a laghad sula nglacfar aon chinneadh air.

5. Ní chaithfidh an tUachtarán ná Uachtarán an Choimisiúin vóta sa Chomhairle Eorpach.

Airteagal 25

An Coimisiún Eorpach

1. Déanfaidh an Coimisiún Eorpach an leas Eorpach ginearálta a chur ar aghaidh agus glacfaidh sé tionscnaimh iomchuí chuige sin. Áiritheoidh sé cur i bhfeidhm an Bhunreachta agus céimeanna arna nglacadh ag na hInstitiúidí faoin mBunreacht. Maoirseoidh sé cur i bhfeidhm dhlí an Aontais faoi rialú na Cúirte Breithiúnais. Cuirfidh sé an buiséad i ngníomh agus déanfaidh sé bainisteoireacht ar na cláir. Feidhmeoidh sé freisin feidhmeanna comhordaitheacha, feidhmiúcháin agus bainisteoireachta mar atá siad leagtha síos sa Bhunreacht. Amach ón gcomhbheartas eachtrach agus slándála, agus cásanna eile dá bhforáiltear sa Bhunreacht, áiritheoidh sé ionadaíocht eachtrach an Aontais. Tionscnóidh sé pleanáil bhliantúil agus ilbhliantúil an Aontais ar mhaithe le comhaontuithe idirinstitiúideacha a ghnóthú.

2. Mura bhforáiltear a mhalairt sa Bhunreacht, ní fhéadfar gníomhartha reachtacha an Aontais a ghlacadh ach amháin ar thogra ón gCoimisiún. Glactar gníomhartha eile ar bhonn togra ón gCoimisiún de réir mar a fhoráiltear sa Bhunreacht.

3. Beidh ar an gCoimisiún Uachtarán, Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais/Leasuachtarán agus trí Choimisinéirí Eorpacha déag arna roghnú ar bhonn córas uainíochta cothroime idir na Ballstáit. Bunófar an córas seo trí chinneadh Eorpach arna ghlacadh ag an gComhairle Eorpach ar bhonn na bprionsabal seo a leanas:

(a) Cuirfear an chóir cheannann chéanna ar na Ballstáit maidir leis an ord ina dtiocfaidh a chuid náisiúnach isteach mar Chomhaltaí den Choláiste agus an am a chaithfidh siad ann; dá dheasca sin, ní mó ná téarma amháin an difear idir líon iomlán na dtéarmaí oifige arna sealbhú ag náisiúnaigh de chuid aon dá Bhallstát;

(b) Faoi réir phointe (a), beidh gach coláiste comhleanúnach comhdhéanta ionas go bhfuil sé ina scáthán dílis ar raon déimeagrafach, geografach de Bhallstáit uile an Aontais.

Ceapfaidh Uachtarán an Choimisiúin Coimisinéirí nach bhfuil vóta acu, arna roghnú de réir na gcritéar céanna atá infheidhme ar Chomhaltaí den Choláiste agus arb as gach Ballstát eile dóibh.

Gabhfaidh éifeacht leis na socruithe seo ar an 1 Samhain 2009.

4. Agus a chuid freagrachtaí á gcur i gcrích aige, beidh an Coimisiún go hiomlán neamhspleách. I gcomhlíonadh a ndualgas dóibh ní iarrfaidh ná ní ghlacfaidh na Coimisinéirí Eorpacha agus na Coimisinéirí teagaisc ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht eile.

5. Beidh an Coimisiún mar choláiste freagrach do Pharlaimint na hEorpa. Beidh Uachtarán an Choimisiúin freagrach do Pharlamint na hEorpa as gníomhaíochtaí na gCoimisinéirí. Faoi na nósanna imeachta atá leagtha amach in Airteagal III-243 den Bhunreacht, féadfaidh Parlaimint na hEorpa rún cáinte a rith ar an gCoimisiún. Má ritear rún den sórt sin, caithfidh na Coimisinéirí Eorpacha agus na Coimisinéirí uile scor dá n-oifig. Leanfaidh an Coimisiún de ghnóthaí an lae a láimhseáil go dtí go n-ainmnítear coláiste nua.

Airteagal 26

Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

1. Ag féachaint do na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa agus tar éis comhairliúcháin iomchuí, cuirfidh an Chomhairle Eorpach, ag cinneadh di trí thromlach cáilithe, an t-iarrthóir atá beartaithe aici do Uachtaránacht an Choimisiúin ar aghaidh chuig Pharlaimint na hEorpa. Toghfaidh Parlaimint na hEorpa an t-iarrthóir sin trí thromlach dá comhaltaí. Mura bhfaighidh an t-iarrthóiir sin an tacaíocht tromlaigh is gá, cuirfidh an Chomhairle Eorpach iarrthóir nua ar aghaidh laistigh de mhí amháin de réir an nós imeachta céanna.

2. Gach Ballstát ábhartha arna chinneadh de réir an córas uainíochta, bunóidh sé liosta de thríur, déanta d'fhir agus de mhná, a mheasann sé atá cáilithe chun bheith ina C(h)oimisinéir Eorpach. Trí dhuine amháin a roghnú as gach ceann de na liostaí sin, roghnóidh an tUachtarán-tofa na trí Choimisinéirí Eorpacha dhéag as a n-inniúlacht, a thiomantas Eorpach agus a neamhspleáchas ráthaithe. Cuirfear an tUachtarán agus na daoine atá arna n-ainmniú amhlaidh do chomhaltas den choláiste, lena n-áirítear Aire Gnóthaí Eachtracha todhchaí an Aontais, mar aon leis na daoine atá arna n-ainmniú mar Choimisinéirí gan vóta, mar chomhlacht faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa le haghaidh vóta formheasa. Beidh téarma oifige cúig bliana ag an gCoimisiún.

3. Déanfaidh Uachtarán an Choimisiúin:

- na treoirlínte ar dá réir a fheidhmíonn an Coimisiún a chúraimí,

- a eagrúchán inmheánach a chinneadh chun a áirithiú go ngníomhaíonn sé go comhchuí, éifeachtúil agus ar bhonn coláisteach,

- leasuachtaráin a cheapadh as measc na gcomhaltaí den Choláiste.

Éireoidh Coimisinéir Eorpach nó Coimisinéir as oifig ar an Uachtarán sin a iarraidh.

Airteagal 27

Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais

1. Ceapfaidh an Chomhairle Eorpach, ag cinneadh di trí thromlach cáilithe, le comhaontú ó Uachtarán an Choimisiúin, Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais. Seolfaidh sé comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais. Féadfaidh an Chomhairle Eorpach a théarma oifige a chríochnú de réir an nós imeachta céanna.

2. Rannchuideoidh an tAire Gnóthaí Eachtracha trína chuid tograí leis an gcomhbheartas eachtrach a fhorbairt agus cuirfidh sé i gcrích é de réir sainordú ón gComhairle. Gníomhóidh sé amhlaidh maidir leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta.

3. Beidh an tAire Gnóthaí Eachtracha ar dhuine de Leasuachtaráin an Choimisiúin. Beidh sé freagrach ansin as an gcaidreamh eachtrach a láimhseáil agus as gnéithe eile de ghníomhaíocht eachtrach an Aontais a chomhordú. Agus na freagrachtaí sin á bhfeidhmiú aige laistigh den Choimisiún, agus i dtaca leis na freagrachtaí sin amháin, beidh sé faoi cheangal ag nósanna imeachta an Choimisiúin.

Airteagal 28

An Chúirt Bhreithiúnais

1. Cuimseoidh an Chúirt Bhreithiúnais an Chúirt Eorpach Bhreithiúnais, an Ardchúirt agus cúirteanna speisialaithe. Áiritheoidh sí meas ar an dlí tríd an mBunreacht a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm.

Cuirfidh na Ballstáit cearta achomhairc ar fáil atá leordhóthanach chun cosaint dlí éifeachtach a áirithiú i réimse dhlí an Aontais.

2. Aon bhreitheamh as gach Ballstát a bheidh ar an gCúirt Bhreithiúnais agus beidh Abhcóidí Ginearálta de chúnamh aici.

Beidh ar an Ardchúirt breitheamh amháin ar a laghad as gach Ballstát: Reacht na Cúirte Breithiúnais a shocróidh a líon.

Ceapfaidh rialtais na mBallstát de thoil a chéile go ceann téarma sé bliana atá inathnuaite Breithiúna agus Abhcóidí Ginearálta na Cúirte Breithiúnais agus Breithiúna na hArdchúirte arna roghnú ó dhaoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a chomhallann na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal III-260 agus III-261 de Chuid III.

3. Beidh an Chúirt Bhreithiúnais inniúil:

- rialú a thabhairt ar chaingne arna dtabhairt ag Ballstát, ag Institiúid nó ag duine nádúrtha nó dlítheanach i gcomhréir leis na forálacha i gCuid III;

- réamhrialuithe a thabhairt, arna n-iarraidh sin ag cúirteanna sna Ballstáit, maidir le dlí an Aontais nó bailíocht gníomhartha arna nglacadh ag na hInstitiúidí a léirmhíniú;

- rialú a thabhairt ar chásanna eile dá bhforáiltear sa Bhunreacht.

Caibidil II

INSTITIÚIDÍ AGUS COMHLACHTAÍ EILE

Airteagal 29

An Banc Ceannais Eorpach

1. Is éard é an Córas Eorpach de Bhainc Cheannais an Banc Ceannais Eorpach mar aon leis na bainc cheannais náisiúnta. Stiúróidh an Banc Ceannais Eorpach, mar aon leis na bainc cheannais náisiúnta sna Ballstáit a bhfuil an euro glactha acu, beartas airgeadaíochta an Aontais.

2. Beidh an Córas Eorpach de Bhainc Cheannais faoi rialú ag comhlachtaí cinnteoireachta sa Bhanc Ceannais Eorpach. Is é is príomhchuspóir don Chóras Eorpach de Bhainc Cheannais cobhsaíocht na bpraghsanna a chothabháil. Gan dochar don chuspóir a bhaineann le cobhsaíocht na bpraghsanna, tacóidh sé leis na beartais eacnamaíocha ginearálta san Aontas d'fhonn rannchuidiú le cuspóirí an Aontais a ghnóthú. Seolfaidh sé cúraimí eile de chuid Banc Ceannais i gcomhréir leis na forálacha i gCuid III agus le Reacht an Chórais Eorpaigh de Bhainc Cheannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

3. Institiúid is ea é an Banc Ceannais Eorpach a bhfuil pearsantacht dhlítheanach aige. Eisean amháin a fhéadfaidh eisiúint an euro, a údarú. Beidh sé neamhspleách i bhfeidhmiú a chuid cumhachtaí agus maidir lena chúrsaí airgeadais. Gabhfaidh na hInstitiúidí agus comhlachtaí den Aontas, agus rialtais na mBallstát, ar láimh an prionsabal sin a urramú.

4. Glacfaidh an Banc Ceannais Eorpach pé bearta is gá chun a chúraimí a chur i gcrích i gcomhréir leis na forálacha in Airteagail III-77 go III-83 agus III-90, agus leis na coinníollacha atá leagtha síos i Reacht an Chórais Eorpaigh de Bhainc Cheannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh. I gcomhréir leis na forálacha céanna sin, coinneoidh na Ballstáit sin nach bhfuil an euro glactha acu, agus a gcuid Bainc Cheannais, a gcumhachtaí in ábhair airgeadaíochta.

5. Ina réimsí inniúlachta, rachfar i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach maidir le gach gníomh arna bheartú den Aontas, agus le gach togra rialacháin ar an leibhéal náisiúnta, agus féadfaidh sé tuairim a thabhairt.

6. Tá orgáin chinnteoireachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh, a gcomhdhéanamh agus a mhodhanna oibríochtúla leagtha amach in Airteagail III-84 go III-87, agus freisin i Reacht an Chórais Eorpaigh de Bhainc Cheannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

Airteagal 30

An Chúirt Iniúchóirí

1. Is é an Chúirt Iniúchóirí an Institiúid a dhéanfaidh iniúchóireacht ar na cuntais.

2. Scrúdóidh sí na cuntais ar ioncam agus caiteachas uile an Aontais, agus áiritheoidh sí an dea-bhainisteoireacht airgeadais.

3. Beidh náisiúnach amháin ó gach Ballstát ar an gCúirt. I gcomhlíonadh a ndualgas dóibh, beidh na comhaltaí go hiomlán neamhspleách.

Airteagal 31

Comhlachtaí Comhairleacha an Aontais

1. Beidh Coiste na Réigiún agus Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta ag feidhmiú feidhmeanna comhairleacha dóibh de chúnamh ag Parlaimint na hEorpa, Comhairle na nAirí agus an Coimisiún.

2. Beidh ar Choiste na Réigiún ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil sainordú toghchánach ó údarás réigiúnach nó áitiúil acu nó atá cuntasach go polaitiúil do thionól tofa.

3. Beidh ar an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta ionadaithe do eagraíochtaí de fhostóirí, fostaithe agus daoine eile atá ionadaíoch don tsochaí shibhialta, go háirithe i réimsí soceacnamaíocha, sibhialta, gairmiúla agus cultúrtha.

4. Ní bheidh na comhaltaí de Choiste na Réigiún nó den Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta inchurtha faoi cheangal ag aon teagasc sainordaitheach. Beidh siad, chun leas ginearálta an Aontais, go hiomlán neamhspleách i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna.

5. Na rialacha a bhaineann le comhdhéanamh na gCoistí seo, ainmniúchán a gcuid comhaltaí, a gcumhachtaí agus a n-oibríochtaí, tá siad leagtha amach in Airteagail III-292 go III-298. Déanfaidh an Chomhairle na rialacha a bhaineann lena gcomhdhéanamh a athbhreithniú go tráthrialta ar bhonn togra ón gCoimisiún, i bhfianaise foráis eacnamaíocha, sóisialta agus déimeagrafacha san Aontas.

TEIDEAL V

FEIDHMIÚ INNIÚLACHTAÍ AN AONTAIS

Caibidil I

FORÁLACHA COITEANNA

Airteagal 32

Gníomhartha dlí an Aontais

1. Agus na hinniúlachtái arna dtabhairt dó sa Bhunreacht á bhfeidhmiú aige, rachaidh an tAontas, i gcomhréir leis na forálacha i gCuid III, ar iontaoibh ionstraimí dlítheanacha: an dlí Eorpach, an dlí réime Eorpach, an rialachán Eorpach, an cinneadh Eorpach, moltaí agus tuairimí.

Ís gníomh reachtach é an dlí Eorpach a bhfuil feidhm ghinearálta aige. Tá sé ceangailteach go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Is gníomh reachtach é an dlí réime Eorpach atá ceangailteach i ngach Ballstát a bhfuil sé dírithe chuige maidir leis an toradh atá le gnóthú, ach fágtar an inniúlacht ag na húdaráis náisiúnta maidir leis an bhfoirm agus na meáin a roghnú chun an toradh sin a ghnóthú.

Is gníomh neamhreachtach é an rialachán Eorpach a bhfuil feidhm ghinearálta aige maidir le gníomhartha reachtacha agus forálacha sonracha áirithe den Bhunreacht a chur chun feidhme. Is féidir leis a bheith ceangailteach go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát, nó ceangailteach i ngach Ballstát a bhfuil sé dírithe chuige maidir leis an toradh atá le gnóthú, ach fágtar an inniúlacht ag na húdaráis náisiúnta maidir leis an bhfoirm agus na meáin a roghnú chun an toradh sin a ghnóthú.

Is gníomh neamhreachtach é an cinneadh Eorpach atá ceangailteach go huile agus go hiomlán. Nuair a shonraíonn se na daoine a bhfuil sé dírithe chucu níl sé ceangailteach ach orthu sin amháin.

Níl aon bhrí cheangailteach le moltaí ná tuairimí arna nglacadh ag na hInstitiúidí.

2. Agus tograí le haghaidh gníomhartha reachtacha á mbreithniú acu, staonfaidh Parlaimint na hEorpa agus Comhairle na nAirí ó ghníomhartha a ghlacadh nach bhforáiltear san Airteagal seo don réimse i gceist.

Airteagal 33

Gníomhartha reachtacha

1. Glacfar an dlí Eorpach agus an dlí réime Eorpach ar bhonn tograí ón gCoimisiún, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i gcomhpháirt le chéile i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach dá dtagraítear in Airteagal III-302. Mura n-éiríonn leis an dá institiúid teacht ar comhaontú, ní ghlacfar an gníomh.

Sna cásanna dá bhforáiltear go sonrach in Airteagal III-165, féadfar dlíthe Eorpacha agus dlíthe réime Eorpacha a ghlacadh ar thionscnamh ó ghrúpa de Bhallstáit i gcomhréir le hAirteagal III-302.

2. Sna cásanna sonracha dá bhforáiltear sa Bhunreacht, glacfaidh Parlaimint na hEorpa le rannpháirteachas ó Chomhairle na nAirí, nó glacfaidh Comhairle na nAirí le rannpháirteachas ó Pharlaimint na hEorpa na dlíthe Eorpacha agus na dlíthe réime Eorpacha, i gcomhréir leis na nósanna imeachta reachtacha speisialta.

Airteagal 34

Gníomhartha neamhreachtacha

1. Glacfaidh Comhairle na nAirí agus an Coimisiún rialacháin Eorpacha nó cinntí Eorpacha sna cásanna dá dtagraítear in Airteagail 35 agus 36 agus sna cásanna dá bhforáiltear go sonrach sa Bhunreacht. Glacfaidh an Chomhairle Eorpach cinntí Eorpacha sna cásanna dá bhforáiltear go sonrach sa Bhunreacht. Glacfaidh an Banc Ceannais Eorpach rialacháin Eorpacha agus cinntí Eorpacha nuair atá sé údaraithe chuige sin sa Bhunreacht.

2. Glacfaidh Comhairle na nAirí agus an Coimisiún, agus an Banc Ceannais Eorpach nuair atá sé údaraithe chuige sin sa Bhunreacht, moltaí.

Airteagal 35

Rialacháin arna dtarmligean

1. Féadfar sna dlíthe Eorpacha agus sna dlíthe réime Eorpacha an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún rialacháin arna dtarmligean a achtú chun eilimintí áirithe nach bhfuil sár-riachtanach den dlí Eorpach nó den dlí réime Eorpach a fhorlíonadh nó a leasú.

Déanfar cuspóirí, inneachar, raon feidhme agus fad an tarmligin a shainiú go sainráite sna dlíthe Eorpacha agus sna dlíthe réime Eorpacha. Ní fhéadfar na heilimintí sár-riachtanacha d'aon réimse a fholú i dtarmligean. Tá siadsan forchoimeádta don dlí Eorpach nó don dlí réime Eorpach.

2. Cinnfear go sainráite sna dlíthe nó sna dlíthe réime na coinníollacha cur i bhfeidhm a bhfuil an tarmligean faoina réir. Is éard atá iontu ceann amháin nó níos mó de na caíonna seo a leanas:

- féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó Comhairle na nAirí a chinneadh an tarmligean a chúlghairm,

- ní fhéadfaidh an rialachán arna tharmligean teacht i bhfeidhm ach amháin más rud é nach bhfuil aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag Comhairle na nAirí faoi cheann na tréimhse arna socrú sa dlí nó sa dlí réime.

Chun críocha na míre roimhe seo, gníomhóidh Parlaimint na hEorpa trí thromlach dá cuid comhaltaí, agus Comhairle na nAirí trí thromlach cáilithe.

Airteagal 36

Gníomhartha cur chun feidhme

1. Glacfaidh na Ballstáit gach beart a bhaineann leis an dlí náisiúnta atá riachtanach chun gníomhartha ceangailteacha dlí an Aontais a chur chun feidhme.

2. Nuair is gá coinníollacha comhionanna chun gníomhartha ceangailteacha an Aontais a chur chun feidhme, féadfaidh na gníomhartha sin cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún, nó, i gcásanna sonracha atá réasúnaithe go cuí agus sna cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 39, do Chomhairle na nAirí.

3. Leagfaidh an dlí Eorpach síos roimh ré rialacha agus prionsabail ginearálta do na meicníochtaí um rialú a bheith ag na Ballstáit maidir le gníomhartha cur chun feidhme an Aontais.

4. Is é an fhoirm a ghlacfaidh gníomhartha cur chun feidhme an Aontais foirm de rialacháin Eorpacha cur chun feidhme nó de chinntí Eorpacha cur chun feidhme.

Airteagal 37

Prionsabail is coiteann do ghníomhartha dlí den Aontas

1. Nuair nach bhfuil foráil shonrach sa Bhunreacht, cinnfidh na hInstitiúidí, agus an nós imeachta is infheidhme á chomhlíonadh acu, an saghas gnímh atá le glacadh i ngach cás, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta atá leagtha amach in Airteagal 9.

2. Sonróidh na dlíthe Eorpacha, na dlíthe réime Eorpacha, na rialacháin Eorpacha agus na cinntí Eorpacha na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe agus tagróidh siad d'aon mholtaí nó tuairimí dá bhforáiltear sa Bhunreacht seo.

Airteagal 38

Foilseachán agus teacht i bhfeidhm

1. Is é Uachtarán Pharlaimint na hEorpa agus Uachtarán Chomhairle na nAirí a shíneoidh na dlíthe Eorpacha agus na dlíthe réime Eorpacha arna nglacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach. I gcásanna eile is é Uachtarán Pharlaimint na hEorpa nó Uachtarán Chomhairle na nAirí a shíneoidh iad. Foilseofar dlíthe Eorpacha agus dlíthe réime Eorpacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh siad i bhfeidhm ar an dáta atá sonraithe iontu nó, mura bhfuil aon dáta sonraithe, ar an bhfichiú lá tar éis a bhfoilsithe.

2. Rialacháin Eorpacha agus cinntí Eorpacha nach sonraíonn cé chuige atá siad dírithe nó atá dírithe chuig na Ballstáit uile, is é Uachtarán na hInstitiúide a ghlacann iad a shíneoidh iad, foilseofar iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh siad i bhfeidhm ar an dáta atá sonraithe iontu nó, mura bhfuil aon dáta sonraithe, ar an bhfichiú lá tar éis a bhfoilsithe.

3. Cuirfear cinntí eile in iúl dóibh siúd a bhfuil siad dírithe chucu agus gabhfaidh éifeacht leo ar an bhfógra sin a fháil.

Caibidil II

FORÁLACHA SONRACHA

Airteagal 39

Forálacha sonracha ar mhaithe leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála a chur chun feidhme

1. Seolfaidh an tAontas Eorpach comhbheartas eachtrach agus slándála, arna bhunú ar an dlúthpháirtíocht pholaitiúil frithpháirteach a fhorbairt idir na Ballstáit, ar cheisteanna leasa choitinn a shainaithint agus ar an gcóineasú buandlúite idir gníomhaíochtaí na mBallstát a ghnóthú.

2. Déanfaidh an Chomhairle Eorpach leasa straitéiseacha an Aontais a shainaithint agus cuspóirí a chomhbheartas eachtrach agus slándála a shainiú. Cumfaidh Comhairle na nAirí an beartas seo faoi chuimsiú na dtreoirlínte straitéiseacha arna mbunú ag an gComhairle Eorpach agus i gcomhréir leis na socruithe i gCuid III.

3. Glacfaidh an Chomhairle Eorpach agus Comhairle na nAirí na cinntí Eorpacha is gá.

4. Cuirfidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais agus na Ballstáit an comhbheartas eachtrach agus slándála in éifeacht ag dul ar iontaoibh acmhainní naísiúnta agus acmhainní an Aontais.

5. Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le chéile sa Chomhairle Eorpach agus i gComhairle na nAirí maidir le haon saincheist leasa ghinearálta a bhaineann le beartas eachtrach agus slándála chun comhchur chuige a shainiú. Sula nglacfaidh sé ar láimh aon ghníomhaíocht ar an ardán idirnáisiúnta nó aon cheangaltas a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do leasa an Aontais, rachaidh gach Ballstát i gcomhairle leis na Ballstáit eile sa Chomhairle Eorpach agus i gComhairle na nAirí. Áiritheoidh na Ballstáit, trína gcuid gníomhaíochtaí a chóineasú, gur féidir leis an Aontas a leasa agus a luachanna a chur i gcion ar an ardán idirnáisiúnta. Léireóidh na Ballstáit an dlúthpháirtíocht fhrithpháirteach.

6. Rachfar i gcomhairle go tráthrialta le Parlaimint na hEorpa maidir le príomhghnéithe agus bunroghanna an chomhbheartais eachtraigh agus slándála, agus coinneofar ar an eolas í faoi aon athrú ar an gcor.

7. Cinntí Eorpacha a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, glacfaidh an Chomhairle Eorpach agus Comhairle na nAirí iad d'aon toil, amach ó na cásanna dá dtagraítear i gCuid III. Gníomhóidh an Chomhairle Eorpach agus Comhairle na nAirí ar thogra ó Bhallstát, ó Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais nó ón Aire sin le tacaíocht ón gCoimisiún. Tá dlíthe Eorpacha agus dlíthe réime Eorpacha eisiata.

8. Féadfaidh an Chomhairle Eorpach a chinneadh d'aon toil gur chóir do Chomhairle na nAirí gníomhú trí thromlach cáilithe i gcásanna seachas na cinn dá dtagraítear i gCuid III.

Airteagal 40

Forálacha sonracha chun an comhbheartas slándála agus cosanta a chur chun feidhme

1. Beidh an comhbheartas slándála agus cosanta ina chuid dhílis den chomhbheartas eachtrach agus slándála. Cuirfidh sé ábaltacht oibríochtúil ar fáil don Aontas trí dhul ar iontaoibh acmhainní sibhialta agus míleata. Féadfaidh an tAontas tairbhe a bhaint astu maidir le cúraimí lasmuigh den Aontas a bhaineann le coimeád na síochána, cosc ar choinbhleachtaí agus neartú na slándála idirnáisiúnta i gcomhréir leis na prionsabail i gCairt na Náisiún Aontaithe. Gabhfar comhlíonadh na gcúraimí seo ar láimh trí dhul ar iontaoibh na n-ábaltachtaí arna gcur ar fáil ag na Ballstáit.

2. Beidh ar áireamh sa chomhbheartas slándála agus cosanta comhbheartas cosanta an Aontais a chumadh go comhleanúnach. Tiocfaidh comhchosaint as sin nuair a chinnfidh an Chomhairle Eorpach amhlaidh ag gníomhú di d'aon toil. Sa chás sin molfaidh sí do na Ballstáit cinneadh den sórt sin a ghlacadh i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

Ní dhéanfaidh beartas an Aontais i gcomhréir leis an Airteagal seo dochar do shainairíonna an bheartais slándála agus cosanta atá ag Ballstáit áirithe agus urramóidh sé na hoibleagáidí atá ag Ballstáit áirithe a bhfuil a gcomhchosaint á gnóthú acu dar leo in Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh, faoi Chonradh an Atlantaigh Thuaidh, agus beidh sé ag luí leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta arna bhunú faoina chuimsiú sin.

3. Cuirfidh na Ballstáit ábaltachtaí sibhialta agus míleata ar fáil don Aontas ar mhaithe leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta a chur chun feidhme chun rannchuidiú leis na cuspóirí arna sainiú ag Comhairle na nAirí. Na Ballstáit sin a bhunaíonn le chéile fórsaí ilnáisiúnta, féadfaidh siad freisin na fórsaí sin a chur ar fáil don chomhbheartas slándála agus cosanta.

Gabhfaidh na Ballstáit ar láimh a gcuid ábaltachtaí míleata a fheabhsú go comhleanúnach. Bunófar Gníomhaireacht Eorpach um Armálacha, Taighde agus Ábaltachtaí Míleata chun riachtanais oibríochtúla a shainaithint, bearta a mholadh chun na riachtanais sin a chomhall, rannchuidiú le haon bheart is gá chun bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch in earnáil na cosanta a shainaithint, agus nuair is iomchuí, a chur chun feidhme, rannchuidiú le beartas um ábaltachtaí agus armálacha Eorpacha a shainiú, agus bheith de cúnamh ag Comhairle na nAirí chun an feabhas ar na hábaltachaí míleata a mheas.

4. Cinntí Eorpacha maidir leis an mbeartas slándála agus cosanta a chur chun feidhme, lena n-áirítear na cinntí sin a chuireann tús le cúram den saghas dá dtagraítear san Airteagal seo, glacfaidh Comhairle na nAirí iad ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ó Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais nó ar thogra ó Bhallstát. Féadfaidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais a mholadh go dtéitear ar iontaoibh na n-acmhainní náisiúnta agus ionstraimí an Aontais, mar aon leis an gCoimisiún nuair is iomchuí.

5. Féadfaidh Comhairle na nAirí a chur de chúram, faoi chuimsiú an Aontais, ar ghrúpa de Bhallstáit tasc a chur i gcrích d'fhonn luachanna an Aontais a chothabháil agus fónamh dá leasa. Beidh comhall an taisc sin faoi rialú ag Airteagal III-211.

6. Na Ballstáit sin a chomhallann a gcuid ábaltachtaí míleata critéir is airde agus a bhfuil ceangaltais níos ceangaltaí déanta acu i leith a chéile sa réimse seo ar mhaithe leis na cúraimí is déine, bunóidh siad comhar struchtúrtha laistigh de chreat an Aontais. Beidh an comhar sin faoi rialú ag na forálacha in Airteagal III-213.

7. Go dtí go bhfuil an Chomhairle Eorpach tar éis gníomhú i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, déanfar comhar níos dlúithe a bhunú, faoi chuimsiú an Aontais, maidir le cosaint fhrithpháirteach. Faoin gcomhar sin, má fhulaingíonn ceann de na Ballstáit atá rannpháirteach i gcomhar den sórt sin ionsaí armtha ar a chríoch, tabharfaidh na Ballstáit rannpháirteacha eile cúnamh agus cabhair dó le gach meán, míleata nó eile, atá ar a gcumas, i gcomhréir le hAirteagal 51 de Chairt na Náisiún Aontaithe. Agus comhar níos dlúithe maidir le cosaint fhrithpháirteach á fhorghníomhú acu, oibreoidh na Ballstáit rannpháirteacha i ndlúthchomhar le hEagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh. Na socruithe mionsonraithe a bhaineann le rannpháirteachas sa chomhar seo agus lena oibríocht, agus na nósanna imeachta ábhartha cinnteoireachta, tá siad leagtha amach in Airteagal III-214.

8. Rachfar i gcomhairle go tráthrialta le Parlaimint na hEorpa maidir le príomhghnéithe agus bunroghanna an chomhbheartais slándála agus chosanta, agus coinneofar ar an eolas í faoi aon athrú ar an gcor.

Airteagal 41

Forálacha sonracha chun an limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chur chun feidhme

1. Beidh an tAontas ina limistéar saoirse, slándála agus ceartais:

- trí dhlíthe Eorpacha agus dlíthe réime Eorpacha a ghlacadh arb é is aidhm dóibh, nuair is gá, dlíthe náisiúnta a chomhfhogasú sna réimsí atá liostaithe i gCuid III;

- tríd an muinín fhrithpháirteach a chur ar aghaidh idir na húdaráis inniúla sna Ballstáit, go háirithe ar bhonn na mbreitheanna breithiúnacha agus seachbhreithiúnacha a aithint go frithpháirteach;

- tríd an gcomhar oibríochtúil idir na húdaráis inniúla sna Ballstáit, lena n-áirítear seirbhísí na bpóilíní, an chustaim agus seirbhísí eile a dhéanann speisialtóireacht ar chionta coiriúla a chosc agus a bhrath.

2. Laistigh den limistéar saoirse, slándála agus ceartais, féadfaidh Parlaimintí náisiúnta bheith rannpháirteach sna meicníochtaí meastóireachta dá bhforáiltear in Airteagal III-161, agus beidh siad rannpháirteach san fhaireachán polaitiúl ar Europol agus sa mheastóireacht ar ghníomhaíochtaí Eurojust i gcomhréir le hAirteagail III-177 agus III-174.

3. I dtaca leis an gcomhar póilíneachta agus breithiúnach in ábhair choiriúla, beidh an ceart tionscnaimh ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal III-165.

Airteagal 42

Clásal na Dlúthpháirtíochta

1. Gníomhóidh an tAontas agus na Ballstáit i gcomhpháirt le chéile de mheon dlúthpháirtíochta má fhualaingíonn Ballstát ionsaí sceimhlitheoireacha nó tubaiste nádúrtha nó de dhéantús an duine. Moibleoidh an tAontas na hionstraimí uile dá bhfuil ar láimh aige, lena n-áirítear na hacmhainní míleata arna gcur ar fáil ag na Ballstáit, chun:

(a) - bagairt na sceimhlitheoireachta ar chríoch na mBallstát a chosc;

- institiúidí daonlathacha agus an pobal sibhialta a chosaint ar aon ionsaí sceimhlitheoireachta;

- bheith de chúnamh ag Ballstát ar a chríoch arna iarraidh sin do na húdaráis pholaitiúla i gcás ionsaí sceimhlitheoireachta;

(b) - bheith de chúnamh ag Ballstát ar a chríoch arna iarraidh sin do na húdaráis pholaitiúla i gcás tubaiste.

2. Tá na rialacha mionsonraithe chun an fhoráil seo a chur chun feidhme le fáil in Airteagal III-231.

Caibidil III

AN COMHAR FEABHSAITHE

Airteagal 43

An comhar feabhsaithe

1. Na Ballstáit ar mian leo comhar feabhsaithe a bhunú eatarthu féin faoi chuimsiú inniúlachtaí neamheisiacha an Aontais féadfaidh siad dul ar iontaoibh Institiúidí an Aontais agus na hinniúlachtaí sin a fheidhmiú trí na forálacha ábhartha sa Bhunreacht a chur i bhfeidhm, faoi réir na dteorainneacha agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos san Airteagal seo agus in Airteagail III-322 go III-329.

Is é is aidhm don chomhar feabhsaithe taobhú le cuspóirí an Aontais, a leasa a chosaint agus a phróiseas lánpháirteachais a athneartú. Beidh an comhar den sórt sin ar oscailt do gach Ballstát nuair atá sé á bhunú agus tráth ar bith, i gcomhréir le hAirteagal III-324.

2. Deonóidh Comhairle na nAirí údarú dul ar aghaidh leis an gcomhar feabhsaithe mar rogha dheireanach nuair atá sé suite i gComhairle na nAirí nach féidir leis an Aontas ina iomláine cuspóirí an chomhair sin a bhaint amach faoi cheann tréimhse réasúnta, agus ar chuntar go dtiomsaíonn sé trian ar a laghad de na Ballstáit. Gníomhóidh Comhairle na nAirí i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal III-325.

3. Na baill amháin de Chomhairle na nAirí a ionadaíonn na Ballstáit atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe a ghlacfaidh páirt i nglacadh na ngníomhartha. Ar a shon sin, féadfaidh gach Ballstát páirt a ghlacadh sna pléití i gComhairle na nAirí.

Is trí vótaí na n-ionadaithe do na Ballstáit rannpháirteacha amháin a chinnfear an aontoilíocht. Saineofar tromlach cáilithe mar thromlach na vótaí ó na Ballstáit rannpháirteacha atá in ionannas le trí chúigiú ar a laghad de dhaonra na mBallstát sin. Nuair nach n-éilíonn an Bunreacht go ngníomhódh Comhairle na nAirí ar bhonn togra ón gCoimisiún, nó nuair nach ngníomhaíonn Comhairle na nAirí ar thionscnamh ón Aire Gnóthaí Eachtracha, saineofar an tromlach cáilithe is gá mar thromlach na vótaí ó dhá thrian de na Ballstáit rannpháirteacha atá in ionannas le trí chúigiú ar a laghad de dhaonra na mBallstát sin.

4. Gníomhartha arna nglacadh faoi chuimsiú an chomhair fheabhsaithe beidh siad ceangailteach ar na Ballstáit rannpháirteacha amháin. Ní mheasfar iad mar chuid den acquis a gcaithfidh iarrthóirí don aontachas san Aontas glacadh leo.

Teideal VI

AN SAOL DAONLATHACH SAN AONTAS

Airteagal 44

An Prionsabal a bhaineann leis an gcomhionannas daonlathach

Ina chuid gníomhaíochtaí uile, urramóidh an tAontas an prionsabal a bhaineann le comhionannas na saoránach. Ba chóir dóibh uile an chóir chéanna a fháil ó Institiúidí an Aontais.

Airteagal 45

An prionsabal a bhaineann leis an daonlathas ionadaíoch

1. Beidh oibriú an Aontais fothaithe ar phrionsabal an daonlathais ionadaíoch.

2. Tá na saoránaigh ionadaithe go díreach ar leibhéal an Aontais i bParlaimint na hEorpa. Tá na Ballstáit ionadaithe sa Chomhairle Eorpach agus i gComhairle na nAirí trína gcuid rialtas, atá cuntasach iad féin os comhair na bParlaimintí náisiúnta, arna dtoghadh ag na saoránaigh.

3. Beidh an ceart ag gach saoránach bheith rannpháirteach sa saol daonlathach san Aontas. Glacfar cinntí chomh hoscailte agus is féidir agus a chóngaraí is féidir don saoránach.

4. Rannchuidíonn páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach le feasacht pholaitiúil Eorpach a fhoirmiú agus le friotal a chur ar thoil shaoránaigh an Aontais.

Airteagal 46

An prionsabal a bhaineann leis an daonlathas rannpháirtíoch

1. Tabharfaidh Institiúidí an Aontais do na saoránaigh agus do chomhlachais ionadaíocha, trí mheáin iomchuí, an deis a gcuid tuairimí a chur in iúl agus iad a nochtadh go poiblí i ngach réimse de ghníomhaíocht an Aontais.

2. Coimeádfaidh na hInstitiúidí san Aontas agallamh oscailte, trédhearcach, tráthrialta ar bun le comhlachais ionadaíocha agus leis an tsóchaí shibhialta.

3. Cuirfidh an Coimisiún comhairliúcháin leathana i gcrích le páirtithe leasmhara chun a áirithiú go bhfuil gníomhaíochtaí an Aontais comhghreamaitheach trédhearcach.

4. Féadfaidh líon suntasach de shaoránaigh, nach lú a líon ná aon mhilliún amháin, ag teacht ó líon suntasach de Bhallstáit, a iarraidh ar an gCoimisiún aon togra iomchuí a thíolacadh maidir le hábhair a measann na saoránaigh gur gá dlí reachtach de chuid an Aontais chun an Bunreacht seo a chur chun feidhme. Cinnfidh dlí Eorpach na forálacha do na nósanna imeachta agus coinníollacha sonracha is gá d'iarraidh mar sin ó na saoránaigh.

Airteagal 47

Na comhpháirtithe sóisialta

Aithníonn an tAontas Eorpach agus cuireann sé ar aghaidh ról na gcomhpháirtithe sóisialta ar leibhéal an Aontais, agus éagsúlacht na gcóras náisiúnta á cur san áireamh aige; éascóidh sé an t-agallamh idir na comhpháirtithe sóisialta agus a n-uathriail á hurramú aige.

Airteagal 48

Ombudsman Eorpach

Ombudsman Eorpach arna cheapadh ag Parlaimint na hEorpa, gheobhaidh sé agus imscrúdóidh sé gearáin maidir le drochriarachán in Institiúidí, comhlachtaí nó gníomhaireachtaí den Aontas agus tabharfaidh sé tuarascáil ar na gearáin sin. Beidh an Ombudsman go hiomlán neamhspleách i bhfeidhmiú a fheidhmeanna.

Airteagal 49

Trédhearcacht na n-imeachtaí in Institiúidí den Aontas

1. D'fhonn an dea-rialachas a chur ar aghaidh agus rannpháirteachas na sóchaí sibhialta a áirithiú, seolfaidh Institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí den Aontas a n-imeachtaí chomh hoscailte agus is féidir.

2. Tiocfaidh Parlaimint na hEorpa le chéile go poiblí faoi mar a dhéanfaidh an Chomhairle nuair atá togra reachtach á phlé agus á ghlacadh aici.

3. Beidh ag gach saoránach den Aontas, fear nó bean, agus ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát, an ceart rochtain a bheith aige ar dhoiciméid de chuid Institiúidí, comhlachtaí nó gníomhaireachtaí den Aontas is cuma cad é an fhoirm ina dtáirgtear iad, i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos i gCuid III.

4. Leagfaidh dlí Eorpach na prionsabail agus teorainneacha ginearálta síos a bhfuil, ar mhaithe leis an leas poiblí nó príobháideach, an ceart rochtana ar dhoiciméid faoina rialú.

5. Cinnfidh gach Institiúid, comhlacht nó gníomhaireacht dá dtagraítear i mír 3 ina rialacha nós imeachta féin forálacha sonracha i dtaca le rochtain ar a chuid doiciméad, i gcomhréir leis an dlí Eorpach dá dtagraítear i mír 4 thuas.

Airteagal 50

Cosaint sonraí pearsanta

1. Tá an ceart ag cách go ndéantar na sonraí pearsanta a bhaineann léi/leis a chosaint.

2. Leagfaidh dlí Eorpach síos na rialacha a bhaineann le daoine aonair a chosaint maidir le hInstitiúidí, comhlachtaí nó gníomhaireachtaí den Aontas, agus na Ballstáit, a sonraí pearsanta a phróiseáil nuair atá gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais, agus na rialacha a bhaineann le saorghluaiseacht na sonraí sin. Beidh comhlíonadh na rialacha sin faoi réir rialú ó údarás neamhspleách.

Airteagal 51

Stádas eaglaisí agus eagraíochtaí neamhchreidimh

1. Urramaíonn an tAontas an stádas faoin dlí náisiúnta atá ag eaglaisí agus comhlachais chreidimh nó comhthionóil sna Ballstáit agus ní dhéanann sé dochar don stádas sin.

2. Urramaíonn an tAontas freisin an stádas atá ag eagraíochtaí fealsúnacha agus neamhchreidimh.

3. Ag aithint a gcéannachta agus an cion sonrach atá déanta acu, coimeádfaidh an tAontas agallamh oscailte, trédhearcach, tráthrialta ar bun leis na heaglaisí agus eagraíochtaí sin.

TEIDEAL VII

CÚRSAÍ AIRGEADAIS AN AONTAIS

Airteagal 52

Prionsabail bhuiséadacha agus airgeadais

1. Déanfar gach ioncam agus caiteachas de chuid an Aontais a áireamh i meastacháin arna dtarraingt suas do gach bliain airgeadais agus taispeánfar iad sa bhuiséad, i gcomhréir leis na forálacha i gCuid III.

2. Ní foláir an t-ioncam agus an caiteachas arna dtaispeáint sa bhuiséad a bheith ar comhardú.

3. Údarófar an caiteachas arna thaispeáint sa bhuiséad don tréimhse bhuiséadach bhliantúil i gcomhréir leis an dlí Eorpach dá dtagraítear in Airteagal III-318.

4. Chun an caiteachas arna thaispeáint sa bhuiséad a chur chun feidhme beidh gá le gníomh dlítheanach ceangailteach a ghlacadh roimh ré chun bonn dlí a sholáthar don ghníomh ón Aontas agus chun an caiteachas a chur chun feidhme i gcomhréir leis an dlí Eorpach dá dtagraítear in Airteagal III-318. Is é an fhoirm a bheidh ar an ngníomh seo, dlí Eorpach, dlí réime Eorpach, rialachán Eorpach nó cinneadh Eorpach.

5. D'fhonn an smacht buiséadach a áirithiú, ní ghlacfaidh an tAontas aon ghníomh ar dóigh dó iarmhairtí suntasacha a bheith aige ar an mbuiséad gan a dheimhniú go bhféadfar an togra nó beart i gceist a mhaoiniú laistigh de theorainneacha acmhainní dílse an Aontais agus an creat airgeadais ilbhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 54.

6. Cuirfear buiséad an Aontais i ngníomh i gcomhréir leis an bprionsabal a bhaineann leis an mbainistíocht airgeadais fónta. Comhoibreoidh na Ballstáit leis an Aontas chun a áirithiú go n-úsáidtear na leithreasaí sa bhuiséad i gcomhréir leis na prionsabail a bhaineann le bainistíocht airgeadais fónta.

7. Comhraicfidh an tAontas agus na Ballstáit an chalaois agus aon gníomhaíochtaí neamhdhlíthiúla eile a dhéanann dochar do leasa airgeadais an Aontais i gcomhréir leis na forálacha in Airteagal III-321.

Airteagal 53

Acmhainní an Aontais

1. Cuirfidh an tAontas ar fáil dó féin na hacmhainní is gá chun a chuspóirí a bhaint amach agus a bheartais a chur i gcrích.

2. Gan dochar d'ioncam eile, maoineofar buiséad an Aontais go hiomlán óna acmhainní dílse féin.

3. Leagfaidh dlí Eorpach ón gComhairle an teorainn síos atá le hacmhainní an Aontais agus féadfaidh sé aicmí nua acmhainní a bhunú nó aicme atá ann a dhíothú. Ní thiocfaidh an dlí sin i bhfeidhm go dtí go bhfuil sé formheasta ag na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

4. Leagfaidh dlí Eorpach ón gComhairle síos na rialacha mionsonraithe a bhaineann le hacmhainní an Aontais. Gníomhóidh Comhairle na nAirí tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa.

Airteagal 54

An creat airgeadais ilbhliantúil

1. Áiritheoidh an creat airgeadais ilbhliantúil go bhforbraíonn caiteachas an Aontais ar dhóigh ordúil agus laistigh de theorainneacha na n-acmhainní dílse. Cinnfidh sé méideanna na n-uasteorainneacha bliantúla do leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí de réir aicmí caiteachais i gcomhréir leis na forálacha in Airteagal III-308.

2. Leagfaidh dlí Eorpach ón gComhairle síos an creat airgeadais ilbhliantúil. Gníomhóidh Comhairle na nAirí tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa arna thabhairt ag tromlach dá comhaltaí.

3. Comhlíonfaidh buiséad bliantúil an Aontais an creat airgeadais ilbhliantúil.

4. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil nuair atá an chéad chreat airgeadais ilbhliantúil á ghlacadh aici tar éis an Bunreacht a theacht i bhfeidhm.

Airteagal 55

Buiséad an Aontais

Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus Comhairle na nAirí, ar thogra ón gCoimisiún agus i gcomhréir leis na socruithe atá leagtha síos in Airteagal III-310, an dlí Eorpach a chinneann buiséad bliantúil an Aontais.

TEIDEAL VIII

AN tAONTAS AGUS AN TIMPEALLACHT IS GAIRE DÓ

Airteagal 56

An tAontas agus an timpeallacht is gaire dó

1. Déanfaidh an tAontas gaolmhaireacht speisialta a fhorbairt le Stáit chomharsanacha arb é is aidhm di limistéar rathúnais agus dea-chomharsanúlachta a bhunú, arna fhothú ar luachanna an Aontais agus arb iad is sainairíonna di dlúthchaidreamh síochánta arna bhunú ar an gcomhar.

2. Chuige sin, féadfaidh an tAontas comhaontuithe sonracha a thabhairt i gcrích agus a chur chun feidhme leis na tíortha i dtrácht i gcomhréir le hAirteagal III-227. Féadfaidh cearta agus oibleagáidí cómhalartacha bheith ar áireamh sna comhaontuithe sin mar aon leis an gcaoi gníomhaíochtaí a ghabháil ar láimh go comhpháirteach. Beidh a gcur chun feidhme faoi réir comhairliúchán tréimhsiúil.

TEIDEAL IX

BALLRAÍOCHT SAN AONTAS

Airteagal 57

Coinníollacha agus nós imeachta maidir le hiarratas le haghaidh ballraíocht san Aontas

1. Beidh an tAontas ar oscailt do gach Stát Eorpach a urramaíonn na luachanna dá dtagraítear in Airteagal 2 agus atá tiomanta lena gcur ar aghaidh le chéile.

2. Aon Stát Eorpach ar mian leis teacht chun bheith ina bhall den Aontas, féadfaidh sé iarratas a dhíriú chuig Comhairle na nAirí. Cuirfear an t-iarratas in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus do na Parlaimintí náisiúnta sna Ballstáit. Gníomhóidh Comhairle na nAirí d'aon toil tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa. Beidh na coinníollacha agus rialacha mionsonraithe maidir leis an aontachas faoi réir comhaontú idir na Ballstáit agus an Stát iarrthach. Beidh an comhaontú sin faoi réir a dhaingnithe ag na Stáit Chonarthacha uile, i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

Airteagal 58

Cearta ballraíochta san Aontas a fhionraí

1. Ar thogra réasúnaithe óna thrian de na Ballstáit, ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gCoimisiún, féadfaidh Comhairle na nAirí, ag gníomhú di trí thromlach ceathrú cúigiú de na Ballstáit tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, cinneadh Eorpach a ghlacadh a shuíonn go bhfuil priacal follasach ann go bhfuil na luachanna atá luaite in Airteagal 2 á sárú ag Ballstát. Sula ndéantar an cinneadh sin tabharfaidh Comhairle na nAirí éisteacht don Bhallstát i dtrácht agus, ag gníomhú di i gcomhréir leis an nós imeachta céanna, féadfaidh sé moltaí a dhíriú chuig an Stát sin.

Fíoróidh Comhairle na nAirí go tráthrialta go bhfuil na forais ar a ndearnadh an cinneadh sin infheidhme fós.

2. Féadfaidh an Chomhairle Eorpach, ag gníomhú di d'aontoil ar thogra óna thrian de na Ballstáit nó ón gCoimisiún agus tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, cinneadh Eorpach a ghlacadh a shuíonn go bhfuil na luachanna atá luaite in Airteagal 2 á sárú ag Ballstát go tromchúiseach seasmhach, tar éis iarraidh ar an mBallstát i gceist a bharúlacha a thíolacadh.

3. Má tá cinneadh faoi mhír 2 déanta, féadfaidh Comhairle na nAirí, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, cinneadh Eorpach a ghlacadh a fhionraíonn cuid de na cearta a chineann ó chur i bhfeidhm an Bhunreachta seo ar an mBallstát i gceist, lena n-áirítear cearta vótála an Bhallstáit sin i gComhairle na nAirí. Lena linn sin, cuirfidh Comhairle na nAirí san áireamh na hiarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith ag an bhfionraíocht sin ar na cearta agus oibleagáidí atá ag daoine nádúrtha agus dlítheanacha.

Leanfaidh oibleagáidí an Bhallstáit i gceist faoin mBunreacht de bheith ceangailteach ar an Stát sin.

4. Féadfaidh Comhairle na nAirí, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, cinneadh Eorpach a ghlacadh iardain a athraíonn nó a chúlghaireann bearta arna nglacadh faoi mhír 3 mar fhreagra ar athruithe sa chor ba chúis lena bhforchur.

5. Chun críocha an Airteagail seo, gníomhóidh Comhairle na nAirí gan vóta an Bhallstáit i gceist a chur san áireamh. Ní bac ar ghlacadh na gcinntí dá dtagraítear i mír 2 comhaltaí atá i láthair go pearsanta nó atá ionadaithe a staonadh ó vótáil.

Beidh an mhír seo infheidhme freisin má tá na cearta vótála arna bhfionraí de bhun mhír 3.

6. Chun críocha mhíreanna 1 agus 2, gníomhóidh Parlaimint na hEorpa trí thromlach dhá thrian de na vótaí arna gcaitheamh, atá in ionannas le tromlach dá comhaltaí.

Airteagal 59

Tarraingt siar deonach ón Aontas

1. Féadfaidh aon Bhallstát a chinneadh tarraingt siar ón Aontas Eorpach i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla féin.

2. Ballstát a chinneann tarraingt siar, cuirfidh sé fógra chuig an gComhairle Eorpach; scrúdóidh an Chomhairle Eorpach an fógra sin. I bhfianaise na dtreoirlínte ón gComhairle Eorpach, rachaidh an tAontas i mbun caibidlíochta agus tabharfaidh sé comhaontú i gcrích leis an Stát sin, a leagann amach na rialacha mionsonraithe a bhaineann lena tharraingt siar, agus aird á thabhairt aige ar an gcreat dá ghaolmhaireacht thodhchaí leis an Aontas. Déanfaidh Comhairle na nAirí, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, tar éis toiliú a fháil ó Pharlamint na hEorpa, an comhaontú sin a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais.

Ní bheidh an t-ionadaí don Bhallstát atá ag tarraingt siar rannpháirteach i gComhairle na nAirí ná sa Chomhairle Eorpach sna pléití nó cinntí a bhaineann leis.

3. Scoirfidh an Bunreacht seo de bheith infheidhme ar an Stát i gceist ó dháta an comhaontú um tharraingt siar a theacht i bhfeidhm nó, ina éagmais sin, dhá bhliain tar éis an fhógra dá dtagraítear i mír 2, ach amháin má chinneann an Chomhairle Eorpach, i gcomhaontú leis an mBallstát i dtrácht, an tréimhse sin a shíneadh.

4. Má iarrann Stát a tharraing siar aontú athuair, beidh an iarraidh sin faoi réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 57.

CUID II

Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais

BROLLACH

Tá pobail na hEorpa, trí aontas buandlúite a chur ar bun eatarthu, tar éis a chinneadh todhchaí shíochánta arna bunú ar chomhluachanna a roinnt.

Ós feasach dó a oidhreacht chultúrtha, mhorálta tá an tAontas fothaithe ar na prionsabail dhoroinnte uilechoiteanna arb iad dínit na pearsan, an tsaoirse, an comhionannas agus an dhlúthpháirtíocht; tá sé fothaithe ar phrionsabal an daonlathais agus ar an reacht smachta. Cuireann sé an duine i gceartlár a ghníomhaíochtaí trí shaoránacht den Aontas a bhunú agus trí limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chruthú. Rannchuidíonn an tAontas leis na comhluachanna seo a chaomhnú agus a fhorbairt fad atá éagsúlacht na gcultúr agus na dtraidisiún atá ag pobail na hEorpa, féiniúlacht náisiúnta na mBallstát agus eagrúchán a n-údarás poiblí ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil á n-urramú go cuí aige; féachann sé le forás cothromúil inbhuanaithe a chur ar aghaidh agus áirithíonn sé saorghluaiseacht daoine, earraí, seirbhísí agus caipitil, agus an tsaoirse bunaíochta.

Chuige sin, is gá cosaint na gceart bunúsach a neartú i bhfianaise athruithe sa tsochaí, an dul chun chinn sóisialta agus foráis eolaíocha agus teicneolaíoch trí na cearta sin a dhéanamh níos sofheicthe i gCairt.

Athdhaingníonn an Chairt seo, le haird chuí ar chumhachtaí agus cúraimí an Aontais agus ar phrionsabal na coimhdeachta, na cearta a leanann ach go háirithe as na traidisiúin bhunreachtúla agus na hoibleagáidí idirnáisiúnta is coiteann do na Ballstáit, an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, na Cairteanna Sóisialta arna nglacadh ag an Aontas agus ag Comhairle na hEorpa, agus an cásdlí de Chúirt Bhreithiúnas na gComhphobal Eorpach agus den Chúirt Eorpach um Chearta an Duine. Sa chomhthéacs seo déanfaidh na cúirteanna san Aontas agus sna Ballstáit an Chairt a léirmhíniú le haird chuí ar na míniúcháin arna dtabhairt faoi choimirce an Praesidium den Choinbhinsiún a d'ullmhaigh an Chairt.

Na cearta seo a theachtadh beireann sé freagrachtaí agus dualgais i dtaca le daoine eile, an cine i gcoitinne agus na glúnta atá le teacht.

Dá dheasca sin, aithníonn an tAontas na cearta, saoirsí agus prionsabail atá leagtha amach anseo thíos.

TEIDEAL I

AN DÍNIT

Airteagal II-1

Dínit an duine

Tá dínit an duine dosháraithe. Tá an dínit sin le hurramú agus le cosaint.

Airteagal II-2

Ceart chun beo

1. Tá ag gach duine an ceart chun a bheo.

2. Ní féidir duine a dhaoradh chun báis ná a chur chun báis.

Airteagal II-3

An ceart chun iomláine an duine

1. Tá ag gach duine an ceart chun go ndéantar a iomláine coirp agus meabhrach a urramú.

2. I réimse na míochaine agus na bitheolaíochta, ní mór na prionsabail seo a leanas a urramú:

(a) an duine i dtrácht a thoiliú a thabhairt faoi shaoirse agus go feasach, de réir na nósanna imeachta atá leagtha síos le dlí;

(b) toirmeasc ar chleachtais dhea-ghiniteacha, go háirithe na cleachtais sin arb é is críoch dóibh daoine a roghnú;

(c) toirmeasc ar bhrabús a dhéanamh as an gcorp daonna ina cháil mar chorp agus as baill den chorp;

(d) toirmeasc ar dhaoine a chlónáil go hatáirgeach.

Airteagal II-4

Toirmeasc ar chéasadh agus ar phionóis mídhaonna nó táireacha nó drochíde mídhaonna nó táireach

Ní féidir aon duine a chéasadh ná aon phionóis mídhaonna nó táireacha nó drochíde mídhaonna nó táireach a thabhairt di/dó.

Airteagal II-5

Toirmeasc ar an sclábhaíocht agus ar an saothar foréignithe

1. Ní féidir aon duine a choimeád i sclábhaíocht nó i ndaoirse.

2. Ní féidir iallach a chur ar aon duine saothar foréignithe nó éigeantach a dhéanamh.

3. Toirmiscítear an cheannaíocht i ndaoine.

TEIDEAL II

NA SAOIRSÍ

Airteagal II-6

An ceart chun na saoirse agus na slándála

Tá ag gach duine an ceart chun na saoirse agus na slándála.

Airteagal II-7

Urraim don saol príobháideach agus do shaol an teaghlaigh

Tá ag gach duine an ceart chun go ndéantar a s(h)aol príobháideach agus saol a t(h)eaghlaigh, a s(h)ainchónaí, agus a c(h)uid cumarsáidí a urramú.

Airteagal II-8

Sonraí pearsanta a chosaint

1. Tá ag gach duine an ceart chun go ndéantar sonraí pearsanta a bhaineann léi/leis a chosaint.

2. Ní mór sonraí den sórt sin a phróiseáil go macánta ar mhaithe le críocha sonracha agus ar bhonn an duine i dtrácht a thoiliú a thabhairt nó de bhua bonn dlisteanach éigin eile arna leagan síos le dlí. Tá ag gach duine an ceart chun rochtain ar na sonraí atá bailithe mar gheall air/uirthi, agus an ceart go ndéantar iad a cheartú.

3. Tá comhlíonadh na rialacha seo faoi réir rialú ag údarás neamhspleách.

Airteagal II-9

An ceart chun pósadh agus an ceart chun teaghlach a bhunú

Tá an ceart chun pósadh agus an ceart chun teaghlach a bhunú ráthaithe i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta is infheidhme ina leith.

Airteagal II-10

Saoirse smaoinimh, coinsiasa agus reiligiúin

1. Tá ag gach duine an ceart chun saoirse smaoinimh, coinsiasa agus reiligiúin. Tá le tuiscint sa cheart sin an tsaoirse reiligiún nó creideamh a athrú agus an tsaoirse, bíodh sé/sí ina (h)aonar nó i gcomhluadar le daoine eile, go poiblí nó go príobháideach, reiligiún nó creideamh a chur i bhfriotal sa chultas, sa teagasc, sa chleachtas agus sna deasghnátha.

2. Tá aitheanta an ceart chun agóid choinsiasach a dhéanamh i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta is infheidhme ina leith.

Airteagal II-11

Saoirse tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil

1. Tá ag gach duine an ceart chun saoirse tuairimí a nochtadh. Tá le háireamh ar an gceart sin tuairimí a bheith aige agus faisnéis agus barúlacha a fháil agus a thabhairt gan cur isteach ó na húdaráis phoiblí agus beag beann ar theorainneacha.

2. Tá ráthaithe saoirse na meán agus a n-iolrachas.

Airteagal II-12

Saoirse comhthionóil agus comhlachais

1. Tá ag gach duine an ceart chun saoirse comhthionól síochánta agus chun saoirse comhlachais ar gach leibhéal, go háirithe i réimsí polaitiúla, ceardchumainn agus sibhialta, a chiallaíonn go bhfuil ag gach duine an ceart ceardchumainn a chur ar bun le daoine eile agus an ceart bheith ina bhall díobh chun a leasa a chosaint.

2. Rannchuidíonn páirtithe polaitiúla ar an leibhéal Eorpach chun friotal polaitiúil a chur ar thoil na saoránach den Aontas.

Airteagal II-13

Saoirse na n-ealaíon agus na n-eolaíochtaí

Tá na healaíona agus na heolaíochtaí saor ó shriantacht. Tá urramaithe an tsaoirse acadúil.

Airteagal II-14

An ceart cun oideachais

1. Tá ag gach duine an ceart chun oideachais agus chun rochtain ar an ngairmoiliúint agus ar an oiliúint leanúnach.

2. Tá le háireamh ar an gceart sin an ceart chun saoroideachas éigeantach a fháil.

3. Tá ráthaithe, i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta is infheidhme ina leith, an tsaoirse chun forais oideachasúla a bhunú le hurraim chuí ar phrionsabail dhaonlathacha agus ar an gceart atá ag tuismitheoirí chun a áirithiú go ndéantar a leanaí a oiliúint agus a theagasc i gcomhréir lena n-áitiúis reiligiúnacha, fealsúnacha agus oideolaíocha.

Airteagal II-15

An tsaoirse gairm a roghnú agus an ceart chun obair a dhéanamh

1. Tá ag gach duine an ceart chun obair a dhéanamh agus gabháil faoi shaoirse le slí bheatha atá roghnaithe nó glactha aici/aige.

2. Tá ag gach saoránach den Aontas an tsaoirse fostaíocht a lorg, obair a dhéanamh, gnóthas a chur ar bun agus seirbhísí a sholáthar nó a fháil i ngach Ballstát.

3. Tá ag náisiúnaigh tríú tíortha atá údaraithe le hobair a dhéanamh ar chríoch na mBallstát an ceart chun dálaí oibre atá coibhéiseach leis na dálaí oibre atá ag saoránaigh den Aontas.

Airteagal II-16

Saoirse chun gnó a sheoladh

Tá aitheanta an tsaoirse chun gnó a sheoladh i gcomhréir le dlí an Aontais agus le dlíthe agus cleachtais náisiúnta.

Airteagal II-17

An ceart chun maoin a shealbhú

1. Tá ag gach duine an ceart chun sealúchais arna bhfáil go dleathach a shealbhú, a úsáid, a dhiúscairt agus a thiomnú. Ní féidir a s(h)ealúchais a bhaint de dhuine ach amháin ar mhaithe leis an leas poiblí agus sna cásanna agus faoi na coinníollacha dá bhforáiltear le dlí agus cúiteamh cóir a fháil in am trátha mar chomaoin ar a c(h)aillteanas. Is féidir úsáid na maoine a rialáil a mhéad is gá sin ar mhaithe leis an leas ginearálta.

2. Tá cosanta an mhaoin intleachta.

Airteagal II-18

An ceart chun tearmainn

Tá ráthaithe an ceart chun tearmainn le hurraim chuí ar rialacha Choinbhinsiún na Ginéive an 28 Iúil 1951 agus Phrótacal an 31 Eanáir 1967 a bhaineann le stádas dídeanaithe agus i gcomhréir leis an mBunreacht.

Airteagal II-19

Cosaint i gcás aistriú, díbirt nó eiseachadadh

1. Tá toirmiscthe díbirtí comhcoiteanna.

2. Ní féidir aon duine a aistriú, a dhíbirt nó a eiseachadadh chuig Stát ina bhfuil baol tromchúiseach ann go bhféadfaí é/í a chur faoi réir phíonós an bháis, an céasadh nó pionóis nó drochíde mídhaonna nó táireacha eile.

TEIDEAL III

AN COMHIONANNAS

Airteagal II-20

Comhionannas os comhair an dlí

Is ionann gach duine os comhair an dlí.

Airteagal II-21

Neamhidirdhealú

1. Tá toirmiscthe aon idirdhealú arna bhunú ar aon bhonn amhail gnéas, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach.

2. I dtaca leis an mBunreacht a chur i bhfeidhm, agus gan dochar do na forálacha speisialta atá ann, tá toirmiscthe aon idirdhealú ar bhonn náisiúntachta.

Airteagal II-22

Éagsúlacht chultúrtha, reiligiúnach agus teangeolaíoch

Urramaíonn an tAontas an éagsúlacht chultúrtha, reiligiúnach agus teangeolaíoch.

Airteagal II-23

Comhionannas idir fir agus mná

Ní mór an comhionannas idir fir agus mná a áirithiú i gach réimse, lena n-áirítear maidir le fostaíocht, obair agus pá.

Ní chuireann an prionsabal a bhaineann leis an gcomhionannas cosc ar bhearta a choimeád ar bun nó a ghlacadh a leagann síos foráil maidir le buntáistí sonracha ar mhaithe leis an ngnéas tearcionadaithe.

Airteagal II-24

Cearta an linbh

1. Tá ag leanaí an ceart chun an chosaint agus an cúram is gá ar mhaithe lena leas. Is féidir leo a dtuairimí a nochtadh faoi shaoirse. Cuirtear a gcuid tuairimí san áireamh ar ábhair a bhaineann leo ag féachaint dá n-aois agus dá n-aibíocht.

2. I ngach gníomhaíocht a bhaineann le leanaí, bíodh sé á glacadh ag údaráis phoiblí nó institiúidí príobháideacha, tá príomhleas an linbh ar na dálaí is tábhachtaí atá le cur san áireamh.

3. Tá ag gach leanbh an ceart caidreamh pearsanta agus tadhall díreach a bheith aige go tráthrialta lena bheirt thuismitheoirí ach amháin nuair atá sé sin contrártha lena leas.

Airteagal II-25

Cearta daoine aosta

Aithníonn agus urramaíonn an tAontas na cearta atá ag daoine aosta saol dínite agus neamspleáchais a bheith acu agus chun bheith rannpháirteach sa saol sóisialta agus cultúrtha.

Airteagal II-26

Daoine le míchumais a imeascadh

Aithníonn agus urramaíonn an tAontas an ceart atá ag daoine le míchumais tairbhiú de bhearta arb é is aidhm dóibh a neamhspleáchas, a n-imeascadh sóisialta agus gairmiúil agus a rannpháirteachas i saol na sochaí a áirithiú.

TEIDEAL IV

AN DLÚTHPHÁIRTÍOCHT

Airteagal II-27

An ceart ag oibrithe do fhaisnéis agus do chomhairliúchán sa ghnóthas

Ní mór a ráthú go gcuirtear oibrithe nó á gcuid ionadaithe ar an eolas ar gach leibhéal iomchuí agus go ndéantar comhairle leo in am trátha sna cásanna agus faoi na coinníollacha dá bhforáiltear le dlí an Aontais agus leis an reachtaíocht agus cleachtas náisiúnta.

Airteagal II-28

An ceart chun cómhargála agus chun gníomhaíochtaí comhchoiteanna

Tá an ceart ag fostóirí agus ag fostaithe, nó ag a n-eagraíochtaí faoi seach, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an reachtaíocht agus cleachtas náisiúnta, dul i mbun caibidlíochta agus comhaontuithe comhchoiteanna a thabhairt i gcrích ar gach leibhéal iomchuí agus, má tá coinbhleacht leasa ann, chun gníomhaíochtaí comhchoiteanna a ghlacadh, go fiú dul ar stailc, chun a leasa féin a chosaint.

Airteagal II-29

An ceart chun rochtain ar ghníomhaireacht fostaíochta

Tá ag gach duine an ceart chun rochtain saor in aisce ar ghníomhaireacht fostaíochta.

Airteagal II-30

An chosaint i gcás dífhostú gan chúis

Tá ag gach oibrí an ceart chun cosaint i gcoinne dífhóstú gan chúis.

Airteagal II-31

Dálaí oibre cothroma agus córa

1. Tá ag gach oibrí an ceart chun dálaí oibre a thugann aird ar a shláinte, a shábháilteacht agus a dhínit.

2. Tá ag gach oibrí an ceart chun go mbeadh teorainn leis na huasuaireanta oibre, chun tréimhsí sosa in aghaidh an lae agus in aghaidh na seachtaine agus chun tréimhse saoire íoctha in aghaidh na bliana.

Airteagal II-32

Toirmeasc ar leanaí bheith ag obair agus daoine óga ar an láithreán oibre a chosaint

Tá toirmiscthe fostaíocht a thabhairt do leanaí. Ní féidir gurb ísle ná an íosaois chun an scoil a fhágáil an íosaois chun dul i mbun fostaíochta, gan dochar do na rialacha sin atá níos fabhrúla do dhaoine óga agus amach ó mhaoluithe teoranta amháin.

Daoine óga a gceadaítear dóibh dul i mbun fostaíochta, ní mór dálaí oibre a bheith acu a oireann dá n-aois agus ní mór iad a chosaint i gcoinne an dúshaothrú eacnamaíoch agus ó aon obair ar dóigh di a sábháilteacht, a sláinte, a méadaíocht coirp, meabhrach, morálta nó sóisialta a dhochrú nó a n-oideachas a chur i gcontúirt.

Airteagal II-33

Saol an teaghlaigh agus an saol gairmiúil

1. Tá áirithithe ag an teaghlach cosaint dhlítheanach, eacnamaíoch agus sóisialta.

2. Chun gur féidir comhréiteach a fháil idir saol an teaghlaidh agus an saol gairmiúil, lena n-áirítear an ceart chun cosaint ón dífhostú ar chúis atá bainteach leis an máithreachas agus an ceart chun saoire máithreachais íoctha agus chun saoire mar thuismitheoir tar éis leanbh a shaolú nó a uchtú.

Airteagal II-34

An tslándáil shóisialta agus an cúnamh sóisialta

1. Aithníonn agus urramaíonn an tAontas go bhfuiltear i dteideal liúntais slándála sóisialta agus seirbhísí sóisialta a fháil a thugann cosaint i gcásanna amhail máithreachas, breoiteacht, tíonóiscí tionsclaíocha, cleithiúnas nó seanaois agus má chailltear an fhostaíocht, i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna mbunú le dlí an Aontais agus leis an reachtaíocht agus cleachtas náisiúnta.

2. Tá ag gach duine a chónaíonn agus a ghluaiseann go dleathach laistigh den Aontas Eorpach an ceart chun na liúntais slándála sóisialta agus na buntáistí sóisialta a fháil i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an reachtaíocht agus cleachtas náisiúnta.

3. D'fhonn an t-eisiamh sóisialta agus an bhochtaineacht a chomhrac, aithníonn agus urramaíonn an tAontas an ceart do chúnamh sóisialta agus do shochar tithíochta chun a áirithiú go bhfuil caighdeán maireachtála faoi dhínit ag daoine gan acmhainní leordhóthanacha, i gcomhréir leis na nósanna imeachta arna mbunú le dlí an Aontais agus leis an reachtaíocht agus cleachtas náisiúnta.

Airteagal II-35

Cúram sláinte

Tá ag gach duine an ceart chun rochtain ar an míochaine choisctheach agus chun taírbhiú den chóireáil mhíochaine faoi na coinníollacha arna mbunú leis an reachtaíocht agus cleachtas náisiúnta. Tá áirithithe ardleibhéal cosanta do shláinte an duine nuair atá beartais agus gníomhaíochtaí uile an Aontais á sainiú agus á gcur chun feidhme.

Airteagal II-36

Rochtain ar sheirbhísí de leas eacnamaíoch ginearálta

Aithníonn agus urramaíonn an tAontas an rochtain ar sheirbhísí de leas eacnamaíoch ginearálta dá bhforáiltear leis an reachtaíocht agus cleachtas náisiúnta, i gcomhréir leis an mBunreacht, d'fhonn comhtháthú sóisialta agus críochach an Aontais a chur ar aghaidh.

Airteagal II-37

Cosaint an chomhshaoil

Ní mór ardleibhéal cosanta don chomhshaol agus feabhas a chur ar a mhianach a lánpháirtiú i mbeartais an Aontais, agus a áirithiú i gcomhréir leis an bprionsabal a bhaineann le forás inbhuanaithe.

Airteagal II-38

Cosaint an tomhaltóra

Tá áirithithe i mbeartais an Aontais ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí.

TEIDEAL V

CEARTA AN tSAORÁNAIGH

Airteagal II-39

An ceart chun vótáil agus chun bheith ina iarrthóir sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa

1. Tá ag gach saoránach den Aontas an ceart chun vótáil agus chun bheith ina iarrthóir sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa sa Bhallstát ina gcónaíonn sé/sí, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin.

2. Toghtar comhaltaí do Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, faoi shaoirse agus trí bhallóid rúnda.

Airteagal II-40

An ceart chun vótáil agus chun bheith ina iarrthóir sna toghcháin bhardasacha

Tá ag gach saoránach den Aontas an ceart chun vótáil agus chun bheith ina iarrthóir sna toghcháin bhardasacha sa Bhallstát ina gcónaíonn sé/sí, faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin.

Airteagal II-41

An ceart chun an dea-riaracháin

1. Tá ag gach duine an ceart go ndéanann na hInstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí den Aontas a c(h)uid gnóthaí a láimhseáil go neamhchlaon, cóir, de réir phrionsabal na neodrachta sa ghníomh poiblí, agus é sin a dhéanamh laistigh d'am réasúnta.

2. Tá le háireamh ar an gceart sin:

(a) an ceart atá ag gach duine éisteacht a fháil sula nglactar aon bheart leithleach i ndáil léi/leis a dhéanfadh a (h)aimhleas;

(b) an ceart atá ag gach duine rochtain a bheith aici/aige ar a c(h)omhad ag féachaint do na leasa dlisteanacha a bhaineann le rúndacht agus leis an tsicréideacht ghairmiúil agus sna gnóthaí;

(c) an oibleagáid ar an riarachán cúiseanna lena chinntí a thabhairt.

3. Tá ag gach duine an ceart go ndéanann an tAontas aon damáiste a shlánú a raibh a Institiúidí nó oifigigh ina siocair leis agus a gcuid dualgas á gcomhall acu, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát.

4. Is féidir le gach duine scríobh chuig Institiúidí den Aontas i gceann de theangacha oifigiúla an Bhunreachta agus caithfidh sé freagra a fháil sa teanga sin.

Airteagal II-42

An ceart chun rochtain ar dhoiciméid

Tá ag gach saoránach den Aontas agus ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláirithe aige i mBallstát an ceart chun rochtain ar dhoiciméid atá ag Institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí den Aontas, is cuma cad é an fhoirm ina dtáirgtear iad.

Airteagal II-43

Ombudsman

Tá ag gach saoránach den Aontas agus ag gach duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát an ceart chun cásanna drochriaracháin sna hInstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí den Aontas, amach ón gCúirt Bhreithiúnais agus ón Ardchúirt ag gníomhú dóibh ina gcáil bhreithiúnach, a tharchur chuig an Ombudsman den Aontas.

Airteagal II-44

An ceart achainí a dhéanamh

Tá ag gach saoránach den Aontas agus ag gach duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát an ceart chun achainí a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa.

Airteagal II-45

Saoirse gluaiseachta agus saoirse cónaí

1. Tá ag gach saoránach den Aontas an tsaoirse chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse ar chríoch na mBallstát.

2. Is féidir saoirse gluaiseachta agus cónaí a dheonú i gcomhréir leis an mBunreacht, do náisiúnaigh tríú tíortha a chónaíonn go dleathach ar chríoch Ballstáit.

Airteagal II-46

Cosaint taidhleoireachta agus consalach

Tairbhíonn gach saoránach den Aontas, ar chríoch tríú Stát nach bhfuil ionadaíocht inti ag an mBallstát ar náisiúnach de é/í, de chosaint ó údaráis taidhleoireachta agus consalacha gach Ballstáit faoi na coinníollacha céanna le náisiúnaigh an Stáit sin.

TEIDEAL VI

AN CEARTAS

Airteagal II-47

An ceart chun leigheas éifeachtach agus an ceart chun triail chóir

Tá ag gach duine a sáraítear a c(h)earta agus a s(h)aoirsí arna ráthú le dlí an Aontais an ceart chun leigheas éifeachtach os comhair binse i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

Tá ag gach duine an ceart chun éisteacht chóir phoiblí a fháil laistigh d'am réasúnta ó bhinse neamhspleách neamhchlaon arna bhunú roimh ré le dlí. Tá an chaoi ag gach duine go ndéantar é/í a chomhairliú, a chosaint agus a ionadú.

Tugtar cúnamh dlíthiúil dóibh siúd nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu a mhéad is gá an cúnamh sin chun rochtain iarbhír ar an gceartas a áirithiú.

Airteagal II-48

Toimhde na neamhchiontachta agus cearta na cosanta

1. Gach duine atá cúisithe, tá an toimhde ann go bhfuil sé/sí neamhchiontach go dtí go gcruthaitear ciontach é/í de réir dlí.

2. Gach duine atá cúisithe, tá ráthaithe di/dó go ndéantar a c(h)earta chun cosaint a urramú.

Airteagal II-49

Prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta agus pionóis

1. Ní féidir aon duine a chiontú i gcion coiriúil i ngeall ar aon ghníomh nó neamhghníomh nár chion é faoin dlí náisiúnta nó idirnáisiúnta tráth a dhéanta. Mar an gcéanna, ní ghearrtar pionós is troime ná an pionós ab infheidhme an tráth a rinneadh an cion. Más amhlaidh, tar éis an cion a dhéanamh, go bhforáiltear pionós níos éadroime sa dlí, is é an pionós sin atá infheidhme.

2. Tá an tAirteagal seo gan dochar do thriail agus do phionós aon duine i ngeall ar aon ghníomh nó neamhghníomh a bhí, tráth a dhéanta, coiriúil de réir na bprionsabal ginearálta arna n-aithint ag na náisiúin i gcoitinne.

3. Caithfidh déine na bpionós gan a bheith neamhchomhréireach le tromchúis an chiona.

Airteagal II-50

An ceart chun nach ndéantar duine a thriail ná a phionósú faoi dhó i ngeall ar an gcion coiriúil céanna

Ní féidir aon duine a thriail ná a phionósú athuair in imeachtaí coiriúla i ngeall ar chion a bhfuil sé/sí éigiontaithe nó ciontaithe go críochnaitheach san Aontas i ngeall air cheana i gcomhréir leis an dlí.

TEIDEAL VII

FORÁLACHA GINEARÁLTA A BHFUIL LÉIRMHÍNIÚ AGUS CUR I BHFEIDHM NA CAIRTE FAOINA RIALÚ

Airteagal II-51

Raon feidhme

1. Tá forálacha na Cairte seo dírithe ar na hInstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí san Aontas le haird chuí ar phrionsabal na coimhdeachta, agus ar Bhallstáit go sainiúil nuair a chuireann siad dlí an Aontais chun feidhme. Dá dheasca sin, tugann siad aird ar na cearta, déanann siad na prionsabail a urramú agus a gcur i bhfeidhm a chur ar aghaidh i gcomhréir lena gcumhachtaí faoi seach agus na teorainneacha atá ar chumhachtaí an Aontais mar atá siad arna dtabhairt dó i gCodanna eile den Bhunreacht á n-urramú acu.

2. Ní dhéanann an Chairt seo raon feidhme chur i bhfeidhm dhlí an Aontais a fhairsingiú thar chumhachtaí an Aontais ná aon chumhacht ná cúram nua a bhunú don Aontas, ná cumhachtaí agus cúraimí atá sainithe i gCodanna eile den Bhunreacht a mhodhnú.

Airteagal II-52

Raon feidhme agus léirmhíniú na gceart agus na bprionsabal

1. Aon teorannú ar na cearta agus saoirsí arna n-aithint sa Chairt seo a fheidhmiú, ní mór forálacha a dhéanamh faoin dlí chuige agus ní mór inneachar sár-riachtanach na gceart agus na saoirsí a dúradh a urramú. Faoi réir phrionsabal na comhréireachta, ní féidir teorannuithe a dhéanamh ach amháin má tá gá leo agus má fhreagraíonn siad iarbhír do chuspóirí de leas ginearálta arna n-aithint ag an Aontas nó don riachtanas cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint.

2. Déantar saoirsí arna n-aithint sa Chairt seo dá bhforáiltear i gCodanna eile den Bhunreacht a fheidhmiú faoi na coinníollacha agus teorainneacha atá sainithe iontu.

3. A mhéad a chuimsíonn an Chairt seo cearta a fhreagraíonn do chearta arna ráthú sa Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, is ionann ciall agus raon feidhme na gceart sin agus an chiall agus an raon feidhme atá arna dtabhairt dóibh sa Choinbhinsiún a dúradh. Ní choiscfidh an fhoráil sin ar dhlí an Aontais cosaint níos fairsinge a sholáthar.

4. A mhéad a aithníonn an Chairt seo saoirsí bunúsacha mar a leanann siad ó na traidisúin bhunreachtúla is coiteann do na Ballstáit, déanfar na cearta sin a léirmhíniú ar aon dul leis na traidisiúin sin.

5. Forálacha den Chairt seo ina bhfuil prionsabail, féadfar iad a chur chun feidhme le gníomhartha reachtacha nó feidhmiúcháin arna nglacadh ag Institiúidí agus comhlachtaí den Aontas, agus ag gníomhartha ó na Ballstáit agus dlí an Aontais á chur chun feidhme acu, nuair atá a gcumhachtaí faoi seach á bhfeidhmiú acu. Ní fhéadfar iad a agairt os comhair cúirte ach amháin i dtaca leis na gníomhartha sin a léirmhíniú agus le rialú ar a ndlíthiúlacht.

6. Tabharfar aird iomlán ar dhlíthe agus cleachtais náisiúnta mar atá siad sonraithe sa Chairt seo.

Airteagal II-53

Leibhéal cosanta

Níor chóir aon fhoráil sa Chairt seo a léirmhíniú sa chaoi go ndéantar cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a shrianadh nó a dhochrú mar atá siad arna n-aithint, ina réimsí cur i bhfeidhm faoi seach, i ndlí an Aontais agus sa dlí idirnáisiúnta agus i gcomhaontuithe idirnáisiúnta a bhfuil an tAontas nó na Ballstáit uile ina bpáirtithe iontu, lena n-áirítear an Coinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, agus i mbunreachtanna na mBallstát.

Airteagal II-54

Toirmeasc ar chearta a mhí-úsáid

Níor chóir aon fhoráil sa Chairt seo a léirmhíniú sa chaoi go bhfuil sé intuigthe aon cheart a bheith ann gabháil le haon ghníomhaíocht ná aon ghníomh a dhéanamh arb é is aidhm dó na cearta nó saoirsí arna n-aithint sa Chairt seo a mhilleadh ná na cearta agus saoirsí a theorannú níos mó ná mar atá leagtha síos sa Chairt.

CUID III

Beartais agus oibriúchán an Aontais

TEIDEAL I

CLÁSAIL A BHFUIL FEIDHM GHINEARÁLTA ACU

Airteagal III-1

Déanfaidh an tAontas an comhchuibheas idir na beartais agus gníomhaíochtaí éagsúla dá dtagraítear sa Chuid seo den Bhunreacht a áirithiú, ag féachaint do chuspóirí uile an Aontais agus i gcomhréir leis an bprionsabal maidir le cumhachtaí a thabhairt.

Airteagal III-2

Sna gníomhaíochtaí uile dá dtagraítear sa Chuid seo, déanfaidh an tAontas a dhícheall chun neamhchothromaíochtaí a dhíchur agus an comhionnanas idir fir agus mná a chur ar aghaidh.

Airteagal III-3

Agus na beartais agus gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa Chuid seo den Bhunreacht á sainiú agus á gcur chun feidhme aige, is é is aidhm don Aontas gach idirdhealú arna bhunú ar aon bhonn amhail gnéas, cine nó tionscnamh eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach.

Airteagal III-4

Ní foláir ceanglais a bhaineann le cosaint an chomhshaoil a lánpháirtiú i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus gníomhaíochtaí an Aontais dá dtagraítear sa Chuid seo, go háirithe d'fhonn forás inbhuanaithe a chur ar aghaidh.

Airteagal III-5

Tabharfar aird ar na ceanglais a bhaineann leis an tomhaltóir a chosaint nuair atá beartais agus gníomhaíochtaí eile den Aontas á sainiú agus á gcur chun feidhme.

Airteagal III-6

Gan dochar do Airteagail III-52, III-53 agus III-131, agus i bhfianaise an ionaid atá ag seirbhísí de leas eacnamaíoch ginearálta mar sheirbhísí dá dtugann cách san Aontas luach chomh maith leis an ról atá acu maidir leis an gcomhtháthú sóisialta agus críochach a chur ar aghaidh, féachfaidh an tAontas agus na Ballstáit chuige, gach ceann acu faoi theorainneacha a gcuid inniúlachtaí agus faoi raon féidhme an Bunreacht a chur i bhfeidhm, go n-oibreoidh seirbhísí den sórt sin ar bhonn na bprionsabal agus na gcoinníollacha a chumasaíonn dóibh a gcúraimí a chomhall.

TEIDEAL II

NEAMH-IDIRDHEALÚ AGUS SAORÁNACHT

Airteagal III-7

Féadfaidh an dlí Eorpach nó an dlí réime Eorpach rialacha a leagan síos chun an t-idirdhealú de bhíthín náisiúntachta dá dtagraítear in Airteagal I-4.

Airteagal III-8

1. Gan dochar do na forálacha eile sa Bhunreacht agus faoi theorainneacha na gcumhachtaí arna dtabhairt ag an Aontas di, féadfaidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach ó Chomhairle na nAirí na bearta is gá a bhunú chun aon idirdhealú arna bhunú ar aon bhonn amhail gnéas, tionscnamh eitneach nó sóisialta, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach. Gníomhóidh Comhairle na nAirí d'aon toil tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa.

2. De mhaolú ar mhír 1, Féadfaidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach bunphrionsabail a bhunú faoi chomhair bearta dreasachta ón Aontas agus na bearta dreasachta sin a shainiú chun tacú le gníomhaíocht de chuid na mBallstát, amach ó dhlíthe agus rialacháin na mBallstát a chomhfhogasú.

Airteagal III-9

1. Más cosúil gur gá gníomaíocht ón Aontas chun feidhmiú an chirt, dá dtagraítear in Airteagal I-8 atá ag gach saoránach den Aontas gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse, a éascú agus nach bhfuil na cumhachtaí is gá leagtha síos sa Bhunreacht, féadfaidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach fbearta a bhunú chuige sin.

2. Chun na críche céanna agus an chríoch dá dtagraítear i mír 1 agus ach amháin má tá cumhachtaí gníomhaíochta leagtha síos sa Bhunreacht sa réimse seo, féadfaidh Comhairle na nAirí, ag gníomhú di d'aon toil, bearta a leagan síos i ndlí Eorpach nó i ndlí réime Eorpach i dtaca le pasanna, cártaí aitheantais, ceadanna cónaí nó aon doiciméad den sórt sin agus bearta i dtaca leis an tslándáil shóisialta nó an chosaint shóisialta. Gníomhóidh Comhairle na nAirí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Airteagal III-10

Bunóidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach na rialacha mionsonraithe chun an ceart a fheidhmiú, dá dtagraítear Airteagal I-8, atá ag gach saoránach den Aontas chun vótáil agus chun bheith ina iarrthóir i dtoghcháin bhardasacha agus i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa sa Bhallstát ina bhfuil cónaí air gan bheith ina náisúnach den Bhallstát sin. Gníomhóidh Comhairle na nAirí d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa. Féadfar maoluithe a leagan síos sna rialacha mionsonraithe sin nuair atá call leo i bhfianaise fadhbanna is sonrach do Ballstát.

Feidhmeofar an ceart chun vótáil agus chun bheith ina iarrthóir sna toghcháin do Pharlaimint na hEorpa gan dochar do Airteagal III-232(2) agus na bearta arna nglacadh lena chur chun feidhme.

Airteagal III-11

Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun an chosaint taidhleoireachta agus consalach a áirithiú do shaoránaigh de na Ballstáit i dtriú tíortha, dá dtagraítear in Airteagal I-8.

Féadfaidh dlí Eorpach ó Chomhairle na nAirí na na bearta is gá a bhunú chun an chosaint sin a éascú. Gníomhóidh Comhairle na nAirí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Airteagal III-12

Na teangacha ina bhfuil an ceart ag gach saoránach den Aontas scríobh chuig na hInstitiúidí agus comhlachtaí comhairleacha faoi Airteagal I-8, agus freagra a fháil sa teanga chéanna, tá siad liostaithe in Airteagal IV. Na hInstitiúidí agus comhlachtaí comhairleacha dá dtagraítear san Airteagal seo, tá siad liostaithe in Airteagail I-18(2), Airteagal I-30 agus Airteagal I-31, mar aon leis an Ombudsman Eorpach.

Airteagal III-13

Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa, Comhairle na nAirí agus chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta gach trí bliana maidir leis na forálacha in Airteagal I-8 agus sa teideal seo a chur i bhfeidhm. Tabharfaidh an tuarascáil sin aird ar an bhforás san Aontas.

Féadfaidh, ar an mbonn sin agus gan dochar do na forálacha eile sa Bhunreacht, dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach ó Chomhairle na nAirí na cearta dá bhforáiltear in Airteagal I-8 a chomhlánú. Gníomhóidh an Chomhairle d'aon toil tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa. Ní thiocfaidh an dlí nó an dlí réime sin i bhfeidhm go dtí go bhfuil a fhormheas tugtha ag gach Ballstát i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

TEIDEAL III

BEARTAIS AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ INMHEÁNACHA

Caibidil I

MARGADH INMHEÁNACH

ROINN 1

An margadh inmheánach a bhunú

Airteagal III-14

1. Glacfaidh an tAontas bearta arb é is aidhm dóibh margadh inmheánach a bhunú, i gcomhréir leis an Airteagal seo, Airteagail III-15, III-26(1), III-29, III-39, III-62, III-65, III-143, agus gan dochar do na forálacha eile sa Bhunreacht.

2. Is é rud a bheidh sa mhargadh inmheánach limistéar gan teorainneacha inmheánacha ina n-áiritheofar saorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil de réir na bhforálacha sa Bhunreacht seo.

3. Glacfaidh Comhairle na nAirí, ar thogra ón gCoimisiún, rialacháin agus cinntí Eorpacha a leagann síos na treoirlínte agus coinníollacha is gá chun an forás cothromúil i ngach earnáil i dtrácht a áirithiú.

Airteagal III-15

Nuair a bheidh tograí á n-ullmhú aige d'fhonn na haidhmeanna dá dtagraítear in Airteagal III-14 a bhaint amach, tabharfaidh an Coimisiún aird ar a mbeidh le déanamh i rith tréimhse tionscnaimh an mhargaidh inmheánaigh ag geilleagair áirithe nach bhfuil ar aon chéim maidir lena bhforás agus féadfaidh sé forálacha iomchuí a mholadh.

Más maoluithe iad na forálacha sin, ní foláir dóibh bheith sealadach agus gan feidhmiú an chómhargaidh a shuaitheadh ach a laghad is féidir.

Airteagal III-16

Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le chéile d'fhonn go ndéanfar i gcomhar na nithe is gá chun nach gcoiscfí feidhmiú an chómhargaidh mar gheall ar bhearta a bheadh le déanamh ag Ballstát i gcás suaitheadh tromchúiseach inmheánach a dhul i gcion ar an ord poiblí, i gcás cogaidh nó i gcás mórtheannas idirnáisiúnta a mbeadh bagairt chogaidh ann, nó chun oibleagáidí a chomhlíonadh a bhí glactha aige d'fhonn an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a choimeád.

Airteagal III-17

Más rud é go dtiocfaidh de na bearta a ghlacfar sna himthosca dá dtagraítear in Airteagail III-6 agus III-34 saobhadh ar na dálaí iomaíochta sa mhargadh inmheánach, scrúdóidh an Coimisiún an scéal, i gcomhar leis an Stát i dtrácht, féachaint conas is féidir na bearta sin a oiriúnú do na rialacha atá leagtha síos sa Bhunreacht seo.

De mhaolú ar an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagail III-265 agus III-266, féadfaidh an Coimisiún nó aon Bhallstát an t-ábhar a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais go díreach má mheasann sé go bhfuil Ballstát eile ag baint mí-úsáid as na cumhachtaí dá bhforáiltear in Airteagail III-6 agus III-34. Tabharfaidh an Chúirt Bhreithiúnais a breith i gcúirt iata.

ROINN 2

Saorghluaiseacht daoine agus seirbhísí

Foroinn 1

Oibrithe

Airteagal III-18

1. Áiritheofar saoirse gluaiseachta d'oibrithe laistigh den Chomhphobal.

2. Beidh toirmiscthe aon idirdhealú de bhíthin a náisiúntachta idir oibrithe de na Ballstáit maidir le fostaíocht, le luach saothair agus le coinníollacha eile oibre agus fostaíochta.

3. Beidh ag oibrithe an ceart, faoi réir teorainneacha atá réasúnaithe ar mhaithe leis an mbeartas poiblí, leis an tslándáil phoiblí nó le sláinte an phobail phoiblí:

(a) chun glacadh le fostaíocht arna tairgeadh iarbhír;

(b) leis an aidhm sin, chun gluaiseacht faoi shaoirse laistigh de chríoch na mBallstát;

(c) chun fanacht i mBallstát le bheith ag gabháil d'fhostaíocht ann i gcomhréir leis na forálacha reachtacha nó rialúcháin nó riarthacha a bhaineann le fostaíocht náisiúnaigh an Stáit sin;

(d) chun fuireach ar chríoch Ballstáit tar éis bheith ar fostú sa Stát sin, faoi réir coinníollacha a chorprófar i rialacháin Eorpacha arna nglacadh ag an gCoimisiún.

4. Níl na forálacha san Airteagal seo infheidhme ar an bhfostaíocht sa tseirbhís phoiblí.

Airteagal III-19

Bunóidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach na bearta is gá chun saorghluaiseacht oibrithe a bhaint amach, mar atá sainithe in Airteagal III-18. Glacfar é tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Is é is aidhm don dlí Eorpach nó don dlí réime Eorpach ach go háirithe:

(a) an dlúthchomhar idir na seibhísí fostaíochta náisiúnta a áirithiú;

(b) trí dhíothú a dhéanamh ar na gnásanna agus na cleachtais riaracháin sin agus na tréimhsí cáiliúcháin sin maidir le bheith i dteideal fostaíochta atá ar fáil, cibé acu ó reachtaíocht náisiúnta nó ó chomhaontuithe a bhí déanta idir na Ballstáit a thig siad, a mbeadh a gcoimeád ar bun ina chonstaic ar shaorghluaiseacht oibrithe;

(c) trí dhíothú a dhéanamh ar na tréimhsí cáiliúcháin agus na srianta eile sin go léir, dá bhforáiltear faoi reachtaíocht náisiúnta nó faoi chomhaontuithe a bhí déanta idir na Ballstáit, a chuireann ar oibrithe ó Bhallstáit eile coinníollacha maidir le saor-rogha fostaíochta nach gcuirtear ar oibrithe an Stáit atá i gceist;

(d) trí mheicníochtaí iomchuí a chur ar bun chun tairiscintí fostaíochta agus iarratais ar fhostaíocht a thabhairt i dteagmháil le chéile agus chun go n-éascófar cothromaíocht idir soláthar agus éileamh ar mhargadh na fostaíochta d'fhonn go seachnófar aon dochar mór don chaighdeán maireachtála agus don leibhéal fostaíochta sna réigiúin agus sna tionscail éagsúla.

Airteagal III-20

Taobhóidh na Ballstáit, faoi chuimsiú cláir chomhpháirtigh, le hoibrithe óga a mhalartú le chéile.

Airteagal III-21

I réimse na slándála sóisialta bunóidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach na bearta is gá chun saorghlauisecht d'oibrithe a bhaint amach trí chóras a thabhairt isteach chun a áirithiú ar mhaithe le hoibrithe imirceacha fostaithe agus féinfhostaithe agus a gcleithiúnaithe:

(a) go gcomhshuimeofar, d'fhonn an ceart chun sochair a fháil agus a choinneáil agus méid an tsochair a ríomh, na tréimhsí uile a chuirtear san áireamh faoi dhlíthe na dtíortha éagsúla;

(b) go n-íocfar sochair le daoine a chónaíonn ar chríocha na mBallstát.

Foroinn 2

Ceart bunaíochta

Airteagal III-22

Faoi chuimsiú na Foroinne seo, beidh toirmiscthe srianta ar shaoirse bunaíochta náisiúnaigh de chuid Ballstáit amháin ar chríoch Ballstáit eile. Bainfidh an toirmeasc sin freisin le srianta ar ghníomhaireachtaí, brainsí nó fochuideachtaí a chur ar bun ag náisiúnaigh d'aon Bhallstát atá bunaithe i gcríoch aon Bhallstáit.

Beidh ag náisiúnaigh de chuid Ballstáit an ceart, ar chríoch Ballstáit eile, chun gabháil le gníomhaíochtaí agus iad a shaothrú mar oibrithe féinfhostaithe, chun gnóthais a chur ar bun agus a bhainisteoireacht, go háirithe cuideachtaí nó gnólachtaí de réir bhrí an dara mír d'Airteagal III-27, faoi na coinníollacha atá leagtha síos dá náisiúnaigh féin le dlí na tíre ina bhfuil suíomh na bunaíochta sin, faoi réir na bhforálacha sa Chaibidil a bhaineann le caipiteal.

Airteagal III-23

1. Bunóidh dlí réime Eorpach bearta chun an tsaoirse bunaíochta a bhaint amach fad a bhaineann le gníomhaíocht shonraithe. Glacfar é tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

2. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, Comhairle na nAirí agus an Coimisiún na dualgais a thiteann orthu faoi mhír 1 a chomhlíonadh, go háirithe:

(a) trí fhreastal i dtosach báire, de ghnáth, do ghníomhaíochtaí ina ndéanann an tsaoirse bhunaíochta fóntas ar leith d'fhorbairt na táirgeachta agus na trádála;

(b) trí dhlúthchomhar idir na húdaráis inniúla sna Ballstáit a áirithiú ionas go gcinnteofar an cor áirithe sa Chomhphobal atá ar na gníomhaíochtaí éagsúla atá i gceist;

(c) trí dhíothú na ngnásanna agus na gcleachtas riarthach sin, cibé acu ó reachtaíocht náisiúnta nó ó chomhaontuithe a bhí déanta idir na Ballstáit a thig siad, a mbeadh a gcoimeád ar bun ina chonstaic ar shaoirse bunaíochta;

(d) trína áirithiú go bhféadfaidh oibrithe ó Bhallstát amháin atá ar fostú i gcríoch Bhallstáit eile fanacht sa chríoch sin chun gabháil le gníomhaíochtaí ann mar oibrithe féinfhostaithe, má shásaíonn siad na coinníollacha ba ghá dóibh a shásamh dá mba ag an am a bhí siad ar intinn gabháil leis na gníomhaíochtaí sin a thiocfaidís isteach sa Stát sin;

(e) trína chumasú do náisiúnach de chuid Ballstáit amháin talamh agus foirgnimh a fháil agus a úsáid a bhfuil a suíomh ar chríoch Ballstáit eile, chomh fada is nach bhfuil sin contrártha do na prionsabail atá leagtha síos in Airteagal III-123(2);

(f) trí dhíothú comhleanúnach a dhéanamh ar shrianta le saoirse bhunaíochta i ngach brainse gníomhaíochta a bheidh faoi bhreithniú, i gcás na gcoinníollacha maidir le gníomhaireachtaí, brainsí nó fochuideachtaí a chur ar bun ar chríoch Ballstáit agus i gcás na gcoinníollacha a bhaineann le pearsanra de chuid na príomhbhunaíochta a dhul isteach i bpoist bhainistíochta nó maoirseachta sna gníomhaireachtaí, brainsí nó fochuideachtaí sin;

(g) trí chomhordú a dhéanamh, a mhéad is gá sin, ar na coimircí a éilíonn Ballstáit ar chuideachtaí nó gnólachtaí de réir bhrí an dara mír d'Airteagal III-27, ionas go gcosnófar leasa comhaltaí agus daoine eile, d'fhonn na coimircí sin a chomhionannú;

(h) trína dheimhniú dóibh féin nach saobhfar na coinníollacha bunaíochta trí chabhracha ó Bhallstáit.

Airteagal III-24

Ní bheidh na forálacha sa Chaibidil seo, fad a bhaineann le Ballstát i dtrácht, infheidhme ar ghníomhaíochtaí a bhfuil baint acu sa Stát sin, fiú go hócáideach, le húdarás oifigiúil a fheidhmiú.

Féadfaidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach gníomhaíochtaí áirithe a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm na Foroinne seo.

Airteagal III-25

1. Ní dhéanfaidh an Fhoroinn seo, agus bearta arna nglacadh dá mbun, dochar d'infheidhmeacht fhorálacha reachtacha nó rialúcháin nó riarthacha lena bhforáiltear cóir speisialta do náisiúnaigh choigríche ar mhaithe leis an mbeartas poiblí, slándáil an phobail nó sláinte an phobail.

2. Déanfaidh dlí réime Eorpach na forálacha náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 a chomhordú.

Airteagal III-26

1. Déanfaidh dlí réime Eorpach gur fusa do dhaoine gabháil le gníomhaíochtaí agus iad a shaothrú mar dhaoine féinfhostaithe. Folóidh sé

(a) dioplómaí, teastais agus cruthúnais eile ar cháilíochtaí foirmiúla a aithint go frithpháirteach;

(b) comhordú a thabhairt ar na forálacha reachtacha nó rialúcháin nó riarthacha.

2. I dtaca le gairm na míochaine agus gairmeacha gaolmhara agus gairm na cógaisíochta, beidh an díothú comhleanúnach ar shrianta ag brath ar na coinníollacha lena gcleachtadh sna Ballstáit éagsúla a chomhordú.

Airteagal III-27

Cuideachtaí nó gnólachtaí a foirmíodh de réir dlí Ballstáit agus a bhfuil a n-oifig chláraithe, a riarachán lárnach nó a bpríomháit ghnó acu san Aontas, déileálfar leo, chun críocha na Foroinne seo, ar an gcuma chéanna le daoine nádúrtha is náisiúnaigh de Bhallstáit.

Ciallaíonn "cuideachtaí nó gnólachtaí" cuideachtaí nó gnólachtaí a bunaíodh faoin dlí sibhialta nó faoin dlí tráchtála, lena n-áirítear comharchumainn, agus daoine dlítheanacha eile a rialaítear le dlí poiblí nó le dlí príobháideach, cé is moite díobh siúd atá neamhbhrabúsmhar.

Airteagal III-28

Tabharfaidh Ballstáit do náisiúnaigh na mBallstát eile an chóir chéanna a thugann siad dá náisiúnaigh féin maidir le rannpháirtíocht i gcaipiteal cuideachtaí nó gnólachtaí, de réir bhrí Airteagal III-27, gan dochar d'fheidhmiú na bhforálacha eile sa Bhunreacht.

Foroinn 3

Saoirse chun seirbhísí a sholáthar

Airteagal III-29

Faoi chuimsiú na Foroinne seo, déanfar srianta ar an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar san Aontas a thoirmeasc i gcás náisiúnaigh de chuid Ballstáit atá bunaithe i mBallstát seachas Stát an duine dá bhfuil na seirbhísí ceaptha.

Féadfaidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach forálacha na Foroinne seo a chur chun sochair do náisiúnaigh ó thríú tír a thugann seirbhísí agus atá bunaithe san Aontas.

Airteagal III-30

Measfar gur "seirbhísí" de réir bhrí an Bhunreachta seo seirbhísí a thugtar de ghnáth ar luach saothair, sa mhéid nach bhfuil siad faoi réir na bhforálacha a bhaineann le saorghluaiseacht earraí, caipitil agus daoine.

Áireofar go háirithe ar na "seirbhísí":

(a) gníomhaíochtaí de chineál tionsclaíoch;

(b) gníomhaíochtaí de chineál tráchtálach;

(c) gníomhaíochtaí aos ceirde;

(d) gníomhaíochtaí aos gairme.

Gan dochar d'fhorálacha na Foroinne a bhaineann leis an gceart bunaíochta, féadfaidh soláthróir seirbhíse, chun go bhféadfaidh sé an tseirbhís a sholáthar, a ghníomhaíocht a shaothrú go sealadach sa Stát ina soláthraítear an tseirbhís, faoi choinníollacha mar a chuireann an Stát sin ar a náisiúnaigh féin.

Airteagal III-31

1. Beidh an tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar i réim an iompair faoi rialú ag an Foroinn a bhaineann le hiompar.

2. Déanfar an léirscaoileadh ar sheirbhísí baincéireachta agus árachais a bhaineann le gluaiseachtaí caipitil i gcomhréim leis an léirscaoileadh ar ghluaiseacht chaipitil.

Airteagal III-32

1. Bunóidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach na bearta is gá chun léirscaoileadh seirbhíse sonraithe a ghnóthú. Glacfar é tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

2. Maidir leis an dlí réime Eorpach dá dtagraítear i mír 1, tabharfar tosaíocht de ghnáth do na seirbhísí sin a bhfuil éifeacht acu go díreach ar chostais táirgeachta nó a gcuidíonn a léirscaoileadh le trádáil in earraí a chur ar aghaidh.

Airteagal III-33

Dearbhaíonn na Ballstáit a bhfonnmhaireacht chun seirbhísí a léirscaoileadh thar mar is gá de réir an dlí réime Eorpach arna ghlacadh de bhun Airteagal III-29(1), má tá a gcor eacnamaíoch ginearálta agus cor na hearnála áirithe dá ngeilleagar á cheadú sin.

Chuige sin, cuirfidh an Coimisiún moltaí faoí bhráid na mBallstát i dtrácht.

Airteagal III-34

Fad a bheidh srianta ar shaoirse chun seirbhísí a sholáthar gan díothú, cuirfidh gach Ballstát na srianta sin chun feidhme gan idirdhealú de bhíthin náisiúntachta ná áit cónaithe ar gach duine a sholáthraíonn seirbhísí de réir bhrí na chéad mhíre d'Airteagal III-29.

Airteagal III-35

Beidh na Airteagail II-24 go III-27 infheidhme ar na hábhair atá faoi rialú ag an Foroinn seo.

ROINN 3

Saorghluaiseacht earraí

Foroinn 1

Aontas custaim

Airteagal III-36

1. Cuimseoidh an tAontas aontas custaim a fholóidh an trádáil go léir in earraí, agus a bhéarfaidh go dtoirmiscfear idir na Ballstáit dleachtanna custaim ar allmhairí agus onnmhairí agus gach muirear comhéifeachta, agus go nglacfar le comhtharaif chustaim ina gcaidreamh le tríú tíortha.

2. Beidh Airteagal III-38 agus foroinn 3 den Fhoroinn seo infheidhme ar tháirgí de thionscnamh na mBallstát agus ar tháirgí ó thríú tíortha atá ar saorchúrsaíocht sna Ballstáit.

Airteagal III-37

Measfar táirgí ó thríú tír a bheith i saorchúrsaíocht ar Bhallstát má comhlíonadh foirmiúlachtaí an allmhairithe agus gur toibhíodh sa Bhallstát sin aon dleachtanna custaim nó muirir chomhéifeachta is iníoctha agus murar thairbhigh siad d'aisíoc iomlán nó páirteach ar na dleachtanna nó na muirir sin.

Airteagal III-38

Toirmiscfear dleachtanna custaim ar allmhairí agus onnmhairí agus muirir chomhéifeachta idir na Ballstáit. Beidh an toirmeasc sin infheidhme freisin ar dhleachtanna custaim de chineál fioscach.

Airteagal III-39

Glacfaidh Comhairle na nAirí, ar thogra ón gCoimisiún, na rialacháin agus cinntí Eorpacha a shocraíonn dleachtanna na Comhtharaife Custaim.

Airteagal III-40

Chun na cúraimí a chuirtear air faoin Foroinn seo a chomhlíonadh, beidh mar threoir ag an gCoimisiún:

(a) a riachtanaí atá sé an trádáil idir na Ballstáit agus tríú tíortha a chur chun cinn;

(b) forbairtí i gcoinníollacha iomaíochta laistigh den Aontas sa mhéid go dtugann siad feabhsú ar iomaíochas gnóthas;

(c) riachtanais an Aontais maidir le soláthar amhábhar agus earraí leathchríochnaithe; i ndáil leis sin de féachfaidh an Coimisiún chuige nach saobhfar coinníollacha iomaíochta idir na Ballstáit i gcás earraí críochnaithe;

(d) a riachtanaí atá sé suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagair na mBallstát a sheachaint agus a áirithiú go dtiocfaidh forbairt réasúnach faoin táirgeadh agus forleathnú ar úsáid earraí san Aontas.

Foroinn 2

Comhar custaim

Airteagal III-41

Faoi raon feidhme an Bhunreachta, bunóidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach bearta chun an comhar custaim a neartú idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún.

Foroinn 3

Srianta cainníochtúla a thoirmeasc

Airteagal III-42

Déanfar srianta cainníochtúla ar allmhairí agus onnmhairí agus ar aon bhearta comhéifeachta a thoirmeasc idir na Ballstáit.

Airteagal III-43

Ní fhágann forálacha Airteagal III-42 go mbeidh bac ar thoirmisc nó shrianta le hallmhairí nó onnmhairí nó earraí faoi bhealach, más gá a leithéid ar mhaithe leis an moráltacht phoiblí, leis an mbeartas poiblí nó le slándáil an phobail; chun sláinte agus saol daoine nó ainmhithe nó plandaí a chosaint; chun seoda náisúnta atá luachmhar ó thaobh na healaíne, na staire nó na seandálaíochta a chosaint; nó chun maoin tionscail agus tráchtála a chosaint. Ach ní cead áis a bhaint as na toirmisc ná na srianta sin le haghaidh idirdhealú treallach ná chun srianadh faoi cheilt a dhéanamh ar an trádáil idir Ballstáit.

Airteagal III-44

1. Déanfaidh na Ballstáit coigeartú ar aon Státmhonaplachtaí de chineál tráchtálach chun a áirithiú nach mbeidh aon idirdhealú ann idir náisiúnaigh de na Ballstáit maidir leis na coinníollacha faoina bhfaightear earraí agus faoina gcuirtear ar an margadh iad.

Beidh an tAirteagal seo ínfheidhme ar aon chomhlacht trína ndéanann Ballstát, de jure nó de facto, maoirsiú nó cinneadh nó ábhar tionchair a oibriú, go díreach nó go hindíreach, ar allmhairí nó onnmhairí idir na Ballstáit. Beidh na forálacha sin infheidhme mar an gcéanna ar mhonaplachtaí arna dtarmligean ón Stát.

2. Staonfaidh na Ballstáit ó aon bheart nua a thabhairt isteach atá bunoscionn leis na prionsabail atá leagtha síos i mír 1 nó a chuireann srian le scóip na nAirteagal a bhaineann le dleachtanna custaim agus srianta cainníochtúla a thoirmeasc idir na Ballstáit.

3. Má tá ag Státmhonaplacht de chineál tráchtálach rialacha a ceapadh chun gur fusa táirgí talmhaíochta a dhiúscairt nó an fáltas is fearr a ghnóthú astu, ní mór feáchaint chuige, le linn rialacha an Airteagail seo a chur chun feidhme, go mbeidh a chomhionann sin de choimirce ann d'fhostaíocht na dtáirgeoirí a bheidh i gceist agus dá gcaighdeán maireachtála.

ROINN 4

Caipiteal agus íocaíochtaí

Airteagal III-45

Faoi chuimsiú na Foroinne seo, déanfar na srianta uile ar ghluaiseacht chaipitil agus ar íocaíochtaí idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus tríú tíortha a thoirmeasc.

Airteagal III-46

1. Beidh Airteagal III-45 gan dochar do chur i bhfeidhm i gcás tríú tíortha srianta atá ann ar an 31 Nollaig 1993 faoin dlí náisiúnta nó faoi dhlí an Aontais arna ghlacadh i leith gluaiseacht chaipitil chuig tríú tíortha nó uathu a bhaineann le hinfheistíocht dhíreach, lena n-áirítear infheistíocht in eastát réadach, le bunaíocht, le soláthar seirbhísí airgeadais nó le hurrúis a ligean isteach ar mhargaí caipitil.

2. Bunóidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach bearta maidir le gluaiseacht chaipitil chuig tríú tíortha nó uathu a bhaineann le hinfheistíocht dhíreach, lena n-áirítear infheistíocht in eastát réadach, le bunaíocht, le soláthar seirbhísí airgeadais nó le hurrúis a ligean isteach ar mhargaí caipitil.

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus Comhairle na nAirí a ndícheall chun an cuspóir a bhaineann le saorghluaiseacht chaipitil a ghnóthú idir na Ballstáit agus tríú tíortha oiread agus is féidir agus gan dochar do na forálacha eile sa Bhunreacht.

3. De mhaolú ar mhír 2, is le dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach amháin a fhéadfar bearta a bhunú ar chéim ar gcúl iad i ndlí an Aontais fad a bhaineann le gluaiseacht chaipitil a léirscaoileadh idir tríú tíortha agus uathu. Gníomhóidh Comhairle na nAirí d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Airteagal III-47

1. Beidh Airteagal III-45 gan dochar do cheart na mBallstát:

(a) forálacha ábhartha a ndlí cánach a chur chun feidhme a idirdhealaíonn idir cáiníocóirí nach bhfuil sa chor céanna maidir lena n-áit chónaithe nó maidir leis an áit ina bhfuil a gcuid caipitil infheistithe;

(b) gach beart fíor-riachtanach a ghlacadh chun sáruithe ar an dlí náisiúnta agus ar rialacháin náisiúnta a chosc, go háirithe i réimse an chánachais agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí airgeadais, nó nósanna imeachta a leagan síos maidir le dearbhuithe um ghluaiseachtaí caipitil chun críocha faisnéise riarthaí no staidrimh, nó bearta a ghlacadh a dhlitear ar fhorais an bheartais phoiblí nó slándáil an phobail.

2. Beidh an Fhoroinn seo gan dochar d'infeidhmeacht na srianta ar an gceart bunaíochta atá ag luí leis an mBunreacht.

3. Ní fhéadfar áis a bhaint as na bearta ná na nósanna imeachta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 le haghaidh idirdhealú treallach ná chun srianadh faoi cheilt a dhéanamh ar shaorghluaiseacht chaipitil agus íocaíochtaí mar atá sé sainithe in Airteagal III-45.

Airteagal III-48

Má tá, in imthosca eisceachtúla, gluaiseachtaí caipitil chuig tríú tíortha nó uathu ina siocair, nó ag bagairt bheith ina siocair, le deacrachtaí tromchuíseacha d'oibriú an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta, féadfaidh Comhairle na nAirí, ar thogra ón gCoimisiún, rialacháin nó cinntí Eorpacha a ghlacadh chun bearta coimirce a thabhairt isteach i leith tríú tíortha go feadh tréimhse nach mó ná sé mhí, má tá fíorghá le bearta den sórt sin. Gníomhóidh sí agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach.

Airteagal III-49

Nuair is gá chun na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal III-158 a ghnóthú, go háirithe maidir leis an gcoiriúlacht eagraithe, an sceimhlitheoireacht agus an cheannaíocht i ndaoine a chosc agus na feiniméin sin a chomhrac, féadfaidh an dlí Eorpach creat de bhearta a shainiú maidir le gluaiseachtaí caipitil agus íocaíochtaí amhail cistí, sócmhainní airgeadais nó gnóthachain eacnamaíocha a shioc a bhaineann le daoine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpaí nó eintitis neamhstáit nó atá ina seilbh nó ar teachtadh acu.

Glacfaidh Comhairle na nAirí, ar thogra ón gCoimisiún, rialacháin Eorpacha nó cinntí Eorpacha chun an dlí dá dtagraítear sa chéad mhír a chur chun feidhme.

ROINN 5

Rialacha iomaíochta

Foroinn 1

Rialacha a bhaineann le gnóthais

Airteagal III-50

1. Toirmisctear na cleachtais seo a leanas mar chleachtais nach luíonn leis an margadh inmheánach: gach comhaontú idir gnóthais, gach cinneadh ag comhlachais ghnóthas agus gach cleachtas comhbheartaithe a d'fhéadfadh dul i gcion ar an trádáil idir Ballstáit agus arb é a gcuspóir nó a n-éifeacht iomaíocht sa chómhargadh a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh, agus go háirithe iad siúd trína ndéantar:

(a) praghsanna ceannaithe nó díolta nó aon choinníollacha eile trádála a shocrú, go díreach nó go hindíreach;

(b) táirgeadh, margaí, forbairt theicniúil, nó infheistiú a theorannú nó a rialú;

(c) margaí nó foinsí soláthair a pháirtiú;

(d) coinníollacha neamhionanna a chur chun feidhme ar idirbhearta comhionanna le páirtithe eile trádála sa dóigh go gcuirtear faoi mhíbhuntáiste iad san iomaíocht;

(e) chun go gcuirfear conarthaí i gcrích, é a chur de choinníoll go nglacfaidh na páirtithe eile le hoibleagáidí forlíontacha nach bhfuil baint ar bith acu, óna nádúr ná ó ghnás na tráchtála, le hábhar na gconarthaí sin.

2. Aon chomhaontuithe nó cinntí a thoirmiscfear de bhun an Airteagail seo, beidh siad ar neamhní dá dhroim sin.

3. Ar a shon sin, féadfar a dhearbhú nach bhfuil mír 1 infheidhme maidir le:

- aon chomhaontú nó le haon chineál comhaontuithe idir gnóthais;

- aon chinneadh nó le haon chineál cinntí ag comhlachais ghnóthas;

- le haon chleachtas comhbheartaithe nó le haon chineál cleachtas comhbheartaithe

a rannchuidíonn le feabhas a thabhairt ar tháirgeadh nó dháileadh earraí nó leis an ascnamh teicniúil nó eacnamaíoch a chur ar aghaidh, agus cion cothrom den tairbhe uaidh sin a ligean le tomhaltóirí, agus:

(a) nach bhforchuireann ar na gnóthais leasmhara srianta nach bhfuil fíor-riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú;

(b) nach dtugann do na gnóthais sin an chaoi an iomaíocht a dhíchur i gcás cuid mhór de na táirgí i gceist.

Airteagal III-51

Déanfar aon mhí-úsáid ag gnóthas nó gnóthais ag a bhfuil ceannasacht sa chómhargadh nó i gcuid mhór de a thoirmeasc mar ní nach luíonn leis an gcómhargadh sa mhéid gurbh fhéidir éifeacht a bheith aici ar thrádáil idir Ballstáit.

D'fhéadfadh sé go háirithe gurb é a bheadh sa mhí-úsáid sin:

(a) praghsanna míchóra ceannaithe nó díolta nó coinníollacha míchóra eile trádála a fhorchur, go díreach nó go hindíreach;

(b) an táirgeadh, na margaí nó an fhorbairt theicniúil a theorannú chun dochair do thomhaltóirí;

(c) coinníollacha neamhionanna a chur chun feidhme ar idirbhearta comhionanna le páirtithe eile trádála sa dóigh go gcuirtear faoi mhíbhuntáiste san iomaíocht iad;

(d) chun go dtabharfar conarthaí i gcrích, é a chur de choinníoll go nglacfaidh na páirtithe eile le hoibleagáidí forlíontacha nach bhfuil baint ar bith acu, óna nádúr ná ó ghnás na tráchtála, le hábhar na gconarthaí sin.

Airteagal III-52

1. Glacfaidh Comhairle na nAirí, ar thogra ón gCoimisiún, na rialacháin Eorpacha chun éifeacht a thabhairt do na prionsabail atá leagtha amach in Airteagail III-50 agus III-51. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

2. Na rialacháin Eorpacha dá dtagraítear in mír 1, ceapfar iad go háirithe:

(a) chun a áirithiú go ngéillfear do na toirmisc atá leagtha síos in Airteagail III-50 agus in Airteagal III-51, trí fhíneálacha agus tráthocaíochtaí pionósacha a fhoráil ina leith;

(b) chun rialacha mionsonraithe a leagan síos i dtaobh Airteagal III-50(3) a chur chun feidhme, á chur san áireamh a riachtanaí atá sé, ar thaobh amháin, maoirseacht éifeachtach a áirithiú agus, ar an taobh eile, an riarachán a shimpliú chomh fada riamh agus is féidir;

(c) chun sainiú a dhéanamh, más gá, i gcás bhrainsí éagsúla an gheilleagair ar raon feidhme na bhforálacha atá in Airteagail III-50 agus III-51;

(d) chun na feidhmeanna atá ag an gCoimisiún agus ag an gCúirt Bhreithiúnais, faoi seach, a shainiú maidir leis na forálacha atá leagtha síos sa mhír seo a chur i bhfeidhm;

(e) chun an ghaolmhaireacht a chinneadh atá idir dlíthe náisiúnta agus an Roinn seo nó na rialacháin Eorpacha arna nglacadh de bhun an Airteagail seo.

Airteagal III-53

Go dtí go dtiocfaidh na rialacháin Eorpacha arna nglacadh de bhun Airteagal III-52 i bhfeidhm, tabharfaidh údaráis na mBallstát rialú, i gcomhréir lena ndlí inmheánach agus Airteagal III-50, go háirithe mír 3, agus III-51, ar inghlacthacht comhaontuithe, cinntí agus cleachtais chomhbheartaithe agus ar mhí-úsáid cheannasachta sa mhargadh inmheánach.

Airteagal III-54

1. Gan dochar do Airteagal III-53, áiritheoidh an Coimisiún go ndéantar na prionsabail atá leagtha síos in Airteagail III-50 agus III-51. Ar iarratas a fháil ó Bhallstát, nó ar a thionscnamh féin, agus i gcomhar leis na húdaráis inniúla sna Ballstáit, a thabharfaidh a gcabhair dó, scrúdóidh an Coimisiún cásanna ina bhfuil amhras gur sáraíodh na prionsabail thuasluaite. Má fhaigheann sé gur tharla sárú, molfaidh sé bearta iomchuí chun deireadh a chur leis.

2. Mura gcuirtear deireadh leis an sárú, déanfaidh an Coimisiún an sárú sin ar na prionsabail a thaifeadadh i gcinneadh réasúnaithe. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh a fhoilsiú agus na Ballstáit a údarú na bearta is gá a dhéanamh chun an scéal a leigheas, agus saineoidh sé coinníollacha agus sonraí na mbeart sin.

3. Féadfaidh an Coimisiún rialacháin Eorpacha a ghlacadh a bhaineann leis na haicmí comhaontuithe ar dá mbun atá an Chomhairle tar éis gníomhú i gcomhréir le hAirteagal III-52, mír 2(b).

Airteagal III-55

1. I gcás na ngnóthas poiblí agus na ngnóthas dá dtugann na Ballstáit cearta speisialta nó cearta eisiatacha, ní achtóidh na Ballstáit, ná ní choimeádfaidh siad ar bun, aon bheart atá bunoscionn leis na forálacha sa Bhunreacht, go háirithe na rialacha dá bhforáiltear in Airteagal I-4, an dara mír, agus sna hAirteagail III-55 go III-58.

2. Gnóthais arb é a gcúram seirbhísí a oibriú is seirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne nó seirbhísí de chineál monaplachta fioscaí, beidh siad faoi réir na rialacha sa Bhunreacht, go háirithe na rialacha iomaíochta, chomh fada is nach dtiocfaidh de na rialacha sin a chur chun feidhme bac ar chomhlíonadh, ó dhlí nó ó ghníomh, an chúraim áirithe a ceapadh dóibh. Caithfear gan cur as d'fhorás na trádála go feadh méid ba dhochar do leasa an Aontais.

3. Féachfaidh an Coimisiún chuige go gcuirfear forálacha an Airteagail seo i bhfeidhm agus, nuair is gá sin, eiseoidh sé treoracha nó cinntí iomchuí chun na mBallstát.

Foroinn 2

Cabhracha ó na Ballstáit

Airteagal III-56

1. Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Bhunreacht seo, aon chabhair a thabharfaidh Ballstát nó a thabharfar trí bhíthin acmhainní Stáit i bhfoirm ar bith, agus a bhéarfaidh nó is baolach a bhéarfadh saobhadh ar iomaíocht trí thaobhú le gnóthais áirithe nó le táirgeadh earraí áirithe, ní luífidh sí leis an gcómhargadh sa mhéid go dtéann sí i gcion ar an trádáil idir Ballstáit.

2. Beidh cabhair dá leithéid seo a leanas ag luí leis an margadh inmheánach:

(a) cabhair de chineál comhdhaonnach do thomhaltóirí aonair, ar choinníoll go dtugtar an chabhair sin gan idirdhealú maidir le tionscnamh na dtáirgí áirithe;

(b) cabhair chun damáiste a shlánú a tharla de dheasca tubaistí nádúrtha nó tarlachtaintí neamhchoitianta eile;

(c) cabhair do gheilleagar limistéar áirithe de Phoblacht Chónaidhme na Gearmáine ar chuir deighilt na Gearmáine as dóibh, sa mhéid gur gá an chabhair sin mar chúiteamh sna míbhuntáistí eacnamaíocha a tháinig den deighilt sin.

3. Is inmheasta cabhair dá leithéid seo a leanas a bheith ag luí leis an margadh inmheánach:

(a) cabhair chun forbraíocht eacnamaíoch a thabhairt ar limistéir ina bhfuil an caighdeán maireachtála thar a bheith íseal nó ina bhfuil mórchuid tearcfhostaíochta;

(b) cabhair chun cuidiú le tionscadal tábhachtach ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne a chur i gcrích nó chun suaitheadh tromchúiseach i ngeilleagar Ballstáit a leigheas;

(c) cabhair chun forbairt ghníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe nó limistéar eacnamaíoch áirithe a éascú, nuair nach n-athraíonn an chabhair sin dálaí trádála an oiread go mbeadh dochar ann don leas coiteann;

(d) cabhair chun cultúr agus caomhnú na hoidhreachta a chur ar aghaidh nuair nach gcuireann sí isteach ar dhálaí trádála agus iomaíochta san Aontas go feadh méid atá bunoscionn leis an leas comhchoiteann.

(e) cabhair de cibé cineálacha eile a shonrófar le cinneadh ón gComhairle ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún.

Airteagal III-57

1. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, na córais chabhrach go léir sna Stáit sin a choimeád faoi bhreithniú i gcónaí. Molfaidh sé do na Ballstáit sin aon bhearta iomchuí is gá chun an cómhargadh a fhorbairt go comhleanúnach nó chun a fheidhmithe.

2. Más rud é, tar éis fógra a thabhairt do na páirtithe lena mbaineann a mbarúlacha a chur isteach, go bhfaighidh an Coimisiún go bhfuil cabhair a thug Stát nó a tugadh trí bhíthin acmhainní Stáit gan bheith ag luí leis an gcómhargadh ag féachaint do Airteagal III-56, nó go bhfuil an chabhair sin á mí-úsáid, cinnfidh sé go ndlíonn an Stát sin an chabhair sin a dhíothú nó a athrú laistigh de thréimhse a chinnfidh an Coimisiún.

Mura gcomhlíonfaidh an Stát áirithe an cinneadh sin laistigh den tréimhse ordaithe, féadfaidh an Coimisiún nó aon Stát leasmhar eile, de mhaolú ar Airteagail III-265 agus III-266, an t-ábhar a thabhairt faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais go díreach.

Féadfaidh Comhairle na nAirí, ar iarratas ó Bhallstát, cinneadh Eorpach a ghlacadh d'aon toil, á rá go measfar cabhair atá á tabhairt nó le tabhairt ag an Stát sin a bheith ag luí leis an margadh inmheánach, de mhaolú ar Airteagal III-56 nó ar na rialacháin dá bhforáiltear in Airteagal III-58, má fhágann imthosca eisceachtúla gur cinneadh cóir é sin. Más rud é maidir leis an gcabhair sin, go bhfuil an Coimisiún tar éis an nós imeachta dá bhforáiltear sa chéad fhomhír den mhír sin a thionscnamh cheana féin, beidh d'éifeacht ag an iarratas chun Comhairle na nAirí ón Stát atá i gceist go bhfionrófar an nós imeachta sin go dtí gur feasach cad é an dearcadh atá ag Comhairle na nAirí.

Más rud é, áfach, nach mbeidh a dearcadh curtha in iúl ag Comhairle na nAirí laistigh de thrí mhí ó rinneadh an t-iarratas sin, tabharfaidh an Coimisiún a chinneadh ar an gcás.

3. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas, in am tráth ionas go bhféadfaidh sé a bharúlacha a thabhairt, faoi aon phleananna chun cabhair a thabhairt nó a athrú. Má mheasann sé go bhfuil aon phlean den sórt sin gan bheith ag luí leis an gcómhargadh, ag féachaint do Airteagal III-53, tionscnóidh sé, gan mhoill, an nós imeachta dá bhforáiltear i mír 2. Ní chuirfidh an Ballstát i dtrácht na bearta atá ceaptha aige in éifeacht go dtí go bhfaighfear cinneadh críochnaitheach de thoradh an nós imeachta sin.

4. Féadfaidh an Coimisiún rialacháin Eorpacha a ghlacadh a bhaineann le cabhracha Stáit de chineálacha eile a bhfuil cinneadh glactha ag Comhairle na nAirí ina leith, de bhun Airteagal III-55, go bhféadfar iad a dhíolmhú ón nós imeachta dá bhforáiltear i mír 3.

Airteagal III-58

Féadfaidh Comhairle na nAirí, ar thogra ón gCoimisiún, aon rialacháin Eorpacha a ghlacadh chun Airteagai III-56 agus III-57 a chur chun feidhme, agus féadfaidh sí go háirithe na coinníollacha ina mbeidh Airteagal III-57(3) infheidhme a chinneadh mar aon leis na cineálacha cabhrach atá díomhaithe ón nós imeachta seo. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

ROINN 6

Forálacha fioscacha

Airteagal III-59

Ní fhorchuirfidh aon Bhallstát, go díreach ná go hindíreach, ar tháirgí Ballstát eile aon chánachas inmheánach de shaghas ar bith de bhreis ar a bhforchuirtear go díreach nó go hindíreach ar a samhail dá tháirgí náisiúnta féin.

Fairis sin, ní fhorchuirfidh aon Bhallstát ar tháirgí Ballstát eile aon chánachas inmheánach de shaghas a thabharfaidh cosaint indíreach do tháirgí eile.

Airteagal III-60

I gcás earraí a onnmhairítear go críoch aon Bhallstaít, ní bheidh aon aisíocaíocht ar chánachas inmheánach níos mó ná an cánachas inmheánach a forchuireadh orthu, go díreach nó go hindíreach.

Airteagal III-61

I gcás muirear seachas cánacha láimhdeachais, dleachtanna máil agus cineálacha eile cánachais indírigh, ní cead maithiúnais ná aisíocaíochtaí i leith onnmhairí go Ballstaít eile a dheonú ná ní cead muirir frithchúitimh i leith allmhairí ó Bhallstaít a fhorchur mura mbeidh na bearta a mheabhraítear formheasta roimh ré go ceann tréimhse teoranta trí chinneadh Eorpach arna ghlacadh ag Comhairle na nAirí, ar thogra ón gCoimisiún.

Airteagal III-62

1. Déanfaidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach ó Chomhairle na nAirí bearta a leagan síos le comhchuibhiú reachtaíochta a bhaineann le cánacha láimhdeachais, dleachtanna máil agus cineálacha eile cánachais indírigh a mhéad is gá an comhchuibhiú sin chun oibriú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú laistigh agus chun saobhadh na hiomaíochta a sheachaint. Gníomhóidh Comhairle na nAirí d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

2. Má shuíonn Comhairle na nAirí, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún go mbaineann na bearta dá dtagraítear i mír 1 leis an gcomhar riarthach nó leis an gcomhrac i gcoinne calaois cánach agus imghabháil cánach, gníomhóidh sí, de mhaolú ar mhír 1, trí thromlach cáilithe agus dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach á ghlacadh aici a bhunaíonn na bearta sin.

Airteagal III-63

Má shuíonn Comhairle na nAirí, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún, go mbaineann bearta maidir le cánachas cuideachta leis an gcomhar riarthach nó leis an gcomhrac i gcoinne calaois cánach agus imghabháil cánach, glacfaidh sí, trí thromlach cáilithe, dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach a bhunaíonn na bearta sin, ar chuntar go bhfuil siad riachtanach d'oibriú an mhargaidh inmheánaigh agus chun saobhadh na hiomaíochta a sheachaint.

Glacfar an dlí nó an dlí réime tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

ROINN 7

Dlíthe a chomhfhogasú

Airteagal III-64

Gan dochar d'Airteagal III-62, bunóidh dlí réime Eorpach ó Chomhairle na nAirí bearta chun treoracha a ghlacadh chun na forálacha reachtacha nó rialúcháin nó riarthach sin sna Ballstáit a dhéanann difear go díreach do bhunú nó d'oibriú an chómhargaidh a chomhfhogasú. Gníomhóidh Comhairle na nAirí d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Airteagal III-65

1. Ach amháin má fhoráiltear a mhalairt sa Bhunreacht, beidh an tAirteagal seo infheidhme d'fhonn na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal III-14 a ghnóthú. Bunóidh dlí Eorpach nó dlí feidhme Eorpach na bearta maidir le comhfhogasú na bhforálacha reachtacha nó rialúcháin nó riarthacha sna Ballstáit arb é is aidhm dóibh an margadh inmheánach a bhunú agus a oibriú. Glacfar é tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

2. Ní bheidh mír 1 infheidhme ar fhorálacha fioscacha, forálacha maidir le saorghluaiseacht daoine ná forálacha maidir le cearta agus leas fostaithe.

3. Ina dtograí arna dtíolacadh faoi mhír 1 maidir le sláinte, sábháilteacht, cosaint an chomhshaoil agus cosaint an tomhaltóra, úsáidfidh an Coimisiún ardleibhéal cosanta mar bhonn, ag féachaint go háirithe d'aon fhorás nua atá bunaithe ar fhíorais eolaíocha. Faoi chuimsiú a gcumhachtaí faoi seach, féachfaidh Parlaimint na hEorpa agus Comhairle na nAirí freisin leis an gcuspóir sin a bhaint amach.

4. Más rud é, tar éis don Chomhairle beart um comhchuibhiú a ghlacadh le dlí Eorpach, dlí réime Eorpach nó rialachán Eorpach ón gCoimisiún, go measann Ballstát gur gá forálacha náisiúnta a choimeád ar bun de bharr na mór-riachtanas dá dtagraítear in Airteagal III-43 nó a bhaineann le cosaint an chomhshaoil nó an timpeallacht oibre, cuirfidh sé na forálacha sin maille leis na forais lena gcoimeád ar bun in iúl don Choimisiún.

5. Thairis sin, gan dochar do mhír 4, más rud é, tar éis don Chomhairle nó don Choimisiún beart um chomhchuibhiú a ghlacadh, go measann Ballstát gur gá forálacha náisiúnta a thabhairt isteach atá bunaithe ar fhianaise eolaíoch nua maidir le cosaint an chomhshaoil nó na timpeallachta oibre de bharr fadhb is sonrach don Bhallstát sin agus a thagann chun cinn tar éis don bheart um chomhchuibhiú a bheith glactha, cuirfidh sé na forálacha arna mbeartú, maille leis na cúiseanna atá leo, in iúl don Choimisiún.

6. Laistigh de shé mhí ó na fógraí dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 a fháil, glacfaidh an Coimisiún cinneadh Eorpach a dhéanann na forálacha náisiúnta i gceist a fhormheas nó a dhiúltú tar éis dó a fhíorú an bhfuil nó nach bhfuil áis á baint astu le haghaidh idirdhealú treallach nó chun srianadh faoi cheilt a dhéanamh ar an trádáil idir Ballstáit agus an bhfuil nó nach bhfuil siad ina gconstaic d'oibriú an mhargaidh inmheánaigh.

Mura ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh laistigh den tréimhse sin, measfar go bhfuil na forálacha náisiúnta dá dtagraítear i míreanna 4 agus 5 formheasta.

Nuair atá call leis sin mar gheall ar chastacht an ábhair agus nuair nach bhfuil contúirt do shláinte an duine, féadfaidh an Coimisiún a chur in iúl don Bhallstát i dtrácht go bhféadfar an tréimhse dá dtagraítear sa mhír seo a fhadú go ceann tréimhse eile suas go sé mhí.

7. Nuair a údaraítear Ballstát, de bhun mhír 6, forálacha náisiúnta a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach de mhaolú ar bheart um chomhchuibhiú, scrúdóidh an Coimisiún láithreach ar chóir oiriúnú ar an mbeart sin a mholadh.

8. Nuair a ardaíonn Ballstát fadhb shonrach a bhaineann le sláinte an phobail i réimse a bhí ina ábhar roimhe sin do bhearta um chomhchuibhiú, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi agus scrúdóidh an Coimisiún láithreach ar chóir bearta iomchuí a mholadh don Chomhairle.

9. De mhaolú ar an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagail III-265 agus III-266, féadfaidh an Coimisiún nó aon Bhallstát an t-ábhar a thabhairt go díreach os comhair na Cúirte Breithiúnais má mheasann sé go bhfuil Ballstát eile ag baint mí-úsáid as na cumhachtaí dá bhforáiltear san Airteagal seo.

10. Beidh sna bearta um chomhchuibhiú dá dtagraítear anseo thuas, i ngach cás is iomchuí, clásal coimirce a údaraíonn na Ballstáit, ar cheann amháin nó níos mó de na cúiseanna neamheacnamaíocha dá dtagraítear in Airteagal III-43, bearta sealadacha a ghlacadh faoi réir nós imeachta um rialú ag an Aontas.

Airteagal III-66

Má fhaigheann an Coimisiún go bhfuil difríocht idir na forálacha reachtacha nó rialúcháin nó riarthacha i mBallstáit atá ag saobhadh na ndálaí iomaíochta sa mhargadh inmheánach agus gur gá an saobhadh dá dheasca sin a dhíchur, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit i dtrácht.

Mura dtiocfaidh as an gcomhairliúchán sin comhaontú, díchuirfidh dlí réime Eorpach an saobhadh i gceist. Féadfar aon bhearta iomchuí eile dá bhforáiltear sa Bhnureacht a ghlacadh.

Airteagal III-67

1. Má tá cúis ann chun a cheapadh gur baolach saobhadh de réir bhrí Airteagal III-66 a theacht as foráil reachtach nó rialúcháin nó riarthach a ghlacadh nó a leasú, rachaidh Ballstát i gcomhairle leis an gCoimisiún má theastaíonn uaidh dul ar aghaidh leis an bhforáil sin a ghlacadh nó a leasú. Tar éis dul i gcomhairle leis na Ballstáit, díreoidh an Coimisiún moladh chuig na Ballstáit i dtrácht maidir leis na bearta is iomchuí chun an saobhadh sin a sheachaint.

2. Mura gcomhlíonfaidh an Stát a dteastaíonn uaidh forálacha dá chuid féin a thabhairt isteach nó a leasú an moladh a thug an Coimisiún dó, ní iarrfar, de bhun Airteagal III-66, ar na Ballstáit eile a bhforálacha féin a leasú chun an saobhadh sin a dhíchur. Má tá an Ballstát a thug neamhaird ar mholadh an Choimisiúin ina chúis le saobhadh a rachaidh chun dochair dó féin amháin, ní bheidh feidhm le forálacha Airteagal Airteagal III-66.

Airteagal III-68

Agus margadh inmheánach á bhunú, bunóidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach bearta maidir le hionstraimí Eorpacha a thabhairt isteach chun cosaint chomhionann ar na cearta a bhaineann le maoin intleachta a áirithiú ar fud an Aontais agus chun córais lárnaithe a chur ar bun ar leibhéal an Aontais a bhaineann le húdarú, comhordú agus maoirseacht.

Bunóidh dlí Eorpach ó Chomhairle na nAirí arna ghlacadh d'aon toil ar thogra ón gCoimisiún na córais teanga do na hionstraimí sin. Gníomhóidh Comhairle na nAirí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Caibidil II

BEARTAS EACNAMAÍOCH AGUS AIRGEADAÍOCHTA

Airteagal III-69

1. Chun na gcríoch atá luaite in Airteagal 2, cuimseoidh gníomhaíochtaí na mBallstát agus an Chomhphobail, faoi na coinníollacha agus de réir an tráthchláir dá bhforáiltear sa Chonradh seo, beartas eacnamaíoch a ghlacadh atá fothaithe ar chomhordú dlúth idir beartais eacnamaíocha na mBallstát, ar an margadh inmheánach agus ar shainiú comhchuspóirí agus a sheoltar i gcomhréir le prionsabal geilleagair mhargaidh oscailte le saoriomaíocht.

2. Go comhthreomhar leis sin, agus faoi na coinníollacha agus de réir na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Bhunreacht, cuimseoidh na gníomhaíochtaí sin airgeadra aonair, an euro, beartas aonair airgeadaíochta agus beartas aonair rátaí malairte a shainiú agus a sheoladh arb é is cuspóir príomhúil dóibh araon cobhsaíocht phraghsanna a chothabháil agus, gan dochar don chuspóir sin, tacú leis na beartais eacnamaíocha ginearálta san Aontas, i gcomhréir le prionsabal geilleagar margaidh oscailte le saoriomaíocht.

3. Béarfaidh gníomhaíochtaí sin na mBallstát agus an Aontasil go ndéanfar na treoirphrionsabail seo a leanas a urramú: praghsanna cobhsaí, airgeadas poiblí fónta agus dálaí airgeadaíochta fónta agus comhardú cobhsaí íocaíochtaí.

ROINN 1

Beartas eacnamaíoch

Airteagal III-70

Seolfaidh na Ballstáit a mbeartais eacnamaíocha d'fhonn rannchuidiú le gnóthú chuspóirí an Aontais, mar atá siad sainithe in Airteagal I-3, agus faoi chuimsiú na mór-threoirlínte dá dtagraítear in Airteagal III-71(2). Gníomhóidh na Ballstáit agus an tAontas i gcomhréir le prionsabal geilleagar margaidh oscailte le saoriomaíocht ar mhaithe le cionroinnt éifeachtach acmhainní agus ag comhlíonadh na bprionsabal atá leagtha amach in Airteagal III-69.

Airteagal III-71

1. Measfaidh na Ballstáit gur ábhar leasa choitinn a mbeartais eacnamaíocha agus déanfaidh siad comhordú orthu i dtionól na Comhairle, i gcomhréir le forálacha Airteagal III-70.

2. Déanfaidh Comhairle na nAirí, ar thogra ón gCoimisiún, dréacht a fhoirmiú de mhór-threoirlínte bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais agus déanfaidh sí tuarascáil ar thorthaí a machnaimh don Chomhairle Eorpach.

Déanfaidh an Chomhairle Eorpach, ar bhonn na tuarascála sin ó Chomhairle na nAirí, conclúid a phlé ar mhór-threoirlínte bheartais eacnamaíocha na mBallstát agus an Aontais. Ar bhonn na conclúide sin, glacfaidh Comhairle na nAirí moladh a shocróidh na mór-threoirlínte sin. Cuirfidh sí Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoina moladh.

3. D'fhonn comhordú níos dlúithe ar na beartais eacnamaíocha agus cóineasú marthanach ar fheidhmiú eacnamaíoch na mBallstát a áirithiú, déanfaidh Comhairle na nAirí, ar bhonn tuarascálacha a chuirfidh an Coimisiún faoina bráid, faireachán ar fhorbairt eacnamaíoch i ngach ceann de na Ballstáit agus san Aontas agus ar chomhchuibheas na mbeartas eacnamaíoch leis na mór-threoirlínte dá dtagraítear i mír 2 agus measúnú foriomlán go tráthrialta.

Chun críocha an fhaireacháin iltaobhaigh sin, cuirfidh na Ballstáit faisnéis chuig an gCoimisiún ar bhearta tábhachtacha arna nglacadh acu i réimse a mbeartais eacnamaíoch agus pé faisnéis eile a mheasann siad is gá.

4. Má shuítear, faoi chuimsiú an nós imeachta dá dtagraítear i mír 3, nach bhfuil beartais eacnamaíocha Bhallstait comhchuí leis na mór-threoirlínte dá dtagraítear i mír 2 nó gur dóigh dóibh oibriú rianúil an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta a chur i gcontúirt, féadfaidh an Coimisiún foláireamh a dhírú chuig an mBallstát i dtrácht. Féadfaidh Comhairle na nAirí, ar mholadh ón gCoimisiún, na moltaí is gá a dhíriú chuig an mBallstát i dtrácht. Féadfaidh Comhairle na nAirí a chinneadh, ar thogra ón gCoimisiún, a moltaí a phoibliú.

Faoi chuimsiú na míre seo, gníomhóidh Comhairle na nAirí gan vóta an ionadaí don Bhallstát i dtrácht a chur sa áireamh, agus saineofar tromlach cáilithe mar thromlach na vótaí ó na Ballstáit eile atá in ionannas le trí chúigiú ar a laghad dá gcuid daonraí.

5. Déanfaidh Uachtarán Chomhairle na nAirí agus an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa ar thorthaí an fhaireacháin iltaobhaigh. Féadfar a iarraidh ar Uachtarán Chomhairle na nAirí láithriú os comhair choiste inniúil Pharlaimint na hEorpa má tá a moltaí poiblithe ag Comhairle na nAirí.

6. Féadfaidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach rialacha mionsonraithe a leagan síos don nós imeachta an fhaireacháin iltaobhaigh dá dtagraítear i míreanna 3 agus 4.

Airteagal III-72

1. Gan dochar d'aon nósanna imeachta eile dá bhforáiltear sa Bhunreacht, féadfaidh Comhairle na nAirí, ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh Eorpach a ghlacadh a bhunaíonn na bearta is iomchuí don chor eacnamaíoch, go háirithe má tharlaíonn géardheacrachtaí maidir le soláthar táirgí áirithe.

2. I gcás Ballstát a bheith i ndeacrachtaí nó géardheacrachtaí a bheith ag dianbhagairt air de bhun tarluithe eisceachtúla nach bhfuil neart aige orthu, féadfaidh Comhairle na nAirí, ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh Eorpach a ghlacadh a dheonaíonn cabhair airgeadais ón Aontas faoi choinníollacha áirithe don Bhallstát i dtrácht. Cuirfidh Uachtarán Chomhairle na nAirí Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoin gcinneadh a glacadh.

Airteagal III-73

1. Toirmiscfear ar an mBanc Ceannais Eorpach agus ar bhainc cheannais na mBallstát (dá ngairtear "bainc cheannais náisiúnta" anseo feasta) saoráidí rótharraingtí nó aon saoráid chreidmheasa de shaghas ar bith eile a thabhairt i bhfabhar institiúidí nó comhlachtaí an Aontais, Rialtais Láir, údarás réigiúnach nó áitiúil nó údarás poiblí eile, comhlachtaí eile arna rialú ag an dlí poiblí nó gnóthas poiblí sna Ballstáit, agus toirmiscfear freisin ar an mBanc Ceannis Eorpachnó ar bhainc cheannais náisiúnta ionstraimí fiachais a cheannach go díreach uathu.

2. Ní bheidh mír 1 infheidhme ar institiúidí creidmheasa ar úinéireacht phoiblí ar a gcuirfidh bainc cheannais náisiúnta agus an Banc Ceannais Eorpach, i gcomhthéacs soláthar cúlchistí ó bhainc cheannais, an chóir chéanna a chuirtear ar institiúidí creidmheasa príobháideacha.

Airteagal III-74

1. Toirmiscfear aon bheart nó foráil, nach bhfuil bunaithe ar dhálaí stuamachta, a thugann rochtain phribhléideach d'institiúidí nó comhlachtaí den Aontas, do Rialtais Láir, d'údaráis réigiúnacha nó áitiúla nó d'údaráis phoiblí eile, do chomhlachtaí eile arna rialú faoin dlí poiblí nó do ghnóthais phoiblí sna Ballstáit ar institiúidí airgeadais.

2. Déanfaidh Comhairle na nAirí, ar thogra ón gCoimisiún, rialacháin nó cinntí Eorpacha a ghlacadh chun sainmhínithe a shonrú maidir le cur chun feidhme an toirmisc dá dtagraítear i mír 1. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Airteagal III-75

1. Ceangaltais Rialtais Láir, údarás réigiúnach nó áitiúil nó údarás poiblí eile, comhlachtaí eile arna rialú faoin dlí poiblí nó gnóthas poiblí de chuid aon Bhallstáit, ní bheidh an tAontas faoi dhliteanas ina leith ná ní ghabhfaidh sé air féin iad, gan dochar do ráthaíochtaí airgeadais frithpháirteacha ar mhaithe le comhghnóthú tionscadail shonraigh. Ceangaltais Rialtais Láir, údarás réigiúnach nó áitiúil nó údarás poiblí eile, comhlachtaí eile arna rialú faoin dlí poiblí nó gnóthas poiblí de chuid Ballstáit eile, ní bheidh Ballstát faoi dhliteanas ina leith, ná ní ghabhfaidh sé air féin iad, gan dochar do ráthaíochtaí airgeadais frithpháirteacha ar mhaithe le comhghnóthú tionscadail shonraigh.

2. Déanfaidh Comhairle na nAirí, ar thogra ón gCoimisiún, rialacháin nó cinntí Eorpacha a ghlacadh chun sainmhínithe a shonrú maidir le cur chun feidhme an toirmisc dá dtagraítear in Airteagal III-70 agus san Airteagal seo. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Airteagal III-76

1. Seachnóidh na Ballstáit easnaimh rialtais iomarcacha.

2. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an bhforás sa chor buiséadach agus ar stoc an fhiachais rialtais sna Ballstáit d'fhonn ollearráidí a shainaithint. Scrúdóidh sé ach go háirithe comhlíonadh smachta bhuiséadaigh ar bhonn an dá chritéar seo a leanas:

(a) an dtéann an cóimheas idir an t-easnamh rialtais pleanáilte nó iarbhír agus an olltáirgeacht intíre thar luach tagartha,

(i) mura bhfuil an cóimheas tar éis ísliú go suntasach leanúnach agus mura bhfuil sé tar éis leibhéal a shroicheadh atá gar don luach tagartha;

(ii) nó, ina mhalairt de chás, mura bhfuil an farasbarr thar an luach tagartha eisceachtúil agus sealadach amháin agus mura bhfanann an cóimheas gar don luach tagartha;

(b) an dtéann an cóimheas idir an fiachas rialtais agus an olltáirgeacht intíre thar luach tagartha, mura bhfuil an cóimheas ag laghdú a dhóthain agus ag druidim ar luas sásúil leis an luach tagartha.

Sonraítear na luachanna tagartha sa Phrótacal maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach.

3. Mura ndéanann Ballstát na ceanglais faoi cheann amháin de na critéir sin nó faoin dá cheann a chomhall, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil. Cuirfear san áireamh freisin i dtuarascáil an Choimisiúin an dtéann an t-easnamh rialtais thar chaiteachas infheistíochta rialtais maille le gach toisc ábhartha eile lena n-áirítear cor eacnamaíoch agus buiséadach meántéarmach an Bhallstáit.

Féadfaidh an Coimisiún tuarascáil a ullmhú freisin má tá sé den tuairim, d'ainneoin chomhall na gceanglas faoi na critéir, go bhfuil baol easnaimh iomarcaigh ann i mBallstát.

4. Foirmeoidh an Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais tuairim ar thuarascáil an Choimisiúin.

5. Má mheasann an Coimisiún go bhfuil easnamh iomarcach nó baol easnaimh iomarcaigh ann i mBallstat, déanfaidh sé tuairim a dhíriú chuig an mBallstát i dtrácht.

6. Déanfaidh Comhairle na nAirí, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis aon bharúlacha a chur san áireamh is mian leis an mBallstát i dtrácht a chur faoina bráid, a chinneadh tar éis measúnú foriomlán an bhfuil easnamh iomarcach ann. Má chineann Comhairle na nAirí go bhfuil easnamh iomarcach ann, glacfaidh sí, de réir na nósanna imeachta céanna, na moltaí arna ndíriú chuig an mBallstát i dtrácht ar mhaithe le deireadh a chur leis an gcor sin laistigh de thréimhe shonraithe. Faoi réir mhír 8, ní dhéanfar na moltaí sin a phoibliú.

Faoi chuimsiú na míre seo, gníomhóidh Comhairle na nAirí gan vóta an ionadaí don Bhallstát i dtrácht a chur sa áireamh, agus saineofar tromlach cáilithe mar thromlach na vótaí ó na Ballstáit eile atá in ionannas le trí chúigiú ar a laghad dá gcuid daonraí.

7. Glacfaidh Comhairle na nAirí trí thromlach cáilithe, ar mholadh ón gCoimisiún, na cinntí agus moltaí Eorpacha dá dtagraítear i míreanna 8 go 11. Gníomhóidh sí gan vóta an ionadaí don Bhallstát i dtrácht a chur sa áireamh, agus saineofar tromlach cáilithe mar thromlach na vótaí ó na Ballstáit eile atá in ionannas le trí chúigiú ar a laghad dá gcuid daonraí.

8. Má shuíonn an Chomhairle nach bhfuil aon ghníomhaíocht éifeachtach déanta mar fhreagra ar a moltaí laistigh den tréimhse fhorordaithe, féadfaidh sí a moltaí a phoibliú.

9. Má leanann Ballstát de bheith ag mainneachtain na moltaí ó Chomhairle na nAirí a chur i ngníomh, féadfaidh Comhairle na nAirí a chinneadh foláireamh a thabhairt don Bhallstát bearta a ghlacadh laistigh de thréimhse shonraithe chun an laghdú easnaimh a bhaint amach a mheasann an Comhairle na nAirí a bheith riachtanach chun an cor a leigheas.

Féadfaidh Comhairle na nAirí, i gcás den sórt sin, a iarraidh ar an mBallstát i dtrácht tuarascálacha a chur chuici de réir tráthchláir shonraigh chun iarrachtaí um choigeartú an Bhallstáit sin a scrúdú.

10. Fad nach gcomhlíonann Ballstát cinneadh arna ghlacadh i gcomhréir le mír 9, féadfaidh an Comhairle na nAirí a chinneadh beart nó bearta de na cinn seo a leanas a chur chun feidhme nó, de réir mar a bheidh, a threisiú:

(a) a cheangal ar an mBallstát i dtrácht tuilleadh faisnéise, a shonróidh Comhairle na nAirí, a fhoilsiú sula n-eiseoidh sé bannaí agus urrúis;

(b) a iarraidh ar an mBanc Eorpach Infheistíochta a bheartas a athbhreithniú maidir le hiasachtaí a thabhairt don Bhallstát i dtrácht;

(c) a chur de cheangal ar an mBallstát i dtrácht taisce neamhúsmhar de mhéid iomchuí a dhéanamh leis an Aontas go dtí go measfaidh Comhairle na nAirí go bhfuil an t-easnamh iomarcach ceartaithe;

(d) fíneálacha iomchuí a ghearradh.

Cuirfidh Uachtarán Chomhairle na nAirí Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi na bearta a glacadh.

11. Déanfaidh Comhairle na nAirí cuid de na bearta nó na bearta uile dá dtagraítear i míreanna 6 agus 8 go 10 a aisghairm a mhéad atá an t-easnamh iomarcach sa Bhallstát i dtrácht ceartaithe, dar léi. Má tá moltaí poiblí déanta ag Comhairle na nAirí roimhe sin, déanfaidh sí, a luaithe a aisghairfear an cinneadh faoi mhír 8, ráiteas poiblí nach bhfuil easnamh iomarcach ann a thuilleadh sa Bhallstát i dtrácht.

12. Ní fhéadfar na cearta chun caingne a thionscnamh, dá bhforáiltear in Airteagail III-265 agus III-266, a fheidhmiú faoi chuimsiú mhíreanna 1 go 6, 8 agus 9 den Airteagal seo.

13. Tá a thuilleadh forálacha maidir le cur chun feidhme an nós imeachta atá tuairiscithe san Airteagal seo leagtha amach sa Phrótacal maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach.

Bunóidh dlí Eorpach ó Chomhairle na nAirí na bearta is iomchuí chun ionad an Phrótacail sin a ghlacadh. Gníomhóidh Comhairle na nAirí d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an mBanc Ceannais Eorpach.

Faoi réir fhorálacha eile na míre seo, glacfaidh Comhairle na nAirí ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, rialacháin nó ciinntí Eorpacha a bhunaíonn na nósanna imeachta agus na sainmhínithe chun Prótacal sin a chur chun feidhme. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

ROINN 2

Beartas airgeadaíochta

Airteagal III-77

1. Beidh de chuspóir príomhúil ag Córas Eorpach na mBanc Ceannais cobhsaíocht phraghsanna a chothabháil. Gan dochar do chuspóir na cobhsaíochta praghsanna, tacóidh Córas Eorpach na mBanc Ceannais leis na beartais ghinearálta eacnamaíocha sa Chomhphobal d'fhonn rannchuidiú le gnóthú chuspóirí an Chomhphobail mar atá siad leagtha síos in Airteagal I-3. Gníomhóidh Córas Eorpach na mBanc Ceannais i gcomhréir le prionsabal geilleagar margaidh oscailte le saoriomaíocht ar mhaithe le cionroinnt éifeachtach ar acmhainní agus i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha amach in Airteagal III-69.

2. Is iad na bunchúraimí a chuirfear i gcrích trí Chóras Eorpach na mBanc Ceannais:

(a) beartas airgeadaíochta an Aontais a shainiú agus a chur chun feidhme;

(b) oibríochtaí um malairt eachtrach is comhchuí le Airteagal III-228 a sheoladh,

(c) cúlchistí oifigiúla eachtracha na mBallstát a shealbhú agus a bhainisteoireacht;

(d) oibriú rianúil córais íocaíochtaí a chur ar aghaidh.

3. Beidh mír 2(c) gan dochar do na Rialtais sna Ballstát iarmhéideanna oibre malairte eachtraí a shealbhú agus a bhainisteoireacht.

4. I dtaca leis an mBanc Ceannais Eorpach:

(a) rachfar i gcomhairle leis maidir le haon ghníomh de chuid an Aontais arna bheartú laistigh dá réimsí inniúlachta;

(b) rachaidh údaráis náisiúnta i gcomhairle leis maidir le haon dréachtfhoráil reachtaíochta laistigh dá réimsí inniúlachta, ach faoi na teorainneacha agus na coinníollacha atá leagtha amach ag an gComhairle i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal III-79(6).

Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach tuairimí ar ábhair laistigh dá réimsí inniúlachta a chur faoi bhráid na n-institiúidí nó comhlachtaí den Aontas nó faoi bhráid na n-údarás náisiúnta.

5. Rannchuideoidh Córas Eorpach na mBanc Ceannais le seoladh rianúil beartas arna saothrú ag na húdaráis inniúla a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus le cobhsaíocht an chórais airgeadais.

6. Féadfaidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach cúraimí sonracha a chur ar an mBanc Ceannais Eorpach i leith beartas a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus institiúidí airgeadais eile seachas gnóthais árachais. Glacfar dlí nó dlí réime de sórt sin tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach.

Airteagal III-78

1. Beidh ag an mBanc Ceannais Eorpach an ceart eisiach chun eisiúint nótaí bainc laistigh den Chomhphobal a údarú. Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc cheannais náisiúnta nótaí bainc den sórt sin a eisiúint. Is ag na nótaí bainc arna n-eisiúint ag an mBanc Ceannais Eorpach agus ag na bainc cheannais náisiúnta, agus ag nótaí bainc den sórt sin amháin, a bheidh an stádas dlíthairisceana laistigh den Aontas.

2. Féadfaidh na Ballstáit monaí a eisiúint faoi réir ceadú ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le méid na heisiúna. Féadfaidh Comhairle na nAirí, ar thogra ón gCoimisiún, rialacháin Eorpacha a ghlacadh a ghlacadh a bhunaíonn bearta chun ainmníochtaí agus sonraíochtaí teicniúla na monaí go léir le haghaidh cúrsaíochta a chomhchuibhiú a mhéad is gá chun a gcúrsaíocht réidh laistigh den Aontas a cheadú. Gníomhóidh Comhairle na nAirí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an mBanc Ceannais Eorpach,

Airteagal III-79

1. Comhdhéanfar Córas Eorpach na mBanc Ceannais den Bhanc Ceannais Eorpach agus de na bainc cheannais náisiúnta.

2. Beidh pearsantacht dhlítheanach ag an mBanc Ceannais Eorpach.

3. Beidh Córas Eorpach na mBanc Ceannais faoi rialú ag comhlachtaí cinnteoireachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh, arb iad an Chomhairle Rialaithe agus an Bord Feidhmiúcháin.

4. Tá Reacht Chóras Eorpach na mBanc Ceannais leagtha síos sa Phrótacal ar Reacht Chóras Eorpach na mBanc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

5. Féadfaidh dlí Eorpach Airteagail 5.1, 5.2, 5.3, 17, 18, 19.1, 22, 23, 24, 26, 32.2, 32.3, 32.4, 32.6, 33.1(a) agus 36 de Reacht Chóras Eorpach na mBanc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh a leasú:

(a) ar thogra ón gCoimisiún tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach;

(b) nó ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.

6. Déanfaidh Comhairle na nAirí na rialacháin agus cinntí Eorpacha a bhunaíonn na bearta dá dtagraítear in Airteagail 4, 5.4, 19.2, 20, 28.1, 29.2, 30.4 agus 34.3 de Reacht Chóras Eorpach na mBanc Ceannais. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa:

(a) ar thogra ón gCoimisiún tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach;

(b) ar mholadh ón mBanc Ceannais Eorpach tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.

Airteagal III-80

I bhfeidhmiú na gcumhachtaí agus i gcomhlíonadh na gcúraimí agus na ndualgas a chuirtear orthu sa Bhunreacht seo agus i Reacht Reacht Chóras Eorpach na mBanc Ceannais, ní fhéadfaidh an Banc Ceannais Eorpach, banc ceannais Ballstáit ná aon chomhalta dá gcomhlachtaí cinnteoireachta teagaisc a iarraidh ná a ghlacadh ó Institiúidí, comhlachtaí nó gníomhaireachtaí den Aontas, ó aon Rialtas Ballstáit ná ó aon chomhlacht eile. Gabhfaidh Institiúidí, comhlachtaí nó gníomhaireachtaí den Aontas maille le Rialtais na mBallstát ar láimh an prionsabal sin a urramú agus gan a iarraidh tionchar a oibriú ar na comhlachtaí cinnteoireachta den Bhanc Ceannais Eorpach nó de na bainc cheannais náisiúnta i gcomhlíonadh a gcúraimí.

Airteagal III-81

Áiritheoidh gach Ballstát, roimh dháta Chóras Eorpach na mBanc Ceannais a bhunú ar a dhéanaí, go bhfuil a chuid reachtaíochta náisiúnta, lena n-áirítear Reachtanna a bhainc cheannais náisiúnta, ag luí leis an mBunreacht agus le Reacht Chóras Eorpach na mBanc Ceannais agus le Reacht an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

Airteagal III-82

1. D'fhonn na cúraimí a chuirtear de chúram ar Chóras Eorpach na mBanc Ceannais a chomhlíonadh, glacfaidh an Banc Ceannais Eorpach i gcomhréir leis an mBunreacht agus faoi na coinníollacha atá leagtha síos i Reacht Chóras Eorpach na mBanc Ceannais:

(a) rialacháin Eorpacha a mhéad is gá chun na cúraimí atá sainithe sa chéad fhleasc d'Airteagal 3.1, in Airteagail 19.1, 22 nó 25.2 de Reacht Chóras Eorpach na mBanc Ceannais CEBC a chur chun feidhme agus i gcásanna a leagfar síos i ngníomhartha ó Chomhairle na nAirí dá dtagraítear in Airteagal III-79(6);

(b) cinntí Eorpacha a ghlacadh is gá chun na cúraimí a chuirtear de chúram ar Chóras Eorpach na mBanc Ceannais faoin mBunreacht agus faoi Reacht Chóras Eorpach na mBanc Ceannais a chomhlíonadh;

(c) moltaí agus tuairimí a thabhairt.

2. Féadfaidh an Banc Ceannais Eorpach a chinneadh a chinntí, moltaí agus tuairimí Eorpacha a fhoilsiú.

3. Glacfaidh Comhairle na nAirí, faoin nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal III-79(6), na rialacháin Eorpacha a bhunaíonn na teorainneacha agus coinníollacha faoina mbeidh an Banc Ceannais Eorpach i dteideal fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ar ghnóthais mura gcomhlíonfar na hoibleagáidí faoina rialacháin agus cinntí Eorpacha.

Airteagal III-83

Gan dochar do na hinniúlachtaí atá ag an mBanc Ceannais Eorpach, leagfaidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach na bearta síos is gá chun an euro a úsáid mar airgeadra aonair na mBallstát. Glacfar an dlí nó an dlí réime sin tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach.

ROINN 3

Forálacha institiúideacha

Airteagal III-84

1. Beidh ar Chomhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh comhaltaí Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus Gobharnóirí na mbanc ceannais náisiúnta sna Ballstáit sin nach bhfuil maolú acu de réir bhrí Airteagal II-91.

2. (a) Beidh ar Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Cheannais Eorpaigh an tUachtarán, an Leasuachtarán agus ceithre chomhalta eile.

(b) Déanfaidh Rialtais na mBallstát de thoil a chéile ar leibhéal na gCeannairí Stáit nó Rialtais, ar mholadh ó Chomhairle na nAirí tar éis di dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus le Comhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh, Uachtarán, Leasuachtarán agus comhaltaí eile an Bhord Feidhmiúcháin a cheapadh as measc daoine a bhfuil gradam agus taithí ghairmiúil aitheanta acu i réimsí airgeadaíochta nó baincéireachta.

Ocht mbliana a bheidh ina dtéarma oifige agus ní bheidh sé inathnuaite.

Ní féidir a bheith ina gcomhaltaí den Bhord Feidhmiúcháin ach amháin náisiúnaigh de na Ballstáit.

Airteagal III-85

1. Féadfaidh Uachtarán na Comhairle agus comhalta den Choimisiún bheith rannpháirteach, gan ceart vótála, i gcruinnithe Chomhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

Féadfaidh Uachtarán na Comhairle tairiscint plé a chur faoi bhráid Chomhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

2. Iarrfar ar Uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh bheith rannpháirteach i gcruinnithe na Comhairle nuair a bheidh ceisteanna a bhaineann le cuspóirí agus le cúraimí CEBC á bplé ag an gComhairle.

3. Díreoidh an Banc Ceannais Eorpach tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí Ch'ras Eorpach na mBanc Ceannais agus ar bheartas airgeadaíochta na bliana roimhe sin agus na bliana reatha chuig Parlaimint na hEorpa, chuig Comhairle na nAirí agus chuig an gCoimisiún, agus chuig an gComhairle Eorpach freisin. Tíolacfaidh Uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh an tuarascáil sin do Chomhairle na nAirí agus do Pharlaimint na hEorpa; féadfaidh Parlaimint na hEorpa díospóireacht ghinearálta a chur ar siúl ar an mbonn sin.

Féadfaidh na coistí inniúla de chuid Pharlaimint na hEorpa Uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus comhaltaí eile den Bhord Feidhmiúcháin a éisteacht arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó don Uachtarán nó ar a dtionscnamh féin.

Airteagal III-86

1. Chun comhordú bheartais na mBallstát a chur ar aghaidh a mhéad is gá ar mhaithe le hoibriú an mhargaidh inmheánaigh, bunaítear leis seo Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais le stádas comhairleach.

2. Beidh de chúram ar an gCoiste:

(a) tuairimí a thabhairt, arna iarraidh sin do Chomhairle na nAirí nó don Choimisiún nó ar a thionscnamh féin, le cur faoi bhráid na n-institiúidí sin;

(b) an cor eacnamaíoch agus airgeadais sna Ballstáit agus san Aontas a choimeád faoi léirmheas agus tuarascáil a dhéanamh go tráthrialta do Chomhairle na nAirí agus don Choimisiún, go háirithe ar an gcaidreamh airgeadais le tríú tíortha agus le hinstitiúidí idirnáisiúnta;

(c) gan dochar do Airteagal III-247, rannchuidiú le hullmhú d'obair Chomhairle na nAirí dá dtagraítear in Airteagal III-48, Airteagal III-71(2), (3), (4) and (6), Airteagail III-72, III-74, III-75 agus III-76, Airteagal III-77(6), Airteagal III-78(2), Airteagal III-79(5) agus (6), Airteagal III-83, III-90 agus Airteagal III-92(2), (3), Airteagal III-95, Airteagal III-96(2) agus (3), agus Airteagail III-224 agus III-228, agus na cúraimí eile comhairleacha agus ullmhúcháin arna dtabhairt dó ag Comhairle na nAirí;

(d) an cor a scrúdú, ar a laghad uair sa bhliain, maidir le gluaiseacht chaipitil agus saoirse íocaíochtaí, mar a leanann siad ón mBunreacht agus gníomhartha de chuid an Aontais a chur chun feidhme; folóidh an scrúdú gach beart a bhaineann le gluaiseachtaí caipitil agus le híocaíochtaí; déanfaidh an Coiste tuarascáil don Choimisiún agus do Chomhairle na nAirí ar thoradh an scrúdaithe sin.

Ceapfaidh na Ballstáit, an Coimisiún agus an Banc Ceannais Eorpach faoi seach dhá chomhalta den Choiste ar a mhéad.

3. Glacfaidh Comhairle na nAirí, ar thogra ón gCoiisiún, cinneadh Eorpach a leagann síos rialacha mionsonraithe maidir le comhdhéanamh an Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach agus leis an gCoiste féin. Cuirfidh Uachtarán Chomhairle na nAirí Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi chinneadh den sórt sin.

4. De bhreis ar na cúraimí atá leagtha amach i mír 2, má tá agus fad atá Ballstáit go maolú dá dtagraítear in Airteagail III-91, coimeádfaidh an Coiste cor airgeadaíochta agus airgeadais maille le córas ginearálta íocaíochtaí na mBallstát sin faoi léirmheas agus déanfaidh sé tuarascáil go tráthrialta do Comhairle na nAirí agus don Choimisiún ar an ábhar sin.

Airteagal III-87

Féadfaidh Comhairle na nAirí nó Ballstát, i gcúrsaí faoi raon feidhme Airteagal III-71(4), Airteagal III-76 amach ó mhír 13, Airteagail III-83, III-90, III-91, Airteagal III-92(3) agus Airteagal III-228, iarraidh ar an gCoimisiún moladh nó togra a dhéanamh, mar is iomchuí. Scrúdóidh an Coimisiún an iarraidh sin agus cuirfidh sé a chonclúidí faoi bhráid na Comhairle gan mhoill.

ROINN 3a

Forálacha is sonrach do Bhallstáit den limistéar euro

Airteagal III-88

1. D'fhonn a áirithiú go n-oibríonn an t-aontas eacnamaíocha agus airgeadaíochta go rianúil, agus i gcomhréir leis na forálacha ábhartha sa Bhunreacht, glacfar beartas is sonrach do na Ballstáit sin atá rannpháirteach sa limistéar euro chun:

(a) an comhordú a ndisciplín buiséadach agus an maoirseacht air a neartú;

(b) na treoirlínte dóibh maidir le beartas eacnamaíoch a leagan amach ag féachaint go bhfuil siad ag luí leis na treoirlínte arna nglacadh don Aontas i gcoitinne agus an mhaoirseacht orthu a áirithiú.

2. Ní chaithfidh vóta maidir leis na bearta atá luaite i mír 1 ach na baill sin de Chomhairle na nAirí a ionadaíonn Ballstáit atá ina gcuid den limistéar euro. Saineofar an tromlach cáilithe mar thromlach vótaí na n-ionadaithe do na Ballstáit atá rannpháirteach sa limistéar euro, atá in ionannas le trí chúigiú ar a laghad dá gcuid daonraí. Beidh gá le haontoilíocht na mball sin de Chomhairle na nAirí i dtaca le gníomh ar gá aontoilíocht dó.

Airteagal III-89

Na rialacha mionsonraithe do na cruinnithe idir airí do na Ballstáit atá rannpháirteach sa limistéar euro, beidh siad leagtha síos sa Phrótacal maidir leis an nGrúpa Euro.

Airteagal III-90

1. D'fhonn ionad an euro sa chóras airgeadaíochta idirnáisiúnta a áirithiú, glacfaidh Comhairle na nAirí, ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach, cinneadh Eorpach a bhunaíonn na comhsheasaimh maidir le hábhair leasa ar leith don Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta sna hinstitiúidí agus comhdhálacha airgeadais idirnáisiúnta inniúla.

2. Ní chaithfidh vóta maidir leis na bearta atá luaite i mír 1 ach na baill sin de Chomhairle na nAirí a ionadaíonn Ballstáit atá ina gcuid den limistéar euro. Saineofar an tromlach cáilithe mar thromlach vótaí na n-ionadaithe do na Ballstáit atá rannpháirteach sa limistéar euro, atá in ionannas le trí chúigiú ar a laghad dá gcuid daonraí. Beidh gá le haontoilíocht na mball sin de Chomhairle na nAirí i dtaca le gníomh ar gá aontoilíocht dó.

3. Féadfaidh Comhairle na nAirí, ar thogra ón gCoimisiún, bearta iomchuí a ghlacadh chun an ionadaícht aontaithe sna hinstitiúidí agus comhdhálacha airgeadais idirnáisiúnta inniúla a áirithiú. Beidh na forálacha nós imeacht i míreanna 1 agus 2 infheidhme.

ROINN 4

Forálacha idirthréimhseacha

Airteagal III-91

1. Tagrófar do na Ballstáit a bhfuil cinneadh glactha ag Comhairle na nAirí nach gcomhallann siad na coinníollacha chun an euro a ghlacadh, mar "Ballstáit go maolú" anseo feasta.

2. Ciallóidh an maolú dá dtagraítear i mír 1 nach bhfuil na forálacha seo a leanas den Bhunreacht infheidhme ar an mBallstát i dtrácht:

(a) glacadh na gcodanna sin de na mór-threoirlínte den bheartas eacnamaíoch a bhaineann leis an limistéar euro in gcoitinne (Airteagal III-71(2));

(b) meáin éigneacha chun easnaimh iomarcacha a leigheas (Airteagal III-75, (9) agus (10);

(c) cúraimí agus cuspóirí Chóras Eorpach na mBanc Ceannais (Airteagal III-77(1), (2), (3) agus (5));

(d) eisiúint an euro (Airteagal III-78);

(e) gníomhartha de chuid an Bhainc Cheannais Eorpach (Airteagal III-82);

(f) bearta a rialaíonn úsáid an euro (Airteagal III-83);

(g) comhaontuithe airgeadaíochta (Airteagal III-228);

(h) ceapachán na gcomhaltaí de Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Cheannais Eorpaigh (Airteagal III-84(2)(b)).

Dá dheasca sin, sna hAirteagail dá dtagraítear thuas, ciallóidh "Ballstáit" na Ballstáit gan mhaolú.

3. Faoi Chaibidil IX de reacht Chórás Eorpach na mBanc Ceannais, tá Ballstáit go maolú agus a gcuid banc ceannais náisiúnta eisiata ó na cearta agus na hoibleagáidí laistigh de Chóras Eorpach na mBanc Ceannais.

4. Déanfar cearta vótála na mball de Chomhairle na nAirí a ionadaíonn na Ballstáit go maolú a fhionraí nuair atá na bearta dá dtagraítear sna hAirteagail atá luaite i mír 2 á nglacadh ag Comhairle na nAirí. Saineofar tromlach cáilithe mar thromlach na vótaí ó na hionadaithe do na Ballstát gan mhaolú atá in ionannas leis an triú chúigiú dá gcuid daonraí. Beidh gá le haontoilíocht na mBallstát sin le haghaidh aon ghníomh ar gá aontoilíocht dó.

Airteagal III-92

1. Déanfaidh an Coimisiún agus an Bord Ceannais Eorpach tuarascáil do Chomhairle na nAirí ar a laghad uair amháin gach dara bliain nó arna iarraidh sin do Bhallstát go maolú mar gheall ar an dul chun cinn atá déanta ag na Ballstáit go maolú fad a bhaineann lena gcuid oibleagáidí a chomhall maidir leis an aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta a ghnóthú. Beidh sna tuarascálacha sin scrúdú ar cad é mar atá an reachtaíocht náisiúnta i ngach ceann de na Ballstáit, lena n-áirítear reacht a bhainc cheannais náisiúnta, agus Airteagail III-80 agus III-81 den Bhunreacht agus Reacht Chóras Eorpach na mBanc Ceannais ag luí le chéile. Scrúdóidh na tuarascálacha sin freisin an bhfuil ardleibhéal de chóineasú inbhuanaithe gnóthaithe trí anailís a dhéanamh ar a mhéad atá gach ceann de na Ballstáit sin tar éis na critéir seo a leanas a chomhall:

(a) gnóthú ardleibhéal cobhsaíocht phraghsanna; beidh sé sin follasach ó ráta boilscithe atá gar do ráta na dtrí Bhallstát, ar a mhéad, is feidhmiúla maidir le cobhsaíocht phraghsanna;

(b) inbhuaine an riocht airgeadais rialtais; beidh sé sin follasach óir beidh riocht buiséadach rialtais gnóthaithe aige gan easnamh is iomarcach mar atá arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal III-76(6);

(c) urramú na ngnáthlamhálacha luaineachta dá bhforáiltear le Meicníocht Rátaí Malairte an Chórais Eorpaigh Airgeadaíochta, ar feadh dhá bhliain ar a laghad, gan díluacháil in aghaidh airgeadra aon Bhallstáit eile;

(d) marthanacht an chóineasaithe a bheidh gnóthaithe ag an mBallstát agus a rannpháirtíochta i Meicníocht Rátaí Malairte an Chórais Eorpaigh Airgeadaíochta á brath i leibhéil fhadtéarmacha rátaí úis.

Déantar na ceithre chritéar atá luaite sa mhír seo agus na tréimhsí ábhartha ar lena linn atá siad le hurramú a fhorbairt a thuilleadh i bPrótacal maidir leis na croitéir um chóineasú. Tabharfaidh tuarascálacha ón gCoimisiún agus ón mBanc Ceannais Eorpach aird freisin ar thorthaí imeascadh na margaí, ar riocht agus ar fhorás chomhardú na n-íocaíochtaí ar cuntas reatha, agus ar scrúdú ar an bhforás i gcostais aonad saothair agus ar innéacsanna praghsanna eile.

2. Tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus tar éis plé sa Chomhairle Eorpach, glacfaidh Comhairle na nAirí, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh Eorpach a bhunaíonn cé hiad na Ballstáit go maolú a chomhallann na coinníollacha is gá ar bhonn na gcritéar atá leagtha amach i mír 1 agus aisghairfidh sí maoluithe na mBallstát i dtrácht.

3. Má chinntear, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach i mír 2, maolú a aisghairm, glacfaidh Comhairle na nAirí, ar thogra ón gCoimisiún, le haontoilíocht na mball de Chomhairle na nAirí a ionadaíonn na Ballstáit gan mhaolú agus an Ballstát i dtrácht, na rialacháin nó cinntí Eorpacha a shocraíonn go neamh-inchúlghairthe an ráta ar a gcuirfear an euro in ionad airgeadra an Bhallstáit i dtrácht agus a bhunaíonn na bearta eile is gá chun an euro a thabhairt isteach mar airgeadra aonair sa Bhallstát sin. Gníomhóidh Comhairle na nAirí tar éis dul in gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach.

Airteagal III-93

1. Má tá agus fad atá Ballstáit go maolú ann, agus gan dochar d'Airteagal III-79(3) den Bhunreacht, cuirfear an Chomhairle Ghinearálta den Bhanc Ceannais Eorpach atá luaite in Airteagal 45 de Reacht Chóras Eorpach na mBanc Ceannais ar bun mar thríú comhlacht cinnteoireachta den Bhanc Ceannais Eorpach.

2. Má tá agus fad atá Ballstáit go maolú ann, déanfaidh an Banc Ceannais Eorpach, fad a bhaineann leis na Ballstáit sin:

(a) an comhar idir na bainc cheannais náisiúnta a neartú;

(b) comhordú bheartais airgeadaíochta na mBallstát a neartú ar mhaithe le cobhsaíocht phraghsanna a áirithiú;

(c) faireachán a dhéanamh ar oibriú na meicníochta ráta malairte;

(d) comhairliúcháin a chur ar siúl maidir le saincheisteanna a thig faoi inniúlacht na mbanc ceannais náisiúnta agus a dhéanann difear do chobhsaíocht institiúidí agus margaí airgeadais;

(e) na cúraimí a bhí ar an gCiste Eorpach um Chomhar Airgeadaíochta tráth a ghabh an Institiúid Airgeadaíochta Eorpach ar láimh roimhe sin.

Airteagal III-94

Déanfaidh gach Ballstát a bheartas rátaí malairte a bhreithniú mar ábhar leasa choitinn. Lena linn sin, cuirfidh sé san áireamh taithí an chomhair faoi chuimsiú an mheicníocht ráta malairte.

Airteagal III-95

1. I gcás Ballstát go maolú a bheith i ndeacrachtaí, nó deacrachtaí a bheith ag dianbhagairt air, maidir lena chomhardú íocaíochtaí mar thoradh ar éagothromaíocht fhoriomlán sa chomhardú sin nó mar thoradh ar an saghas airgeadra atá ar láimh aige, agus nuair is dóigh go háirithe do na deacrachtaí sin oibriú an chómhargaidh nó cur chun feidhme an chomhbheartais tráchtála a chur i gcontúirt, déanfaidh an Coimisiún imscrúdú láithreach ar riocht an Stáit i gceist agus ar an ngníomh a bheidh déanta ag an Stát sin nó a fhéadfaidh sé a dhéanamh i gcomhréir leis an mBunreacht, agus úsáid á baint aige as gach meán atá ar láimh aige. Sonróidh an Coimisiún na bearta a mholann sé don Stát i dtrácht lena nglacadh.

Mura leor gníomh an Bhallstáit agus na bearta arna moladh ag an gCoimisiún chun na deacrachtaí atá tagtha chun cinn nó atá ag bagairt a shárú, molfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais, do Chomhairle na nAirí cabhair fhrithpháirteach a dheonú maille leis na modhanna iomchuí chuige sin.

Cuirfidh an Coimisiún Comhairle na nAirí ar an eolas go tráthrialta ar an gcor agus ar aon athrú ann.

2. Deonóidh Comhairle na nAirí cabhair fhrithpháirteach den sórt sin; glacfaidh sí rialacháin nó cinntí Eorpacha a leagann síos na coinníollacha agus mionsonraí do chabhair den sórt sin a fhéadfaidh a bheith mar seo a leanas:

(a) gníomhaíocht chomhbheartaithe chuig aon eagraíocht idirnáisiúnta eile, nó laistigh di, a bhféadfaidh Ballstát go maolú dul ar a hiontaoibh;

(b) bearta is gá chun sraonadh trádála a sheachaint nuair a dhéanann an Ballstát a bhfuil deacrachtaí aige srianta cainníochtúla i leith tríú tíortha a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach athuair;

(c) Ballstáit eile creidmheasanna teoranta a dheonú, faoi réir a gcomhaontaithe.

3. Mura ndeonaíonn Comhairle na nAirí an chabhair fhrithpháirteach a mholann an Coimisiún nó mura leor an chabhair fhrithpháirteach a dheonaítear agus na bearta a dhéantar, údaroidh an Coimisiún don Bhallstát go deonú a bhfuil deacrachtaí aige bearta coimirce a ghlacadh agus socróidh an Coimisiún coinníollacha agus rialacha mionsonraithe na mbeart sin.

Féadfaidh Comhairle na nAirí údarú den sórt sin a chúlghairm agus coinníollacha agus rialacha mionsonraithe den sórt sin a athrú.

Airteagal III-96

1. Nuair a tharlaíonn géarchéim thobann i gcomhardú na n-íocaíochtaí agus nach nglactar cinneadh de réir bhrí Airteagal III-90(2) láithreach, féadfaidh Ballstát go maolú na bearta um chosaint is gá a ghlacadh mar réamhchúram. Ní foláir do bhearta den sórt sin an suaitheadh is lú is féidir a dhéanamh in oibriúchán an chómhargaidh agus gan a raon a bheith níos leithne ná mar is fíorghá chun na deacrachtaí tobanna atá tagtha chun cinn a leigheas.

2. Cuirfear an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas i dtaobh bearta um chosaint den sórt sin tráth a dteacht i bhfeidhm ar a dhéanaí. Féadfaidh an Coimisiún a mholadh do Chomhairle na nAirí cabhair a dheonú faoi Airteagal III-95.

3. Tar éis an Coimisiún a thuairim a thabhairt, agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, féadfaidh Comhairle na nAirí cinneadh a ghlacadh a leagann síos go ndéanfaidh an Stát i dtrácht na bearta um chosaint dá dtagraítear thuas a leasú, a fhionraí nó a dhíothú.

Caibidil III

BEARTAIS I RÉIMSÍ SONRACHA EILE

ROINN 1

Fostaíocht

Airteagal III-97

Déanfaidh na Ballstáit agus an Comhphobal a ndícheall i gcomhréir leis an Roinn seo chun straitéis chomhordaithe don fhostaíocht a fhorbairt agus go háirithe chun fórsa saothair sciliúil oilte solúbtha agus margaí fostaíochta atá ar tinneall don athrú eacnamaíoch a chur ar aghaidh d'fhonn na cuspóirí a ghnóthú atá sainithe in Airteagal I-3.

Airteagal III-98

1. Rannchuideoidh na Ballstáit trína mbeartais fostaíochta chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal III-97 ar dhóigh atá ag luí le mór-threoirlínte na mbeartas eacnamaíoch sna Ballstáit agus san Aontas arna nglacadh de bhun Airteagal III-71(2).

2. Measfaidh na Ballstáit, ag féachaint do na cleachtais náisiúnta a bhaineann le freagrachtaí na gcomhpháirtithe sóisialta, gur ábhar comhleasa fostaíocht a chur ar aghaidh agus déanfaidh sé comhordú ar a ngníomhaíocht ina leith laistigh den Aontas, i gcomhréir le Airteagal III-100.

Airteagal III-99

1. Rannchuideoidh an tAontas le hardleibhéal fostaíochta tríd an gcomhar idir Ballstáit a chothú agus trí thacú lena ngníomhaíocht agus, más gá, tríd an ngníomhaíocht sin a chomhlánú. Lena linn sin, déanfar inniúlachtaí na mBallstát a urramú.

2. Tabharfar aird ar chuspóir an ardleibhéil fostaíochta agus beartais an Aontais á bhfoirmiú agus á gcur chun feidhme.

Airteagal III-100

1. Breithneoidh an Chomhairle Eorpach gach bliain cor na fostaíochta san Aontas agus glacfaidh sí conclúidí ar an ábhar sin ar bhonn tuarascála comhpháirtí bliantúla ó Chomhairle na nAirí agus ón gCoimisiún.

2. Ar bhonn na gconclúidí ón gComhairle Eorpach, déanfaidh Comhairle na nAirí, ar thogra ón gCoimisiún, treoirlínte a ghlacadh gach bliain a dtabharfaidh na Ballstáit aird orthu ina gcuid beartais fostaíochta. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, le Coiste na Réigiún, leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta augs leis an gCoiste Fostaíochta.

Beidh na treoirlínte sin ag luí le mór-threoirlínte arna nglacadh de bhun Airteagal III-71(2).

3. Cuirfidh gach Ballstát tuarascáil bhliantúil ar fáil do Chomhairle na nAirí agus don Choimisiún maidir leis na príomhbhearta arna nglacadh chun a bheartas fostaíochta a chur chun feidhme i bhfianaise na dtreoirlínte don fhostaíocht dá dtagraítear i mír 2.

4. Gach bliain, déanfaidh Comhairle na nAirí, ar bhonn na dtuarascálacha dá dtagraítear i mír 3 agus tar éis dearcadh a fháil ón gCoiste Fostaíochta, scrúdú ar chur chun feidhme bheartais fostaíochta na mBallstát i bhfianaise na dtreoirlínte don fhostaíocht. Féadfaidh Comhairle na nAirí, ar mholadh ón gCoimisiún, moltaí a ghlacadh a dhíreoidh sí chuig na Ballstáit.

5. Ar bhonn thorthaí an scrúdaithe sin, déanfaidh Comhairle na nAirí agus an Coimisiún tuarascáil chomhpháirteach bhliantúil chuig an gComhairle Eorpach maidir le cor na fostaíochta san Aontas agus cur chun feidhme na dtreoirlínte don fhostaíocht.

Airteagal III-101

Féadfaidh dlí Eorpach nó dlí feidhme Eorpach bearta dreasachta a bhunú arb é is aidhm dóibh an comhar a chothú idir Ballstáit agus chun tacú lena ngníomhaíocht i réimse na fostaíochta trí thionscnaimh arb é is aidhm dóibh malairtí faisnéise agus dea-chleachtais a fhorbairt, trí anailís chomparáideach agus comhairle a sholáthar mar aon le cur chuige nuálaíoch a chur ar aghaidh agus an taithí a mheas, go háirithe trí leas a bhaint as treoirthionscadail. Glacfar é tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Ní bheidh sa dlí Eorpach nó sa dlí réime Eorpach aon chomhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe agus rialacháin na mBallstát.

Airteagal III-102

Glacfaidh Comhairle na nAirí, trí thromalch simplí, cinneadh Eorpach a bhunaíonn Coiste Fostaíochta le stádas comhairleach chun comhordú idir na Ballstáit maidir le beartais a bhaineann leis an bhfostaíocht agus le margadh an tsaothair a chur ar aghaidh.

Is iad cúraimí an Choiste:

(a) faireachán a dhéanamh ar an athrú ar an gcor maidir leis an bhfostaíocht agus le beartais a bhaineann leis an bhfostaíocht sna Ballstáit agus san Aontas;

(b) gan dochar d'Airteagal III-247, tuairimí a fhoirmiú, arna iarraidh sin don Chomhairle nó don Choimisiún nó ar a thionscnamh féin, agus rannchuidiú le hullmhú imeachtaí Comhairle na nAirí dá dtagraítear in Airteagal III-100.

Agus a shainordú á chomhall aige, rachaidh an Coiste i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta.

Ceapfaidh gach Ballstát dhá chomhalta den Choiste agus ceapfaidh an Coimisiún dhá chomhalta den Choiste.

ROINN 2

Beartas sóisialta

Airteagal III-103

Is iad is cuspóirí don Aontas agus do na Ballstáit, agus aird á tabhairt acu ar chearta sóisialta bunúsacha amhail iad sin atá leagtha amach i gCairt Shóisialta na hEorpa arna síniú in Torino ar an 18 Deireadh Fómhair 1961 agus i gCairt Chomhphobail 1989 um Chearta Sóisialta Bunúsacha le haghaidh Oibrithe, dlús a chur leis an bhfostaíocht, le dálaí feabhsaithe maireachtála agus oibre, chun go bhféadfar iad a chomhchuibhiú agus an feabhsúchán á choimeád ar bun, le cosaint chuí shóisialta, leis an agallamh idir na comhpháirtithe sóisialta, le hacmhainní daonna a fhorbairt ar mhaithe le hardleibhéal marthanach fostaíochta agus leis an eisiamh a chomhrac.

Chuige sin, cuirfidh an tAontas agus na Ballstáit gníomhaíochtaí chun feidhme a chuirfidh san áireamh éagsúlacht na gcleachtas náisiúnta, go háirithe i réimse an chaidrimh chonarthaigh, agus an riachtanas atá le hiomaíochas an gheilleagair san Aontas a chothabháil.

Creideann siad go leanfaidh forás den sórt sin ní hamháin as oibriúchán an mhargaidh inmheánaigh a thaobhóidh le comhchuibhiú na gcóras sóisialta, ach freisin as na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Chonradh seo agus as comhfhogasú na bhforálacha reachtacha, rialúcháin agus riarthacha.

Airteagal III-104

1. D'fhonn na cuspóirí atá luaite in Airteagal III-103 a ghnóthú, tacóidh an tAontas le gníomhaíochtaí na mBallstát agus comhlánóidh sé iad sna réimsí seo a leanas:

(a) an timpeallacht oibre go háirithe a fheabhsú d'fhonn sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint;

(b) dálaí oibre;

(c) slándáil shóisialta agus cosaint shóisialta oibrithe;

(d) cosaint oibrithe i gcás fhoirceannadh a gconarthaí oibre;

(e) oibrithe a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo;

(f) ionadú agus comhchosaint leasanna oibrithe agus fostóirí, lena n-áirítear comhchinneadh, faoi réir mhír 6;

(g) dálaí fostaíochta do náisiúnaigh ó thriú tíortha a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar chríoch an Aontais;

(h) imeascadh daoine atá arna n-eisiamh ó mhargadh an tsaothair, gan dochar Airteagal III-178;

(i) comhionannas idir fir agus mná maidir le deiseanna ar mhargadh an tsaothair agus cóir chomhionann san obair;

(j) an t-eisiamh sóisialta a chomhrac;

(k) córais chosanta sóisialta a nuachóiriú, gan dochar do phointe (c).

2. Chuige sin:

(a) féadfaidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach bearta a bhunú arb é is aidhm dóibh an comhar idir na Ballstáit a chothú trí thionscnaimh arb é is aidhm dóibh an t-eolas a fheabhsú, malairtí faisnéise agus dea-chleachtais a fhorbairt, cur chuige nuálaíoch a chur ar aghaidh agus an taithí a mheas, amach ó aon chomhchuibhiú ar na dlíthe agus rialacháin sna Ballstáit;

(b) sna réimsí dá dtagraítear i mír 1(a) go (i), féadfaidh dlí réime Eorpach ceanglais íosta is infheidhme go comhleanúnach a bhunú, ag féachaint do na dálaí agus na rialacha teicniúla atá i réim i ngach ceann de na Ballstáit. Staonfar sa dlí réime Eorpach sin ó shrianta riarthacha, airgeadais agus dlíthiúla a fhorchur a bheadh ina mbac ar ghnóthais bheaga agus meánmhéide a chur ar bun agus a fhorbairt.

I ngach cás, glacfar an dlí Eorpach nó an dlí réime Eorpach tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

3. De mhaolú ar mhír 2, sna réimsí dá dtagraítear i mír 1(c), (d), (f) agus (g), glacfaidh Comhairle na nAirí an dlí Eorpach nó an dlí réime Eorpach, ag gníomhú di d'aon toil, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa, le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

4. Féadfaidh Ballstát cur chun feidhme na ndlíthe réime Eorpacha arna nglacadh de bhun mhír 2 a chur de chúram ar na comhpháirtithe sóisialta, arna iarraidh sin go comhpháirteach dóibh.

Sa chás sin, áiritheoidh sé go bhfuil, ar dháta nach déanaí ná an dáta nach mór an dlí réime Eorpach a thrasuí, na bearta is gá tugtha isteach trí chomhaontú ag na comhpháirtithe sóisialta, agus go bhfuil an Ballstát i dtrácht faoi cheangal gach beart is gá a ghlacadh chun gur féidir leis tráth ar bith chun a bheith in inmhe na torthaí arna bhforchur leis an dlí réime sin a áirithiú.

5. Na dlíthe Eorpacha agus na dlíthe réime Eorpacha arna nglacadh de bhun an Airteagail seo:

(a) ní dhéanfaidh siad difear do cheart na mBallstát prionsabail bhunúsacha a gcóras slándála sóisialta a shainiú agus caithfidh siad gan mórdhifear a dhéanamh do chothromaíocht airgeadais na gcóras sin;

(b) ní chuirfidh siad toirmeasc ar aon Bhallstát bearta níos déine um chosaint atá ag luí leis an mBunreacht a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach.

6. Ní bheidh an tAirteagal seo infheidhme ar phá, an ceart comhlachais, an ceart dul ar stailc ná an ceart frithdhúnadh a fhorchur.

Airteagal III-105

1. Beidh sé de chúram ar an gCoimisiún comhairliúchán idir na comhpháirtithe sóisialta a chur ar aghaidh ar leibhéal an Aontais agus glacfaidh sé aon bheart ábhartha chun an t-agallamh eatarthu a éascú trína áirithiú go dtugtar tacaíocht chothromúil do na páirtithe.

2. Chuige sin, sula dtíolacfaidh sé tograí i réimse an bheartais shóisialta, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta maidir le haird ionchasach gníomhaíochta san Aontas.

3. Má mheasann an Coimisiún, tar éis an chomhairliúcháin sin, go bhfuil gníomhaíocht san Aontas inmhianaithe, rachaidh sé i gcomhairle leis na comhpháirtithe sóisialta ar inneachar an togra arna bheartú. Díreoidh na comhpháirtithe sóisialta tuairim, nó moladh más iomchuí, chuig an gCoimisiún.

4. Tráth comhairliúcháin den sórt sin, féadfaidh na comhpháirtithe sóisialta a chur i bhfios don Choimisiún gur mian leo an próiseas dá bhforáiltear in Airteagal III-106. Ní mhairfidh ré an nós imeachta níos mó ná naoi mí mura gcinnfidh na comhpháirtithe sóisialta i dtrácht agus an Coimisiún i gcomhpháirt í a fhadú.

Airteagal III-106

1. Más é sin is toil leis na comhpháirtithe sóisialta, féadfaidh caidreamh conarthach, lena n-áirítear comhaontuithe, a bheith mar thoradh ar an agallamh eatarthu ar leibhéal an Aontais.

2. Comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ar leibhéal an Aontais, cuirfear chun feidhme iad i gcomhréir leis na nósanna imeachta agus na cleachtais is sonrach do na comhpháirtithe sóisialta agus do na Ballstáit nó, in ábhair a thig faoi Airteagal III-104, arna iarraidh sin do na páirtithe sínitheacha i gcomhpháirt le chéile, trí rialacháin nó cinntí Eorpacha arna nglacadh ag Comhairle na nAirí ar thogra ón gCoimisiún. Cuirfear Parlaimnt na hEorpa ar an eolas.

Gníomhóidh Comhairle na nAirí d'aon toil nuair atá foráil amháin nó níos mó sa chomhaontú i dtrácht a bhaineann le ceann de na réimsí ar gá aontoilíocht dóibh de bhua Airteagal III-104(3).

Airteagal III-107

Chun cuspóirí Airteagal III-103 a ghnóthú agus gan dochar do na forálacha eile den Bhunreacht, cothóidh an Coimisiún an comhar idir na Ballstáit agus déanfaidh sé comhordú a ngníomhaíochta a éascú sna réimsí uile a bhaineann leis an mbeartas sóisialta faoin Roinn seo, go háirithe i gcúrsaí a bhaineann leis na nithe seo:

(a) fostaíocht;

(b) dlí an tsaothair agus dálaí oibre;

(c) gairmoiliúint bunchéime agus ardchéime;

(d) slándáil shóisialta;

(e) tionóiscí agus galair cheirde a chosc;

(f) sláinteachas ceirde;

(g) an ceart chun dul i gcomhlachas, agus cómhargáil idir fostóirí agus oibrithe.

Chun na críche sin, gníomhóidh an Coimisiún i ndlúth-thadhall leis na Ballstáit trí staidéir a dhéanamh, tuairimí a thabhairt agus comhairliúcháin a shocrú i dtaobh fadhbanna a thagann chun cinn ar leibhéal náisiúnta agus fadhbanna is ábhar cúraim d'eagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe trí thionscnaimh arb é is aidhm dó treoirlínte agus táscairí a bhunú, malairtí dea-chleachtais a eagrú agus na heilimintí is gá a ullmhú faoi chomhair faireachán agus meastóireacht tréimhsiúil. Coinneofar Parlaimint na hEorpa go hiomlán ar an eolas.

Sula dtabharfaidh an Coimisiún na tuairimí dá bhforáiltear san Airteagal seo, rachaidh sé i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Airteagal III-108

1. Áiritheoidh gach Ballstát cur chun feidhme an phrionsabail go bhfuil pá comhionann as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach ag dul d'oibrithe fireanna agus d'oibrithe baineanna.

2. Chun críche an Airteagail seo, ciallaíonn "pá" an gnáthphá nó an gnáth-thuarastal bunaidh nó íosta maille le haon chomaoin eile, in airgead nó i gcomhchineál, a fhaigheann an t-oibrí, go díreach nó go hindíreach, óna fhostóir as ucht a fhostaíochta.

Ciallaíonn "pá comhionann gan idirdhealú bunaithe ar ghnéas":

(a) go ndéantar an pá as an obair chéanna ar thascrátaí a ríomh ar bhonn an aonaid tomhais chéanna;

(b) i gcás obair de réir amrátaí gurb é an pá céanna a íoctar as an jab céanna.

3. Bunóidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach na bearta d'fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm prionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí beatha, lena n-áirítear prionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach. Glacfar é tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

4. D'fhonn comhionannas iomlán iarbhír idir fir agus mná a áirithiú i saol na hoibre, ní chuirfidh prionsabal na córa comhionainne cosc ar aon Bhallstát bearta a choimeád ar bun nó a ghlacadh lena ndéantar foráil maidir le buntáistí sonracha chun gur fusa don ghnéas tearcionadaithe gabháil le gairm bheatha nó chun míbhuntáistí i slite beatha gairmiúla a chosc nó a chúiteamh.

Airteagal III-109

Féachfaidh na Ballstáit leis an gcoibhéis atá ann idir scéimeanna saoire le pá a choimeád mar atá.

Airteagal III-110

Tarraingeoidh an Coimisiún tuarascáil suas gach bliain ar an dul chun chinn atá déanta i ngnóthú chuspóirí Airteagal III-98, lena n-áirítear an cor déimeagrafach san Aontas. Díreoidh sé an tuarascáil sin chuig Parlaimint na hEorpa, Comhairle na nAirí agus an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Airteagal III-111

Féadfaidh Comhairle na nAirí, trí thromlach cáilithe, cinneadh Eorpach a ghlacadh a bhunaíonn Coiste um Chosaint Shóisialta a bhfuil stádas comhairleach aige chun an comhar maidir le beartais um chosaint shóisialta a chur ar aghaidh idir na Ballstáit agus leis an gCoimisiún. Gníomhóidh Comhairle na nAirí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Is iad cúraimí an Choiste:

(a) faireachán a dhéanamh ar an gcor sóisialta agus ar an bhforás atá ar na beartais um chosaint shóisialta sna Ballstáit agus san Aontas;

(b) malairtí faisnéise, taithí agus dea-chleachtais a chur ar aghaidh idir na Ballstáit agus leis an gCoimisiún;

(c) gan dochar do Airteagal III-247, tuarascálacha a ullmhú, tuairimí a fhoirmiú nó obair eile a ghabháil ar láimh ina réimsí inniúlachta arna iarraidh sin do Chomhairle na nAirí nó don Choimisiún nó ar a thionscnamh féin.

Agus a shainordú á chomhall aige, bunóidh an Coiste tadhaill iomchuí leis na comhpháirtithe sóisialta.

Ceapfaidh gach Ballstát dhá chomhalta den Choiste agus ceapfaidh an Coimisiún dhá chomhalta den Choiste.

Airteagal III-112

Cuirfidh an Coimisiún isteach ina thuarascáil bhliantúil do Pharlaimint na hEorpa caibidil ar leith ar an bhforás sóisialta san Aontas.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar an gCoimisiún tuarascálacha a tharraingt suas i dtaobh aon fhadhbanna áirithe a bhaineann le dálaí sóisialta.

Foroinn 1

Ciste Sóisialta na hEorpa

Airteagal III-113

Chun go bhfeabhsófar na deiseanna ar fhostaíocht d'oibrithe sa mhargadh inmheánach agus chun go rannchuideofar amhlaidh leis an gcaighdeán maireachtála a ardú, cuirtear Ciste Sóisialta na hEorpa ar bun i gcomhréir leis an Foroinn seo, arb é is aidhm dó fostú d'oibrithe a éascú agus méadú a thabhairt ar a soghluaisteacht gheografach agus ghairmiúil laistigh den Chomhphobal agus oiriúnú d'athruithe tionsclaíocha agus d'athruithe sna córais táirgeachta a éascú go háirithe trí bhíthin na gairmoiliúna agus na hathghairmoiliúna.

Airteagal III-114

Is é an Coimisiún a riarfaidh an Ciste.

Sa chúram sin beidh de chúnamh ag an gCoimisiún Coiste a mbeidh comhalta den Choimisiún i gceannas air agus arb iad a bheidh air ionadaithe ó Rialtais agus ó cheardchumainn agus ó eagraíochtaí fostóirí.

Airteagal III-115

Bunóidh dlí Eorpach na bearta cur chun feidhme a bhaineann le Ciste Sóisialta na hEorpa. Glacfar é tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

ROINN 3

Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach

Airteagal III-116

D'fhonn a fhorás comhchuí i gcoitinne a chur ar aghaidh, déanfaidh an tAontas a chuid gníomhaíochtaí a fhorbairt agus a shaothrú ar mhaithe lena chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú.

Féachfaidh an tAontas go háirithe leis na héagothromaíochtaí idir leibhéil forbraíochta na réigiún éagsúil agus cúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla nó na n-oileán is mídheisiúla, lena n-áirítear na limistéir thuaithe, a laghdú.

Airteagal III-117

Déanfaidh na Ballstáit a mbeartas eacnamaíoch a sheoladh agus a chomhordú d'fhonn na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal III-116 a bhaint amach freisin. Foirmeofar agus cuirfear beartais agus gníomhaíochtaí an Aontais chun feidhme agus cuirfear an margadh inmheánach chun feidhme le haird ar na cuspóirí sin agus rannpháirteoidh siad lena ngnóthú. Tacóidh an tAontas leis na cuspóirí sin a ghnóthú agus é ag gníomhú trí bhíthin na gcistí struchtúracha (Roinn Treoraíochta an Chiste Eorpaigh um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta, Ciste Sóisialta na hEorpa, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa), tríd an mBanc Eorpach Infheistíochta agus trí na hionstraimí airgeadais eile atá ann cheana.

Tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa, do Chomhairle na nAirí, don Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus do Choiste na Réigiún gach trí bliana ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a ghnóthú agus ar an tslí inar rannchuidigh na meáin éagsúla dá bhforáiltear san Airteagal seo leis. Beidh tograí iomchuí in éineacht leis an tuarascáil más gá.

Féadfaidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach aon bheart sonrach a bhunú lasmuigh de na Cistí, gan dochar do na bearta arna nglacadh faoi chuimsiú na mbeartas eile den Aontas. Glacfar é tar eís dul i gcomhairle le Coiste na réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Airteagal III-118

Is é is aidhm do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa rannchuidiú leis na príomh-mhíchothromaíochtaí réigiúnacha san Aontas a cheartú, trí rannpháirtiú i bhforbraíocht agus i gcoigeartú struchtúrach na réigiún a bhfuil a bhforás tite ar gcúl agus in athrúchán na réigiún tionsclaíoch atá ag meath.

Airteagal III-119

Gan dochar do Airteagal III-120, saineoidh dlí Eorpach cúraimí, cuspóirí tosaíochta agus eagrúchán na gCistí Struchtúracha a fhéadfaidh grúpáil na gcistí a chuimsiú, na rialacha ginearálta is infheidhme orthu agus na forálacha is gá chun éifeachtacht na gcistí agus an comhordú eatarthu agus leis na hionstraimí airgeadais eile atá ann cheana a áirithiú.

Déanfaidh Ciste Comhtháthaithe arna chur ar bun le dlí Eorpach ranníocaíocht airgeadais a chur ar fáil do thionscadail i réimsí an chomhshaoil agus na ngréasán traseorpach i gcúrsaí bonneagar iompair.

I ngach cás, glacfar an dlí Eorpach tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta. Gníomhóidh Comhairle na nAirí d'aon toil go dtí 1 Eanáir 2007.

Airteagal III-120

Bunóidh dlí Eorpach na bearta cur chun feidhme a bhaineann le Ciste Sóisialta na hEorpa. Glacfar é tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Leanfaidh Airteagail III-127 agus III-115 faoi seach de bheith infheidhme maidir le Roinn Treoraíochta an Chiste Eorpaigh um Threoraíocht agus Ráthaíocht Talmhaíochta agus le Ciste Sóisialta na hEorpa.

ROINN 4

Talmhaíocht agus iascach

Airteagal III-121

Saineoidh an tAontas agus cuirfidh sé chun feidhme comhbheartas talmhaíochta agus iascaigh.

Ciallaíonn "táirgí talmhaíochta" torthaí na talún, na tógála stoic agus na hiascaireachta, agus táirgí próiseála céadchéime a bhaineann go díreach leis na torthaí sin. Tuigfear go bhfuil tagairtí don chomhbheartas talmhaíochta nó don talmhaíocht agus úsáid an téarma "talmhaíocht" ag tagairt freisin don iascach.

Airteagal III-122

1. Sroichfidh an margadh inmheánach chun na talmhaíochta agus chun na trádála i dtáirgí talmhaíochta.

2. Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt in Airteagail III-123 go III-128, beidh na rialacha atá leagtha síos do bhunú an mhargaidh inmheánaigh infheidhme ar tháirgí talmhaíochta.

3. Na táirí atá liostaithe in Iarscríbhinn I [*], eidh siad faoi réir Airteagail III-118 go III-123.

4. I dteannta an margadh inmheánach do tháirgí talmhaíochta a oibriú agus a fhorbairt ní foláir comhbheartas talmhaíochta a bhunú.

Airteagal III-123

1. Is iad is cuspóirí don chomhbheartas talmhaíochta:

(a) táirgiúlacht na talmhaíochta a mhéadú trí ascnamh teicniúil a chur chun cinn agus trína áirithiú go ndéanfar forbairt réasúnach ar tháirgeadh na talmhaíochta agus go n-úsáidfear mar is fearr is féidir na tosca táirgthe, go háirithe na hoibrithe;

(b) mar sin, caighdeán cóir maireachtála a áirithiú don lucht talmhaíochta, go háirithe trí thuilleamh gach duine dá mbíonn ag gabháil don talmhaíocht a mhéadú;

(c) margaí a chobhsú;

(d) a chinntiú go mbíonn soláthairtí ar fáil;

(e) a áirithiú go mbíonn soláthairtí á bhfáil ar phraghsanna réasúnta ag tomhaltóirí.

2. Ar an gcomhbheartas talmhaíochta agus na modhanna speisialta chun a fheidhmithe a bheith á n-oibriú amach, cuirfear na nithe seo a leanas san áireamh:

(a) gníomhaíocht shainghnéitheach na talmhaíochta, mar gheall ar ghréasán sóisialta na talmhaíochta agus na difríochtaí sa ghréasán sin, agus na difríochtaí nádúrtha, ó réigiún talmhaíochta go chéile;

(b) a riachtanaí atá sé na coigeartuithe is cuí a dhéanamh céim ar chéim;

(c) an talmhaíocht sna Ballstáit a bheith ina hearnáil atá dlúth-tháite leis an ngeilleagar ina iomláine.

Airteagal III-124

1. D'fhonn na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal III-123 a ghnóthú, bunófar comheagraíocht do mhargaí talmhaíochta.

Is i bhfoirm acu seo a leanas, de réir an táirge áirithe, a bheidh an eagraíocht sin:

(a) comhrialacha iomaíochta;

(b) comhordú éigeantach ar na heagraíochtaí náisiúnta margaíochta;

(c) eagraíocht Eorpach margaíochta.

2. An chomheagraíocht a bhunófar de réir mhír 1, féadfaidh sí na bearta uile a chuimsiú is gá chun na haidhmeanna a ghnóthú atá leagtha amach in Airteagal III-123, go háirithe rialú praghsanna, cabhracha chun na táirgí éagsúla a tháirgeadh agus a chur ar an margadh, córais chun táirgí a stóráil agus a thabhairt anonn agus comhshásra chun allmhairí nó onnmhairí a chobhsú.

Beidh ar an gcomheagraíocht cloí le gnóthú na gcuspóirí atá leagtha amach in Airteagal III-123 agus gan aon idirdhealú a dhéanamh idir táirgeoirí nó tomhaltóirí san Aontas.

Bunófar aon chombheartas praghsanna ar chomhchaighdeáin agus ar chómhodhanna ríomhaireachta.

3. Chun a chumasú don chomheagraíocht dá dtagraítear i mír 1 a chuspóirí a ghnóthú, féadfar ciste nó cistí um threoraíocht agus ráthaíocht talmhaíochta a bhunú.

Airteagal III-125

Chun go bhféadfar na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal III-123 a ghnóthú, féadfar socrú a dhéanamh faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta do bhearta mar iad seo:

(a) comhordú éifeachtach ar iarrachtaí i réimsí na gairmoiliúna, an taighde, agus leathadh eolais ar an talmhaíocht; chuige sin, is féidir tionscadail nó institiúidí a mhaoiniú i gcomhar;

(b) comhbhearta chun úsáid táirgí áirithe a chur ar aghaidh.

Airteagal III-126

1. Maidir le táirgeadh agus trádáil táirgí talmhaíochta, ní bheidh an Roinn a bhaineann le rialacha iomaíochta infheidhme orthu ach amháin a mhéad a chinnfidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach i gcomhréir le Airteagal III-127(2), ag féachaint do na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal III-123.

2. Féadfaidh Comhairle na nAirí, ar thogra ón gCoimisiún, rialachán nó cinneadh Eorpach a ghlacadh chun deonú cabhrach a údarú:

(a) chun fiontair a chosaint atá faoi chis mar gheall ar dhálaí struchtúracha nó nádúrtha;

(b) faoi chuimsiú clár forbraíochta don eacnamaíocht.

Airteagal III-127

1. Déanfaidh an Coimisiún tograí a thíolacadh chun an comhbheartas talmhaíochta a leagan amach agus a chur i ngníomh, lena n-áirítear ceann de na foirmeacha comheagraíochta dá bhforáiltear in Airteagal III-124(1) a chur in ionad na n-eagraíochtaí náisiúnta, agus chun na bearta dá dtagraítear sa Roinn seo a chur i ngníomh.

Sna tograí sin cuirfear san áireamh idirthuilleamaíocht na gcúrsaí talmhaíochta atá luaite sa Teideal seo.

2. Bunóidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach comheagraíocht na margaí dá bhforáiltear in Airteagal III-124 agus na forálacha eile is gá chun cuspóirí an chomhbheartais talmhaíochta agus an chomhbheartais iascaigh a ghnóthú.

3. Glacfaidh Comhairle na nAirí, ar thogra ón gCoimisiún, na rialacháin nó cinntí Eorpacha maidir le praghsanna, tobhaigh, cabhair agus srianta cainníochtúla a shocrú agus maidir le háraigh iascaireachta a shocrú agus a chionroinnt.

4. Féadfar an chomheagraíocht dá bhforáiltear in Airteagal III-124(1) a chur in ionad na n-eagraíochtaí náisiúnta margaíochta, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear i mír 2, más rud é:

(a) go dtairgeann an chomheagraíocht do na Ballstáit atá ina choinne sin, agus a bhfuil eagraíocht dá gcuid féin acu don táirgeadh áirithe, a chomhionann sin de ráthú um fhostaíocht agus caighdeán maireachtála na dtáirgeoirí a bheidh i gceist, ag féachaint do na hoiriúnuithe is indéanta agus don speisialtóireacht is gá le himeacht aimsire;

(b) go n-áirithíonn an eagraíocht sin dálaí trádála san Aontas mar atá i margadh náisiúnta.

5. Má tá comheagraíocht d'amhábhair áirithe bunaithe sula mbeidh comheagraíocht ann do na táirgí próiseáilte a fhreagraíonn dóibh, féadfar na hamhábhair a úsáidtear do tháirgí próiseáilte atá le honnmhairiú go tríú tíortha a allmhairiú ó lasmuigh den Aontas.

Airteagal III-128

Nuair a dhéantar i mBallstát táirge a thabhairt faoi eagraíocht náisiúnta margaíochta nó faoi rialacha inmheánacha comhéifeachta a imríonn ar staid iomaíochta a shamhail de tháirgeadh i mBallstát eile, cuirfidh na Ballstáit muirear frithchúitimh ar an táirge sin, arna allmhairiú ón mBallstát ina bhfuil an eagraíocht nó na rialacha sin, mura rud é go gcuireann an Stát sin muirear cúiteach chun feidhme ar onnmhairí.

Glacfaidh an Coimisiún rialacháin nó cinntí Eorpacha a shocraíonn méid na muirear sin ar an leibhéal is gá chun an chothromaíocht a shlánú; féadfaidh sé freisin bearta eile a údarú a gcinnfidh sé a gcoinníollacha agus a sonraí.

ROINN 5

Comhshaol

Airteagal III-129

1. Rannchuideoidh beartas an Aontais in réimse an chomhshaoil chun na cuspóirí seo a leanas a shaothrú:

(a) mianach an chomhshaoil a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú;

(b) sláinte an duine a chosaint;

(c) acmhainní nádúrtha a úsáid go stuama réasúnach;

(d) bearta a chur ar aghaidh ar an leibhéal idirnáisiúnta chun déileáil le fadhbanna réigiúnacha nó domhanda an chomhshaoil.

2. Is é is aidhm do bheartas an Aontais ar an gcomhshaol ardleibhéal cosanta a shroicheadh ag tabhairt aird ar éagsúlacht na gcor sna réigiúin éagsúla den Aontas. Fothófar é ar phrionsabal an réamhchúraim agus ar na prionsabail gur cóir bearta coisctheacha a ghlacadh, go dtabharfar tosaíocht do bhearta chun damáiste don chomhshaol a cheartú ag an bhfoinse agus gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as.

Sa chomhthéacs seo, beidh sna bearta um chomhchuibhiú a fhreagraíonn do cheanglais den sórt sin, i gcásanna iomchuí, clásal cosanta a údaróidh na Ballstáit bearta sealadacha a bheidh faoi réir nós imeachta rialú de chuid an Aontais a ghlacadh ar fhorais chomhshaoil neamheacnamaíocha.

3. Agus a bheartas i réimse an chomhshaoil á ullmhú aige, cuirfidh an tAontas san áireamh:

(a) a bhfuil ar fáil de shonraí eolaíocha agus teicniúla;

(b) dálaí an chomhshaoil i réigiúin éagsúla den Aontas;

(c) na buntáistí agus na costais a fhéadfaidh a theacht as gníomhaíocht nó easpa gníomhaíochta;

(d) forás eacnamaíoch agus sóisialta an Chomhphobail ina iomláine agus forás cothromúil a chuid réigiún.

4. Faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach, comhoibreoidh an tAontas agus na Ballstáit le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla. Féadfaidh na rialacha mionsonraithe a bhaineann le comhar an Aontais a bheith ina n-ábhar do chomhaontuithe idir an tAontas agus na tríú páirtithe i dtrácht, a dhéanfar a chaibidil agus a thabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal III-272.

Beidh an fhomhír roimhe seo gan dochar d'inniúlacht na mBallstát dul i mbun caibidlíochta i gcomhlachtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích.

Airteagal III-130

1. Bunóidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach an ghníomhaíocht a ghabhfar ar láimh chun na cuspóirí atá luaite in Airteagal III-129 a ghnóthú. Glacfar é tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

2. De mhaolú ar mhír 1 agus gan dochar do Airteagal III-65 glacfaidh Comhairle na nAirí d'aon toil na dlíthe Eorpacha nó na dlíthe réime Eorpacha a bhunaíonn:

(a) bearta atá de chineál fioscach go príomha;

(b) bearta a dhéanann difear:

(i) do bhearta maidir le pleanáil bhaile agus tuaithe;

(ii) do bhainisteoireacht chainníochtúil ar acmhainní uisce nó a dhéanann difear go díreach nó go hindíreach do na hacmhainní sin a bheith ar fáil;

(iii) d'úsáid talún seachas bainisteoireacht dramhaíola;

(c) bearta a dhéanann difear suntasach do rogha Bhallstáit idir foinsí éagsúla fuinnimh agus struchtúr ginearálta a sholáthair fuinnimh.

Féadfaidh Comhairle na nAirí cinneadh Eorpach a ghlacadh d'aon toil chun an gnáthnós imeachta reachtach a dhéanamh infheidhme ar na hábhair dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

I ngach cás, gníomhóidh Comhairle na nAirí tar éis dul i gcomhairle Parlaimint na hEorpa, le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

3. Bunóidh dlí Eorpach cláir ghníomhaíochta ghinearálta a shocraíonn na cuspóirí tosaíochta a bheidh le baint amach. Glacfar é tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Glacfar na bearta is gá chun na cláir sin a chur chun feidhme i gcomhréir leis na coinníollacha dá bhforáiltear i mír 1 nó i mír 2, de réir mar a bheidh.

4. Gan dochar do bhearta áirithe arna nglacadh ag an Aontas, déanfaidh na Ballstáit an beartas comhshaoil a mhaoiniú agus a chur i gcrích.

5. Gan dochar don phrionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, i gcás go mbéarfaidh beart arna bhunú ar mhír 1 costais a mheastar is díréireach do na húdaráis phoiblí i mBallstát, beidh leagtha síos san fhoráil sin:

(a) maoluithe sealadacha agus/nó

(b) tacaíocht airgeadais ón gCiste Comhtháthaithe.

Airteagal III-131

Ní chuirfidh na bearta um chosaint arna nglacadh de bhun Airteagal III-130 bac ar aon Bhallstát bearta um chosaint níos déine a choimeád ar bun ná a thabhairt isteach. Ní mór do bhearta den sórt sin a bheith ag luí leis an mBunreacht. Cuirfear in iúl don Choimisiún iad.

ROINN 6

Cosaint an tomhaltóra

Airteagal III-132

1. Chun leasanna na dtomhaltóirí a chur ar aghaidh agus chun ardleibhéal cosanta don tomhaltóir a áirithiú, rannchuideoidh an tAontas le sláinte, sábháilteacht agus leasanna eacnamaíocha na dtomhaltóirí a chosaint, maille lena gceart a chur ar aghaidh chun faisnéise agus oideachais agus chun iad féin a eagrú ar mhaithe lena leasanna a choimirciú.

2. Rannchuideoidh an tAontas leis na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 a ghnóthú:

(a) trí bhearta arna nglacadh de bhun Airteagal III-65 faoi chuimsiú chomhlánú an mhargaidh inmheánaigh;

(b) trí bhearta a thacaíonn leis an mbeartas arna shaothrú ag na Ballstáit, a fhorlíonann é agus a dhéanann faireachán air.

3. Bunóidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach na bearta dá dtagraítear i mír 2(b). Glacfar é tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

4. Ní chuirfidh bearta arna nglacadh de bhun mhír 3 cosc ar aon Bhallstát bearta um chosaint níos déine a choimeád ar bun ná a thabhairt isteach. Ní mór d'fhorálacha den sórt sin bheith ag luí leis an mBunreacht. Cuirfear in iúl don Choimisiún iad.

ROINN 7

Iompar

Airteagal III-133

Déanfar cuspóirí an Bhunreachta, in ábhair lena mbaineann an Teideal seo, a shaothrú faoi chuimsiú comhbheartas iompair.

Airteagal III-134

Cuirfidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach Airteagal III-133 chun feidhme, ag cur sainghnéithe an iompair san áireamht. Glacfar é tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Beidh sa dlí Eorpach nó sa dlí réime Eorpach:

(a) comhrialacha is infheidhme maidir le hiompar idirnáisiúnta go críoch Bhallstáit nó uaithi nó ag gabháil trí chríoch Bhallstáit amháin nó níos mó;

(b) na coinníollacha faoina bhféadfaidh carraeirí nach bhfuil cónaí orthu ann seirbhísí iompair a oibriú laistigh de Bhallstát;

(c) na bearta ar mhaithe le feabhas a thabhairt ar shábháilteacht an iompair;

(d) aon bhearta iomchuí eile.

Airteagal III-135

Go dtí go mbeidh an dlí Eorpach nó an dlí réime Eorpach dá dtagraítear in Airteagal III-134(1) glactha, ní fhéadfaidh aon Bhallstát, mura bhfuil cinneadh Eorpach glactha d'aon toil ag Comhairle na nAirí ag deonú maolú, cuid is lú fabhar, ina n-éifeacht dhíreach ná indíreach ar charraeirí Ballstát eile i gcomparáid le carraeirí is náisiúnaigh dá chuid féin, a thabhairt sna forálacha éagsúla a bhaineann leis an ábhar ar an 1 Eanáir 1958 nó, maidir le Stáit aontacha, ar dháta a n-aontachais.

Airteagal III-136

Beidh cabhracha ag luí leis an mBunreacht má fhreastalaíonn siad don riachtanas atá ann le comhordú an iompair nó má fhreagraíonn siad don aisíocaíocht as oibleagáidí áirithe a chomhlíonadh is gné dhílis de choincheap na seirbhíse poiblí.

Airteagal III-137

Aon bheart a ghlacfar faoi chuimsiú an Bhunreachta maidir le rátaí agus coinníollacha iompair, cuirfear san áireamh iontu imthosca eacnamaíocha na gcarraeirí.

Airteagal III-138

1. I gcás iompair san Aontas, déanfar aon idirdhealú trína ndéanann carraeirí rátaí difriúla a bhaint amach agus coinníollacha difriúla a fhorchur as na hearraí céanna a iompar ar na hidirbhealaí iompair céanna mar gheall ar thír thionscnaimh nó ar thír chinn scríbe na n-earraí áirithe a thoirmeasc.

2. Ní choiscfidh mír 1 dlíthe Eorpacha nó dlíthe réime Eorpacha eile a ghlacadh de bhun Airteagal III-134(1).

3. Glacfaidh Comhairle na nAirí, ar thogra ón gCoimisiún, rialacháin nó cinntí Eorpacha chun mír 1 a chur chun feidhme. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Féadfaidh an Chomhairle, go háirithe, na rialacháin agus cinntí Eorpacha is gá a ghlacadh chun a chumasú do na hinstitiúidí comhlíonadh an riail atá leagtha síos i mír 1 a áirithiú agus a áirithiú go mbeidh a tairbhe iomlán ag úsáidirí.

4. Déanfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ó Bhallstát, scrúdú ar aon chásanna d'idirdhealú a thig faoi mhír 1 agus, tar éis dul i gcomhairle le haon Bhallstát lena mbaineann, glacfaidh sé na cinntí Eorpacha is gá faoi chuimsiú na rialacháin agus cinntí Eorpacha dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal III-139

1. Toirmiscfear ar Bhallstát rátaí agus coinníollacha, a bhfuil tacaíocht nó cosaint ar bith ag roinnt leo ar mhaithe le gnóthas nó tionscal áirithe amháin nó níos mó, a fhorchur i leith gníomhaíochtaí iompair san Aontas, mura mbeidh sin údaraithe ag an gCoimisiún.

2. Déanfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó ar iarratas ó Bhallstát, scrúdú ar na rátaí agus na coinníollacha dá dtagraítear i mír 1, á chur san áireamh go háirithe, ar thaobh amháin, a bhfuil riachtanach do bheartas eacnamaíoch réigiúnach iomchuí, gánna limistéar tearcfhorbartha agus fadhbanna limistéar a bhfuil imthosca polaitiúla ag cur as dóibh go mór agus, ar an taobh eile, éifeachtaí na rátaí agus na gcoinníollacha sin ar an iomaíocht idir na modhanna éagsúla iompair.

Tar éis dul i gcomhairle le gach Ballstát i dtrácht mbaineann, glacfaidh an Coimisiún na cinntí Eorpacha is gá.

3. Ní bheidh an toirmeasc dá bhforáiltear i mír 1 infheidhm ar tharaifí a socraíodh faoi chomhair iomaíochta.

Airteagal III-140

Na muirir nó na dleachtanna a éileoidh carraeir as imeallchríocha a thrasnú, i dteannta na rátaí iompair, ní ghabhfaidh siad thar leibhéal réasúnta, ar na costais a tabhaíodh iarbhír sa trasnú sin a chur san áireamh.

Déanfaidh na Ballstáit a ndícheall na costais sin a laghdú.

Féadfaidh an Coimisiún moltaí a chur faoi bhráid na mBallstát maidir leis an Airteagal seo a chur chun feidhme.

Airteagal III-141

Ní bheidh forálacha an Teidil seo ina gconstaic ar fheidhmiú beart a ghlactar i bPoblacht Chónaidhme na Gearmáine, sa mhéid gur gá na bearta sin mar chúiteamh sna míbhuntáistí eacnamaíocha a thug deighilt na Gearmáine ar an ngeilleagar i limistéir áirithe de Phoblacht na Cónaidhme a mbaineann an deighilt sin leo.

Airteagal III-142

Cuirfear coiste comhairleach, de shaineolaithe arna n-ainmniú ag Rialtais na mBallstát, ag gabháil leis an gCoimisiún. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an gCoiste, aon uair is fóinteach leis é, i dtaobh cúrsaí iompair.

Airteagal III-143

1. Beidh an Roinn seo infheidhme ar iompar d'iarnród, de bhóthar agus d'uiscebhealach intíre.

2. Féadfaidh dlí Eorpachnó dlí réime Eorpach na bearta is iomchuí a bhunú do mhuiriompar agus d'aeriompar. Glacfar é tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

ROINN 8

Gréasáin thraseorpacha

Airteagal III-144

1. D'fhonn rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagail III-14 agus III-116 agus d'fhonn cumasú do shaoránaigh an Aontais, d'oibreoirí eacnamaíocha agus do phobail réigiúnacha agus áitiúla tairbhiú go hiomlán de na buntáistí a chinfidh ó limistéar gan teorainneacha inmheánacha a chur ar bun, rannchuideoidh an tAontas le gréasáin thraseorpacha a bhunú agus a fhorbairt in earnálacha bhonneagair an iompair, na teileachumarsáide agus an fhuinnimh.

2. Faoi chuimsiú córas margaí a bheidh ar oscailt agus iomaíoch, is é is aidhm do ghníomhaíocht an Aontais taobhú le hidirnascadh agus le hidirinoibritheacht na ngréasán náisiúnta agus le rochtain ar na gréasáin sin. Tabharfaidh sí aird go háirithe ar a riachtanaí atá sé na réigiúin oileánacha, talamhiata agus forimeallacha a cheangal le réigiúin láir an Aontais.

Airteagal III-145

1. D'fhonn na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal III-144 a ghnóthú, déanfaidh an tAontas:

(a) bunóidh an tAontas sraith treoirlínte a fholaíonn cuspóirí, tosaíochtaí agus imlínte na ngníomhaíochtaí arna mbeartú i réimse na ngréasán traseorpach; sonróidh na treoirlínte sin tionscadail leasa choitinn;

(b) cuirfidh an tAontas gach gníomhaíocht chun feidhme a mheastar is gá chun idirinoibritheacht na ngréasán a áirithiú, go háirithe i réimse chomhchuibhiú na gcaighdeán teicniúil;

(c) féadfaidh an tAontas tacú le tionscadail leasa choitinn arna maoiniú ag na Ballstáit, a shainaítear faoi chuimsiú na dtreoirlínte dá dtagraítear faoi (a), go háirithe trí bhíthin staidéar indéantachta, ráthaíochtaí iasachta nó fóirdheontais úis; féadfaidh an tAontas rannchuidiú freisin tríd an gCiste Comhtháthaithe le tionscadail shonracha a mhaoiniú sna Ballstáit sa bhonneagar iompair.

Tabharfaidh gníomhaíocht an Aontais aird ar inmharthanacht eacnamaíoch acmhainneach na dtionscadal.

2. Bunóidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach na treoirlínte agus bearta eile dá dtagraítear i mír 1. Glacfar é tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Is gá ceadú ón mBhallstát i dtrácht do threoirlínte agus tionscadail leasa choitinn a bhaineann le críoch an Bhallstáit sin.

3. Déanfaidh na Ballstáit comhordú eatarthu féin, i gcuibhreann leis an gCoimisiún, ar bheartais a shaothrófar ar leibhéal náisiúnta a bhféadfaidh éifeacht shonraíoch a bheith acu ar ghnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear in Airteagal III-144. Féadfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomharaíocht leis na Ballstáit, gach tionscnamh is fóinteach a ghlacadh chun an comhordú sin a chur ar aghaidh.

4. Féadfaidh an tAontas comhoibriú le tríú tíortha chun tionscadail leasa choitinn a chur ar aghaidh agus idirinoibritheacht na ngréasán a áirithiú.

ROINN 9

Taighde agus forás teicneolaíoch agus spás

Airteagal III-146

1. Is é is cuspóir don Aontas na fothaí eolaíocha agus teicneolaíocha atá le tionscal an Aontais a neartú agus taobhú lena iomaíochas idirnáisiúnta a fhorbairt, agus gach gníomhaíocht taighde a mheastar is gá de bhun chaibidlí eile den Bhunreacht a chur ar aghaidh.

2. Chuige sin, cothóidh an tAontas gnóthais ar fud an Aontais, lena n-áirítear gnóthais bheaga agus meánmhéide, lárionaid taighde agus ollscoileanna ina n-iarrachtaí maidir le taighde agus forás teicneolaíoch d'ardchaighdeán; tacóidh sé lena n-iarrachtaí comhair, go háirithe chun gur féidir le gnóthais leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an mhargaidh inmheánaigh go háirithe trí bhíthin conarthaí náisiúnta poiblí a oscailt, comhchaighdeáin a shainiú agus constaicí dlíthiúla agus fioscacha ar chomhar den sórt sin a dhíchur.

3. Déanfar gach gníomhaíocht den Aontas de bhun an Bhunreachta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhaineann le taisealbhaidh, taighde agus an forás teicneolaíoch, a chinneadh agus a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Roinn seo.

Airteagal III-147

Agus na cuspóirí sin á saothrú aige, déanfaidh an tAontas na gníomhaíochtaí seo a leanas a chur i gcrích chun na gníomhaíochtaí atá ar siúl sna Ballstáit a fhorlíonadh:

(a) cláir a chur chun feidhme a bhaineann le taighde, forás teicneolaíoch agus taisealbhadh trí chomhar le gnóthais, lárionaid taighde agus ollscoileanna agus eatarthu a chur ar aghaidh;

(b) comhar a bhaineann le taighde, forás teicneolaíoch agus taisealbhadh san Aontas a chur ar aghaidh le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta;

(c) torthaí gníomhaíochtaí a bhaineann le taighde, forás teicneolaíoch agus taisealbhadh san Aontas a leathadh agus leas iomlán a bhaint astu;

(d) oiliúint agus soghluaisteacht lucht taighde san Aontas a spreagadh.

Airteagal III-148

1. Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit a ngníomhaíocht a chomhordú a bhaineann le taighde agus forás teicneolaíoch chun a áirithiú go mbeidh comhchuibheas frithpháirteach idir na beartais náisiúnta agus beartas an Aontais.

2. Féadfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomharaíocht leis na Ballstáit, gach tionscnamh is fóinteach a ghlacadh chun an comhordú dá dtagraítear i mír 1 a chur ar aghaidh, go háirithe tionscnaimh arb é is aidhm dóibh treoirlínte agus táscairí a bhunú, malairtí dea-chleachtais a eagrú agus na heilimintí is gá a ullmhú faoi chomhair faireachán agus meastóireacht tréimhsiúil. Coinneofar Parlaimint na hEorpa go hiomlán ar an eolas.

Airteagal III-149

1. Bunóidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach clár réime ilbhliantúil a leagann amach gníomhaíochtaí uile an Aontais. Glacfar é tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Déanfaidh an clár réime:

(a) na cuspóirí eolaíocha agus teicneolaíocha atá le gnóthú sna gníomhaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal III-142 agus na tosaíochtaí a bheidh ag gabháil leo a shocrú;

(b) imlínte do na gníomhaíochtaí sin a chur i bhfios;

(c) an t-uasmhéid foriomlán agus na rialacha mionsonraithe a shocrú do rannpháirtíocht airgeadais an Aontais sa chlár réime maille leis an gcion faoi seach i ngach gníomhaíocht arna beartú.

2. Déanfar an clár réime a oiriúnú nó a fhorlíonadh de réir mar a thagann cor nua sa scéal.

3. Cuirfear an clár réime chun feidhme trí bhíthin clár sonrach a dhéanfar a fhorbairt laistigh de gach gníomhaíocht. Déanfaidh gach clár sonrach rialacha mionsonraithe a chur chun feidhme a shonrú, a ré a shocrú agus an maoiniú a mheastar is gá a fhoráil. Ní fhéadfaidh suim na méideanna a mheastar is gá arna socrú sna cláir shonracha a bheith níos mó ná an t-uasmhéid foriomlán arna shocrú don chlár réime agus do gach gníomhaíocht.

4. Glacfaidh Comhairle na nAirí, ar thogra ón gCoimisiún, na rialacháin nó cinntí Eorpacha a bhunaíonn na cláir shonracha. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Airteagal III-150

D'fhonn an clár réime ilbhliantúil a chur chun feidhme, bunóidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach:

(a) na rialacha a bhaineann le rannpháirtíocht ghnóthas, lárionaid taighde agus ollscoileanna;

(b) na rialacha is infheidhme maidir le torthaí an taighde a leathadh.

Glacfar an dlí Eorpach nó an dlí réime Eorpach tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Airteagal III-151

Agus an clár réime ilbhliantúil á chur chun feidhme, féadfaidh dlí Eorpach cláir fhorlíontacha a bhunú nach bhfuil rannpháirteach iontu ach Ballstáit áirithe, agus déanfaidh siad iad a mhaoiniú faoi réir rannpháirtíocht ionchasach ón Aontas.

Socróidh an dlí sin na rialacha is infheidhme ar chláir ilbhliantúla, go háirithe maidir le leathadh eolais agus rochtain ag Ballstáit eile. Glacfar é tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le comhaontú ó na Ballstáit i dtrácht.

Airteagal III-152

Agus an clár réime ilbhliantúil á chur chun feidhme, féadfaidh an dlí Eorpach a leagan síos, i gcomhaontú leis na Ballstáit i dtrácht, maidir le rannpháirtíocht i gcláir taighde agus forbraíochta arna ngabháil ar láimh ag roinnt Ballstáit, lena n-áirítear rannpháirtíocht sna struchtúir arna gcur ar bun chun na cláir sin a fhorghníomhú.

Glacfar an dlí Eorpach tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Airteagal III-153

Agus an clár réime ilbhliantúil á chur feidhme aige, féadfaidh an tAontas foráil do chomhar maidir le taighde, forás teicneolaíoch agus taisealbhadh den Aontas le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

Féadfaidh rialacha mionsonraithe an chomhair sin a bheith ina n-ábhar do chomhaontuithe idir an tAontas agus na tríú páirtithe i dtrácht, a dhéanfar a chaibidil agus a thabhairt i gcrích i gcomhréir le hAirteagal III-227.

Airteagal III-154

Féadfaidh Comhairle na nAirí, ar thogra ón gCoimisiún, rialacháin nó cinntí Eorpacha a ghlacadh chun comhghnóthais nó aon struchtúr eile a chur ar bun is gá do dhea-chur i gcrích cláir an Aontais maidir le taighde, forás teicneolaíoch agus taisealbhadh. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta

Airteagal III-155

1. D'fhonn an forás eolaíoch agus teicneolaíoch, an t-iomaíochas tionsclaíoch agus cur chun feidhme a chuid beartas a chur ar aghaidh, ullmhóidh an tAontas beartas spáis Eorpach. Chuige sin, féadfaidh sé comhthionscnaimh a chur ar aghaidh, tacóidh sé leis an taighde agus leis an bhforás teicneolaíoch agus comhordóidh sé na hiarrachtaí is gá chun an spás a thaiscéaladh agus a shaothrú.

2. D'fhonn rannchuidiú leis na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1, bunóidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach na bearta is gá a d'fhéadfadh foirm de chlár spáis Eorpach a ghlacadh.

Airteagal III-156

Ag tús gach bliana, tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle na nAirí. Folóidh an tuarascáil sin go háirithe na gníomhaíochtaí a rinneadh maidir le taighde, forás teicneolaíoch agus leathadh na dtorthaí i gcaitheamh na bliana roimhe sin agus an clár oibre don bhliain reatha.

ROINN 10

Fuinneamh

Airteagal III-157

1. Agus an margadh inmheánach á ghnóthú aige agus ag féachaint don riachtanas atá leis an gcomhshaol a chaomhnú agus a fheabhsú, is é is aidhm do bheartas an Aontais maidir leis an bhfuinneamh:

(a) oibriúchán an mhargaidh san fhuinneamh a áirithiú,

(b) soláthar an fhuinnimh san Aontas a áirithiú, agus

(c) éifeachtacht agus barainneacht fuinnimh a chur ar aghaidh agus foirmeacha fuinnimh atá nua agus inathnuaite a fhorbairt.

2. Bunóidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach na bearta is gá chun na cuspóirí atá luaite i mír 1 a bhaint amach. Glacfar é tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún agus leis sn gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Ní dhéanfaidh an dlí nó an dlí réime difear don rogha atá ag Ballstát idir foinsí éagsúla fuinnimh agus an structúr ginearálta atá ar sholáthar an fhuinnimh aige, gan dochar d'Airteagal III-130(2)(c).

Caibidil IV

LIMISTÉAR SAOIRSE, SLÁNDÁLA AGUS CEARTAIS

ROINN 1

Forálacha ginearálta

Airteagal III-158

1. Is éard a bheidh san Aontas limistéar saoirse, slándála agus ceartais ina bhfuil meas ar na cearta bunúsacha ag féachaint do na traidisiúin agus córais dlí difriúla sna Ballstáit.

2. Áiritheoidh sé nach bhfuil rialuithe ar dhaoine ag na teorainneacha inmheánacha agus cumfaidh sé comhbheartas maidir leis an tearmann, an inimirce agus rialú teorann eachtrach agus beidh sé arna fhothú ar an dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit a thugann cothrom na féinne do náisiúnaigh tríú tíortha. Chun críche na caibidle seo, cuirfear an chóir chéanna ar dhaoine gan stát agus a chuirtear ar náisiúnaigh tríú tíortha.

3. Déanfaidh an tAontas a dhícheall ardleibhéal slándála a áirithiú trí bhearta chun an choirpeacht, an ciníochas agus an tseineafóibe a chosc agus a chomhrac agus trí bhearta um chomordú agus comhar idir na húdaráis phóilíneachta agus bhreithiúnaigh agus údaráis inniúla eile, chomh maith le breithiúnais a aithint go frithpháirteach in ábhair choiriúla, agus, más gá, trí na dlíthe coiriúla a chomhfhogasú..

4. Déanfaidh an tAontas an rochtain ar an gceartas a éascú, go háirithe tríd an bprionsabal a bhaineann le doiciméid agus breithiúnais in ábhair shibhialta a aithint go frithpháirteach.

Airteagal III-159

Saineoidh an Chomhairle Eorpach na treoirlínte straitéiseacha don phleanáil reachtach agus oibríochtúil i limistéar na saoirse, na slándála agus an cheartais.

Airteagal III-160

1. Áiritheoidh na parlaimintí náisiúnta sna Ballstáit go gcomhlíonann tograí agus tionscnaimh reachtacha arna dtíolacadh faoi Ranna 4 agus 5 den Chaibidil seo prionsabal na coimhdeachta, i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe sa Phrótacal maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm.

Féadfaidh na Parlaimintí naísiúnta sna Ballstáit bheith rannpháirteach sna meicníochtaí meastóireachta atá in Airteagal III-161 agus san fhaireachán polaitiúil maidir le gníomhaíochtaí Europol agus Eurojust i gcomhréir le hAirteagail III-177 agus III-174.

Airteagal III-161

Gan dochar d'Airteagail III-265 go III-267, féadfaidh Comhairle na nAirí, ar thogra ón gCoimisiún, rialacháin nó cinntí Eorpacha a ghlacadh a bhunaíonn na rialacha mionsonraithe trína ndéanann na Ballstáit, i gcomharaíocht leis an gCoimisiún, meastóireacht oibiachtúil neamhchlaon ar chur chun feidhme na mbeartas sin den Aontais dá dtagraítear sa Chaibidil seo ag na húdaráis inniúla san Ballstáit, go háirithe chun lánchur i bhfeidhm an phrionsabail a bhaineann le haitheantas frithpháirteach a éascú. Cuirfear Parlaimint na hEorpa agus na Parlaimintí náisiúnta sna Ballstáit ar an eolas faoi inneachar agus torthaí na meastóireachta.

Airteagal III-162

Cuirfear coiste stiúrtha i gComhairle na nAirí ar bun chun a áirithiú go ndéantear an comhar oibríochtúil maidir leis an tslándáil inmheánach a chur ar aghaidh agus a neartú san Aontas. Gan dochar do Airteagal III-247, taobhóidh sé leis an gcomhordú sa ghníomhaíocht ag na húdaráis inniúla sna Ballstáit. Féadfaidh ionadaithe do na comhlachtaí agus gníomhaireachtaí i dtracht den Aontas bheith rannpháirteach in imeachtaí an Choiste sin. Cuirfear Parlaimint na hEorpa agus na Parlaimintí náisiúnta sna Ballstáit ar an eolas faoi na himeachtaí.

Airteagal III-163

Ní dhéanfaidh an chaibidil seo difear d'fheidhmiú na bhfreagrachtaí a thiteann ar na Ballstáit maidir leis an ord poiblí a choimeád agus an tslándáil inmheánach a choimirciú..

Airteagal III-164

Glacfaidh Comhairle na nAirí rialacháin Eorpacha chun an comhar riarthach a áirithiú idir na ranna ábhartha sna Ballstáit sna réimsí atá folaithe sa Chaibidil seo, chomh leis idir na ranna sin agus an Coimisiún. Gníomhóidh sé ar thogra ón gCoimisiún, gan dochar d'Airteagal III-165, agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Airteagal III-165

Glacfar na gníomhartha dá dtagraítear i Ranna 4 agus 5 den Chaibidil seo:

(a) ar thogra ón gCoimisiún, nó

(b) ar thionscnamh ón gceathrú cuid de na Ballstáit.

ROINN 2

Beartais maidir le seiceálacha teorann, tearmann agus inimirce

Airteagal III-166

1. Déanfaidh an tAontas beartas a fhorbairt d'fhonn:

(a) a áirithiú nach bhfuil aon rialuithe ar dhaoine, is cuma cad é a náisiúntacht, agus teorainneacha inmheánacha á dtrasnú acu;

(b) seiceálacha a dhéanamh ar dhaoine agus faireachán éifeachtach a dhéanamh ar thrasnú na dteorainneacha eachtracha;

(c) córas lánpháirtithe bainistíochta a thabhairt isteach go comhleanúnach faoi chomhair teorainneacha eachtracha.

2. Chuige sin, bunóidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach bearta a bhaineann le:

(a) comhbheartas maidir le víosaí agus ceadanna cónaí gearrfhanachta éile;

(b) rialuithe a bhfuil daoine ag trasnú teorainneach eachtracha faoina réir;

(c) na coinníollacha faoina mbeidh saoirse ag náisiúnaigh tríú tíortha taisteal san Aontas go ceann gearrthréimse;

(d) aon bheart is gá chun córas lánpháirtithe bainistíochta a thabhairt isteach go comhleanúnach faoi chomhair teorainneacha eachtracha;

(e) ganntanas rialuithe ar dhaoine ar dhaoine, is cuma cad é a náisiúntacht, agus teorainneacha inmheánacha á dtrasnú acu.

3. Ní dhénafaidh an tAirteagal seo difear do na hinniúlachtaí atá ag na Ballstáit maidir le teorannú geografach a gcuid teorainneacha, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta.

Airteagal III-167

1. Déanfaidh an tAontas comhbheartas a fhorbairt maidir le tearmann agus cosaint shealadach arb é is aidhme dó stádas iomchuí a thairiscint do gach náisiúnach tríú tír óna dteastaíonn cosaint idirnáisiúnta agus urramú an phrionsabail a bhaineann le non-refoulement a áirithiú. Ní mór don bheartas sin bheith i gcomhréir leCoinbhinsiún na Ginéive an 28 Iúil 1951 le Prótacal an 31 Eanáir 1967 a bhaineann le stádas dídeanaithe agus conarthaí ábhartha eile.

2. Chuige sin, bunóidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach na bearta a bhaineann le comhbheartas um thearmann Eorpach a chuimsíonn:

(a) stádas comhionann um thearmann do náisiúnaigh tríú tíortha atá bailí ar fud an Aontais;

(b) stádas comhionann um chosaint choimhdeach do náisiúnaigh tríú tíortha a dteastaíonn cosaint idirnáisiúnta uathu mura bhfaigheann siad tearmann Eorpach;

(c) comhchóras um chosaint shealadach faoi chomhair daoine easáitithe má tá plódú isteach ollmhór ann;

(d) comhnósanna imeachta chun an stádas comhionann um thearmann agus an stádas um chosaint choimhdeach a thabhairt agus a a tharraingt siar;

(e) critéir agus meicníochtaí chun a chinneadh cad é an Ballstát atá freagrach as an t-iarratas um thearmann nó um chosaint choimhdeach a bhreithniú;

(f) caighdeáin maidir leis na dálaí fáilte a chuirtear roimh iarratasóirí um thearmann nó um chosaint choimhdeach;

(g) comhpháirtíocht agus comhar le tríú tíortha chun plódú isteach daoine ag iarratasóirí um thearmann nó um chosaint choimhdeach nó sealadach a bhainisteoireacht.

3. Má tá ar Bhallstát amháin nó níos mó déileáil le cor éigeandála ina bhfuil plódú isteach tobann de náisiúnaigh tríú tíortha, féadfaidh Comhairle na nAirí, ar thogra ón gCoimisiún, rialacháin nó cinntí Eorpacha a ghlacadh a chuimsíonn bearta sealadacha ar mhaithe leis an mBallstá(i)t i dtrácht. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Airteagal III-168

1. Déanfaidh an tAontas comhbheartas um inimirce a fhorbairt arb é is aidhm dó a áirithiú go ndéantar bainistíocht éifeachtúil ag gach céim ar shruthanna inimirce, go gcuirtear cóir chothrom ar náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cónaí orthu go dleathach i mBallstáit, agus go ndéantar an inimirce neamhdhlithiúil agus an cheannaíocht i ndaoine a chosc agus bearta feabhsaithe chun iad a chomhrac.

2. Chuige sin, bunóidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach bearta sna réimsí seo a leanas:

(a) na coinníollacha iontrála agus fanachta, agus caighdeáin a bhaineann le Ballstáit víosaí fadtéarma agus ceadanna cónaí a eisiúint, lena n-áirítear na cinn ar mhaithe le teacht le chéile an teaghlaigh;

(b) na cearta atá ag náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil cónaí orthu go dleathach i mBallstát a shainiú, lena n-áirítear na coinníolacha a bhfuil an tsaoirse gluaiseachta agus fanachta i mBallstáit eile faoina rialú;

(c) inimirce neamhdhlíthiúil agus cónaí neamhúdaraithe, lena n-áirítear ionnarbadh agus athdhúichiú daoine a bhfuil cónaí orthu gan údarú.

(d) an comhrac in aghaidh na ceannaíochta i ndaoine, go háirithe i mná agus leanaí.

3. Féadfaidh an tAontas comhaontuithe a thabhairt i gcrích le triú tíortha chun go dtig le náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil cónaí orthu gan údarú a ligean ar ais ina dtír bhunaidh nó sa tír as ar tháinig siad, i gcomhréir le hAirteagal III-227.

4. Féadfaidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach bearta a bhunú chun dreasachtaí agus tacaíocht a thabhairt don ghníomhaíocht ag Ballstáit d'fhonn taobhú le himeascadh náisiúnaigh tríú tíortha a bhfuil cónaí orthu go dleathach ar a gcríocha, amach ó aon chomhchuibhiú ar dhlíthe agus rialacháin na mBallstát.

5. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear don cheart atá ag na Ballstáit líon na náisiúnach ó thríú tíortha a thagann isteach ar a gcríocha chun obair a lorg, bíodh siad fostaithe nó féinfhostaithe, a shocrú.

Airteagal III-169

Na beartais den Aontas atá leagatha amach sa Roinn seo agus a gcur chun feidhme, beidh said faoi rialú ag an bprionsabal a bhaineann leis an dlúthpháirtíocht agus le comhroinnt chóir na bhfreagrachtaí, lena n-áirítear na himpleachtaí airgeadais, idir na Ballstáit. Nuair is gá sin, beidh i ngníomartha den Aontas arna nglacadh de bhun na bhforálacha sa Roinn seo bearta iomchuí chun éifeacht a thabhairt do phrionsabal sin.

ROINN 3

Comhar breithúnach in ábhair shibhialta

Airteagal III-170

1. Déanfaidh an tAontas an comhar breithiúnach in ábhair shibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann acu a fhorbairt, arna fhothú ar an bprionsabal a bhaineann le breithiúnais agus breitheanna i gcásanna seachbhreithiúnacha a aithint go frithpháirteach. Beidh le háireamh ar an gcomhar sin bearta a ghlacadh chun dlíthe agus rialacháin na mBallstát a chomhfhogasú.

2. Chuige sin, bunóidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach bearta arb é is aidhm dóibh a áirithiú:

(a) breithiúnais agus breitheanna i gcásanna seachbhreithiúnacha a aithint go frithpháirteach agus a fhorghníomhú;

(b) seirbheáil trasteorann de dhoiciméid bhreithiúnacha agus seachbhreithiúnacha;

(c) na rialacha is infheidhme sna Ballstáit maidir le coinbhleacht dlíthe agus dlínse a bheith ag luí le chéile;

(d) ar chomhar le linn fianaise a ghlacadh;

(e) ardleibhéal rochtana don cheartas;

(f) dea-oibriúchán na n-imeachtaí sibhialta, trí thaobhú, más gá, le luí na rialacha a bhaineann leis nós imeachta sibhialta is infheidhme sna Ballstáit;

(g) modhanna malartacha a bhaineann le socrú díospóidí a fhorbairt;

(h) tacú le hoiliúint na mbreithiúna agus a gcuid foirne.

3. De mhaolú ar mhír 2, bunóidh Comhairle na nAirí i ndlí Eorpach nó i ndlí réime Eorpach na bearta a bhaineann leis na gnéithe sin de dhlí an teaghlaigh a bhfuil impleachtaí trasteorann acu. Gníomhóidh sí d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Féadfaidh Comhairle na nAirí, ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh Eorpach a ghlacadh, de réir an ghnáthnós imeachta reachtach, a chinneann na gnéithe sin de dhlí an teaghlaigh a bhfuil impleachtaí trasteorann acu. Gníomhóidh Comhairle na nAirí d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

ROINN 4

Comhar breithúnach in ábhair choiriúla

Airteagal III-171

1. Déanfar an comhar breithiúnach in ábhair choiriúla san Aontas a fhothú ar an bprionsabal a bhaineann le breithiúnais agus breitheanna breithiúnacha a aithint go frithpháirteach agus tá le háireamh air na dlíthe agus rialacháin sna Ballstáit a chomhfhogasú sna réimsí dá dtagraítear i mír 2 agus in Airteagal III-172.

Bunóidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach bearta arb é is aidhm dóibh:

(a) rialacha agus nósanna imeachta a bhunú chun aitheantas gach foirm de bhreithiúnas agus de bhreitheanna breithiúnacha a áirithiú ar fud an Aontais;

(b) coinbhleachtaí dlínse idir na Ballstáit a chosc agus a shocrú;

(c) taobhú le hoiliúint na mbreithiúna agus a gcuid foirne;

(d) an comhar in ábhair choiriúla a éascú idir na húdaráis bhrieithiúnacha nó na húdaráis choibhéiseacha sna Ballstáit i ndáil le himeachtaí in ábhair choiriúla agus breitheanna a fhorghníomhú.

2. D'fhonn an t-aitheantas frithpháirteach maidir le breithiúnais agus breitheanna breithiúnacha agus an comhar póilíneachta agus breithiúnach in ábhair choiriúla a bhfuil impleachtaí trasteroann acu a éascú, féadfaidh dlí Eorpach rialacha íosta a bhunú maidir le:

(a) inghlacthacht fhrithpháirteach fianiase idir na Ballstáit;

(b) na cearta atá ag daoine aonair sa nós imeachta coiriúil a shainiú;

(c) na cearta atá ag íospairtaigh den choirpeacht;

(d) aon ghnéithe sonracha eile den nós imeachta coiriúil atá sainaithinte roimh ré ag Comhairle na nAirí i gcinneadh Eorpach. Gníomhóidh sí d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Na rialacha íosta sin a ghlacadh, ní choiscfidh sé ar Bhallstáit leibhéal níos airde um chosaint a choimeád ar bun nó a thabhairt isteach fad a bhaineann le cearta daoine sa nós imeachta coiriúil.

Airteagal III-172

1. Féadfaidh dlí réime Eorpach rialacha íosta a bhunú a bhaineann le cionta coiriúla agus pionóis a shainiú sna réimsí ina bhfuil an choirpeacht fíorthromchúiseach agus a bhfuil impleachtaí trasteorann acu de dheasca chineál agus thionchar na gcionta sin nó toisc go bhfuil riachtanas ar leith ann lena gcomhrac ar chomhbhonn.

Is iad seo a leanas na réimsí coirpeachta sin: an sceimlitheoireacht, an cheannaíocht i ndaoine agus dúshaothrú gnéasach mná agus leaní, gáinneáil aindleathach i ndrugaí, gáinneáil aindleathach in airm, sciúradh airgid, éilliúchán, góchumadh meáin íocaíochta, an choirpeacht ríomhaireachta agus an choirpeacht eagraithe.

Ar bhonn na bhforás sa choirpeacht, féadfaidh Comhairle na nAirí cinneadh Eorpach a ghlacadh a shainaithníonn réimsí eile den choirpeacht a chomhallann na critéir atá sonraithe sa mhír seo. Gníomhóidh sí d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

2. Más cosúil go bhfuil sé sár-riachtanach an reachtaíocht choiriúil a chomhfhogasú chun beartas an Aontais a chur chun feidhme go héifeachtach i réimse a bhí ina ábhar do bhearta um chomhchuibhiú, féadfaidh dlí réime Eorpach rialacha íosta a bhunú maidir le cionta coiriúla agus pionóis a shainiú sa réimse i dtrácht.

Gan dochar d'Airteagal III-165, glacfar an dlí réime sin de réir an nós imeachta céanna a leanadh chun na bearta um chomhchuibhiú dá dtagraítear san fhomhír roimhe seo a ghlacadh.

Airteagal III-173

Féadfaidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach bearta a bhunú chun gníomhaíocht ag na Ballstáit maidir le cosc na coirpeachta a chur ar aghaidh agus tacú léi. Ní bheidh ar áireamh sna bearta sin forálacha reachtacha agus rialacháin na mBallstát a chomhfhogasú.

Airteagal III-174

1. Is é an cúram atá ar Eurojust tacú leis an gcomhordú agus an comhar idir na húdaráis ionchúisimh sna Ballstáit agus an comhordú agus comhar sin a neartú i ndáil leis an gcoirpeacht thromchúiseach a fhearann ar dhá Bhallstát nó níos mór nó a éilíonn ionchúiseamh ar bhoinn choiteanna, ar bhonn na n-oibríochtaí arna seoladh agus na faisnéise arna tabhairt ag na húdaráis sna Ballstáit agus ag Europol.

2. Cinnfidh dlí Eorpach struchtúr, oibríúchán, raon feidhme na gníomhaíochta agus cúraimí Eurojust. Féadfar a áireamh ar na cúraimí sin:

(a) ionchúisimh choiriúla arna seoladh ag na húdaráis náisiúnta inniúla, go háirithe na cinn a bhainean le cionta in aghaidh leasa airgeadais an Aontais a thionscnamh agus a chomhordú;

(b) an comhar breithiúnach a neartú, lena n-áirítear trí shocrú coinbhleachtaí dlínse agus tríd an dlúthchomhar leis an nGréasán Breithiúnach Eorpach.

Socróidh dlí Eorpach freisin na rialacha mionsonraithe a bhaineann le Parlaimint na hEorpa agus na Parlaimintí náisiúnta sna Ballstáit a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí Eurojust a mheas.

3. Sna hionchúisimh dá dtagraítear san Airteagal seo, agus gan dochar do Airteagal III-175, glacfaidh na hoifigigh náisiúnta inniúla na gníomhartha foirmiúla den nós imeachta breithiúnach.

Airteagal III-175

1. D'fhonn an choirpeacht thromchúiseach a bhfuil éirim thrasteorann aici maille le cionta a fhearann ar leasa an Aontais a chomhrac, féadfaidh dlí Eorpach ó Chomhairle na nAirí Oifig Eorpach an Ionchúisitheora Phoiblí a bhunú ar bhonn Eurojust. Gníomhóidh Comhairle na nAirí d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

2. Beidh Oifig Eorpach an Ionchúisitheora Phoiblí freagrach as lucht déanta cionta tromchúiseacha agus a gcomhchoirithe a fhearann ar Bhallstát amháin nó níos mó agus cionta in aghaidh leasa airgeadais an Aontais a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a chur ar triail, i gcuibhreann le Europol, mar atá na cionta arna gcinneadh sa dlí Eorpach dá bhforáiltear i mír 1. Feidhmeoidh sí feidhmeanna ionchúisitheora san cúirteann inniúla sna Ballstáit i ndáil leis na cionta sin.

3. Socróidh an dlí Eorpach dá dtagraíear i mír 1 na dlíthe ginearálta is infheidhme ar Oifig Eorpach an Ionchúisitheora, na coinníolacha a bhfuil feidhmiú a feidhmeanna faoina rialú, na rialacha nós imeachta is infheidhme ar a gníomhaíochtaí chomh maith leis an rialacha a bhfuil inghlacthacht fianaise faoina rialú, agus na rialacha is infheidhme ar an léirmheas breithiúnch ar bhearta nós imeachta arna nglacadh aici i bhfeidhme a feidhmeanna.

ROINN 5

Comhar póilíneachta

Airteagal III-176

1. Bunóidh an tAontas comhar póilíneachta a mbeidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit uile rannpháirteach ann, lena n-áirítear seirbhísí póilíneachta, seirbhísí custaim agus sainseirbhísí eile um fhorghníomhú an dlí de chuid na mBallstát i ndáil le cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú.

2. Chuige sin, féadfaidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach bearta a bhunú maidir le:

(a) faisnéis ábhartha a bhailiú, a stóráil, a phróiseáil, a anailísiú agus a mhalartú;

(b) tacú le hoiliúint foirne, agus an comhar maidir le foireann a mhalartú, le trealamh agus leis an taighde ar an gcoirpeacht a bhrath;

(c) teicníochtaí imscrúdaitheacha coiteanna i ndáil le foirmeacha tromchúiseacha den choirpeacht eagraithe a bhrath.

3. Féadfaidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach ó Chomhairle na nAirí bearta a bhunú a bhaineann leis an gcomhar oibríochtúil idir na húdaráis dá dtagraítear san Airteagal seo. Gníomhóidh Comhairle na nAirí d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Airteagal III-177

1. Is é cúram Europol tacú le gníomhaíocht ag údáráis phóilíneachta agus seirbhísí eile um fhorghníomhú an dlí sna Ballstáit agus a gcomhar frithpháirteach agus iad a neartú d'fhonn an choirpeacht thromchúiseach a fhearann ar dhá Bhallstát nó níos mó, an sceimhlitheoireacht agus foirmeacha eile coirpeachta a fhearann ar leas coiteann atá folaithe ag beartas den Aontas a chosc agus a chomhrac.

2. Cinnfidh dlí Eorpach struchtúr, oibríúchán, raon feidhme na gníomhaíochta agus cúraimí Eurojust. Féadfar a áireamh ar na cúraimí sin:

(a) faisnéis, arna cur ar aghaidh ach go háirithe ag na húdaráis sna Ballstát nó ag tríú tíortha nó tríú comhlachtaí, a bhailiú, a stóráil, a phróiseáil, a anailísiú agus a mhalartú;

(b) gníomhaíocht imscrúdaitheach agus oibríochtúil arna cur i gcrích go comhpháirteach leis na húdaráis inniúla sna Ballstáit nó faoi chuimsiú foirne comhpháirteacha um imscrúdú, i gcuibhreann le Eurojust nuair is iomchuí, a chomhordú, a eagrú agus a chur chun feidhme.

Socróidh dlí Eorpach freisin na rialacha mionsonraithe maidir le gníomhaíochtaí Europol a rialú ag Parlaimint na hEorpa agus ag na Parlaimintí náisiúnta sna Ballstáit.

3. Ní mór aon ghníomhaíocht ag Europol a chur i gcrích i gcuibhreann agus i gcomhaontú leis na húdaráis sna Ballstáit a bhfuil a gcríocha i dtrácht. Is ag na húdaráis náisiúnta inniúla amháin a bheidh an fhreagracht eisiach bearta comhéigneacha a chur i bhfeidhm.

Airteagal III-178

Socróidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach ó Chomhairle na nAirí na coinníollacha agus teorainneacha faoina bhféadfaidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit dá dtagraítear in Airteagail III-171 agus III-176 oibriú ar chríoch Ballstáit eile i gcuibhreann agus i gcomhaontú leis na húdaráis sa Bhallstát sin. Gníomhóidh Comhairle na nAirí d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Caibidil V

RÉIMSÍ INA bhFÉADFAIDH AN tAONTAS GNÍOMHAÍOCHT TACAÍOCHTA, COMHORDAITHEACH NÓ FORLÍONTACH A GHLACADH

ROINN 1

Sláinte an phobail

Airteagal III-179

1. Agus gníomhaíochtái uile an Aontais á sainiú agus á gcur chun feidhme, déanfar ardleibhéal cosanta a áirithiú le haghaidh shláinte.

Bainfidh gníomhaíocht an Aontais le galair a chomhlánóidh beartais náisiúnta, le sláinte an phobail a fheabhsú, le tinnis agus galair an duine a chosc agus le foinsí contúirte do shláinte an duine a sheachaint. Folóidh gníomhaíocht den saghas sin an comhrac in aghaidh na móraicídí trí thaighde a chur ar aghaidh ar na cúiseanna atá leo agus ar mhodhanna a seolta agus a gcoiscthe, maille le faisnéis agus oideachas sláinte.

Comhlánóidh an tAontas gníomhaíocht na mBallstát chun damáiste don tsláinte a thagann ó dhrugaí a laghdú, lena n-áirítear faisnéis agus cosc.

2. Cothóidh an tAontas an comhar idir na Ballstáit sna réimsí dá dtagraítear san Airteagal seo agus, más gá, tacóidh sé lena ngníomhaíocht.

Déanfaidh na Ballstáit comhordú eatarthu féin, i gcuibhreann leis an gCoimisiún, ar a mbeartais agus ar a gcláir sna réimsí dá dtagraítear i mír 1. Féadfaidh an Coimisiún, i ndlúth-thadhall leis na Ballstáit, aon tionscnamh is fóinteach a ghlacadh chun an comhordú sin a chur ar aghaidh, go háirithe tionscnaimh arb é is aidhm dóibh treoirlínte agus táscairí a bhunú, malairtí dea-chleachtais a eagrú agus na heilimintí is gá a ullmhú faoi chomhair faireachán agus meastóireacht tréimhsiúil. Coinneofar Parlaimint na hEorpa go hiomlán ar an eolas.

3. Taobhóidh an tAontas agus na Ballstáit leis an gcomhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla i réimse na sláinte poiblí.

4. Rannchuideoidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach leis an cuspóirí dá dtagraítear san Airteagal seo a ghnóthú trí na bearta seo a leanas a bhunú chun gur féidir gnáthchúraimí a bhaineann leis an tsábháilteacht a chomhall:

(a) bearta a shocraíonn ardchaighdeáin maidir le cáilíocht agus sábháilteacht in orgáin agus substaintí de bhunús daonna, d'fhuil agus do dhíorthaigh fola; ní chuirfidh na bearta sin cosc ar aon Bhallstát bearta um chosaint níos déine a choimeád ar bun ná a thabhairt isteach;

(b) bearta i réimsí na tréidliachta agus na fíteasláintíochta a bhfuil sé mar chuspóir díreach acu sláinte an phobail a chosaint.

Glacfar an dlí Eorpach nó an dlí réime Eorpach tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún.

5. Féadfaidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach bearta dreasachta a bhunú arb é is aidhm dóibh sláinte an duine a chosaint agus a fheabhsú, amach ó dhlíthe agus rialacháin na mBallstát a chomhfhogasú. Glacfar é tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

6. Chun na gcríoch atá leagtha amach san Airteagal seo, féadfaidh Comhairle na nAirí, ar thogra ón gCoimisiún, moltaí a ghlacadh freisin.

7. Déanfaidh gníomhaíocht an Aontais i dtaca le sláinte an phobail freagrachtaí na mBallstát a urramú go hiomlán maidir le seirbhísí sláinte agus cúram liachta a eagrú agus a sholáthar. Ach go háirithe, ní dhéanfaidh na bearta dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 4 difear d'fhorálacha náisiúnta maidir le deonú nó úsáid mhíochaine orgán agus fola.

ROINN 2

Tionscal

Airteagal III-180

1. Féachfaidh an tAontas agus na Ballstáit chuige go bhfuil na dálaí ann is gá chun iomaíochas thionscal an Aontais a áirithiú.

Chun na críche sin, i gcomhréir le córas margaí a bheidh ar oscailt agus iomaíoch, is é is aidhm dá ngníomhaíocht:

(a) oiriúnú an tionscail d'athruithe struchtúracha a bhrostú;

(b) timpeallacht a chothú atá fabhrach don tionscnamh agus d'fhorás gnóthas ar fud an Aontais, go háirithe gnóthais bheaga agus meánmhéide;

(c) timpeallacht a chothú atá fabhrach do chomhar idir gnóthais;

(d) taobhú le hacmhainneacht thionsclaíoch beartas nuála, taighde agus forbartha teicneolaíche a shaothrú níos fearr.

2. Rachaidh na Ballstáit i gcomhairle le chéile i gcuibhreann leis an gCoimisiún agus, más gá, déanfaidh siad a ngníomhaíochtaí a chomhordú. Féadfaidh an Coimisiún gach tionscnamh is fóinteach a ghlacadh chun an comhordú sin a chur ar aghaidh, go háirithe trí thionscnaimh arb é is aidhm dó treoirlínte agus táscairí a bhunú, malairtí dea-chleachtais a eagrú agus na heilimintí is gá a ullmhú faoi chomhair faireachán agus meastóireacht tréimhsiúil. Coinneofar Parlaimint na hEorpa go hiomlán ar an eolas.

3. Rannchuideoidh an tAontas le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 1 trí bhíthin na mbeartas agus na ngníomhaíochtaí a shaothraíonn sé faoi fhorálacha eile den Bhunreacht seo. Féadfaidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach bearta sonracha a bhunú chun tacú le gníomhaíochtaí de chuid na mBallstát d'fhonn na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1 a ghnóthú, amach ó aon chomhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe agus rialacháin na mBallstát. Glacfar é tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Ní féidir leis an Aontas leas a bhaint as an Roinn seo chun aon bheart a thabhairt isteach ar dóigh dó an iomaíocht a shaobhadh nó ina bhfuil forálacha fioscacha nó forálacha a bhaineann le cearta agus leasa daoine fostaithe.

ROINN 3

Cultúr

Airteagal III-181

1. Rannchuideoidh an tAontas le borradh chultúir na mBallstát, ag urramú a n-éagsúlacht náisiúnta agus réigiúnach agus ag tabhairt na comhoidhreachta cultúrtha chun suntais dó.

2. Is é is aidhm do ghníomhaíocht an Aontais comhar idir Ballstáit a chothú agus, más gá, tacú lena ngníomhaíocht agus í a fhorlíonadh sna réimsí seo a leanas:

(a) feabhsú ar eolas agus ar leathadh chultúr agus stair na bpobal Eorpach;

(b) caomhnú agus coimirciú na hoidhreachta cultúrtha de thábhacht Eorpach;

(c) comhaisig neamhthráchtála i réimse an chultúir;

(d) cruthú ealaíonta agus liteartha, go fiú in earnáil an chlosamhairc.

3. Taobhóidh an tAontas agus na Ballstát leis an gcomhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta is inniúil i réimse an chultúir agus go háirithe le Comhairle na hEorpa.

4. Tabharfaidh an tAontas aird ar ghnéithe cultúrtha ina ghníomhaíocht faoi fhorálacha eile den Bhunreacht go háirithe chun éagsúlacht a cuid cultúr a urramúa agus a chur ar aghaidh.

5. D'fhonn rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear san Airteagal seo:

(a) bunóidh an dlí Eorpach nó an dlí réime Eorpach gníomhaíochtaí dreasachta, amach ó aon chomhfhogasú a dhéanamh ar dhlíthe agus rialacháin na mBallstát. Glacfar é tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta;

(b) glacfaidh Comhairle na nAirí, ar thogra ón gCoimisiún, moltaí.

ROINN 4

Oideachas, gairmoiliúint agus an óige

Airteagal III-182

1. Rannchuideoidh an tAontas le hoideachas de chaighdeán a fhorbairt tríd an gcomhar idir Ballstáit a chothú agus, más gá, trí thacú lena ngníomhaíocht agus í a fhorlíonadh, agus freagracht na mBallstát i leith inneachar an teagaisc agus eagrúchán an chórais oideachais agus a n-éagsúlacht chultúrtha agus teanga á hurramú aige.

Rannchuideoidh an tAontas le himeachtaí spóirt Eorpach a chur ar aghaidh in bhfianaise an feidhm shóisialta agus oideachasúil atá ag an spórt.

2. Is é is aidhm do ghníomhaíocht an Aontais:

(a) éirim Eorpach an oideachais a fhorbairt go háirithe trí theangacha na mBallstát a theagasc agus a leathadh;

(b) taobhú le soghluaisteacht mhac léinn agus múinteoirí, lena n-áirítear aitheantas acadúil dioplómaí agus tréimhsí staidéir;

(c) comhar a chur ar aghaidh idir bunaíochtaí oideachais;

(d) malartuithe faisnéise agus taithí a fhorbairt ar shaincheisteanna is coiteann do chórais oideachais na mBallstát;

(e) taobhú le forbairt comhaiseag idir daoine óga agus idir teagascóirí sochoideachasúla;

(f) forbairt an chianoideachais a chothú;

(g) éirim Eorpach an spóirt a fhorbairt, trí chothrom na féinne sna comórtais agus an comhar idir na cumainn spóirt a chur ar aghaidh agus trí iomláine choirp agus morálta na lúthchleasaithe, go háirithe na lúthchleasaithe óga, a chosaint.

3. Taobhóidh an tAontas agus na Ballstáit leis an gcomhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta is inniúil maidir le hoideachas, agus go háirithe le Comhairle na hEorpa.

4. D'fhonn rannchuidiú le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear san Airteagal seo:

(a) bunóidh an dlí Eorpach nó an dlí réime Eorpach bearta dreasachta, amach ó aon chomhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe agus rialacháin na mBallstát. Glacfar é tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta;

(b) glacfaidh Comhairle na nAirí, ar thogra ón gCoimisiún, moltaí.

Airteagal III-183

1. Cuirfidh an tAontas beartas gairmoiliúna chun feidhme a thacóidh le gníomhaíochtaí na mBallstát agus a fhorlíonfaidh iad, agus freagracht na mBallstát i leith inneachar agus eagrúchán na gairmoiliúna á hurramú aige.

2. Is é is aidhm do ghníomhaíocht an Aontais:

(a) oiriúnú d'athruithe tionsclaíocha a éascú, go háirithe trí bhíthin na hoiliúna agus na hathghairmoiliúna;

(b) an ghairmoiliúint tosaigh agus leanúnach a fheabhsú chun an t-imeascadh agus an t-athimeascadh gairmiúil ar mhargadh an tsaothair a éascú;

(c) rochtain ar an ngairmoiliúint a éascú agus taobhú le soghluaisteacht oidí agus daoine faoi oiliúint, go háirithe daoine óga;

(d) comhar i réimse na hoiliúna a spreagadh idir bunaíochtaí oideachais agus oiliúna agus gnóthais;

(e) malartuithe faisnéise agus taithí a fhorbairt ar shaincheisteanna is coiteann do chórais oiliúna na mBallstát.

3. Taobhóidh an tAontas agus na Ballstáit leis an gcomhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta is inniúil maidir le gairmoiliúint.

4. Rannchuideoidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach le gnóthú na gcuspóirí dá dtagraítear san Airteagal seo, amach ó aon chomhchuibhiú a dhéanamh ar dhlíthe agus rialacháin na mBallstát. Glacfar é tar éis dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún agus leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

ROINN 5

Cosaint shibhialta

Airteagal III-184

1. Cothóidh an tAontas an comhar idir na Ballstáit d'fhonn éifeachtacht na gcórás a fheabhsú a bhaineann le tubaistí nádúrtha nó de dhéantús an duine a chosc agus cosaint ina gcoinne.

Is é is aidhm don ghníomhaíocht ag an Aontas:

(a) tacú le gníomhaíocht ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil maidir le priacail a chosc agus an ghníomhaíocht sin a fhorlíonadh, tríd an bhfoireann um chosaint shibhialta a ullmhú agus sa fhreagra ar thubaistí nádúrtha nó de dhéantús an duine;

(b) an comhar oibríochtúil éifeachtach sciobtha a chur ar aghaidh idir na seibhísí náisiúnta um chosaint shibhialta;

(c) an comhchuibheas a chur ar aghaidh sna gníomhaíochtaí idirnáisiúnta um chosaint shibhialta.

2. Bunóidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach na bearta is gá chun na cuspóirí dá dtagraítear i mí 1 a ghnóthú, amach ó aon chomhchuibhiú ar dhlíthe agus rialacháin na mBallstát.

ROINN 6

Comhar riarthach

Airteagal III-185

1. Measfar gur ábhar leasa choitinn é, atá sár-riachtanach ar mhaithe le hoibriúchán rianúil an Aontais, na Ballstáit dlí an Aontais a chur chun feidhme go héifeachtach.

2. Féadfaidh an tAontas tacú le hiarrachtaí ag na Ballstáit a gcumas riarthach a fheabhsú chun dlí an Aontais a chur chun feidhme. Féadfar a áireamh ar na gníomhaíochtaí sin malartú faisnéise agus feidhmeannach a éascú chomh maith le tacú le scéimeanna oiliúna agus forbraíochta. Ní bheidh d'iallach ar aon Bhalltát leas a bhaint as an tacaíocht sin. Bunóidh dlí Eorpach na bearta is gá chuige sin, amach ó aon chomhchuibhiú ar dhlíthe agus rialacháin na mBallstát.

3. Beidh an tAirteagal seo gan dochar do na hoibleagáidí atá ar na Ballstáit dlí an Aontais a chur feidhme ná ar shainchumais nó dualgais an Choimisiúin. Beidh an tAirteagal seo gan dochar freisin do na forálacha eile sa Bhunreacht a leagann síos an comhar riarthach idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus an tAontas.

TEIDEAL IV

TÍORTHA AGUS CRÍOCHA THAR LEAR A CHOMHLACHÚ

Airteagal III-186

Déanfar na tíortha agus críocha neamheorpacha a bhfuil caidreamh speisialta acu leis an Danmhairg, leis an bhFrainc, leis an Ísiltír agus leis an Ríocht Aontaithe a chomhachú leis an Aontas. Tá na tíortha agus na críocha sin (dá ngairtear "na tíortha agus na críocha" anseo feasta) sa liosta in Iarscribhinn II [**].

Is é is cuspóir don chomhlachas forás eacnamaíoch agus sóisialta na dtíortha agus na gcríoch a chur chun cinn agus dlúthchaidreamh eacnamaíoch a bhunú idir iad agus an tAontas ina iomláine.

Fónfaidh an comhlachas go príomha chun leasa agus rathúnas áitritheoirí na dtíortha agus na gcríoch sin a chur ar aghaidh, d'fhonn iad a sheoladh i dtreo na forbraíochta, idir eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha, a bhfuil a ndóchas léi.

Airteagal III-187

Is iad seo a leanas is aidhmeanna don chomhlachas:

(a) cuirfidh na Ballstáit chun feidhme ar a dtrádáil leis na tíortha agus na críocha an chóir chéanna a bhíonn acu dá chéile de bhun an Bhunreachta.

(b) cuirfidh gach tír nó críoch chun feidhme ar a trádáil leis na Ballstáit agus leis na tíortha agus na críocha eile an chóir chéanna a bhíonn aici don Stát Eorpach a bhfuil caidreamh speisialta aici leis;

(c) rannchuideoidh na Ballstáit leis na hinfheistíochtaí is gá chun na tíortha agus na críocha sin a fhorbairt go comhleanúnach.

(d) i gcás na n-infheistíochtaí atá maoinithe ag an gComhphobal, beidh rannpháirtíocht sna tairiscintí agus sna soláthairtí ar oscailt, ar choinníollacha comhionanna, do na daoine go léir, idir nádúrtha agus dlítheanach, is náisiúnaigh de Bhallstát nó de cheann de na tíortha agus na críocha;

(e) sa chaidreamh idir Ballstáit agus na tíortha agus na críocha, déanfar an ceart bunaíochta do náisiúnaigh agus do chuideachtaí nó ghnólachtaí a rialú de réir na bhforálacha agus an nós imeachta atá leagtha síos sa Chaibidilç a bhaineann leis an gceart bunaíochta agus ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, faoi réir aon fhorálacha speisialta a leagfar síos de bhun Airteagal III-191.

Airteagal III-188

1. Déanfar dleachtanna custaim ar earraí de thionscnamh na dtíortha agus na gcríoch a allmhaireofar isteach sna Ballstáit a dhíothú go hiomlán i gcomhréir le díothú comhleanúnach dleachtanna custaim idir na Ballstáit atá leagtha síos sa Bhunreacht.

2. Déanfar dleachtanna custaim ar allmhairí isteach i ngach tír nó críoch ó Bhallstáit nó ó na tíortha nó críocha eile a dhíothú go comhleanúnach i gcomhréir le Airteagal III-38.

3. Féadfaidh na tíortha agus críocha, áfach, dleachtanna custaim a thobhach a fhreagraíonn do riachtanais a bhforbraíochta agus a dtionsclaíochta nó a ghnóthaíonn ioncam dá mbuiséid.

Ní fhéadfaidh na dleachtanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír dul thar leibhéal na ndleachtanna arna bhforchur ar tháirgí arna n-allmhairiú ón mBallstát a bhfuil caidreamh speisialta ag gach tír nó críoch ar leith leis.

4. Ní bheidh mír 2 infheidhme ar na tíortha agus críocha a dhéanann cheana féin, mar gheall ar na hoibleagáidí idirnáisiúnta áirithe atá de cheangal orthu, taraif chustaim neamh-idirdhealaitheach a chur chun feidhme.

5. Má thugtar isteach nó má athraítear ar dhóigh ar bith dleachtanna custaim ar earraí a allmhairítear isteach sna tíortha agus críocha, ní bheidh sin ina chúis, ó dhlí ná ó ghníomh, le haon idirdhealú, díreach ná indíreach, a dhéanamh idir allmhairí ó na Ballstáit éagsúla.

Airteagal III-189

I gcás na dleachtanna is inchurtha ar earraí ó thríú tír, ar a dteacht isteach i dtír nó i gcríoch, a bheith ar leibhéal ar cosúil dó, nuair a chuirtear forálacha Airteagal III-188(1) chun feidhme, trádáil a shraonadh chun dochair d'aon Bhallstát, féadfaidh an Stát sin a iarraidh ar an gCoimisiún na bearta is gá mar leigheas ar an gcor sin a mholadh do na Ballstáit eile.

Airteagal III-190

Faoi réir na bhforálacha a bhaineann le sláinte an phobail, slándáil phoiblí nó beartas poiblí, déanfar an tsaoirse ghluaiseachta laistigh de Bhallstáit le haghaidh oibrithe ó na tíortha agus críocha, agus laistigh de na tíortha agus críocha le haghaidh oibrithe ó na Ballstáit, a rialáil le bearta arna nglacadh i gcomhréir le Airteagal III-191.

Airteagal III-191

Glacfaidh Comhairle na nAirí d'aon toil, ar bhonn na taithí a fuarthas faoi na tíortha agus críocha a chomhlachú leis an Aontas agus na bprionsabal atá leagtha amach sa Bhunreacht, rialacháin agus cinntí Eorpacha maidir leis na rialacha mionsonraithe agus an nós imeachta chun tíortha agus críocha a chomhlachú leis an Aontas.

Airteagal III-192

Beidh Airteagail III-186 go III-191 infheidhme ar an nGraonlainn, faoi réir na bhforálacha sonracha don Ghraonlainn atá leagtha amach sa Phrótacal ar shocruithe speisialta don Ghraonlainn.

TEIDEAL V

GNÍOMHAÍOCHT EACHTRACHA AN AONTAIS

Caibidil I

FORÁLACHA A BHFUIL FEIDHM GHINEARÁLTA ACU

Airteagal III-193

1. Beidh gníomhaíocht ag an Aontas ar an ardán idirnáisiúnta faoi threoir ag na prionsabail a bhí ina siocair lena chruthú, lena fhorás agus lena mhéadú agus arb é is aidhm dó á gcur ar agháidh sa domhan mór: an daonlathas, smacht reachta, uilechoitinne agus doroinnteacht chearta an duine agus bunsaoirsí, meas ar dhínit an duine, ar an gcomhionannas agus an dlúthpháirtíocht, agus ar an dlí idirnáisiúnta i gcomhréir leis na prionsabail i gCairt na Náisiún Aontaithe.

Féachfaidh an tAontas leis an gcaidreamh a fhorbairt agus comhpháirtíochtaí a thógáil le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, réigiúnacha anó domhanda. Taobhóidh sé le réitigh iltaobhacha ar fhadhbanna coiteanna, go háirithe faoi chuimsiú na Náisiún Aontaithe.

2. Déanfaidh an tAontas comhbheartais agus comhghníomhaíochtaí a shainiú agus a shaothrú agus oibreoidh sé chun ardchéim comhair i ngách réimse den chaidreamh idirnáisiúnta a áirithiú, d'fhonn:

(a) luachanna, bunleasa, slándáil, neamhspleachás agus iomláine an Aontais a choimírciú;

(b) an daonlathas, smacht reachta, cearta an duine agus an dlí idirnáisiúnta a chomhdhlúthú agus tacú leo;

(c) an tsíocháin a choimeád, coinbhleachtaí a sheachaint agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú, ar cothrom leis na prionsabail i gCairt na Náisiún Aontaithe;

(d) tacú leis an bhforbraíocht inbhuanaithe eacnamaíoch, sóisalta agus comhshaoil sna tíortha i mbéal forbartha ar mhaithe, mar phríomhaidhm, le deireadh a chur leis an mbochtaineacht;

(e) lánpháirtiú na dtíortha uile sa gheilleagár domhanda a chothú, lena n-áirítear trí na srianta ar an trádáil idirnáisiúnta a dhíothú go comhleanúnach;

(f) rannchuidiú le bearta idirnáisiúnta a fhorbairt chun mianach an chomhshaoil agus bainistíocht inbhuanaithe ar acmhainní nádúrtha ar fud an domhain a chaomhnú agus a fheabhsú ar mhaithe leis an bhforbraíocht inbhuanaithe a áirithiú;

(g) cuidiú le pobail, tíortha agus réigiúin atá ag déileáil le tubaistí nádúrtha nó de dhéantús an duine;

(h) córas idirnáisiúnta a chur ar agháidh atá bunaithe ar chomhar iltaobhach níos láidre agus dea-railtachas domhanda.

3. Urramóidh an tAontas na prionsabail agus saothróidh sé na cuspóirí atá liostaithe i míreanna 1 agus 2 agus na réimsí éagsúla de ghníomhaíocht eachtrach an Aontais atá folaithe sa Teideal seo agus na gnéithe eachtracha dena chuid beartas eile a n-ullmhú agus a gcur chun feidhme aige.

Áiritheoidh an tAontas an comhchuibheas idir na réimsí éagsúla dá bheartas eachtrach agus idir na beartais sin agus a chuid beartas eile. Áirtheoidh Comhairle na nAirí agus an Coimisiún, a mbeadh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais de chúnamh acu, an comhchuibheas sin agus comhoibreoidh siad chuige sin.

Airteagal III-194

1. Ar bhonn na bprionsabal agus na gcuspóirí atá liostaithe in Airteagal III-193, déanfaidh an Chomhairle Eorpach na leasa agus cuspóirí straitéiseacha den Aontas a shainaithint.

Bainfidh cinntí Eorpach ón gComhairle Eorpach maidir le leasa agus cuspóirí straitéiseacha an Aontais leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála agus le réimsí eile de ghníomhaíocht eachtrach an Aontais. Féadfaidh na cinntí sin bheith bainteach le caidreamh an Aontais le tír shonrach nó réigiún sonrach nó féadfaidh an cur chuige a bheith téamach. Saineoidh siad a ré agus na meáin a chaithfidh an tAontas agus na Ballstáit a chur ar fáil.

Gníomhóidh an Chomhairle Eorpach d'aon toil ar thogra ó Chomhairle na nAirí arna glacadh ag an déanach de réir na rialacha mionsonraithe atá leagtha síos do gách réimse. Cuirfear cinntí Eorpacha ón gComhairle Eorpach chun feidhme de réir na nósanna imeachta dá bhforáiltear sa Bhunreacht.

2. Féadfaidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, fad a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, agus an Coimisún, fad a bhaineann le réimsí eile den bheartas eachtrach, tograí comhpháirteacha a chur faoi bhráid Chomhairle na nAirí.

Caibidil II

COMHBHEARTAS EACHTRACH AGUS SLÁNDÁLA

Airteagal III-195

1. Faoi chuimsiú na bprionsabal agus na gcuspóirí atá ag a bheartas eachtrach, saineoidh an tAontas agus cuirfidh sé chun feidhme comhbheartas eachtrach agus slándála a fholaíonn gách réimse den bheartas eachtrach agus slándála.

2. Tacóidh na Ballstáit go gníomhach agus gán chuntar le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais de mheon dílseachta agus dlúthpháirtíochta frithpháirtí.

Oibreoidh na Ballstáit le chéile chun a ndlúthpháirtíocht pholaitiúil fhrithpháirteach a fheabhsú agus a fhorbairt. Staonfaidh siad ó aon ghníomhaíocht a bheadh bunoscionn le leasa an Aontais nó ar dóigh di a éifeachtúlacht mar fhórsa comhghreamaitheach sa chaidreamh idirnáisiúnta a dhochrú.

Áiritheoidh an Comhairle na nAirí agus Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais go ndéantar na prionsabail sin a urramú.

3. Déanfaidh an tAontas an comhbheartas eachtrach agus slándála trí:

(a) na treoirlínte ginearálta a shainiú;

(b) trí chinntí Eorpacha a ghlacadh a bhaineann le:

(i) gníomhaíochtaí ag an Aontas,

(ii) seasaimh ag an Aontas,

(iii) na gníomhaíochtaí agus na seasaimh a chur chun feidhme;

(c) tríd an gcomhar córasach idir na Ballstáit agus a mbeartas á sheoladh acu a athneartú.

Airteagal III-196

1. Saineoidh an Chomhairle Eorpach na treoirlínte ginearálta don chomhbheartas eachtrach agus slándála, lena n-áirítear ábhair a bhfuil impleachtaí um chosaint acu.

Má éilíonn teagmhas idirnáisiúnta é, déanfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí cruinniú urghnách den Chomhairle Eoapch a chomóradh d'fhonn línte straitéiseacha bheartas an Aontais a shainiú i bhfianaise na dteagmhas sin.

2. Glacfaidh Comhairle na nAirí na cinntí Eorpacha is gá chun an comhbheartas eachtrach agus slándála a shainiú agus a chur chun feidhme ar bhon na dtreoirlínte ginearálta agus na líne straitéiseacha arna sainiú ag an gComhairle Eorpach.

Airteagal III-197

1. Rannchuideoidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, a bheidh i gceannas ar Chomhairle na nAirí do Ghnóthaí Eachtracha, trína chuid tograí chun an comhbheartas eachtrach agus slándála a ullmhú agus áiritheoidh sé cur chun eidhme na gcinntí Eorpacha arna nglacadh ag an gComhairle Eorpach agus ag Comhairle na nAirí.

2. Maidir leis na hábhair a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, is é Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais a ionadaíonn an tAontas. Seolfaidh sé agállamh polaitiúil thar ceann an Aontais agus cuirfidh sé friotal ar sheasamh an Aontais in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta.

3. Agus a shainordú á chomhall aige, beidh Seirbhís Eorpach um Ghnóthaí Eachtracha de chunamh ag Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais. Oibreoidh an tseirbhís sin i gcomhar leis na seirbhísí taidhleoreachta sna Ballstáit [3].

Airteagal III-198

1. Nuair a éilíonn an cor idirnáisiúnta gníomhaíocht oibríochtúil ón Aontas, glacfaidh Comhairle na nAirí na cinntí Eorpacha is gá. Socróidh na cinntí sin na cuspóirí, an raon feidhme agus na meáin atá le cur fáil don Aontas, na coinníollacha a bhaineann leis an mbeartas a chur chun feidhme, más gá an ré.

Má tharlaíonn athrú sna himthosca a bhfuil éifeacht shuntasach aige ar cheist atá ina ábhar do chinneadh Eorpach den sórt sin, déanfaidh Comhairle na nAirí prionsabail agus cuspóirí na gníomhaíochta sin a athbhreithniú agus glacfaidh sí na cinntí Eorpacha is gá. Fad nach bhfuil Comhairle na nAirí gán gnímhú, seasfaidh an cinneadh Eorpach maidir le gníomhaíocht ag an Aontas.

2. Beidh na cinntí Eorpacha sin ina gceangál ar na Ballstáit sna seasaimh a ghlacfaidh siad agus i seoladh a ngníomhaíochta.

3. Aon uair a bheartaítear seasamh náisiúnta a ghlacadh nó gníomhaíocht náisiúnta a dhéanamh de bhun cinneadh Eorpach dá dtagraítear i mír 1, cuirfear eolas ar fáil in am ionas gur féidir, más gá, comhairle a ghlacadh roimh ré i dtionól Chomhairle na nAirí. Ní bheidh an oibleagáid eolas a chur ar fáil roimh ré infheidhme ar bhearta nach mbeidh iontu ach trasuí náisiúnta ar chinntí Eorpacha.

4. I gcás géar-riachtanais a bhaineann le hathruithe ar an gcor agus cheal cinneadh Eorpach nua, féadfaidh na Ballstáit na socruithe is gá a dhéanamh ar bhonn práinne, ag féachaint do chuspóirí ginearálta an chinnidh Eorpaigh dá dtagraítear i mír 1. Cuirfidh an Ballstát i dtrácht Comhairle na nAirí ar an eolas láithreach faoi aon socruithe den sórt sin.

5. I gcás mórdheacrachtaí maidir le cinneadh Eorpach dá dtagraítear san Airteagal seo a chur chun feidhme, tarchuirfidh Ballstát na deacrachtaí chuig Comhairle na nAirí a dhéanfaidh iad a phlé agus réitigh iomchuí a lorg. Ní féidir leis na réitigh sin bheith bunoscionn le cuspóirí na gníomhaíochta ná a héifeachtúlacht a dhochrú.

Airteagal III-199

Glacfaidh Comhairle na nAirí cinntí Eorpacha a shaineoidh cur chuige an Aontais maidir le hábhar áirithe de chineál geografach nó téamach. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil a mbeartas náisiúnta i gcomhréir leis na seasaimh an Aontais.

Airteagal III-200

1. Féadfaidh aon Bhallstát, Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, nó an tAire le tacaíocht ón gCoimisiún, aon cheist a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála a tharchur chuig Comhairle na nAirí agus tograí a chur faoina bráid.

2. I gcásanna inar gá cinneadh sciobtha, déanfaidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontai, ar a fhoriarratás féin nó ar Bhallstát é a iarraidh, cruinniú urghnách de Chomharile na nAirí a chomóradh laistigh de'ocht uaire daichead nó, má tá fíoréigeandáil ann, níos luaithe.

Airteagal III-201

1. Glacfaidh Comhairle na nAirí cinntí faoin Teideal seo ag gníomhú di d'aon toil. Ní chuirfidh staonadh ó vótáil ag comhaltaí a bheidh i láthair go pearsanta nó a mbeidh ionadaithe ag feidhmiú thar a gceann cosc ar chinntí den sórt sin a ghlacadh.

Agus é ag staonadh ó vótáil, féadfaidh comhalta de Chomhairle na nAirí a staonadh ó vótáil a cháiliú trí dhearbhú foirmiúil a dhéanamh faoin bhfomhír seo. Sa chás sin, ní bheidh d'oibleagáid air an cinneadh a chur i bhfeidhm ach glacfaidh sé leis go bhfuil an cinneadh de cheangál ar an Aontas. Staonfaidh an Ballstát i dtrácht, de mheon dlúthpháirtíochta frithpháirtí, ó aon ghníomhaíocht ar dóigh di bheith ar neamhréir le gníomhaíocht an Aontais a bheidh bunaithe ar an gcinneadh sin nó gníomhaíocht sin an Aontais a bhac agus urramóidh na Ballstáit eile a sheasamh. Más mó ná trian de na vótaí arna n-ualú i gcomhréir le hAirteagal 148(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh líon chomhaltaí Chomhairle na nAirí a dhéanann a staonadh ó vótáil a cháiliú amhlaidh, ní ghlacfar an cinneadh.

2. De mhaolú ar fhorálacha mhír 1, gníomhóidh Comhairle na nAirí trí thromlach cáilithe:

(a) nuair a ghlacann sí, ar bhonn cinneadh Eorpach ó Chomhairle na nAirí a bhaineann le leasa agus cuspóirí straitéiseacha an Aontais, dá dtagraítear in Airteagal III-194(1), cinntí Eorpacha a bhaineann le gníomhaíochtaí agus seasaimh de chuid an Aontais;

(b) nuair a ghlacann sí aon chinneadh a bhaineann le gníomhaíocht nó seasamh de chuid an Aontais, ar thogra arna chur faoin bráid ag an Aire mar thoradh ar iarraidh shonrach a dhírigh an Chomhairle Eorpach chuige ar a tionscnamh féin nó ar thionscnamh ón Aire;

(c) agus aon chinneadh Eorpach á ghlacadh aici a chuireann gníomhaíocht nó seasamh de chuid an Aontais chun feidhme;

(d) agus cinneadh Eorpach á ghlacadh aici a bhaineann le hionadaí speisialta a cheapadh i gcomhréir le Airteagal III-203.

Má dhearbhaíonn comhalta den Chomhairle go bhfuil sé ar intinn aige, ar chúiseanna bunúsacha sonraithe a bhaineann leis an mbeartas náisiúnta, cur i gcoinne cinneadh Eorpach a ghlacadh atá le glacadh trí thromlach cáilithe, ní dhéanfar vótáil. Déanfaidh Aire Gnóthai Eachtracha an Aontais, i ndlúthchomhairle leis an mBallstát i dtrácht, réiteach is inghlactha ag an mBallstát a lorg. Má theipeann ar an iarracht, féadfaidh Comhairle na nAirí, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, a iarraidh go gcuirtear an cheist faoi bhráid na Comhairle Eorpaí chun cinneadh d'aon toil a ghlacadh.

3. Féadfaidh an Chomhairle Eorpach a chinneadh d'aon toil go ngníomhóidh Comhairle na nAirí trí thromlach cáiltithe i gcásanna seachas na cinn dá dtagraitear i mír 2.

4. Ní bheidh míreanna 2 agus 3 infheidhme ar chinntí a bhfuil impleachtai míleatá nó cosanta acu.

Airteagal III-202

1. Nuair atá cur chuige coiteann de réir bhrí Airteagal I-39(5) sainithe ag an Aontas, déanfaidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais agus na hAirí Gnóthaí Eachtracha ó na Ballstáit a ngníomhaíochtaí a chomhordú i dtionól Chomhairle na nAirí.

2. Comhoibreoidh na misin taidhleoireachta ó na Ballstáit agus na toscaireachtaí ón Aontas le chéile i dtríú tíortha agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus rannchuideoidh siad le cur chuige coiteann a fhoirmiú agus a chur chun feidhme.

Airteagal III-203

Déanfaidh Comhairle na nAirí, gách uair a mheasta is gá, ar thionscnamh ó Aire Gnóthaí Eachtracha na mBallstát, ionadaí speisialta go sainordú i ndáil le saincheisteanna áirithe beartais. Cuirfidh an t-ionadaí speisialta an sainordú i gcrích faoi údarás ó Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais.

Airteagal III-204

Féadfaidh an tAontas comhaontuithe a thabhairt i gcrích le Stát amháin nó níos mó nó le heagraíocht idirnáisúnta amháin nó níos mó de bhun na Caibidle seo, i gcomhréir leis an nós imeachta atá tuairiscithe in Airteagal III-227.

Airteagal III-205

1. Rachaidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir leis na príomhghnéithe agus na bunroghánna den chomhbheartas eachtrach agus slándála, lena n-áirítear an comhbheartas slándála agus cosanta, agus áiritheoidh sé go dtugtar aird chuí ar na tuairimí ó Pharlaimint na hEorpa. Coinneoidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais Parlaimint na hEorpa ar an eolas go tráthrialta faoin bhforás sa chomhbheartas eachtrach agus slándála, lena n-áirítear an comhbheartas slándála agus cosanta. Féadfaidh na hionadaithe speisialta a bheith rannpháirteach san eolas sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa.

2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa ceisteanna a chur ar Chomhairle na nAirí agus ar Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais nó moltaí a dhéanamh leo. Beidh díospóireacht aici dhá uair sa bhliain maidir leis an dul chun cinn a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, lena n-áirítear an comhbheartas slándála agus cosanta, a chur chun feidhme.

Airteagal III-206

1. Comhordóidh na Ballstáit a ngníomhaíocht in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta. Déanfaidh siad seasaimh an Aontais a chumhdach sna fóraim sin. Déanfaidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais an comhordú sin a eagrú.

In eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta nach bhfuil na Ballstáit go léir rannpháirteach iontu, déanfaidh na Ballstáit sin atá rannpháirteach iontu seasaimh an Aontais a chumhdach.

2. Gán dochar do mhír 1 agus d'Airteagal III-198(3), cuirfidh na Ballstáit a bhfuil ionadaíocht acu in eagraíochtaí idirnáisiúnta nó ag comhdhálacha idirnáisiúnta nach bhfuil na Ballstáit go léir rannpháirteach iontu na Ballstáit eile sin agus Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais ar an eolas faoi aon ábhar leasa choitinn.

Na Ballstáit atá freisin ina gcomhaltaí de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, déanfaidh siad comhbheartú le chéile agus cuirfidh siad na Ballstáit eile agus Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais ar an eolas go hiomlán. Na Ballstáit atá ina gcomhaltaí den Chomhairle Slándála, déanfaidh siad, i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna, seasaimh agus leasa an Aontais a chumhdach, gán dochar dá bhfreagrachtaí de bhun na bhforálacha de Chairt na Náisiún Aontaithe.

Nuair atá seasamh sainithe ag an Aonta ar ábhar atá ar an gclár oibre do Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, iarrfaidh na Ballstáit a shuíonn ar an gComhairle Slándála go n-iarrtar ar Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais seasamh an aontais a chur i láthair.

Airteagal III-207

Comhoibreoidh na misin taidhleoireachta agus consalacha ó na Ballstáit agus na toscaireachtaí ón Aontas i dtríú tíortha agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta, agus a n-ionadaíochtaí chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta, le chéile chun a áirithiú go ndéantar cinntí Eorpacha a bhaineann le seasaimh agus gníomhaíochtaí den Aontas arna nglacadh ag Comhairle na nAirí a chomhlíonadh agus a chur chun feidhme. Cuirfidh siad dlús leis an gcomhar trí fhaisnéis a mhalartú agus trí mheastóireachtaí comhpháirteacha a dhéanamh.

Rannchuideoidh siad leis na forálacha dá dtagraítear in Airteagal I-8(2) a chur chun feidhme maidir leis na cearta atá ag saoránaigh Eorpach chun a gcosanta ar chríoch tríú tír agus na bearta arna nglacadh de bhun Airteagal III-11.

Airteagal III-208

Gán dochar d'Airteagal III-247, déanfaidh Coiste Polaitiúil agus Slándála faireachán ar an gcor idirnáisiúnta sna réimsí a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, agus rannchuideoidh sé le beartais a shainiú trí thuairimí a thabhairt do Chomhairle na nAirí arna iarraidh sin don Chomhairle, nó arna iarraidh sin d'Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, nó ar a thionscnamh féin. Déanfaidh sé freisin faireachán ar chur chun feidhme na mbeartas atá comhaontaithe, gán dochar don fhreagracht atá ag Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais.

Faoi chuimsiú na Caibidle seo, feidhmeoidh an Coiste seo, faoi údarás ó Chomhairle na nAirí agus ó Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, rialú polaitiúil agus stiúradh straitéiseach ar oibríochtaí a bhaineann le géarchéim a bhainisteoireacht, mar atá sainithe in Airteagal III-210.

Féadfaidh Comhairle na nAirí an Coiste a údarú, ar mhaithe le oibríocht a bhaineann le géarchéim a bhainisteoireacht agus feadh a ré, mar atá sainithe ag Comhairle na nAirí, na bearta ábhartha a ghlacadh maidir le rialú polaitiúil agus stiúradh straitéiseach ar an oibríocht.

Airteagal III-209

Ní dhéanfaidh comhbheartas eachtrach agus slándála a chur chun feidhme difear do na hinniúlachtaá atá liostaithe in Airteagáil I-12 go I-14 agus I-16. Mar an gcéanna, ní dhéanfaidh na beartias atá liostaithe sna hairteagáil sin difear don inniúlacht dá dtagraítear in Airteagal I-15.

Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais fad a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh an Airteagáil seo.

ROINN 1

An comhbheartas slándála agus cosanta

Airteagal III-210

1. Beidh ar áireamh sna tascanna dá dtagraítear in Airteagal I-40(1), a bhféadfaidh an tAontas dul ar iontaoibh meáin shibhialta agus míleatá lena linn, oibríochtaí comhpháirteacha dí-armála, tascanna daonnúla agus tarrthála, tascanna a bhaineann le comhairle mhíleatá agus cúnamh míleatá, tascanna a bhaineann le coinbhleachtaí a chosc agus an tsíocháin a choimeád, tascanna a bhaineann le fórsaí comhraic i mbun géarchéimeanna a bhainisteoireacht, lena n-áirítear an tsíochanaíocht agus an chobhsaíocht tar éis na gcoinbhleachtai. Féadfaidh na tascanna sin uile rannchuidiú leis an gcomhrac in agháidh na sceimhlitheoireacta, lena n-áirítear trí thacú le tríú tíortha chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac ar a gcríocha.

2. Glacfaidh Comhairle na nAirí, ag gníomhú di d'aon oil, cinntí Eorpacha a bhaineann leis na tascanna atá luaite i mír 1 a shainíonn a gcuspóirí agus a raon feidhme agus na coinníollacha ginearálta lena gcur chun feidhme. Áiritheoidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, ag gníomhú dó faoi údarás ó Chomhairle na nAirí agus i ndlúth-thadhall buan leis an gCoiste Polaitiúil agus Slándála, comhordú na ngnéithe sibhialta agus míleatá de na tascanna sin.

Airteagal III-211

1. Faoi chuimsiú na gcinntí Eorpacha arna nglacadh i gcomhréir le Airteagal III-210, féadfaidh Comhairle na nAirí an cúram maidir leis an tasc a chur chun feidhme a chur ar ghrúpa de Bhallstáit a bhfuil an ábaltacht is gá acu agus atá toilteanach an tasc a ghábháil ar láimh. Comhaontóidh na Bhallstáit sin, i gcomhlachas le hAire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, eatárthu féin maidir leis an tasc a bhainisteoireacht.

2. Coinneoidh na Ballstáit atá rannpháirteach sa tasc Comhairle na nAirí ar an eolas faoi cad é mar atá sé ag dul ar agháidh. Más léir go leanann ón tasc a ghnóthú móriarmhairti nua no nach mór an cuspóir, an raon agus na rialacha mionsonraithe lena chur chun feidhme arna nglacadh ag Comhairle na nAirí faoi Airteagal III-210 a leasú, tarchuirfidh na Ballstáit atá rannpháirteach an cheist chuig Comhairle na nAirí. Sna cásanna sin, glacfaidh Comhairle na nAirí na cinntí Eorpacha is gá.

Airteagal III-212

1. Is é is cúram don Ghníomhaireacht Eorpach um Armálacha, Taighde agus Ábaltachtai Míleatá faoi údarás ó Chomhairle na nAirí:

(a) rannchuidiú le cuspóirí a bhaineann le hacmhainneacht mhíleata na mBallstát a shainaithint agus meastóireacht a dhéanamh ar a mhéad a urramaítear na ceangaltais acmhainneachta atá tugtha ag na Ballstáit;

(b) comhchuibhiú na riachtanas oibriochtuil agus glacadh modhanna soláthair atá éifeachtúil agus ag luí le chéile a chur ar agháidh;

(c) tionscadail iltaobhacha a mholadh chun na cuspóirí a chomhall i dtaca le hacmhainneachtaí míleatá de, comhordú na gclár arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit a áirithiú agus na cláir shonracha comhair a bhainisteoireacht;

(d) tacú le taighde i dteicneolaíocht na cosanta, agus gníomhaiochtaí comhpháirteacha taighde agus staidéir ar réitigh theicneolaiocha chun freagairt do riachtanais oibríochtula todhchaí a chomhordú agus a phleanáil;

(e) rannchuidiú le haon bheart fóinteach a shainaithint agus, más gá, a chur chun feidhme chun an bonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch in earnáil na cosanta a athneartú agus éifeachtacht an chaiteachais mhíleata a fheabhsú.

2. Beidh an Ghníomhaireacht ar oscailt do gach Ballstat atá toilteanach bheith rannpháirteach inti. Glacfaidh Comhairle na nAirí, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, cinneadh Eorpach a ghlacadh a shainíonn reacht, suíomh agus rialacha oibríochtúla na Gníomhaireachta. Tabharfaidh an cinneadh sin aird ar leibhéal na rannpháirtiochta iarbhir i ngníomhaíochtaí na Gníomhaireachta. Cuirfear grúpai sonracha ar bun laistigh den Ghníomhaireacht a thugann le chéile Ballstáit a bhfuil tionscadail chomhpháirteacha á gcur i gcrích acu. Cuirfidh an Ghníomhaireacht a chuid tascanna i gcrích i gcuibhreann leis an gCoimisiún nuair is gá.

Airteagal III-213

1. Na Ballstáit atá liostaithe sa Phrótacal [teideal], a bhfuil critéir is airde maidir le hacmhainneacht mhíleata á gcomhall acu agus atá toilteanach ceangaltais nios ceangailti a ghábhail ar láimh ar mhaithe leis na tascanna is iomardúla, bunaíonn said leis seo an comhar struchtúrtha eatarthu féin de réir bhrí Airteagal I-40(6). Tá na critéir agus na ceangaltais maidir le hacmhainneacht mhileata atá sainithe ag na Ballstáit sin leagtha amach sa Phrótacal sin.

2. Más toil le Ballstát bheith rannpháirteach sa chomhar sin níos déanaí, agus na hoibleagáidí a fhorchuirean sé a ghábháil air fein, cuirfidh sé a intinn in iúl don Chomhairle Eorpach. Déanfaidh Comhairle na nAirí an cheist a phlé arna iarraidh sin don Bhallstát sin. Ni bheidh rannpháirteach sa vótáil ach na baill sin de Chomhairle na nAirí a ionadaíonn na Ballstáit a ghlacann páirt sa chomhar struchtúrtha.

3. Nuair a ghlacann Comhairle na nAirí cinntí Eorpacha a bhaineann le hábhair atá folaithe sa chomhar struchtúrtha ní bheidh rannpháirteach sna pléití agus i nglacadh cinntí den sórt sin ach na baill sin de Chomhairle na nAirí a ionadaíonn na Ballstáit a ghlacann páirt sa chomhar struchtúrtha. Beidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais i láthair ag na pléiti. Cuirfidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais na hionadaithe do na Ballstáit eile ar an eolas go cui tráthrialta faoin bhforás sa chomhar struchtúrtha.

4. Féadfaidh Comhairle na nAirí a iarraidh ar na Ballstáit atá rannpháirteach sa chomhar sin tasc atá luaite in Airteagal III-210 a chur i gcrích ar leibhéal an Aontais.

5. De mhaolu ar na míreanna roimhe seo, beidh na forálacha iomchuí a bhaineann leis an gcomhar feabhsaithe infheidhme ar an gcomhar struchtúrtha atá faoi rialu ag an Airteagal seo.

Airteagal III-214

1. Beidh an comhar níos dlúithe maidir leis an gcosaint fhrithpháirteach dá bhforáiltear in Airteagal I-40(7) ar oscailt do gach Ballstát den Aontas. Beidh liosta de na Ballstáit atá rannpháirteach sa chomhar nios dlúithe leagtha amach sa dearbhú [teideal]. Más toil le Ballstát bheith rannpháirteach sa chomhar sin níos déanaí, agus na hoibleagáidí a fhorchuirean sé a ghábhail air fein, cuirfidh sé a intinn in iúl don Chomhairle Eorpach.

2. Ballstat atá rannpháirteach sa chomhar sin agus a ndéantar ionsaí armtha air ar a chríoch, cuirfidh sé na Stáit rannpháirteacha eile ar an eolas faoin gcor agus féadfaidh sé cúnamh agus cabhair a iarraidh orthu. Tiocfaidh na Ballstáit rannpháirteacha le chéile ar leibhéal aireachta agus beidh a n-ionadaithe ar an gCoiste Polaitiúil agus Slándála agus ar an gCiste Míleata de chúnamh acu.

3. Cuirfear Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ar an eolas láithreach faoi aon ionsaí armtha agus na bearta arna nglacadh dá dheasca.

4. Ni dhéanfaidh an tAirteagal seo difear, fad a bhaineann leis na Ballstáit i dtrácht, do na cearta agus oibleagáidí a leanann o Chonradh an Atlantaigh Thuaidh.

ROINN 2

Forálacha airgeadais

Airteagal III-215

1. Beidh caiteachas riarthach a thiteann ar na hinstitiuidí mar thoradh ar na forálacha da dtagraítear sa Chaibidil seo de mhuirear ar bhuiséad an Aontais.

2. Caiteachas oibríochtúil a eascraíonn mar thoradh ar na forálacha seo a chur chun feidhme beidh sé freisin ina mhuirear ar bhuiséad an Aontais, amach ón gcaiteachas sin a eascraíonn ó oibríochtaí nach bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta acu agus cásanna nuair a chinneann Comhairle na nAirí a mhalairt.

Nuair nach gcuirtear caiteachas ar mhuirear bhuiséad an Aontais, beidh sé de mhuirear ar na Ballstáit, beidh sé de mhuirear ar na Ballstáit i gcomhréir le scála na holltáirgeachta náisiunta, ach amháin nuair a chinneann Comhairle na nAirí a mhalairt. I dtaca le caiteachas a thig ó oibríochtaí a bhfuil impleachtaí míleata nó cosanta acu, ní bheidh d'iallach ar na Ballstáit a bhfuil dearbhú foirmiúil déanta ag a n-ionadaithe i gComhairle na nAirí faoin dara fomhír d'Airteagal III-201, ranníocaíochtaí a dhéanamh maidir lena maoiniú.

3. Glacfaidh Comhairle na nAirí cinneadh Eorpach a bhunaíonn na nósanna imeachta sonracha chun rochtain sciobtha a ráthú ar leithreasaí i mbuiséad an Aontais ar mhaithe le tionscadail faoi chuimsiú an chomhbheartais eachtraigh agus slándála a mhaoiniú go práinneach, agus go háirithe ar mhaithe leis na gníomhaíochtaí a bhaineann le tascanna a ullmhú dá dtagraítear in Airteagal I-40(1). Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Déanfar na gníomhaíochtaí a bhaineann le tascanna a ullmhú dá dtagraítear in Airteagal I-40(1) nach bhfuil de mhuirear ar bhuiséad an Aontais a mhaoiniú trí chiste tionscnaimh arna dhéanamh de ranníocaiochtai ó na Ballstáit.

Glacfaidh Comhairle na nAirí tri thromlach cáilithe ar thogra ó Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais cinntí Eorpacha a bhunaíonn:

(a) na nósanna imeachta chun an ciste tionscnaimh a chur ar bun agus a mhaoiniú, go háirithe na méideanna arna gcionroinnt ar an gciste agus na nósanna imeachta aisíocaíochta;

(b) na nósanna imeachta chun an ciste a riar;

(c) na nósanna imeachta a bhaineann le rialú airgeadais.

Agus tasc dá dtagraítear in Airteagal I-40(1) nach féidir a chur de mhuirear ar bhuiséad an Aontais a phleanáil aici, údaróidh Comhairle na nAirí Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais an ciste a úsáid. Déanfaidh Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais tuarascáil le Comhairle na nAirí maidir leis an sainordú a chur chun feidhme.

Caibidil III

COMHBHEARTAS TRÁCHTÁLA

Airteagal III-216

Trí aontas custaim a bhunú idir na Ballstáit, is é is aidhm don Aontas rannchuidiú sa leas coiteann le forás comhchuí na trádála domhanda, na srianta ar an trádáil idirnáisiúnta agus ar an infheistíocht dhíreach choigcríche a dhíothú, agus bacainní custaim agus eile a laghdú.

Airteagal III-217

1. Fothofar an comhbheartas tráchtála ar phrionsabail chomhionanna, go háirithe maidir le rataí taraife, comhaontuithe taraife agus trádála a bhaineann leis an trádáil in earraí agus seirbhisí a thabhairt i gcrích, agus na gnéithe tráchtála den mhaoin intleachta, infheistíocht dhireach choigríche, an comhionannas a ghnóthú sna bearta a bhaineann leis an léirscaoileadh, an beartas eachtrach agus bearta chun an trádáil a chosaint amhail na bearta arna nglacadh maidir le dumpáil agus deontais. Seolfar an comhbheartas tráchtála faoi chuimsiú na bprionsabal agus na gcuspóirí de bheartas eachtrach an Aontais.

2. Bunóidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach na bearta is gá chun an comhbheartas tráchtála a chur chun feidhme.

3. Nuair a comhaontuithe le Stát amháin nó níos mó no le heagraíocht idirnáisiúnta amháin nó níos mó a thabhairt i gcrích, beidh na forálacha ábhartha de Airteagal III-227 infheidhme. Déanfaidh an Coimisiún moltai do Chomhairle na nAirí a údaróidh an Coimisiún na caibidlíochtai is gá a oscailt. Beidh Comhairle na nAirí agus an Coimisiún freagrach as a áirithiú go bhfuil na comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag lui le beartais agus rialacha inmheánacha an Aontais.

Seolfaidh an Coimisiún na caibidlíochtaí sin i gcomhairle le coiste speisialta arna cheapadh ag Comhairle na nAirí chun bheith de chúnamh ag an gCoimisiún sa chúram sin agus faoi chuimsiú pé treoracha a fhéadfaidh Comhairle na nAirí a dhíriú chuige. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil go tráthrialta chuig an gcoiste speisialta agus chuig Parlaimint na hEorpa faoi cad é mar atá na caibidlíochtaí ag dul ar agháidh.

4. D'fhonn comhaontuithe a chaibidlíu agus a thabhairt i gcrích sna réimsi a bhaineann leis an trádáil i seirbhísi a bhfuil gluaiseacht daoine agus gnéithe tráchtála den mhaoin intleachta i dtreis, gniomhoidh Comhairle na nAirí d'aon toil nuair atá forlacha sna comhaontuithe sin ar ghá an aontoiliocht chun na rialacha inmheanacha a ghlacadh.

Gniomhoidh an Chomhairle d'aon toil d'fhonn comhaontuithe a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích sna réimsí a bhaineann leis an trádáil i seirbhísí cultúir agus closamhairc ar dóigh dóibh éagsúlacht cultúir agus teanga an Aontais a dhochrú.

Comhaontuithe a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích sna réimsi a bhaineann leis an iompar, beidh said faoi réir na bhforálacha i Roinn 7 de Chaibidil III den Teideal seo agus Airteagal III-227.

5. Ni dhéanfaidh feidhmiu na n-inniúlachtai arna dtabhairt san Airteagal seo fad a bhaineann leis an mbeartas tráchtála difear do theorannú na n-inniulachtaí inmheánacha idir an tAontas agus na Ballstáit, agus ní bheidh mar thoradh air comhchuibhiú na bhforálacha reachtacha no rialachain sna Bhallstáit a mhéad a eisiann an Bunreacht comhchuibhiú den sórt sin.

Caibidil IV

COMHAR LE TRÍÚ TÍORTHA AGUS CABHAIR DHAONNÚIL

ROINN 1

Comhar um fhorbraíocht

Airteagal III-218

1. Seolfar beartas an Aontais maidir leis an gcomhar um fhorbraíocht faoi chuimsiú na bprionsabal agus na gcuspóirí de bheartas eachtrach an Aontais. Déanfaidh beartas an Aontais maidir leis an gcomhar um fhorbraíocht agus beartas na mBallstát beartas a chéile a chomhlánú agus a athneartú.

Is é is príomhchuspóir do bheartas an Aontais maidir leis an gcomhar um fhorbraíocht an bhochtaineacht a laghdú agus, san fhadtéarma, deireadh a chur leis ar fad. Tabharfaidh an tAontas aird ar na cuspóirí atá leis an gcomhar um fhorbraíocht sna beartais a chuireann sé chun feidhme ar dóigh dóibh difear a dhéanamh do thíortha i mbéal forbartha.

2. Urramóidh an Comhphobal agus na Ballstáit na gealltanais agus tabharfaidh siad aird ar na cuspóirí a bheidh formheasta acu faoi chuimsiú na Náisiún Aontaithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla eile.

Airteagal III-219

1. Bunóidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach na bearta is gá chun beartas maidir leis an gcomhar um fhorbraíocht a chur chun feidhme a fhéadfaidh a bheith bainteach le cláir um chomhar ilbhliantúla le tíortha in mbéal forbartha nó cláir a bhfuil cur chuige téamach acu.

2. Féadfaidh an tAontas aon chomhaontú a thabhairt i gcrích le tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla chun cuidiú leis na cuspóirí a ghnóthú dá dtagraítear in Airteagal III-193 den Teideal seo. Déanfar comhaontuithe den sórt sin a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích i gcomhréir le Airteagal III-227.

Beidh an chéad fhomhír gan dochar d'inniúlacht na mBallstát dul i mbun caibidlíochta i gcomhlachtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích.

3. Rannchuideoidh an Banc Eorpach Infheistíochta, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear ina Reacht, le cur chun feidhme na mbeart dá dtagraítear i mír 1.

Airteagal III-220

1. D'fhonn taobhú le comhlántacht agus éifeachtúlacht a gcuid gníomhaíochtaí, déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit comhordú ar a mbeartais maidir le comhar um fhorbraíocht agus rachaidh siad i gcomhairle le chéile maidir lena gcláir chabhrach, go fiú in eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag comhdhálacha idirnáisiúnta. Féadfaidh siad gníomhaíochtaí comhpháirteacha a ghabháil ar láimh. Rannchuideoidh na Ballstáit, más gá, le cur chun feidhme chláir chabhrach an Chomhphobail.

2. Féadfaidh an Coimisiún aon tionscnamh is fóinteach a ghlacadh chun an comhordú dá dtagraítear i mír 1 a chur ar aghaidh.

3. Faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach, rachaidh an tAontas agus na Ballstáit i gcomhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla.

ROINN 2

Comhar eacnamaíoch, airgeadais agus teicniúil le tríú tíortha

Airteagal III-221

1. Gan dochar do na forálacha eile den Chonradh seo, agus na forálacha in Airteagail III-218 go III-220 ach go háirithe seo maidir leis an gcomhar um fhorbraíocht, cuirfidh an tAontas i gcrích, ina réimsí inniúlachta, bearta maidir leis an gcomhar eacnamaíoch, airgeadias agus teicniúil, lena n-áirítear cabhair airgeadais ach go háirithe, le tríú tíortha seachas tíortha atá i mbéal forbartha. Beidh na bearta sin ag lúi le beartas forbraíochta an Aontais. Déanfaidh beartas an Aontais maidir leis an gcomhar um fhorbraíocht agus beartas na mBallstát beartas a chéile a chomhlánú agus a athneartú.

2. Bunóidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach na bearta is gá chun mír 1 a chur chun feidhme.

3. Faoi chuimsiú a n-inniúlachtaí faoi seach, rachaidh an Comhphobal agus na Ballstáit i gcomhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla. Féadfar na rialacha mionsonraithe do chomhar an Aontais bheith ina n-ábhair do chomhaontuithe idir an tAontas agus na tríú páirtithe i dtrácht a ndéanfar iad a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích i gcomhréir le Airteagal III-227. Gníomhóidh Comhairle na nAirí d'aon toil maidir leis na comhaontuithe comhlachais dá dtagraítear in Airteagal III-226(2) agus na comhaontuithe atá le tabhairt i gcrích le Stáit atá ina n-iarrthóirí don aontachas don Aontas.

Beidh an chéad fhomhír gan dochar d'inniúlacht na mBallstát dul i mbun caibidlíochta i gcomhlachtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích.

Airteagal III-222

Nuair a éilíonn an cor i dtríú tír cabhair airgeadais phráinneach ón Aontas, glacfaidh Comhairle na nAirí, ar thogra ón gCoimisiún, na cinntí Eorpacha is gá.

ROINN 3

Cabhair dhaonnúil

Airteagal III-223

1. Seolfar oibríochtaí an Aontais maidir le cabhair dhaonnúil faoi chuimsiú na bprionsabal agus na gcuspóirí de bheartas eachtrach an Aontais. Is é is aidhm do na gníomhaíochtaí sin cabhair ad hoc, faoiseamh agus cosaint a sholáthar do dhaoine i dtríú tíortha agus d'íospartaigh ó thubaistí nádúrtha agus de dhéantús an duine chun freastal do na riachtanais dhaonnúla a leanann ó na cora éagsúloa sin. situations. Déanfaidh óibríocht an Aontais agus oibríocht na mBallstát oibríocht a chéile a chomhlánú agus a athneartú.

2. Seolfar oibríochtaí um chabhair dhaonnúil de réir phrionsabail an dlí idirnáisiúnta, go háirithe na prionsabail a bhaineann leis an neamhchlaontacht agus an neamhidirdhealú.

3. Bunóidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach na bearta is gá chun an creat a shainiú a ndéanfar oibríochtái an Aontais um chabhair dhaonnúil a chur chun feidhme ann.

4. Féadfaidh an tAontas aon chomhaontú a thabhairt i gcrích le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí inniúla idirnáisiúnta chun cuidiú leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal III-193 a ghnóthú. Déanfar na comhaontuithe sin a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích i gcomhréir le Airteagal III-227.

Beidh an chéad fhomhír gan dochar d'inniúlacht na mBallstát dul i mbun caibidlíochta i gcomhlachtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích.

5. D'fhonn creat a bhunú chun go dtig le hEorpaigh óga i bpáirt le chéile a gcion a dhéanamh do ghníomhaíochtaí daonnúla an Aontais, cuirfear Complacht Deonach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil. Socróidh dlí Eorpach rialacha agus oibriú an Chomplachta sin.

6. Féadfaidh an Coimisiún gach tionscnamh fóinteach a ghlacadh chun an comhordú idir gníomhaíochtaí an Aontais agus gníomhaíochtaí na mBallstát a chur ar aghaidh chun éifeachtúlacht agus comhlántacht na mbeart cabhrach daonnúil ar thaobh an Aontais agus na mBallstát a fheabhsú.

7. Áiritheoidh an tAontas go ndéantar a chuid oibríochtaí daonnúla a chomhordú agus go bhfuil siad ag luí le hoibríochtaí ag eagrais agus comhlachtaí idirnáisiúnta, go háirithe iad sin atá ina gcuid de chóras na Náisiún Aontaithe.

Caibidil V

BEARTA SRIANTACHA

Airteagal III-224

1. Nuair atá sé leagtha síos i gcinneadh maidir le seasamh nó gníomhaíocht de chuid an Aontais arna ghlacadh i gcomhréir leis na forálacha maidir leis an mbeartas eactrach agus slándála i gCaibidil 2 den Teideal seo gur féidir an caidreamh eacnamaíoch agus airgeadais le tríú tír amháin nó níos mó a bhriseadh nó a laghdú, go páirteach nó go hiomlán, glacfaidh Comhairle na nAirí na bearta is gá, ag gníomhu di trí thromlach cáilithe ar thogra ó Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontias agus ón gCoimisiún i gcomhpháirt le chéile. Cuirfidh sí Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi.

2. Sna réimsí dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Chomhairle bearta sriantacha a ghlacadh faoin nós imeachta céanna in aghaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha, grúpaí nó eintitis neamstáit.

Caibidil VI

COMHAONTUITHE IDIRNÁISIÚNTA

Airteagal III-225

1. Féadfaidh an tAontas comhaontuithe le tríú tír amháin nó níos mó nó le heagraíocht idirnáisiúnta amháin nó níos mó a thabhairt i gcrích má fhoráiltear amhlaidh sa Bhunreacht nó nuair is gá comhaontu a thabhairt i gcrích d'fhonn, faoi chuimsiú bheartais an Aontais, ceann de na cuspóirí atá socraithe sa Bhunreacht a ghnóthú, má fhoráiltear lena agháidh i ngníomh reachtach ceangailteach de chuid an Aontais nó nuair a dhéanann sé difear do cheann de ghníomhartha inmheánacha an Aontais.

2. Beidh na comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas ceangailteach ar Institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit.

Airteagal III-226

Féadfaidh an tAontas comhaontuithe comhlachais le tríú tír amháin nó níos mó nó le heagraíocht idirnáisiúnta amháin nó níos mó a thabhairt i gcrích. Bunóidh comhaontuithe den sórt sin comhlachas ina bhfuil cearta agus oibleagáidí frithpháirteacha, gníomhaíochtaí coiteanna agus nósanna imeachta speisialta i dtreis.

Airteagal III-227

1. Gan dochar do na forálacha sonracha atá leagtha sios in Airteagal III-217, déanfar comhaontuithe idir an tAontas agus tríú tíortha nó eagraíochtai idirnáisiúnta a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích i gcomhréir leis an nós imeachta seo a leanas.

2. Údaróidh Comhairle na nAirí oscailt na caibidlíochta, glacfaidh si treoracha caibidlíochta agus tabhairfaidh sí comhaontuithe i gcrích.

3. Déanfaidh an Coimisiún, nó Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais nuair a bhaineann an comhaontú go heisiach nó go príomha leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, moltaí a chur faoi bhráid Chomhairle na nAirí, a ghlacfaidh cinneadh Eorpach a údaraíonn oscailt na caibidlíochta.

4. Faoi chuimsiú an chinnidh Eorpaigh a údaraíonn an chaibidlíocht, ainmneoidh Comhairle na nAirí, ag brath ar an ábhar atá sa chomhaontú todhchaí, an t-idirbheartaí nó an ceannaire ar fhoireann chaibidlíochta an Aontais.

5. Féadfaidh Comhairle na nAirí treoracha caibidlíochta a dhiriu chuig idirbheartaí an Aontais agus féadfaidh sí coiste speisialta a ainmniú a gcaithfidh an chaibidlíocht a sheoladh i gcomhairle leis.

6. Ar thogra ón idirbheartaí, glacfaidh Comhairle na nAirí cinneadh Eorpach a údaraíonn an comhaontú a shíniú, agus más gá, a chur i bhfeidhm sealadach.

7. Glacfaidh Comhairle na nAirí cinneadh Eorpach a thugann an comhaontú i gcrích ar thogra ó idirbheartaí an chaomhaontaithe.

Ach amháin nuair a bhaineann comhaontuithe go eisiach leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála, glacfaidh Comhairle na nAirí an cinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a tuairim a thabhairt laistigh den teorainn ama a leagfaidh Comhairle na nAirí síos ag brath ar phráinn an ábhair. Cheal tuairim laistigh den teorainn ama sin, féadfaidh Comhairle na nAirí gníomhú.

Beidh gá le toiliú ó Pharlaimint na hEorpa maidir le:

(a) comhaontuithe comhlachais;

(b) aontachas an Aontais don Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint;

(c) comhaontuithe a bhunaíonn creat institiúideach sonrach trí nósanna imeachta um chomhar a eagrú;

(d) comhaontuithe a bhfuil mórimpleachtaí airgeadais acu don Aontas;

(e) comaontuithe a fholaionn réimsi a bhfuil an nos imeachta reachtach infheidhme orthu.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus Comhairle na nAirí, i gcás práinne, teorainn ama don toiliú a chomhaontú.

8. Agus comhaontú á thabhairt i gcrích aici, féadfaidh Comhairle na nAirí, de mhaolú ar mhíreanna 6, 7 agus 10, an t-idirbheartaí a údarú modhnuithe sa chomhaontú a fhormheas thar ceann an Aontais nuair a fhoráiltear ann go ndéantar iad a ghlacadh trí nós imeachta simplithe nó trí chomhlacht arna chur ar bun sa chomhaontú; féadfaidh Comhairle na nAirí coinníollacha sonracha a chur i gceangal leis an údarú sin.

9. Gníomhóidh Comhairle na nAirí trí thromlach cáilithe feadh an nós imeachta. Gníomhóidh sí d'aon toil nuair a fholaíonn an comhaontú réimse ar ghá aontoiliocht le gníomh ón Aontas a ghlacadh chomh maith le comhaontuithe comhlachais agus le haontachas an Aontais don Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint.

10. Glacfaidh Comhairle na nAirí, ar thogra ó Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais nó ón gCoimisiún, cinneadh Eorpach a fhionraíonn cur i bhfeidhm comhaontú agus a bhunaíonn na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcomhlacht arna chur ar bun sa chomhaontú nuair a iarrtar ar an gcomhlacht sin gníomhartha go héifeachtaí dlí a ghlacadh, amach ó ghníomhartha a fhorlíonann nó a leasaíonn creat institiúideach an chomhaontaithe.

11. Cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas láithreach agus go hiomlán ag gach céim den nós imeachta.

12. Féadfaidh Ballstát, Parlaimint na hEorpa, Comhairle na nAirí nó an Coimisiún tuairim ón gCúirt Bhreithiunais a fháil faoi an bhfuil an comhaontú arna bheartú ag luí leis na forálacha sa Bhunreacht. Má tá an tuairim ón gCúirt Bhreithiúnais codarsnach, ní fhéadfaidh an comhaontú arna bheartú teacht i bhfeidhm mura ndéantar é a leasú nó an Bunreacht a athbhreithniú i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal IV-6.

Airteagal III-228

1. De mhaolú ar Airteagal III-227, féadfaidh Comhairle na nAirí, ag gníomhú di d'aon toil ar thogra ón mBanc Ceannais Náisiúnta nó ón gCoimisiún, tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Eorpach d'fhonn teacht ar comhréiteach atá ag luí leis an gcuspóir a bhaineann le cobhsaíocht na bpraghsanna agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos i mír 3 i dtaca leis na socruithe dá dtagraítear inti, comhaontuithe foirmiúla a thabhairt i gcrích maidir le córas rátái malairte i ndáil le hairgeadraí seachas na cinn atá ina ndlíthairiscint san Aontas.

Féadfaidh Comhairle na nAirí, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Náisiúnta, nó ar thogra ón mBanc Ceannais Náisiúnta agus ar mhaithe le teacht ar comhréiteach atá ag luí leis an gcuspóir a bhaineann le cobhsaíocht na bpraghsanna, na rátaí lárnacha den euro laistigh de chóras rátaí malairte a ghlacadh, a choigeartú nó a thréigean. Cuirfidh Uachtarán Chomhairle na nAirí Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi na rátaí lárnacha den euro a bheith á nglacadh, á gcoigeartú nó á dtréigean.

2. Nuair nach bhfuil coras rátaí malairte ndáil le hairgeadra amháin nó níos mó seachas na cinn atá ina ndlíthairiscint san Aontas dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh Comhairle na nAirí, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Náisiúnta, nó ar thogra ón mBanc Ceannais Náisiúnta, treoirlínte ginearálta a fhoirmiu maidir le beartas rátaí malairte i ndáil leis na hairgeadraíi sin. Beidh na treoirlínte ginearálta sin gaán dochar don phríomhchuspóir atá ag Córas Eorpach na mBanc Ceannais, cobhsaíocht na bpraghsanna a chothabháil.

3. De mhaolú ar Airteagal III-227, nuair atá comhaontuithe ar ábhair a bhaineann leis an gcóras airgeadaíochta nó an córas rátaí malairte ina n-ábhair do chaibidlíocht idir an tAontas agus Stát amháin nó níos mó nó eagraíocht idirnáisiúnta amháin nó níos mó, cinnfidh Comhairle na nAirí, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBanc Ceannais Náisiúnta, na socruithe maidir leis an gcaibidlíocht agus le tabhairt i gcrích na gcomhaontuithe. Áiritheoidh na socruithe sin go gcuireann an tAontas seasamh amháin i bhfriotal. Beidh an Coimisiún comhlachaithe go hiomlann leis an gcaibidlíocht.

4. Gan dochar d'inniúlacht an Aontais agus do chomhaontuithe an Aontais i dtaca leis an aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta, féadfaidh na Ballstáit dul i mbun caibidlíochta in eagrais idirnáisiúnta agus comhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích.

Caibidil VII

CAIDREAMH AN AONTAIS LE hEAGRAÍOCHTAÍ IDIRNÁISIÚNTA AGUS LE TRÍÚ TÍORTHA AGUS TOSCAIREACHTAÍ DON AONTAS

Airteagal III-229

1. Bunóidh an tAontas gach comhar is fóinteach leis na Náisiúin Aontaithe, Comhairle na hEorpa, an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip agus an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíoch.

2. Déanfaidh sé pé caidreamh is iomchuí le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile a chothabháil.

3. Cuirfear de chúram ar Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais agus ar an gCoimisiún an tAirteagal sseo a chur chun feidhme.

Airteagal III-230

1. Ionadóidh toscaireachtaí ón Aontas an tAontas i dtríú tíortha agus in eagraíochtaí idirnáisiúnta.

2. Oibreoidh toscaireachtaí faoi údarás ó Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais agus i nldlúthchomhar leis na misin taidhleoireachta ó na Ballstáit.

Caibidil VIII

AN CLÁSAL DLÚTHPHÁIRTÍOCHTA A CHUR CHUN FEIDHME

Airteagal III-231

1. Glacfaidh Comhairle na nAirí, ar thogra comhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, cinneadh Eorpach a shainíonn na socruithe faoi chomhair an clásal dlúthpháirtíochta dá dtagraítear in Airteagal I-42 a chur chun feidhme. Cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas.

2. Má dhéantar ionsaí armtha ar Bhallstát nó má tharlaíonn tubaiste nádúrtha nó de dhéantus an duine, beidh na Ballstáit eile de chúnamh aige arna iarraidh sin dá údaráis pholaitiúla. Chuige sin, comhordóidh na Ballstáit le chéile i dtionól Chomhairle na nAirí.

3. Chun críocha an Airteagail seo, beidh Coiste Polaitiúil agus Slándála le tacaíocht ó struchtúir arna bhforbairt faoi chuimsiú an chomhbheartais slándála agus cosanta, agus an Coiste dá bhforáiltear in Airteagal III-162, de chúnamh ag Comhairle na nAirí agus tabharfaidh siad, más gá, tuairimí comhpháirteacha.

4. Ionas gur féidir leis an Aontas gníomhú ar dhóigh éifeachtúil, déanfaidh an Chomhairle Eorpach measúnú go tráthrialta ar na bagairtí a bhfuil aghaidh le cur orthu ag an Aontas.

TEIDEAL VI

OIBRIÚCHÁN AN AONTAIS

Caibidil I

FORÁLACHA A BHFUIL NA hINSTITIÚIDÍ FAOINA RIALÚ

ROINN 1

Na hInstitiúidí

Foroinn I

Parlaimint na hEorpa

Airteagal III-232

1. Bunóidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach ó Chomhairle na nAirí na bearta is gá chun gur féidir comhaltaí a thoghadh do Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann díreach i gcomhréir le nós imeachta comhionann i ngach Ballstát nó i gcomhréir le prionsabail is coiteann do gach Ballstát.

Gníomhóidh Comhairle na nAirí d'aon toil ar thogra ó Pharlaimint na hEorpa agus tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa a ghníomhóidh trí thromlach glan de na comhaltaí a chomhdhéanann í. Ní thiocfaidh an dlí nó an dlí réime sin i bhfeidhm go dtí go bhfaigheann sé ó na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

2. Socróidh dlí Eorpach ó Pharlaimint na hEorpa na rialacháin agus coinníollacha ginearálta bhfuil feidhmiú a bhfeidhmeanna ag na comhaltaí faoina rialú. Gníomhóidh Parlaimint na hEorpa ar a tionscnamh féintar éis tuairim a iarraidh ar an gCoimisiún agus le formheas ó Chomhairle na nAirí. Gníomhóidh Comhairle na nAirí d'aon toil maidir le gach riail nó coinníoll a bhaineann le córas cánachais na gcomhaltaí nó na seanchomhaltaí.

3. Ar feadh téarma Pharlaimint 2004-2009, beidh comhdhéanamh na Parlaiminte mar atá sé leagtha amach sa Phrótacal maidir le hionadaíocht na saoránach i bParlaimint na hEorpa.

Airteagal III-233

Socróidh dlí Eorpach na rialacháin a bhfuil páirtithe polaitiúla ar an leibhéal Eorpach dá dtagraítear in Airteagal I-45(4) faoina rialú, agus go háirithe na rialacha a bhaineann lena maoiniú.

Airteagal III-234

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí thromlach a comaltaí a chomhdhéanann í, a iarraidh ar an gCoimisiún aon togra iomchuí aa chur faoina bráid ar ábhair ar gá, dar léi, gníomh ón Aontas ina leith chun an Bunreacht a chur chun feidhme. Mura dtíolacfaidh an Coimisiún togra, cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoin na cúiseanna.

Airteagal III-235

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, agus a cúraimí á gcomhall aici, arna iarraidh sin don cheathrú cuid dá comhaltaí, coiste fiosrúcháin sealadach a chur ar bun chun iniúchadh a dhéanamh, gan dochar do na cumhachtaí a thugtar d'institiúidí nó do chomhlachtaí eile sa Chonradh seo, ar líomhaintí maidir le sárú nó le drochriarachán i gcur chun feidhme dhlí an Chomhphobail, ach amháin má tá na fíorais a líomhnaítear faoi scrúdú os comhair cúirte agus fad nach mbeidh na himeachtaí dlíthiúla críochnaithe.

Beidh deireadh leis an gcoiste fiosrúcháin sealadach ar thaisceadh a thuarascála dó.

Socróidh dlí Eorpach arna ghlacadh ag Parlaimint na hEorpa ar a tionscnamh féin, na rialacha mionsonraithe a bhfuil feidhmiú an ceart chun fiosrúcháin faoina rialú. Gníomhóidh Parlaimint na hEorpa tar éis tuairim a iarraidh ar an gCoimisiún agus le formheas ó Chomhairle na nAirí.

Airteagal III-236

Beidh ag gach saoránach den Aontas agus ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát, ar a chonlán féin nó i gcomhlachas le saoránaigh nó daoine eile, an ceart achainí a chur os comhair Pharlaimint na hEorpa ar ábhar a thig faoi réimsí gníomhaíochta an Chomhphobail agus a bhaineann go díreach leis.

Airteagal III-237

1. Ceapfaidh Parlaimint na hEorpa Ombudsman Eorpach ar a tionscnamh féin. Cumhachtófar an Ombudsman Eorpach chun gearáin a ghlacadh ó aon saoránach den Aontas nó ó aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát maidir le cásanna drochriaracháin i ngníomhaíochtaí de na hInstitiúidí nó comhlachtaí san Aontas, amach ón gCúirt Bhreithiúnais i bhfeidhmiú a feidhmeanna breithiúnacha di.

I gcomhréir lena dhualgais, cuirfidh an tOmbudsman na fiosrúcháin i gcrích a bhfuil forais faighte aige chucu ar a thionscnamh féin nó ar bhonn gearán a dhéantar leis go díreach nó trí chomhalta de Pharlaimint na hEorpa, ach amháin má tá nó má bhí na fíorais a líomhnaítear ina n-ábhar d'imeachtaí dlíthiúla. I gcás go suíonn an tOmbudsman go bhfuil drochriarachán i gceist, cuirfidh sé an cás faoi bhráid na hinstitiúide i dtrácht agus beidh trí mhí aici chun a tuairim a thabhairt dó. Ansin díreoidh an Ombudsman Eorpach tuarascáil chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an institiúid i dtrácht. Cuirfear an duine a rinne an gearán ar an eolas faoi thoradh na bhfiosrúchán sin.

Tíolacfaidh an Ombudsman Eorpach tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa gach bliain ar thorthaí a chuid fiosrúchán.

2. Ceapfar an tOmbudsman tar éis gach toghcháin do Pharlaimint na hEorpa go ceann théarma oifige Pharlaimint na hEorpa. Féadfar a théarma oifige a athnuachan.

Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais an tOmbudsman a bhriseadh arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa mura gcomhallfaidh sé a thuilleadh na coinníollacha is gá chun a fheidhmeanna a fheidhmiú nó má bhí sé ciontach i mí-iompar tromchúiseach.

3. Beidh an Ombudsman Eorpach go hiomlán neamhspleách i bhfeidhmiú a fheidhmeanna. I gcomhlíonadh a dhualgas dó, ní iarrfaidh sé ná ní ghlacfaidh sé teagaisc ó aon chomhlacht eile. Ní cead dó, le linn a théarma oifige, gabháil le haon slí bheatha eile, sochrach ná neamhshochrach.

4. Socróidh dlí Eorpach arna ghlacadh ag Parlaimint na hEorpa ar a tionscnamh féin, na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta d'fheidhmiú fheidhmeanna an Ombudsman. Gníomhóidh Parlaimint na hEorpa tar éis tuairim a iarraidh ar an gCoimisiún agus le formheas ó Chomhairle na nAirí.

Airteagal III-238

Beidh seisiún in aghaidh na bliana ag Parlaimint na hEorpa. Tiocfaidh sí le chéile, gan a bheith de riachtanas í a chomóradh, an dara Máirt de Mhárta.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa teacht le chéile i seisiún urghnách arna iarraidh sin ag tromlach a comhaltaí nó arna iarraidh ag Comhairle na nAirí nó ag an gCoimisiún.

Airteagal III-239

1. Féadfaidh comhaltaí den Choimisiún bheith i láthair ag gach cruinniú agus, ar iad á iarraidh sin, tabharfar éisteacht dóibh thar ceann an Choimisiúin.

Freagróidh an Coimisiún ó bhéal nó i scríbhinn ceisteanna a chuirfidh Parlaimint na hEorpa nó comhaltaí Pharlaimint na hEorpa chuige.

2. Tabharfaidh Parlaimint na hEorpa éisteacht don Chomhairle de réir na gcoinníollacha a bheidh leagtha síos ag an gComhairle ina rialacha nós imeachta.

Airteagal III-240

Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt sa Bhunreacht, gníomhóidh Parlaimint na hEorpa trí thromlach de na vótaí a caitheadh. Socrófar an córam leis na rialacha nós imeachta.

Airteagal III-241

Glacfaidh Parlaimint na hEorpa a rialacha nós imeachta, ag gníomhú di trí thromlach dá comhaltaí.

Foilseofar imeachtaí Pharlaimint na hEorpa ar an modh a leagfar síos ina rialacha nós imeachta.

Airteagal III-242

Pléifidh Parlaimint na hEorpa i seisiún poiblí an tuarascáil ghinearálta bhliantúil a bheidh curtha faoina bráid ag an gCoimisiún.

Airteagal III-243

Má leagtar faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa tairiscint ag cáineadh ghníomhaíochtaí an Choimisiúin, ní vótálfaidh Parlaimint na hEorpa ar an tairiscint sin go ceann trí lá ar a laghad tar éis an tairiscint a leagan faoina bráid, agus is trí vótáil phoiblí a dhéanfar sin.

Má ritear an tairiscint cháinte le tromlach dhá thrian de na vótaí a caitheadh, agus gurb ionann sin agus tromlach de chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa, éireoidh comhaltaí an Choimisiúin as a n-oifig d'aon bhuíon. Leanfaidh siad orthu ag déileáil le gnó reatha go dtí go gceapfar daoine ina n-ionad de réir Airteagail I-25 agus I-26. Sa chás sin, rachaidh téarma oifige chomhaltaí an Choimisiúin a cheaptar chun a n-ionad a ghabháil in éag ar an dáta a rachadh téarma oifige chomhaltaí an Choimisiúin ar tugadh orthu éirí as d'aon bhuíon in éag.

Foroinn 2

An Chomhairle Eorpach

Airteagal III-244

1. Má dhéantar vótáil, féadfaidh comhalta ar bith den Chomhairle gníomhú freisin thar ceann comhalta amháin eile ar a mhéad.

Ní bac ar an gComhairle Eorpach glacadh le gníomhartha ar gá aontoilíocht dóibh comhaltaí a bheidh i láthair go pearsanta nó trí ionadaíocht a staonadh ó vótáil.

2. Féadfaidh an Chomhairle Eorpach cuireadh chun éisteacht a thabhairt do Uachtarán Pharlaimint na hEorpa.

3. Glacfaidh an Chomhairle Eorpach a Rialacha Nós Imeachta trí thromlach glan.

Beidh Ardrúnaíocht Chomhairle na nAirí de chúnamh ag an gComhairle Eorpach.

Foroinn 3

Comhairle na nAirí

Airteagal III-245

1. Tiocfaidh an Chomhairle le chéile arna comóradh ag a hUachtarán ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin do chomhalta den Chomhairle nó don Choimisiún.

2. Glacfaidh an Chomhairle Eorpach d'aon toil cinneadh a bhunaíonn na rialacha a bhfuil uainíocht na hUachtaránachta sna comhdhéanaimh de Chomhairle na nAirí faoina rialú.

Airteagal III-246

1. Má dhéantar vótáil, féadfaidh comhalta ar bith de Chomhairle na nAirí gníomhú freisin thar ceann comhalta amháin eile ar a mhéad.

2. Nuair a éilítear ar Chomhairle na nAirí gníomhú trí thromlach simplí, gníomhóidh sí trí thromlach a cuid ball.

3. Ní bac ar an gComhairle do gníomhartha a ghlacadh ar gá aontoilíocht dóibh comhaltaí a bheidh i láthair go pearsanta nó trí ionadaíocht a staonadh ó vótáil.

Airteagal III-247

1. Beidh coiste arna chomhdhéanamh de Bhuanionadaithe na mBallstát freagrach as obair Chomhairle na nAirí a ullmhú agus as na cúraimí a chuirfidh an Chomhairle sin air a chur i gcrích. Féadfaidh an Coiste cinntí maidir le nós imeachta a ghlacadh sna cásanna dá bhforáiltear i Rialacha Nós Imeachta Chomhairle na nAirí.

2. Beidh Ardrúnaíocht de chúnamh ag Comhairle na nAirí, faoi fhreagracht Ardrúnaí arna cheapadh ag Comhairle na nAirí.

Cinnfidh Comhairle na nAirí trí thromlach simplí eagrúchán na hArdrúnaíochta.

3. Gníomhóidh Comhairle na nAirí trí thromlach simplí maidir le ceisteanna a bhaineann le nós imeachta agus chun a Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh.

Airteagal III-248

Féadfaidh Comhairle na nAirí, trí thromlach simplí, a iarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun aon staidéir a mheasann an Chomhairle a bheith fóinteach chun na comhaidhmeanna a ghnóthú, agus aon tograí iomchuí a chur faoina bráid. Mura gcuirfidh an Coimisiún aon togra faoin bráid, cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas faoi na cúiseanna.

Airteagal III-249

Glacfaidh Comhairle na nAirí na cinntí Eorpacha a shocraíonn na rialacha a mbeidh na coistí dá bhforáiltear sa Bhunreacht faoina rialú. Gníomhóidh sí trí thromlach simplí, tar eís dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.

Foroinn 4

An Coimisiún

Airteagal III-250

Ceapfar Coimisinéirí Eorpacha agus Coimisinéirí go ceann cúig bliana, faoi réir, más gá, Airteagal III-243. Ní féidir a bheith ina gCoimisinéirí Eorpacha agus ina gCoimisinéirí ach amháin náisiúnaigh de na Ballstáit.

Airteagal III-251

Staonfaidh na comhaltaí den Choimisiún ó aon ghnímh nach luíonn lena bhfeidhmeanna. Gabhann gach Ballstát air féin an prionsabal sin a urramú agus gan féachaint le tionchar a oibriú ar chomhaltaí an Choimisiúin i gcomhlíonadh a gcúraimí dóibh.

Ní cead do chomhaltaí an Choimisiúin, le linn a dtéarma oifige, gabháil le haon slí bheatha eile, sochrach ná neamhshochrach. Ar dhul i mbun a ndualgas dóibh, tabharfaidh siad gealltanas sollúnta go n-urramóidh siad, le linn a dtéarma oifige agus ina dhiaidh, na hoibleagáidí a leanann as a n-oifig agus go háirithe a ndualgas chun bheith ionraic stuama i dtaobh ceapacháin nó sochair áirithe a ghlacadh tar éis scor dá n-oifig dóibh. Má dhéantar aon sárú ar na hoibleagáidí sin, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, ar iarratas ó Chomhairle na nAirí, ag gníomhú di trí thromlach simplí, nó ón gCoimisiún, a rialú, de réir na n-imthosca, go bhfuil an comhalta áirithe le scor go héigeantach i gcomhréir le Airteagal III-253 nó go bhfuil a cheart chun pinsin nó chun sochar eile in ionad pinsin le baint de.

Airteagal III-252

1. Amach ó ghnáthathrú ar chomhaltaí nó i gcás comhalta d'fháil bháis, críochnóidh feidhmeanna comhalta den Choimisiún ar é d'éirí as oifig nó ar é a scor go héigeantach. Tar éis formheas an Choimisiúin mar choláiste a fháil, féadfaidh an tUachtarán a iarraidh ar dhuine dá chomhaltaí scor dá oifig.

2. Déanfar folúntas a tharlóidh ar chomhalta d'éirí as oifig, a scor go héigeantach nó d'fháil bháis a líonadh ar feadh a bhfuil fágtha de théarma oifige an Choimisinéara Eorpaigh nó an Choimisinéara le Coimisinéir Eorpach nua nó Coimisinéir nua arna cheapadh ag Uachtarán an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagail I-25 agus I-26.

3. I gcás an tUachtarán d'éirí as oifig, a scor go héigeantach nó d'fháil bháis, déanfar duine a cheapadh ina ionad ar feadh a bhfuil fágtha dá théarma oifige. Is é an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal I-26(1) is infheidhme chun duine a cheapadh in ionad an Uachtaráin.

4. I gcás na Coimisinéirí Eorpacha agus na Coimisinéirí uile a scor, fanfaidh siad i mbun oifige go dtí go ngabhfar a n-ionad, go dtí deireadh a dtéarma oifige, i gcomhréir le hAirteagail I-25 agus I-26.

Airteagal III-253

Aon Choimisinéir Eorpach nó Coimisinéir nach bhfuil na coinníollacha is gá chun a fheidhmeanna a fheidhmiú á gcomhall aige a thuilleadh nó a bhí ciontach i mí-iompar tromchúiseach, féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, ar iarratas ó Chomhairle na nAirí, ag gníomhú di trí thromlach simplí, nó ón gCoimisiún, é a scor go héigeantach.

Airteagal III-254

Na freagrachtaí atá de chúram ar an gCoimisiún, déanfaidh Uachtarán an Choimisiúin iad a struchtúrú agus a chionroinnt ar na comhaltaí i gcomhréir le hAirteagail I-26(3) den Bhunreacht Féadfaidh an tUachtarán na freagrachtaí sin a athdháileadh i rith théarma oifige an Choimisiúin. Feidhmeoidh comhaltaí an Choimisiúin na feidhmeanna a thugann an tUachtarán dóibh faoina údarás siúd.

Airteagal III-255

Gníomhóidh an Coimisiún trí thromlach de chomhaltaí an choláiste. Socrófar an córam leis na Rialacha Nós Imeachta.

Airteagal III-256

Glacfaidh an Coimisiún a Rialacha Nós Imeachta chun a oibriúchán féin agus oibriúchán na rann a áirithiú. Áiritheoidh sé go bhfoilseofar na rialacha sin.

Airteagal III-257

Foilseoidh an Coimisiún go bliantúil, tráth nach déanaí ná mí roimh oscailt sheisiún Pharlaimint na hEorpa, tuarascáil ghinearálta ar ghníomhaíochtaí an Chomhphobail.

Foroinn 5

An Chúirt Bhreithiúnais

Airteagal III-258

Suífidh an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach i ndlísheomraí, i nDlísheomra Mór nó mar Chúirt iomlánach, i gcomhréir leis na rialacha arna leagan síos chuige sin i Reacht na Cúirte Breithiúnais.

Airteagal III-259

Beidh ochtar Abhcóidí Ginearálta de chúnamh ag an gCúirt Bhreithiúnais Eorpach. Má iarrann an Chúirt Bhreithiúnais Eorpaché, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, líon na nAbhcóidí Ginearálta a mhéadú.

Beidh de dhualgas ar an Abhcóide Ginearálta, ag gníomhú dó le neamhchlaontacht agus neamhspleáchas iomlán, aighneachtaí réasúnaithe a dhéanamh i gcúirt oscailte ar chásanna ina n-éilítear a rannpháirtíocht i gcomhréir le Reacht na Cúirte Breithiúnais.

Airteagal III-260

Roghnófar na Breithiúna agus na hAbhcóidí Ginearálta don Chúirt Bhreithiúnais Eorpach ó dhaoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a bhfuil acu na cáilíochtaí is gá chun a gceaptha do na hoifigí breithiúnacha is airde ina dtíortha faoi seach nó is dlí-eolaithe a n-aithnítear a n-inniúlacht; ceapfaidh Rialtais na mBallstát iad de thoil a chéile ar feadh téarma sé bliana, tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste dá bhforáiltear in Airteagal III-262.

Athrófar cuid de na Breithiúna agus de na hAbhcóidí Ginearálta i gceann gach trí bliana faoi na coinníollacha atá leagtha amach i Reacht na Cúirte Breithiúnais Eorpach.

Toghfaidh na Breithiúna Uachtarán na Cúirte Breithiúnais Eorpach as a líon féin ar feadh téarma trí bliana. Féadfar é a atoghadh.

Glacfaidh an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach a Rialacha Nós Imeachta. Is gá formheas ón gComhairle a fháil do na rialacha sin.

Airteagal III-261

Is é Reacht na Cúirte Breithiúnais a chinnfidh líon na mbreithiúna san Ardchúirt. Féadfaidh an Reacht a leagan síos go mbeidh abhcóidí ginearálta de chúnamh ag an Ardchúirt.

Roghnófar comhaltaí na hArdchúirte as measc daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a bhfuil acu an ábaltacht is gá chun feidhmeanna breithiúnacha a fheidhmiú; ceapfaidh Rialtais na mBallstát iad de thoil a chéile go ceann téarma sé bliana,, tar éis dul i gcomhairle leis an gcoiste dá bhforáiltear in Airteagal III-262.

Athrófar cuid de na Breithiúna don Ardchúirt i gceann gach trí bliana. Féadfar comhaltaí a bheidh ag scor a athcheapadh.

Toghfaidh na Breithiúna Uachtarán na hArdchúirte as a líon féin ar feadh téarma trí bliana. Féadfar é a atoghadh.

Glacfaidh an Ardchúirt a Rialacha Nós Imeachta i gcomhaontú leis an gCúirt Bhreithiúnais Eorpach. Is gá formheas ón gComhairle a fháil do na rialacha sin.

Mura bhforáiltear a mhalairt i Reacht na Cúirte Bhreithiúnais Eorpaí, beidh na forálacha sa Bhunreacht a bhaineann leis an gCúirt Bhreithiúnais Eorpach infheidhme ar an Ardchúirt.

Airteagal III-262

Cuirfear painéal ar bun chun tuairim a thabhairt ar oiriúnacht na n-iarrthóirí chun feidhmeanna breithimh agus abhcóide ginearálta sa Chúirt Bhreithiúnais Eorpach agus san Ardchúirt a fheidhmiú sula nglacann rialtais na mBallstát na cinntí dá dtagraítear in Airteagail III-260 agus III-261.

Beidh ar an bpainéal seachtar arna dtoghadh ó iarchomhaltái den Chúirt Bhreithiúnais Eorpach agus den Ardchúirt, iarchomhaltaí de chúirteanna uachtaracha náisiúnta agus dlíodóirí a bhfuil cáilíochtaí aitheanta acu, agus déanfaidh Parlaimint na hEorpa duine amháin acu a mholadh. Glacfaidh Comhairle na nAirí cinneadh Eorpach a bhunaíonn rialacha oibriúcháin an phainéil agus cinneadh Eorpach a ainmníonn na comhaltaí. Gníomhóidh 'sí ar thionscnamh ó Pharlaimint na Cúirte Breithiúnais Eorpaí.

Airteagal III-263

1. Beidh dlínse ag an Ardchúirt caingne nó imeachtaí a éisteacht agus a chinneadh ag céadchéim atá luaite in Airteagail III-270, III-272, III-275, III-277 agus III-279 amach uathu sin atá sannta do phainéal breithiúnach agus na cinn atá eisiata i Reacht na Cúirte Breithiúnais Eorpaí. Féadfaidh anReacht a leagan síos go bhfuil dlínse ag an Ardchúirt in aicmí eile caingne nó imeachtaí.

Breitheanna arna dtabhairt ag an Ardchúirt faoin mír seo faoi réir ceart achomhairc chuig an gCúirt Bhreithiúnais ar phoncanna dlí amháin, faoi na coinníollacha agus na teorainneacha atá leagtha síos i Reacht na Cúirte Bhreithiúnais.

2. Beidh dlínse ag an Ardchúirt caingne nó imeachtaí a éisteacht agus a chinneadh i gcoinne breitheanna ó na painéil bhreithiúnach arna gcur ar bun faoi Airteagal III-264.

Breitheanna arna dtabhairt ag an Ardchúirt faoin mír seo, féadfar iad a bheith go heisceachtúil faoi réir léirmheasa ag an gCúirt Bhreithiúnais Eorpach faoi na coinníollacha agus na teorainneacha atá leagtha síos i Reacht na Cúirte Bhreithiúnais, nuair atá priacal tromchúiseach ann go bhfearann siad ar aontacht nó comhchuibheas dhlí an Aontais.

3. Beidh dlínse ag an Ardchúirt ceisteanna arna dtarchur le haghaidh réamhrialú faoi Airteagal III-274, i réimsí sonracha atá leagtha síos i Reacht na Cúirte Breithiúnais.

Má mheasanna an Ardchúirt go n-éilíonn an cás cinneadh a bhaineann le prionsabal ar dóigh dó fearadh ar aontacht nó comhchuibheas dhlí an Aontais, féadfaidh sí an cás a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais Eorpach le haghaidh réamhrialú.

Breitheanna arna dtabhairt ag an Ardchúirt ar cheisteanna arna dtarchur le haghaidh réamhrialú, féadfar iad a bheith go heisceachtúil faoi réir léirmheasa ag an gCúirt Bhreithiúnais Eorpach faoi na coinníollacha agus na teorainneacha atá leagtha síos sa Reacht, nuair atá priacal tromchúiseach ann go bhfearann siad ar aontacht nó comhchuibheas dhlí an Aontais.

Airteagal III-264

1. Féadfaidh dlí Eorpach sainchúirteanna a bhunú atá i gceangal leis an Ardchúirt chun aicmí áirithe caingne nó imeachtaí a éisteacht agus a chinneadh ag céadchéim arna dtabhairt i réimsí áirithe. Glacfar é ar thogra ón gCoimisiún tar éis dul i gcomhairle leis an gCúirt Bhreithiúnais nó ar thogra ón gCúirt Bhreithiúnais tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún.

2. Socróidh dlí Eorpach a chuireann sainchúirt ar bun na rialacha maidir le comhdhéanamh na cúirte sin agus raon na dlínse atá le tabhairt di.

3. Breitheanna arna dtabhairt ag sainchúirteanna, beidh siad faoi réir ceart achomhairc a bheith ann ar phoncanna dlí amháin nó, nuair atá sé leagtha síos sa dlí Eorpach a chuireann an tsainchúirt ar bun, ceart achomhairc maidir le fíricí freisin, chuig an Ardchúirt.

4. Roghnófar comhaltaí de na sainchúirteanna as measc daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a bhfuil an ábaltacht is gá chun feidhmeanna breithiúnacha a fheidhmiú. Ceapfaidh Comhairle na nAirí iad, ag gníomhú di d'aon toil.

5. Glacfaidh na sainchúirteanna a Rialacha Nós Imeachta i gcomhaontú leis an gCúirt Bhreithiúnais. Is gá formheas ó Chomhairle na nAirí a bheith leo.

6. Ach amháin má fhoráiltear a mhalairt sa dlí Eorpach a chuireann na sainchúirteanna ar bun, beidh na forálacha den Bhunreacht a bhaineann leis an gCúirt Bhreithiúnais agus na forálacha i Reacht na Cúirte Breithiúnais infheidhme ar na sainchúirteanna.

Airteagal III-265

Má mheasann an Coimisiún gur mhainnigh Ballstát oibleagáid faoin gConradh seo a chomhlíonadh, tabharfaidh sé tuairim réasúnaithe ina thaobh sin tar éis caoi a thabhairt don Stát áirithe ráiteas ina thaobh a chur isteach.

Mura ndéanfaidh an Stát a bheidh i gceist de réir na tuairime laistigh den tréimhse a bheidh leagtha síos ag an gCoimisiún, féadfaidh an Coimisiún an t-ábhar a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais Eorpaí.

Airteagal III-266

Aon Bhallstát a mheasfaidh gur mhainnigh Ballstát eile oibleagáid faoin gConradh seo a chomhlíonadh, féadfaidh sé an t-ábhar a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais Eorpaí.

Sula dtabharfaidh Ballstát caingean in aghaidh Ballstáit eile mar gheall ar shárú a líomhnaítear a bheith déanta ar oibleagáid faoin gConradh seo, tabharfaidh sé an t-ábhar os comhair an Choimisiúin.

Tabharfaidh an Coimisiún tuairim réasúnaithe tar éis caoi a bheith tugtha do gach Stát dá mbeidh i gceist a chás féin agus a ráiteas ar chás an pháirtí eile a chur faoi bhráid an Choimisiúin ó bhéal agus i scríbhinn.

Mura bhfuil tuairim tugtha ag an gCoimisiún laistigh de thrí mhí ón dáta a tugadh an t-ábhar os a chomhair, ní fhágfaidh easnamh na tuairime sin nach bhféadfar an t-ábhar a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais Eorpaí.

Airteagal III-267

1. Má shuíonn an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach gur mhainnigh Ballstát oibleagáid faoin mBunreacht a chomhall, cuirfear de cheangal ar an Stát sin na bearta is gá a ghlacadh chun breithiúnas na Cúirte Breithiúnais Eorpaí a chomhlíonadh.

2. Má mheasann an Coimisiún nach bhfuil na bearta is gá glactha ag an mBallstát i dtrácht breithiúnas na Cúirte a chomhlíonadh, féafaidh sé, tar éis caoi a thabhairt don Bhallstát sin a bharúlacha a thíolacadh, an cás a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais. Sonróidh sé méid na cnapshuime nó na híocaíochta pionósaí atá le híoc ag an mBallstát i dtrácht a mheasannn sé is iomchuí sna himthosca.

Má fhaigheann an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach nach bhfuil a breithiúnas comhlíonta ag an mBallstát i dtrácht, féadfaidh sí cnapshuim nó íocaíocht phionósach a ghearradh air.

Beidh an nós imeachta seo gan dochar do Airteagal III-266.

3. Nuair a thugann an Coimisiún cás os comhair na Cúirte Breithiúnais de bhun Airteagal III-265 ar an bhforas go bhfuil an Stát i dtrácht tar éis mainneachtain a oibleagáidí a chomhall maidir le bearta a chur in iúl a bhaineann le dlí réime Eorpach a thrasuí, féadfaidh sé, nuair a mheasann sé is gá, le linn na n-imeachtaí céanna, a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais íocaíocht cnapshuime nó nó íocaíocht phionósach a fhorchur ma shuíonn an Chúirt go raibh mainneachtain den sórt sin ann. Má ghéilleann an Chúirt Bhreithiúnais don iarraidh ón gCoimisiún, gabhfaidh éifeacht leis an íocaíocht laistigh den teorainn ama arna leagan síos ag an gCúirt Bhreithiúnais ina breithiúnas.

Airteagal III-268

Féadfaidh dlíthe Eorpacha mar aon le dlíthe agus rialacháin ó Chomhairle na nAirí, arna nglacadh de bhun na bhforálacha sa Bhunreacht, dlínse neamhtheoranta a thabhairt don Chúirt Bhreithiúnais maidir leis na pionóis dá bhforáiltear iontu.

Airteagal III-269

Gan dochar do na forálacha eile sa Bhunreacht, tabharfaidh dlí Eorpach, a mhéad a chinneann sé, dlínse don Chúirt Bhreithiúnais i ndíospóidí a bhaineann le cur i bhfeidhm na ngníomartha arna nglacadh ar bhonn an Bhunreachta a chruthaíonn cearta Eorpacha um maoin intleachta.

Airteagal III-270

1. Déanfaidh an Chúirt Bhreithiúnais léirmheas ar dhlíthiúlacht a bhaineann le dlíthe Eorpacha agus dlíthe réime Eorpacha, le gníomhartha ó Chomhairle na nAirí, ón gCoimisiúin agus ón mBanc Ceannais Eorpach, seachas moltaí nó tuairimí, agus leis na gníomhartha sin ó Pharlaimint na hEorpa atá ceaptha chun éifeacht dlí a bheith acu i leith tríú páirtithe. Déanfaidh sé freisin léirmheas ar dhlíthiúlacht na ngníomhartha ó ghníomhaireachtaí agus comhlachtaí den Aontas a bhfuil éifeacht dlí acu i leith tríú páirtithe

2. Chuige sin beidh dlínse aici i gcaingne arna dtionscnamh ag Ballstát, ag Parlaimint na hEorpa, ag Comhairle na nAirí nó ag an gCoimisiún mar gheall ar easpa inniúlachta, ar shárú ceanglais fhíor-riachtanaigh nós imeachta, ar shárú an Chonartha seo nó aon riail dlí a bhaineann lena chur chun feidhme nó ar mhí-úsáid cumhachtaí.

3. Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais Eorpach faoi na coinníollacha céanna i gcaingne arna dtionscnamh ag an gCúirt Iniúchóirí, ag an mBanc Ceannais Eorpach agus ag Coiste na Réigiún d'fhonn sainchumais na gcomhlachtaí sin a choimirciú.

4. Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, faoi na coinníollacha céanna, imeachtaí a thionscnamh in aghaidh gníomh arna dhíriú chuig an duine sin nó is dá chúram go díreach agus go leithleach, agus in aghaidh gníomh rialacháin is dá chúram go díreach cé nach bhfuil bearta cur chun feidhme ag gabháil leis.

5. Féadfaidh gníomhartha a chuireann gníomhaireachtaí agus comhlachtaí den Aontas ar bun coinníollacha agus rialacha mionsonraithe sonracha a leagan síos maidir le caingne arna dtionscnamh ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha in aghaidh gníomhartha ó na gníomhaireachtaí nó comhlachtaí atá ceaptha chun éifeacht dlí a bheith acu.

6. Déanfar na himeachtaí dá bhforáiltear san Airteagal seo a thionscnamh laistigh de dhá mhí ón uair a foilsíodh an beart, nó a cuireadh in iúl don ghearánaí é nó, murar cuireadh, ón lá a fuair sé fios air, de réir mar a bheidh.

Airteagal III-271

Má tá foras ar fónamh leis an gcaingean, dearbhóidh an Chúirt Bhreithiúnais an gníomh áirithe a bheith ar neamhní.

Ar a shon sin, cuirfidh an Chúirt Bhreithiúnais in iúl, má mheasann sí gur gá é, cé acu d'éifeachtaí an ghnímh a dhearbhaigh sí a bheith ar neamhní is inmheasta a bheith cinntitheach.

Airteagal III-272

Más rud é, de shárú ar an mBunreacht, go mainneoidh Parlaimint na hEorpa, Comhairle na nAirí, an Coimisiún nó an Banc Ceannais Eorpach gníomhú, féadfaidh na Ballstáit agus na hInstitiúidí eile den Aontas caingean a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais chun an sárú sin a shuíomh. Beidh an fhoráil seo infheidhme freisn faoin na coinníllacha céanna ar ghníomhaireachtaí agus comhlachtaí den Aontas a mhainníonn gníomhú.

Ní bheidh an chaingean inghlactha ach amhaín sa chás inar iarradh i dtosach ar an Institiúid, gníomhaireacht nó comhlacht i dtrácht gníomhú. Más rud é, laistigh de dhá mhí tar éis a iarrtha sin uirthi, go mbeidh an Institiúid, gníomhaireacht nó comhlacht i dtrácht gan a seasamh sa chás a shonrú, féadfar an chaingean a thabhairt ar aghaidh laistigh de thréimhse bhreise dhá mhí.

Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, faoi na coinníollacha atá leagtha síos sna míreanna roimhe seo, gearán a dhéanamh leis an gCúirt Bhreithiúnais gur mhainnigh Institiúid, gníomhaireacht nó comhlacht den Aontas aon ghníomh seachas moladh nó tuairim a dhíriú chuig an duine sin.

Airteagal III-273

An Institiúid nó na hInstitiúidí, an ghníomhaireacht nó comhlacht ar dearbhaíodh a ghníomh nó a ngníomh a bheith ar neamhní nó ar dearbhaíodh a neamhghníomh a bheith contrártha leis an mBunreacht, beidh sí/siad faoi cheangal na bearta is gá a dhéanamh chun breithiúnas na Cúirte Breithiúnais a chomhlíonadh.

Ní dhéanfaidh an oibleagáid sin difear d'aon oibleagáid ab fhéidir a theacht ón dara mír d'Airteagal III-337 a chur i bhfeidhm.

Airteagal III-274

Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais chun réamhrialú a thabhairt:

(a) léirmhíniú an Bhunreachta;

(b) ar bhailíocht agus léirmhíniú gníomhartha de chuid Institiúidí an Aontais

Má thugtar ceist den sórt sin ar aird os comhair cúirte nó binse de chuid Ballstáit, féadfaidh an chúirt nó an binse sin, má mheasann sé nó sí gur gá cinneadh ar an gceist ionas go bhféadfaidh sé nó sí breithiúnas a thabhairt, a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais rialú a thabhairt ar an gceist sin.

Má thugtar aon cheist den sórt sin ar aird i gcás a bheidh ar feitheamh os comhair cúirte nó binse de chuid Ballstáit, agus nach bhfuil leigheas breithiúnach faoin dlí náisiúnta in aghaidh chinntí na cúirte nó an bhinse sin, tabharfaidh an chúirt nó an binse sin an t-ábhar os comhair na Cúirte Breithiúnais.

Má thugtar aon cheist den sórt sin ar aird i gcás a bheidh ar feitheamh os comhair cúirte nó binse de chuid Ballstáit maidir le duine atá faoi choimeád, gníomhóidh an Chúirt Bhreithiúnais a luaithe is féidir.

Airteagal III-275

Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais i ndíospóidí maidir leis an gcúiteamh i ndamáiste dá bhforáiltear sa dara mír d'Airteagal III-337.

Airteagal III-276

Arna iarraidh sin don Bhallstát atá ina ábhar do chinneadh arna dhéanamh ag an gComhairle Eorpach nó Comhairle na nAirí de bhun Airteagal I-58, ní bheidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais Eorpach ach amháin maidir leis na rúrthaí nós imeachta dá bhforáiltear san Airteagal sin.

Airteagal III-277

Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais in aon díospóid idir an tAontas agus a sheirbhísigh faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha atá leagtha síos sna Rialacháin Foirne nó sna Coinníollacha Fostaíochta.

Airteagal III-278

Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais Eorpach, faoi réir na dteorainneacha atá leagtha síos ina dhiaidh seo, i ndíospóidí a bhaineann le:

(a) comhall oibleagáidí faoi Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta ag na Ballstáit. I dtaca leis sin de, beidh ag Bord Stiúrthóirí an Bhainc na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún in Airteagal III-265;

(b) bearta arna nglacadh ag Bord Ghobharnóirí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta. I dtaca leis sin de, féadfaidh aon Bhallstát nó an Coimisiún nó Bord Stiúrthóirí an Bhainc imeachtaí a thionscnamh faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 270;

(c) bearta arna nglacadh ag Bord Stiúrthóirí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta. Ní bheidh imeachtaí in aghaidh beart den sórt sin intionscanta ach amháin ag Ballstáit nó ag an gCoimisiún faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal III-270, agus ar na forais sin amháin nár comhlíonadh an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 21(2), (5), agus (7) de Reacht an Bhainc;

(d) comhall na n-oibleagáidí a thig ón mBunreacht agus ó Reacht Chóras Eorpach na mBanc Ceannais ag bainc cheannais náisiúnta. I dtaca leis sin de, beidh ag an gComhairle den Bhanc Ceannais Náisiúnta i leith na mbanc ceannais náisiúnta na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún in Airteagal III-265 i leith na mBallstát. Má fhaigheann an Chúirt Bhreithiúnais gur mhainnigh banc ceannais náisiúnta oibleagáid faoin gConradh seo a chomhall, cuirfear de cheangal ar an mbanc ceannais náisiúnta sin na bearta is gá a ghlacadh chun breithiúnas na Cúirte Breithiúnais a chomhlíonadh.

Airteagal III-279

Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais chun breithiúnas a thabhairt de bhun aon chlásail eadrána i gconradh arna dhéanamh ag an Aontas nó thar a cheann, cibé acu faoin dlí poiblí nó faoin dlí príobháideach don chonradh sin.

Airteagal III-280

Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais in aon díospóid idir Ballstáit a bhaineann le hábhar an Bhunreachta, má chuirtear an díospóid faoina bráid faoi chomhaontú speisialta idir na páirtithe.

Airteagal III-281

Ach amháin mar a dtugann an Bunreacht seo dlínse don Chúirt Bhreithiúnais, ní bheidh díospóidí ar páirtí iontu an tAontas eisiata ar an bhforas sin ó dhlínse chúirteanna nó bhinsí na mBallstát.

Airteagal III-282

Ní bheidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais maidir le Airteagail I-39 agus I-40 agus leis na forálacha in Caibidil II de Theideal V de Chuid III a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála.

Ar a shon sin, beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais rialú a thabhairt ar imeachtaí, arna dtabhairt i gcomhréir leis an coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 270(4), a dhéanann léirmheas ar bhearta sriantacha in aghaidh daoine nádúrtha nó dlítheanacha, arna nglacadh ag an gComhairle ar bhonn Airteagal III-193.

Airteagal III-283

Agus na hinniúlachtaí maidir leis na forálacha in Ranna 4 agus 5 de Chaibidil IV de Theideal III a bhaineann le limistéar saoirse, slándála agus ceartais á bhfeidhmiú aici, ní bheidh aon dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais maidir le bailíocht nó comhréireacht oibríochtaí arna gcur i gcrích ag na póilíní nó ag seirbhísí eile um fhorghníomhú an dlí i mBallstát nó le feidhmiú na bhfreagrachtaí atá de chúram ar na Ballstáit i dtaca leis an ord poiblí a chothabháil agus an tslándáil inmheánach a choimirciú, nuair is gníomhartha iadsan a bhaineann leis an dlí náisiúnta.

Airteagal III-284

Gabhann na Ballstáit orthu féin nach gcuirfidh siad díospóid maidir le léirmhíniú nó cur i bhfeidhm an Bhunreachta á réiteach ar mhodh ar bith seachas na modhanna dá bhforáiltear ann.

Airteagal III-285

D'ainneoin an tréimhse atá leagtha síos sa chúigiú mír d'Airteagal III-270 a bheith caite, feádfaidh aon pháirtí, i gcás imeachtaí ina bhfuil dlí Eorpach nó rialachán Eorpach ó Chomhairle na nAirí, ón gCoimisiún nó ón mBanc Ceannais Eorpach faoi shaincheist, na forais a phléadáil dá bhforáiltear sa dara mír d'Airteagal III-270, d'fhonn neamhfheidhmeacht an rialacháin sin a agairt os comhair na Cúirte Breithiúnais.

Airteagal III-286

Ní bheidh éifeacht fionraíochta le caingne a thabharfar os comhair na Cúirte Breithiúnais. Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, áfach, má mheasann sí gur gá sin sna himthosca, a ordú go bhfionrófar feidhm an ghnímh a chonspóidtear.

Airteagal III-287

Féadfaidh an Chúirt Bhreithiúnais, in aon chásanna os a comhair, aon bhearta idirlinne is gá a ordú.

Airteagal III-288

Beidh breithiúnais na Cúirte Breithiúnais infhorghníomhaithe faoi na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal III-307.

Airteagal III-289

Tá Reacht na Cúirte Breithiúnais leagtha síos i bPrótacal.

Féadfaidh an dlí Eorpach na forálacha den Reacht a leasú, amach ó Theideal I agus Airteagal 64. Glacfar é arna iarraidh sin don Chúirt Bhreithiúnais agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún nó arna iarraidh sin don Choimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCúirt Bhreithiúnais.

Foroinn 6

An Chúirt Iniúchóirí

Airteagal III-290

1. Scrúdóidh an Chúirt Iniúchóirí na cuntais ar ioncam agus caiteachas uile an Aontais. Scrúdóidh sí freisin na cuntais ar ioncam agus caiteachas uile gach comhlachta arna bhunú ag an gComhphobal a mhéad nach gcoisceann ionstraim a bhunaithe an scrúdú sin.

Cuirfidh an Chúirt Iniúchóirí ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle na nAirí ráiteas dearbhaithe i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo agus foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Féadfar an ráiteas sin a fhorlíonadh le measúnuithe sonracha do gach mór-réimse de ghníomhaíocht an Aontais.

2. Déanfaidh an Chúirt Iniúchóirí scrúdú féachaint an bhfuarthas an t-ioncam uile agus ar tabhaíodh an caiteachas uile ar mhodh dleathach rialta, agus an ndearnadh bainistíocht fhónta ar an airgeadas. Lena linn sin, déanfaidh sí tuarascáil ach go háirithe ar aon chásanna neamhrialtachta.

Iniúchfar an t-ioncam ar bhonn na suimeanna is dlite arna suíomh agus ar bhonn na suimeanna arna n-íoc iarbhír leis an Aontas.

Iniúchfar an caiteachas ar bhonn ceangaltas arna nglacadh ar láimh agus íocaíochtaí arna ndéanamh.

Féadfar an iniúchóireacht sin a dhéanamh roimh dhúnadh na gcuntas don bhliain airgeadais atá i gceist.

3. Bunófar an iniúchóireacht ar thaifid agus, más gá, déanfar ar an bhfód í sna hInstitiúidí eile, agus ar áitreabh aon chomhlacht a bhainistíonn ioncam nó caiteachas thar ceann an Aontais agus sna Ballstáit, lena n-áirítear ar áitreabh aon duine nádúrtha nó dlítheanach a fhaigheann íocaíochtaí ón mbuiséad. Sna Ballstáit déanfar an iniúchóireacht i gcuibhreann le comhlachtaí iniúchóireachta náisiúnta nó, mura mbíonn na cumhachtaí riachtanacha acu sin, leis na ranna innúla náisiúnta. Comhoibreoidh an Chúirt Iniúchóirí agus comhlachtaí iniúchóireachta náisiúnta na mBallstát de mheon muiníne ach gan a neamhspleáchas a thréigean. Cuirfidh na comhlachtaí nó na ranna sin i bhfios don Chúirt Iniúchóirí an bhfuil siad chun páirt a ghlacadh san iniúchóireacht.

Cuirfidh na hInstitiúidí eile, aon chomhlachtaí a bhainstíonn ioncam nó caiteachas thar ceann an Aontais, nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach a fhaigheann íocaíochtaí ón mbuiséad agus na comhlachtaí iniúchóireachta náisiúnta nó, mura bhfuil na cumhachtaí riachtanacha acu sin, na ranna inniúla náisiúnta, ar aghaidh chuig an gCúirt Iniúchóirí, arna iarraidh sin di, aon doiciméad nó faisnéis is gá chun a cúram a chomhlíonadh.

I ndáil le gníomhaíocht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta le linn bainistíocht a dhéanamh ar chaiteachas agus ioncam an Aontais, beidh cearta rochtana na Cúirte ar fhaisnéis arna sealbhú ag an mBanc faoi rialú ag comhaontú idir an Chúirt, an Banc agus an Coimisiún. Cheal comhaontú, beidh rochtain ag an gCúirt áfach ar an bhfaisnéis is gá chun caiteachas agus ioncam de chuid an Aontais atá faoi bhainistíocht an Bhainc a iniúchadh.

4. Tar éis dheireadh gach bliana airgeadais tarraingeoidh an Chúirt Iniúchóirí suas tuarascáil bhliantúil. Díreofar chuig na hInstitiúidí eile í agus foilseofar í in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaí, mar aon leis na freagraí ó na hInstitiúidí sin ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí

Féadfaidh an Chúirt Iniúchóirí ina theannta sin, tráth ar bith, a barúlacha, go háirithe i bhfoirm tuarascálacha speisialta, a thíolacadh ar cheisteanna sonracha agus tuairimí a thabhairt arna iarraidh sin do cheann de na hInstitiúidí eile den Aontas

Glacfaidh sí a cuid tuarascálacha bliantúla, tuarascálacha speisialta nó tuairimí trí thromlach a comhaltaí. Ar a shon sin, féadfaidh sí seomraí inmheánacha a bhunú chun aicmí áirithe tuarascálacha nó tuairimí a ghlacadh faoi na coinníollacha atá leagtha síos ina rialacha nós imeachta.

Beidh sí de chúnamh ag Parlaimint na hEorpa agus ag Comhairle na nAirí i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna rialaithe chun an buiséad a chur i ngníomh.

Glacfaidh an Chúirt Iniúchóirí a Rialacha Nós Imeachta. Gníomhóidh sí tar éis formheas a fháil ón gComhairle.

Airteagal III-291

1. Roghnófar comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí as measc daoine a bhaineann nó a bhain ina dtíortha faoi seach le comhlachtaí seachtracha iniúchóireachta nó a bhfuil cáilíocht speisialta acu le haghaidh na hoifige sin. Ní bheidh a neamhspleáchas inchurtha in amhras.

2. Ceapfar comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí go ceann téarma sé bliana. Féadfar a dtéarma oifige a athnuachan. Glacfaidh Comhairle na nAirí ar a tionscnamh féin liosta na gcomhaltaí arna tharraingt suas i gcomhréir leis an tograí ó gach Ballstát. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Toghfaidh na comhaltaí den Chúirt Inúchóirí Uachtarán na Cúirte as a líon féin go ceann téarma trí bliana. Féadfar an tUachtarán a atoghadh.

3. Beidh comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí, chun leas ginearálta an Aontais, neamhspleách ar fad i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna.

I gcomhlíonadh a ndualgas dóibh, ní iarrfaidh ná ní ghlacfaidh siad teagaisc ó aon Rialtas ná ó aon chomhlacht eile. Staonfaidh siad ó aon ghníomh nach luíonn lena bhfeidhmeanna.

4. Ní cead do chomhaltaí na Cúirte Iniúchóirí, le linn a dtéarma oifige, gabháil le haon slí bheatha eile, sochrach ná neamhshochrach. Ar dhul i mbun a ndualgas dóibh, tabharfaidh siad gealltanas sollúnta go n-urramóidh siad, le linn a dtéarma oifige agus ina dhiaidh, na hoibleagáidí a leanann as a n-oifig agus go háirithe a ndualgas chun bheith ionraic stuama i dtaobh ceapacháin nó sochair áirithe a ghlacadh tar éis scor dá n-oifig dóibh.

5. Amach ó ghnáthathrú ar chomhaltaí, nó i gcás comhalta d'fháil bháis, críochnóidh feidhmeanna comhalta den Chúirt Iniúchóirí ar é d'éirí as oifig, nó ar é a scor go héigeantach de bhíthin rialú ón gCúirt Bhreithiúnais de bhun mhír 7.

Déanfar folúntas a tharlóidh amhlaidh a líonadh ar feadh a bhfuil fágtha de théarma oifige an chomhalta.

Ach amháin i gcás iad a scor go héigeantach, fanfaidh comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí i seilbh oifige go dtí go ngabhfar a n-ionad.

6. Ní fhéadfar a oifig ná a cheart chun pinsin nó sochar eile ina ionad sin a bhaint de chomhalta den Chúirt Iniúchóirí ach amháin i gcás ina suífidh an Chúirt Bhreithiúnais, ar iarratas ón gCúirt Iniúchóirí, nach bhfuil coinníollacha riachtanacha a oifige á gcomhall ná na hoibleagáidí a ghabhann léi á bhfreastal aige a thuilleadh.

ROINN 2

Comhlachtaí comhairleacha an Aontais

Foroinn 1

Coiste na Réigiún

Airteagal III-292

Ní mó ná 350 an líon de na comhaltaí i gCoiste na Réigiún. Glacfaidh Comhairle na nAirí cinneadh Eorpach d'aon toil a shocraíonn comhdhéanamh an Choiste.

Ceapfar na comhaltaí den Choiste mar aon lena chomhlíon de mhalartaigh a cheapadh go ceann cúig bliana. Féadfar a dtéarma oifige a athnuachan.

Glacfaidh Comhairle na nAirí an cinneadh Eorapch a shocraíonn an liosta de na comhaltaí agus de na malartaigh arna bhunú i gcomhréir leis na tograí arna ndéanamh ag gach Ballstát.

Ar dhul in éag don sainordú dá dtagraítear sa dara mír d'Airteagal I-31 ar dá bhun a rinneadh an togra ina dtaobh, tiocfaidh deireadh go huathoibríoch lena dtéarma oifige ar an gCoiste agus cuirfear comhaltaí ina n-ionad i gcomhréir leis an nós imeachta céanna ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige sin.

Ní fhéadfaidh comhalta den Choiste bheith ina chomhalta de Pharlaimint na hEorpa san am céanna.

Airteagal III-293

Déanfaidh Coiste na Réigiún a chathaoirleach agus a oifigigh a thoghadh as líon a chomhaltaí go ceann téarma dhá bhliain go leith.

Glacfaidh sé a Rialacha Nós Imeachta.

Déanfaidh a chathaoirleach an Coiste a chomóradh, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, do Chomhairle na nAirí nó don Choimisiún. Féadfaidh an Coiste teacht le chéile ar a thionscnamh féin.

Airteagal III-294

Rachaidh Parlaimint na hEorpa, Comhairle na nAirí nó an Coimisiún i gcomhairle le Coiste na Réigiún sna cásanna dá bhforáiltear sa Bhunreacht agus i ngach cás eile, go háirithe nuair is é an comhar trasteorann atá i gceist, inar cuí le haon cheann de na hInstitiúidí sin é.

Má mheasann Parlaimint na hEorpa, Comhairle na nAirí nó an Coimisiún gur gá sin, sonróidh siad don Choiste, chun a thuairim a thíolacadh, tréimhse nach giorrá ná mí ón dáta ar a bhfaighidh an cathaoirleach scéala dá réir sin. Mura mbeidh tuairim faighte ar an tréimhse sin a bheith caite, ní chuirfidh sin cosc le dul ar aghaidh tuilleadh.

Gach uair a rachfar i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta de bhun Airteagal III-298, cuirfidh Parlaimint na hEorpa, Comhairle na nAirí nó an Coimisiún Coiste na Réigiún ar an eolas faoin iarraidh sin ar thuairim. Féadfaidh Coiste na Réigiún, má mheasann sé go bhfuil gníomhaíocht den sórt sin iomchuí, tuairim a thabhairt ar a thionscnamh féin.

Cuirfear ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, Comhairle na nAirí nó an Coimisiún tuairim an Choiste maille le taifead ar na himeachtaí.

Foroinn 2

An Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta

Airteagal III-295

Ní mó ná 350 an líon de na comhaltaí sa Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta. Glacfaidh Comhairle na nAirí cinneadh Eorpach d'aon toil a shocraíonn comhdhéanamh an Choiste.

Airteagal III-296

Ceapfar na comhaltaí den Choiste go ceann cúig bliana. Féadfar a dtéarma oifige a athnuachan. Glacfaidh Comhairle na nAirí an cinneadh Eorapch a shocraíonn an liosta de na comhaltaí i gcomhréir leis na tograí arna ndéanamh ag gach Ballstát.

Gníomhóidh Comhairle na nAirí tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún. Féadfaidh sí tuairim a fháil ó chomhlachtaí Eorpacha a ionadaíonn na hearnálacha éagsúla, eacnamaíoch agus sóisialta, agus an tsochaí shibhialta ar cúram leo gníomhaíochtaí an Aontais.

Airteagal III-297

Déanfaidh an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta a chathaoirleach agus a oifigigh a thoghadh as líon a chomhaltaí go ceann téarma dhá bhliain go leith.

Glacfaidh sé a Rialacha Nós Imeachta.

Déanfaidh a chathaoirleach an Coiste a chomóradh, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, do Chomhairle na nAirí nó don Choimisiún. Féadfaidh an Coiste teacht le chéile ar a thionscnamh féin.

Airteagal III-298

Tá Parlaimint na hEorpa, Comhairle na nAirí nó an Coimisiún faoi cheangal dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún sna cásanna dá bhforáiltear sa Bhunreacht. I ngach cás eile, féadfaidh na hInstitiúidí sin dul i gcomhairle leis. Féadfaidh sé turiaim a thabhairt ar a thionscnamh féin.

Má mheasann Parlaimint na hEorpa, Comhairle na nAirí nó an Coimisiún gur gá sin, sonróidh siad don Choiste, chun a thuairim a thíolacadh, tréimhse nach giorrá ná mí ón dáta ar a bhfaighidh an cathaoirleach scéala dá réir sin. Mura mbeidh tuairim faighte ar an tréimhse sin a bheith caite, ní chuirfidh sin cosc le dul ar aghaidh tuilleadh.

Cuirfear ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, Comhairle na nAirí nó an Coimisiún tuairim an Choiste maille le taifead ar na himeachtaí.

ROINN 3

An Banc Eorpach Infheistíochta

Airteagal III-299

Beidh pearsantacht dhlítheanach ag an mBanc Eorpach Infheistíochta.

Is iad na Ballstáit is comhaltaí den Bhanc Eorpach Infheistíochta.

Tá Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta leagtha síos i bPrótacal. Féadfaidh dlí Eorpach Airteagail 4, 11 agus 12 agus Airteagal 18(5) de Reacht an Bhainc a leasú, arna iarraidh sin don Bhanc Eorpach Infheistíochta agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, nó arna iarraidh sin don Choimisiún tar éis dul i gcomhairle leis an anc Eorpach Infheistíochta.

Airteagal III-300

Is é is cúram don Bhanc Eorpach Infheistíochta rannchuidiú, trí dhul ar iontaoibh mhargadh an chaipitil agus trína acmhainní feín a úsáid, le forbairt chothromúil rianúil an chómhargaidh chun leas an Chomhphobail. Chuige sin déanfaidh an Banc, ag oibriú dó ar bhonn neamhbhrabúsmhar, iasachtaí agus ráthaíochtaí a thabhairt a éascóidh maoiniú na dtionscadal seo a leanas i ngach earnáil den gheilleagar:

(a) tionscadail le haghaidh fhorbraíocht na réigiún lagfhorbartha;

(b) tionscadail chun gnóthais a nuachóiriú nó a athrú nó chun gníomhaíochtaí úra a fhorbairt a mbeidh call leo mar gheall ar bhunú comhleanúnach an chómhargaidh, i gcás nach féidir, mar gheall ar mhéid nó cineál na dtionscadal sin, iad a mhaoiniú go hiomlán ar na modhanna éagsúla atá ar fáil sna Ballstáit leithleacha;

(c) tionscadail leasa choitinn do Bhallstáit éagsúla nach féidir, mar gheall ar a méid nó a gcineál, iad a mhaoiniú go hiomlán ar na modhanna éagsúla atá ar fáil sna Ballstáit leithleacha.

I gcomhlíonadh a chúraimí dó, éascóidh an Banc maoiniú clár infheistíochta i gcuibhreann le cabhair ó na cistí struchtúracha agus ó ionstraimí airgeadais eile an Aontais.

ROINN 4

Forálacha is coiteann d'Institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí éagsúla

Airteagal III-301

1. Nuair a ghníomhóidh Comhairle na nAirí, de bhun an Bhunreachta, ar thogra ón gCoimisiún, is gá aontoilíocht do ghníomh arb é atá ann leasú ar an togra sin, faoi réir fhorálacha Airteagail I-54, III-302 (10) agus (13), agus III-310.

2. Fad a bheidh Comhairle na nAirí gan gníomhú, féadfaidh an Coimisiún a thogra a leasú tráth ar bith le linn na nósanna imeachta as a dtiocfaidh glacadh gníomh den Aontas.

Airteagal III-302

1. Nuair a ghlactar, de bhun an Bhunreachta, dlíthe Eorpacha nó dlíthe réime Eorpacha faoin ngnáthnósimeachta reachtach, beidh na forálacha seo a leanas infheidhme.

2. Tíolacfaidh an Coimisiún togra do Pharlaimint na hEorpa agus do Chomhairle na nAirí.

Chéad léamh

3. Glacfaidh Parlaimint na hEorpa a seasamh sa chéad léamh agus cuirfidh sé i bhfios do Chomhairle na nAirí é.

4. Má fhormheasann Comhairle na nAirí an seasamh atá ag Parlaimint na hEorpa, glacfar an gníomh arna bheartú.

5. Mura bhformheasann Comhairle na nAirí an seasamh atá ag Parlaimint na hEorpa, glacfar a seasamh sa chéad léamh agus cuirfidh sé i bhfios do Pharlaimint na hEorpa é.

6. Cuirfidh Comhairle na nAirí Parlaimint na hEorpa ar an eolas go hiomlán faoi na cúiseanna a thug uirthi a seasamh a ghlacadh sa chéad léamh. Cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoina sheasamh. Tabharfaidh an Coimisiún gach eolas do Pharlaimint na hEorpa faoina sheasamh.

Dara léamh

7. Más rud é, laistigh de thrí mhí ón dáta a chuirtear an t-eolas sin chuici:

(a) go ndéanfaidh Parlaimint na hEorpa an seasamh atá ag Comhairle na nAirí sa chéad léamh a fhormheas nó nach mbeidh cinneadh glactha aici, measfar go bhfuil an gníomh i dtrácht glactha;

(b) go ndiúltóidh Parlaimint na hEorpa an an seasamh atá ag Comhairle na nAirí, trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í, measfar nach bhfuil an gníomh beartaithe glactha;

(c) go molfaidh Parlaimint na hEorpa trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í leasuithe ar an seasamh atá ag Comhairle na nAirí sa chéad léamh, cuirfear an téacs arna leasú amhlaidh chuig Comhairle na nAirí agus chuig an gCoimisiún, a thabharfaidh tuairim ar na leasuithe sin.

8. Má dhéanann Comhairle na nAirí, laistigh de thrí mhí ó na leasuithe a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe,

(a) leasuithe uile Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, measfar go bhfuil an gníomh i dtrácht glactha;

(b) mura bhformheasann sí na leasuithe uile, comórfaidh Uachtarán Chomhairle na nAirí laistigh de shé sheachtain, i gcomhaontú le hUachtarán Pharlaimint na hEorpa, cruinniú den Choiste Idir-réitigh.

9. Gníomhóidh Comhairle na nAirí d'aon toil ar na leasuithe a bhfuil tuairim dhiúltach tugtha ag an gCoimisiún ina dtaobh.

Idir-réiteach

10. Beidh de chúram ar an gCoiste Idir-réitigh, a chomhdhéanfar de chomhaltaí de Chomhairle na nAirí nó ionadaithe dóibh agus an oiread céanna ionadaithe do Pharlaimint na hEorpa, teacht ar comhaontú maidir le téacs comhpháirteach trí thromlach cáilithe de chomhaltaí na Comhairle nó ionadaithe dóibh agus trí thromlach de na hionadaithe do Pharlaimint na hEorpa laistigh de shé seachtaine óna chomóradh ar bhonn na seasaimh atá ag an bParlaimint agus ag Comhairle na nAirí sa dara léamh.

11. Beidh an Coimisiún rannpháirteach in imeachtaí an Choiste Idir-réitigh agus glacfaidh sí gach tionscnamh is gá d'fhonn seasamh Pharlaimint na hEorpa agus seasamh na Comhairle a chomhfhogasú.

12. Nuair nach bhformheasfaidh an Coiste Idir-réitigh téacs comhpháirteach laistigh de shé seachtaine óna chomóradh, measfar nach bhfuil an gníomh arna bheartú glactha.

Tríú léamh

13. Má fhormheasann an Coiste Idir-réitigh téacs comhpháirteach laistigh den tréimhse sin, beidh tréimhse sé seachtaine ón dáta sin ag Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí thromlach de na vótaí arna gcaitheamh, agus ag Comhairle na nAirí, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, chun a téacs i gceist a ghlacadh. Dá cheal sin, measfar nach bhfuil an téacs arna bheartú glactha.

14. Ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ó Chomhairle na nAirí, déanfar na tréimhsí trí mhí agus sé sheachtain dá dtagraítear san Airteagal seo a fhadú mí amháin nó dhá sheachtain faoi seach ar a mhéid.

Forálacha speisialta

15. Más amhlaidh, sna cásanna dá bhforáiltear go sonrach sa Bhunreacht, go gcuirtear dlí nó dlí réime faoi réir an ghnáthnós imeachta reachtach ar thionscnamh ó ghrúpa de Bhallstáit, nó ar thogra ón mBanc Ceannais Náisiúnta, nó arna iarraidh sin don Chúirt Bhreithiúnais nó don Bhanc Eorpach Infheistíochta, ní bheidh mír 2, an dara habairt i mír 6, agus mír 9 infheidhme.

Cuirfidh Parlaimint na hEorpa agus Comhairle na nAirí an gníomh arna bheartu i bhfios don Choimisiún mar aon lena seasaimh sa chéad agus sa dara léamh.

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó Comhairle na nAirí a thuairim ar iarraidh ar an gCoimisiún feadh na nós imeachta. Féadfaidh an Coimisiún tuairim a thabhairt ar a thionscnamh féin. Féadfaidh sé, má mheasann sé gur ghá, páirt a ghlacadh sa Choiste Idir-réitigh faoi na téarmaí dá bhforáiltear i mír 11.

Airteagal III-303

Rachaidh Parlaimint na hEorpa, Comhairle na nAirí agus an Coimisiún i gcomhairle le chéile agus eagróidh siad de thoil a chéile na rialacha mionsonraithe don chomhar eatarthu. Chuige sin, féadfaidh siad, agus an Bunreacht á urramú acu, comhaontuithe idirinstitiúideacha a thabhairt i gcrích a fhéadfaidh a bheith ceangailteach.

Airteagal III-304

1. Agus a gcúraimí a gcomhall acu, beidh riarachán Eorpach atá oscailte, éifeachtach, neamhspleách de thacaíocht ag na hInstitiúidí, comhlachtatí agus gníomhaireachtaí den Aontas.

2. Gan dochar d'Airteagal III-332, bunóidh dlí Eorpach forálacha sonracha chuige sin.

Airteagal III-305

1. Aithneoidh na hInstitiúidí, comhlachtatí agus gníomhaireachtaí den Aontas a thábhachtaí atá an trédhearcacht ina gcuid oibre agus saineoidh siad, de bhun Airteagal I-49, ina rialacha nós imeachta na forálacha sonracha a bhaineann le rochtain phoiblí ar dhoiciméid. Beidh an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach agus an Banc Ceannais Eorpach faoi réir na bhforálacha in Airteagal I-49(3) agus a bhfeidhmeanna riarthacha á bhfeidhmiú acu.

2. Áiritheoidh Parlaimint na hEorpa agus Comhairle na nAirí go ndéantar doiciméid a bhaineann leis an nós imeachta reachtach a fhoilsiú

Airteagal III-306

1. Glacfaidh Comhairle na nAirí na rialacháin agus cinntí Eorpacha a chinneann:

(a) tuarastail, slánaíochtaí agus pinsin Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Uachtarán an Choimisiúin, Aire Gnóthaí Eachtracha, na gCoimisinéirí Eorpacha agus na gCoimisinéirí, Uachtarán, Bhreithiúna agus Chláraitheoir na Cúirte Breithiúnais, agus Bhreithiúna agus Chláraitheoir na hArdchúirte;

(b) coinníollacha fostaíochta, tuarastail, slánaíochtaí agus pinsin Uachtarán agus comhaltaí na Cúirte Iniúchóirí.

Socróidh sí freisin aon slánaíocht is intugtha in ionad luach saothair.

2. Glacfaidh Comhairle na nAirí rialacháin agus cinntí Eorpach a shocraíonn slánaíochtaí na gComhaltaí den Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

Airteagal III-307

Gníomhartha ó Chomhairle na nAirí, ón gCoimisiún nó ón mBanc Ceannais Eorpach a chuireann oibleagáid airgeadais ar dhaoine nach Stáit iad, beidh siad infhorghníomhaithe.

Beidh an forghníomhú faoi rialú ag na rialacha i dtaobh nós imeachta sibhialta atá i bhfeidhm sa Stát ar ina chríoch a dhéantar an forghnímhú. Beidh an t-ordú um fhorghníomhú i gceangal leis an gcinneadh, gan d'fhoirmiúlacht ach fíorú ar bharántúlacht an chinnte, ón údarás náisiúnta a cheapfaidh Rialtas gach Ballstáit chuige sin agus a chuirfidh sé i bhfios don Choimisiún agus don Chúirt Bhreithiúnais Eorpach.

Nuair a bheidh na foirmiúlachtaí sin comhlánaithe, ar iarratas ón bpáirtí atá i gceist, féadfaidh seisean dul i gceann an fhorghníomhaithe tríd an ábhar a thabhairt go díreach os comhair an údaráis inniúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

Ní féidir an forghníomhú a fhionraí ach amháin trí bhreith na Cúirte Breithiúnais. Ach beidh dlínse ag na cúirteanna sa tír i dtrácht ar ghearáin go bhfuil an forghníomhú á dhéanamh ar dhóigh neamhrialta.

Caibidil II

FORÁLACHA AIRGEADAIS

ROINN 1

Creat ilbhliantúil airgeadais

Airteagal III-308

1. Bunófar creat airgeadais ilbhliantúil go ceann tréimhse cúig bliana ar a laghad i gcomhréir le hAirteagal I-54.

2. Socróidh an creat airgeadais ilbhliantúil méideanna na n-uasteorainneacha bliantúla ar leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí de réir earnáil chaiteachais agus méideanna na huasteorann bliantúla ar leithreasaí íocaíochta. Beidh na hearnálacha caiteachais, ar beag a líon, de réir phríomhearnálacha gníomhaíochta an Aontais.

3. Leagfaidh an creat airgeadais ilbhliantúil síos aon fhorálacha eile is gá chun gur réidh a oibreoidh an nós imeachta buiséadach bliantúil.

4. I gcás nach mbeidh dlí Eorpach ó Chomhairle na nAirí a bhunaíonn creat nua airgeadais, glactha roimh dheireadh an creat airgeadais roimhe sin, fadófar na huasteorainneacha agus na forálacha eile a bheidh de réir na bliana deireanaí den chreat sin go dtí go nglacfar an dlí sin.

5. I gcaitheamh an nós imeachta as a dtiocfaidh an creat airgeadais ilbhliantúil, glacfaidh Parlaimint na hEorpa, Comhairle na nAirí agus an Coimisiún aon bheart is gá chun críochnú rathúil an nós imeachta a éascú.

ROINN 2

Buiséad bliantúil an Aontais

Airteagal III-309

Tosóidh an bhliain airgeadais an 1 Eanáir agus críochnóidh sí an 31 Nollaig.

Airteagal III-310

Bunóidh dlí Eorpach buiséad bliantúil an Aontais in gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

1. Déanfaidh gach Institiúid, roimh an 1 Iúil, meastacháin ar a caiteachas a tharraingt suas. Comhdhlúthóidh an Coimisiún na meastacháin sin i ndréachtbhuiséad. Cuirfidh sé ag gabháil leis tuairim a bhféadfadh malairt meastachán a bheith inti.

Beidh meastachán ar ioncam agus meastachán ar chaiteachas sa dréacht sin.

Féadfaidh an Coimisiún an dréachtbhuiséad a leasú le linn an nós imeachta go dtí go ndéantar an Coiste idir-réitigh, dá dtagraítear i mír 5 thíos, a chomóradh.

2. Cuirfidh an Coimisún an dréachbhuiséad faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus Chomhairle na nAirí lá nach déanaí ná 1 Meán Fómhair den bhliain roimh an mbliain ina bhfuil an buiséad le cur chun feidhme.

3. Glacfaidh Comhairle na nAirí a seasamh ar an dréachbhuiséad agus cuirfidh sí ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa é lá nach déanaí ná 1 Deireadh Fómhair den bhliain roimh an mbliain ina bhfuil an buiséad le cur chun feidhme. Cuirfidh Comhairle na nAirí Parlaimint na hEorpa ar an eolas go hiomlán faoina cúiseanna thug uirthi a seasamha ghlacadh.

4. Más rud é laistigh de dhá lá is daichead ón eolas sin a fháil go ndéanann Parlaimint na hEorpa:

(a) an seasamh atá ag Comhairle na nAirí a fhormheas nó mura bhfuil cinneadh glactha aici, measfar go bhfuil glactha leis an dlí Eorpach a bhaineann leis an mbuiséad;

(b) leasuithe a mholadh don seasamh atá ag Comhairle na nAirí trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í, díreofar an téacs arna leasú chuig Comhairle na nAirí agus chuig an gCoimisiún. Déanfaidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, i gcomhaontú le hUachtarán Chomhairle na nAirí, cruinniú den Choiste Idir-réitigh a chomóradh láithreach.

Más rud é, laistigh de dheich lá, go gcuireann Comhairle na nAirí i bhfios do Pharlaimint na hEorpa go bhfuil a cuid leasuithe uile formheasta aici, ní thiocfaidh an Coiste Idir-réitigh le chéile.

5. Beidh de chúram ar an gCoiste Idir-réitigh, a chomhdhéanfar de chomhaltaí de Chomhairle na nAirí nó ionadaithe dóibh agus an oiread céanna ionadaithe do Pharlaimint na hEorpa, teacht ar comhaontú maidir le téacs comhpháirteach trí thromlach cáilithe de chomhaltaí Chomhairle na nAirí nó ionadaithe dóibh agus trí thromlach de na hionadaithe do Pharlaimint na hEorpa laistigh de aon lá fichead óna chomóradh ar bhonn na seasaimh atá ag Parlaimint na hEorpa agus ag Comhairle na nAirí.

6. Beidh an Coimisiún rannpháirteach in imeachtaí an Choiste Idir-réitigh agus glacfaidh sí gach tionscnamh is gá d'fhonn seasamh Pharlaimint na hEorpa agus seasamh na Comhairle a chomhfhogasú.

7. Más rud é, laistigh den aon lá fichead dá dtagraítear i mír 5, go bhformheasann an Coiste Idir-réitigh téacs comhpháirteach, beidh ag Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí thromlach na vótaí arna gcaitheamh, agus ag Comhairle na nAirí, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe, tréimhse ceithre lá dhéag ón dáta sin chun an téacs comhpháirteach a ghlacadh.

8. Más rud é, laistigh den aon lá fichead dá dtagraítear i mír 5, ní fhormheasann an Coiste Idir-réitigh téacs comhpháirteach nó má dhiúltaíonn Comhairle na nAirí an téacs comhpháirteach, féadfaidh an Pharlaimint, laistigh de cheithre lá dhéag, ag gníomhú di trí thromlach na gcomhaltaí a chomhdhéanann í agus na trí chúigiú de na vótaí arna gcaiteamh, a leasuithe a dhearbhú. Mura ndéantar an leasú ón bParlaimint a dhearbhú, meastar go bhfuil glactha leis an seasamh atá ag Comhairle na nAirí ar an mír sa bhuiséad.

Ar a shon sin, má dhiúltaíonn an Pharlaimint, ag gníomhú di trí thromlach na gcomhaltaí a chomhdhéanann í agus na trí chúigiú de na vótaí arna gcaiteamh, an téacs comhpháirteach, féadfaidh sé a iarraidh go gcuirfí dréachtnua faoina bráid.

9. Nuair atá deireadh leis an nós imeachta dá bhforáiltear san Airteagal seo, dearbhóidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa go bhfuil an dlí Eorpach abhaineann leis an mbuiséad glactha go críochnaitheach.

Airteagal III-311

1. Más rud é, i dtosach bliana airgeadais, nach bhfuil an dlí Eorpach a bhaineann leis an mbuiséad glactha fós, féadfar suim nach mó ná an dóú cuid déag de na leithreasaí buiséid arna n-iontráil sa dlí Eorpach a bhaineann leis an mbuiséad don bhliain airgeadais roimhe sin a chaitheamh gach mí i leith aon chaibidil nó foroinn eile den bhuiséad, i gcomhréir leis na forálacha sa dlí Eorpach dá dtagraítear in Airteagal III-31, ar a shon sin, ní bheidh d'éifeacht leis an socrú sin go gcuirfear ar láimh an Choimisiúin leithreasaí de bhreis ar an dóú cuid déag díobh siúd dá bhforáiltear sa dréachtbhuiséad faoi bhreithniú.

2. Féadfaidh Comhairle na nAirí, ar thogra ón gCoimisiún agus na coinníollacha eile atá leagtha síos sa chéad mhír á n-urramú aici, cinneadh Eorpach a ghlacadh a údaraíonn caiteachas de bhreis ar an dóú cuid déag. Díreoidh Comhairle na nAirí an cinneadh chuig Parlaimint na hEorpa láithreach.

Leagfaidh an cinneadh Eorpach síos na bearta is gá a bhaineann le hacmhainní chun cur i bhfeidhm an Airteagail seo a áirithiú.

Tiocfaidh sé i bhfeidhm tríocha lá tar éis a ghlactha mura bhfuil Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di trí thromlach de na comhaltaí a chomhdhéanann í, tar éis a chinneadh an caiteachas sin a laghadu laistigh den teorainn ama sin.

Airteagal III-312

I gcomhréir leis na coinníollacha arna leagan síos sa dlí Eorpach dá dtagraítear in Airteagal III-318, aon leithreasaí, seachas iad siúd a bhaineann le caiteachas ar fhoireann, atá gan caitheamh i ndeireadh na bliana airgeadais, féadfar iad a thabhairt ar aghaidh chuig an mbliain airgeadais ina dhiaidh sin, ach ní níos faide ná sin.

Aicmeofar na leithreasaí faoi chaibidlí éagsúla, agus míreanna caiteachais á ngrúpáil de réir a gcineáil nó a gcuspóra, agus á bhforoinnt i gcomhréir leis an dlí Eorpach dá dtagraítear in Airteagal III-318.

Déanfar caiteachas Pharlaimint na hEorpa, Comhairle na nAirí, an Choimisiúin agus na Cúirte Breithiúnais a leagan amach i gcodanna leithleacha den bhuiséad gan dochar do shocruithe speisialta le haghaidh míreanna áirithe caiteachais is coiteann dóibh.

ROINN 3

An buiséad a chur chun feidhme agus a urscaoileadh

Airteagal III-313

Cuirfidh an Coimisiún an buiséad chun feidhme, i gcomhar leis na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí Eorpach dá dtagraítear in Airteagal III-318, ar a fhreagracht féin agus laistigh de theorainneacha na leithreasaí arna gcionnroinnt, agus aird á tabhairt aige ar an bprionsabal a bhaineann le bainistíocht fónta airgeadais. Comhoibreoidh na Ballstáit leis an gCoimisiún chun a áirithiú go n-úsáidtear na leithreasaí i gcomhréir leis an bprionsabal sin.

Bunóidh an dlí Eorpach dá dtagraítear in Airteagal III-318 na hoibleagáidí maidir le rialú agus iniúchóireacht atá ar na Ballstáit fad a bhaineann leis an mbuiséad a chur chun feidhme agus na freagrachtaí mar thoradh air sin.

Bunóidh an dlí Eorpach dá dtagraítear in Airteagal III-318 na freagrachtaí agus na rialacha mionsonraithe do gach Institiúid maidir lena páirt ina caiteachas féin a chur chun feidhme.

Féadfaidh an Coimisiún, faoi réir na dteorainneacha agus na gcoinníollacha arna leagan síos sa dlí Eorpach dá dtagraítear in Airteagal III-318, leithreasaí a aistriú ó chaibidil go chéile nó ó fhoroinn go chéile.

Airteagal III-314

Cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus Chomhairle na nAirí gach bliain cuntais na bliana airgeadais roimhe sin maidir leis an mbuiséad a chur chun feidhme. Cuirfidh an Coimisiún chucu freisin ráiteas airgeadais ar shócmhainní agus dhliteanais an Chomhphobail.

Cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus Chomhairle na nAirí freisin tuarascáil meastóireachta ar riocht airgeadais an Aontais arna bunú ar na torthaí atá gnóthaithe, go háirithe i ndáil leis na sonraí arna dtabhairt ag Parlaimint na hEorpa aug s Comhairle na nAirí de bhun Airteagal III-315.

Airteagal III-315

1. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ag gníomhú di ar mholadh ó Chomhairle na nAirí, urscaoileadh a thabhairt don Choimisiún i leith an buiséad a chur chun feidhme. Chun na críche sin, déanfaidh Comhairle na nAirí agus Parlaimint na hEorpa, i ndiaidh a chéile, scrúdú ar na cuntais, ar an ráiteas airgeadais agus ar an tuarascáil meastóireachta dá dtagraítear in Airteagal III-314, ar an tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maille le freagraí na n-institiúidí faoi iniúchadh ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí, ar an ráiteas urrúis dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal III-290(1), agus ar aon tuarascálacha speisialta ábhartha ón gCúirt Iniúchóirí.

2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa, sula dtabharfaidh sí urscaoileadh don Choimisiún nó chun aon chríche eile faoi chuimsiú fheidhmiú chumhachtaí an Choimisiúin i leith an buiséad a chur chun feidhme, a iarraidh an Coimisiún a éisteacht ar chur chun feidhme an chaiteachais nó ar oibriú na gcóras um rialú airgeadais. Cuirfidh an Coimisiún gach eolas is gá faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa arna iarraidh sin di.

3. Déanfaidh an Coimisiún gach dícheall chun go gcuirfear na barúlacha i gcrích atá i gceangal leis na cinntí urscaoilte maille le barúlacha eile Pharlaimint na hEorpa maidir leis an gcaiteachas a chur chun feidhme agus na gluaiseanna a bheidh in éineacht leis na moltaí urscaoilte arna nglacadh ag Comhairle na nAirí.

4. Arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó do Chomhairle na nAirí, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil ar na bearta a bheidh glactha i bhfianaise na mbarúlacha agus na ngluaiseanna sin agus go háirithe ar na teagaisc a bheidh tugtha do na ranna atá freagrach as an mbuiséad a chur i ngníomh. Cuirfear na tuarascálacha sin chun na Cúirte Iniúchóirí freisin.

ROINN 4

Forálacha coiteanna

Airteagal III-316

Tarraingeofar suas an creat airgeadais ilbhliantúil agus an buiséad bliantúil in euro.

Airteagal III-317

Féadfaidh an Coimisiún, ach é a chur in iúl d'údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann, aistriú go hairgead reatha ceann de na Ballstáit a dhéanamh ar a bhfuil ina sheilbh aige d'airgead reatha Ballstáit eile, a mhéad is gá le go bhféadfar é a úsáid chun na gcríoch a cheaptar dó leis an gConradh seo. Seachnóidh an Coimisiún aistriú dá leithéid sin, chomh fada agus is féidir, má bhíonn airgead nó sócmhainní insóinseáilte ar seilbh aige sna hairgid reatha atá ag teastáil uaidh.

Déileálfaidh an Coimisiún le gach Ballstát tríd an údarás arna ainmniú ag an Stát sin. Chun oibríochtaí a chur i gcrích, bainfidh an Coimisiún leas as seirbhísí bhanc eisiúna an Bhallstáit atá i gceist nó aon institiúid airgeadais eile a bheidh formheasta ag an Stát sin.

Airteagal III-318

1. Déanfaidh an dlí Eorpach:

(a) na rialacha airgeadais a leagan síos a shocraíonn go háirithe an nós imeachta is inleanta chun an buiséad a bhunú agus a chur i ngníomh agus chun cuntais a thíolacadh agus a iniúchadh;

(b) rialacha a leagan síos maidir leis an bhfreagracht atá ag rialtóirí airgeadais, oifigigh údaráis agus oifigigh chuntais.

Glacfar é tar éis dul i gcomhairle leis an gCúirt Iniúchóirí.

2. Glacfaidh Comhairle na nAirí, ar thogra ón gCoimisiún, rialachán Eorpach a shocraíonn na rialacha mionsonraithe agus an nós imeachta ar dá réir a bheidh an t-ioncam buiséid dá bhforáiltear faoi na socruithe i dtaobh acmhainní dílse an Aontais le cur ar fáil don Choimísiún agus na bearta atá le cur i bhfeidhm, más gá, chun freastal do riachtanais airgeadais. Gníomhóidh Comhairle na nAirí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCúirt Iniúchóirí.

3. Gníomhóidh Comhairle na nAirí d'aon toil go dtí 1 Eanáir 2007 sna cásanna uile dá dtagraítear san Airteagal seo.

Airteagal III-319

Áiritheoidh Parlaimint na hEorpa, Comhairle na nAirí agus an Coimisiún go gcuirtear na meáin airgeadais ar fáil chun gur féidir leis an Aontas a chuid oibleagáidí dlítheanacha a chomhall i leith tríú páirtithe.

Airteagal III-320

Comórfar cruinnithe tráthrialta idir Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Uachtarán Chomhairle na nAirí agus Uachtarán an Choimisiúin ar thionscnamh ón gCoimisiún faoi na nósanna imeachta buiséadacha dá bhforáiltear sa Chaibidil seo. Glacfaidh na hUachtaráin gach beart is gá chun an comhairliúchán a chur ar aghaidh agus comhfhogasú a thabhairt ar sheasaimh na nInstitiúidí chun cur chun feidhme na bhforálacha sa Chaibidil a éascú.

ROINN 5

Calaois a chomhrac

Airteagal III-321

1. Déanfaidh an tAontas agus na Ballstáit an chalaois agus gach gníomhaíocht neamhdhlíthiúil eile a dhéanann díobháil do leasa airgeadais an Aontais trí bhearta arna nglacadh i gcomhréir leis an Airteagal seo. Beidh na bearta sin athchomhairleach agus de chineál a chinnteoidh cosaint éifeachtach sna Ballstáit.

2. Glacfaidh na Ballstáit na bearta céanna chun calaois a chomhrac a dhéanann díobháil do leasa airgeadais an Aontais is a ghlacann siad chun calaois a chomhrac a dhéanann díobháil dá leasa airgeadais féin.

3. Gan dochar d'fhorálacha eile sa Bhunreacht, comhordóidh na Ballstáit a ngníomhaíocht chun leasa airgeadais an Aontais a chosaint i gcoinne na calaoise. Chuige sin, eagróidh siad, i dteannta leis an gCoimisiún, dlúthchomhar tráthrialta idir na húdaráis inniúla.

4. Bunóidh dlíthe Eorpacha nó dlíthe réime Eorpacha na bearta is gá maidir leis an gcalaois a dhéanann díobháil do leasa airgeadais an Aontais a chosc agus a chomhrac ar mhaithe le cosaint éifeachtach a chinntiú sna Ballstáit. Glacfar iad tar éis dul i gcomhairle leis an gCúirt Iniúchóirí.

5. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus Chomhairle na nAirí gach bliain mar gheall ar na bearta agus forálacha atá glactha chun an tAirteagal seo a chur chun feidhme.

Caibidil III

COMHAR FEABHSAITHE

Airteagal III-322

Aon chomhar feabhsaithe déanfaidh sé Bunreacht an Aontais agus an acquis a chomhlíonadh.

Ní dhéanfaidh an comhar sin díobháil don mhargadh inmheánach ná don chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach. Ní bheidh sé ina bhacainn ar an trádáil ná ní dhéanfaidh sé idirdhealú sa trádáil idir na Ballstáit agus ní shaobhfaidh sé an iomaíocht eatarthu.

Airteagal III-323

Urramóidh aon chomhar feabhsaithe na hinniúlachtaí, cearta agus oibleagáidí atá ag na Ballstáit sin nach bhfuil rannpháirteach ann. Ní bheidh na Ballstáit sin ina mbac ar a gcur chun feidhme ag na Ballstáit atá rannpháirteach ann.

Airteagal III-324

1. Nuair atá an comhar feabhsaithe á bhunú, beidh sé ar oscailt do gach Ballstát, ach iad na coinníollacha rannpháirtíocha a fhéadfar a leagan síos sa chinneadh Eorpach um údarú a chomhlíonadh. Beidh sé ar oscailt dóibh, tráth ar bith eile freisin, ach na gníomhartha atá glactha cheana faoina chuimsiú sin, de bhreis ar aon choinníollacha den sórt sin, a chomhlíonadh.

Áiritheoidh an Coimisiún agus na Ballstáit atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe go ndéanann siad an rannpháirtíocht ag oiread agus is féidir de na Ballstáit a éascú.

2. Coinneoidh an Coimisiún agus, nuair is iomchuí, Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, na baill uile de Chomhairle na nAirí agus Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoin dul chun cinn sa chomhar feabhsaithe.

Airteagal III-325

1. Na Ballstáit ar mian leo an comhar feabhsaithe a bhunú eatarthu féin in aon cheann de na réimsí atá folaithe sa Bhunreacht, amach ón gcomhbheartas eachtrach agus slándála, díreoidh siad iarraidh chuig an gCoimisiún a shonraíonn an raon feidhme agus na cuspóirí atá ag an gcomhar feabhsaithe arna bheartú. Féadfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh chuig Comhairle na nAirí chuige sin. Mura ndéanfaidh an Coimisiún togra a thíolacadh, cuirfidh sé na Ballstáit i dtrácht ar an eolas faoi na cúiseanna nár thíolaic sé togra.

Is le dlí Eorpach ó Chomhairle na nAirí, ar thogra ón gCoimisiún, tar éis aontú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa a údarófar an comhar feabhsaithe.

2. Faoi chuimsiú an chomhbheartais eachtraigh agus slándála, cuirfear chuig Comhairle na nAirí an iarraidh ó na Ballstáit ar mian leo comhar feabhsaithe a bhunú eatarthu féin. Díreofar í chuig Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais a thabharfaidh tuairim an bhfuil an comhar feabhsaithe ag luí le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais, agus chuig an gCoimisiún, a thabharfaidh a thuairim go háirithe an bhfuil an comhar feabhsaithe ag luí le beartais eile den Aontas. Díreofar freisin í mar eolas chuig Parlaimint na hEorpa.

Is le dlí Eorpach ó Chomhairle na nAirí a thabharfar údarú dul ar aghaidh leis an gcomhar feabhsaithe.

Airteagal III-326

1. Aon Bhallstát ar mian leis bheith rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe i gceann de na réimsí atá luaite in Airteagal III-325(1), cuirfidh sé a intinn in iúl do Chomhairle na nAirí agus don Choimisiún.

Laistigh de cheithre mhí ó dháta an fógra a fháil, deimhneoidh an Coimisiún rannpháirtíocht an Bhallstáit i dtrácht. Suífidh sé más gá go bhfuil aon choinníollacha maidir leis an rannpháirtíocht comhalta agus glacfaidh sé na bearta idirthréimhseacha a mheastar is gá maidir le cur i bhfeidhm na ngníomhartha atá glactha cheana faoi chuimsiú an chomhar fheabhsaithe.

Ar a shon sin, má mheasann an Coimisiún go bhfuil coinníollacha maidir leis an rannpháirtíocht nach bhfuil comhalta, sonróidh sé na bearta atá le glacadh chun na coinníollacha sin a chomhall agus socróidh sé teorainn ama chun an iarraidh ar rannpháirtíocht a athscrúdú. Agus an iarraidh á hathscrúdú aige, gníomhóidh sé i gcomhréir leis an mír roimhe seo. Má mheasann an Coimisiún go bhfuil coinníollacha maidir leis an rannpháirtíocht nach bhfuil comhalta fós, féadfaidh an Ballstát i dtrácht an cheist a tharchur chuig Comhairle na nAirí a ghníomhóidh i gcomhréir le hAirteagal I-43(3). Féadfaidh Comhairle na nAirí, ar thogra ón gCoimisiún, na bearta idirthréimhseacha dá dtagraítear sa chéad mhír a ghlacadh.

2. Aon Bhallstát ar mian leis bheith rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe faoi chuimsiú an chomhbheartais eachtraí agus slándála, cuirfidh sé a intinn in iúl do Chomhairle na nAirí d'Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais agus don Choimisiún.

Daingníonn Comhairle na nAirí rannpháirtíocht an Bhallstáit i dtrácht, tar éis dul i gcomhairle le hAire Gnóthaí Eachtracha an Aontais. Suíonn se, más gá, go bhfuil na coinníollacha maidir leis an rannpháirtíocht comhalta. Féadfaidh Comhairle na nAirí, ar thogra ó Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais, bearta idirthréimhseacha a mheastar is gá maidir leis na gníomhatha atá glactha cheana faoi chuimsiú an chomhair fheabhsaithe a chur i bhfeidhm. Má mheasann Comhairle na nAIrí, áfach, go bhfuil coinníollacha maidir leis an rannpháirtíocht nach bhfuil comhalta fós, sonróidh sí na bearta atá le glacadh freisin chun na coinníollacha sin a chomhall agus socróidh sé teorainn ama chun an iarraidh ar rannpháirtíocht a athscrúdú.

Chun críocha na míre seo, gníomhóidh Comhairle na nAirí i gcomhréir le hAirteagal I-43(3).

Airteagal III-327

Is iad na Ballstáit rannpháirteacha a iompróidh an caiteachas a thig ón gcomhar feabhsaithe a chur chun feidhme, seachas costais riarthacha a thabhóidh na hinstitiúidí, mura gcinnfidh na comhaltaí uile i gComhairle na nAirí a mhalairt, ag gníomhú dóibh d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Airteagal III-328

Nuair atá sé leagtha síos sa Bhunreacht i bhforáil atá inchurtha i bhfeidhm faoi chuimsiú an chomhair fheabhsaithe go ngníomhóidh an Chomhairle d'aon toil, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe atá leagtha síos in Airteagal I-43(3), ar a tionscnamh fein, cinneadh go ngníomhóidh sí trí thromlach cáilithe.

Nuair atá sé leagtha síos sa Bhunreacht i bhforáil atá inchurtha i bhfeidhm faoi chuimsiú an chomhair fheabhsaithe go nglacfaidh an Chomhairle dlíthe Eorpacha nó dlíthe réime Eorpacha faoi nós imeachta reachtach speisialta, féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe atá leagtha síos in Airteagal I-43(3), ar a tionscnamh fein, cinneadh go ngníomhóidh sí faoin ngnáthnós imeachta reachtach. Gníomhóidh an Chomhairle tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Airteagal III-329

Áiritheoidh Comhairle na nAirí agus an Coimisiún comhchuibheas na ngníomhaíochtaí arna ngabháil ar láimh faoi chuimsiú an chomhair fheabhsaithe agus comhchuibheas na ngníomhaíochtaí sin le beartais an Aontais, agus comhoibreoidh siad chuige sin.

TEIDEAL VII

FORÁLACHA COITEANNA

Airteagal III-330

Ag tabhairt aird ar an gcor eacnamaíoch agus sóisialta struchtúrach sna ranna Francacha thar lear, sna nAsóir, i Maidéara agus sna hOileáin Chanáracha, a dhéantar níos measa fós mar gheall ar a n-iargúltacht, a n-oileánachas, a mbeagmhéid, a dtopagrafaíocht agus a n-aeráid achrannach, agus a spleáchas eacnamaíoch ar bheagán táirgí, a ndéanann a mbuaine agus comhcheangal díobh mórdhochar dá bhforbraíocht, déanfaidh Comhairle na nAirí, ar thogra ón gCoimisiún, rialacháin agus cinntí a ghlacadh arb é is aidhm dóibh, ach go háirithe, na coinníollacha a leagan síos chun an Bunreacht seo, lena n-áirítear comhbheartais, a chur i bhfeidhm ar na réigiúin sin. Gníomhóidh sí tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír, baineann siad go háirithe le réimsí amhail beartais chustaim agus trádála, beartas fioscach, saorlimistéir, beartais talmhaíochta agus iascaigh, coinníollacha maidir le soláthar amhábhar agus earraí tomhaltais sár-riachtanacha, státchabhracha agus coinníollacha rochtana ar chistí struchtúracha agus ar chláir chothrománacha an Aontais.

Glacfaidh Comhairle na nAirí na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír ag cur ghnéithe agus shrianta speisialta na réigiún is forimeallaí san áireamh ach gan baint d'iomláine ná de chomhchuibheas dhlíchóras an Aontais, lena n-áirítear an margadh inmheánach agus na comhbheartais.

Airteagal III-331

Ní dhéanfaidh an Bunreacht dochar ar dhóigh ar bith do na rialacha sna Ballstáit a bhfuil úinéireacht maoine faoina rialú.

Airteagal III-332

I ngach ceann de na Ballstáit, beidh ag an Aontas an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil faoin reachtaíocht náisiúnta ag daoine dlítheanacha; féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sé bheith ina pháirtí in imeachtaí dlí. Chuige sin, ionadóidh an Coimisiún an tAontas. Ar a shon sin, ionadóidh gach ceann de na hInstitiúidí é, de bhua a bhféinriail riarthach, in ábhair a bhaineann lena hoibriúchán faoi seach.

Airteagal III-333

Déanfar Rialacháin Foirne na n-oifigeach don Aontas agus Coinníollacha Fostaíochta na seirbhíseach eile don Aontas sin a leagan síos le dlí Eorpach. Glacfar an dlí sin tar éis dul i gcomhairle leis na hInstitiúidí i dtrácht.

Airteagal III-334

Chun na cúraimí a chuirtear air a chomhlíonadh, féadfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis a chruinniú, agus aon fhíorú is gá a dhéanamh, faoi na teorainneacha agus na coinníollacha arna socrú i rialachán nó cinneadh Eorpach arna nglacadh ag Comhairle na nAirí.

Airteagal III-335

1. Gan dochar d'Airteagal 5 den Phrotacal ar Reacht Chóras Eorpach na mBanc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh, socróidh dlí Eorpach nó dlí réime Eorpach bearta chun staitisticí a chur ar fáil nuair is gá sin chun gníomhaíochtaí an Aontais a chomhlíonadh.

2. Cuirfear staitisticí ar fáil i gcomhréir le neamhchlaontacht, iontaofacht, oibiachtúlacht, neamhspleáchas eolaíoch, éifeachtúlacht costais agus rúndacht na staitisticí; ní bheidh ualaí iomarcacha ar oibreoirí eacnamaíocha dá bharr.

Airteagal III-336

Beidh de cheangal ar chomhaltaí de na hInstitiúidí den Aontas, ar chomhaltaí coistí, agus ar oifigigh agus sheirbhísigh eile den Aontas, fiú tar éis deireadh a theacht lena ndualgais, gan faisnéis a nochtadh is de chineál atá faoi chumhdach na rúndachta gairmiúla, go háirithe faisnéis a bhaineann le gnóthais, lena gcaidreamh gnó nó le comhdhéanamh a gcostas.

Airteagal III-337

Beidh dliteanas conarthach an Aontais faoi rialú ag an dlí is infheidhme ar an gconradh atá i gceist.

I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, déanfaidh an Comhphobal, de réir na bprionsabal ginearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú a raibh a institiúidí nó a sheirbhísigh ina siocair leis i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna.

Beidh an dara mír roimhe seo infheidhme faoi na coinníollacha céanna maidir le damáiste a dhéanann an Banc Ceannais Eorpach nó a sheirbhísigh i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna.

Beidh dliteanas pearsanta a sheirbhísigh i leith an Aontais faoi rialú ag na forálacha atá leagtha síos sna Rialacháin Foirne nó sna Coinníollacha Fostaíochta is infheidhme orthu.

Airteagal III-338

Cinnfidh Rialtais na mBallstát, de thoil a chéile, suíomh na hInstitiúidí den Aontas.

Airteagal III-339

Glacfaidh Comhairle na nAirí, d'aon toil, rialachán Eorpach a shocraíonn an córas teangacha do na hInstitiúidí san Aontas, gan dochar do Reacht na Cúirte Breithiúnais Eorpaí.

Airteagal III-340

Beidh ag an Aontas, ar chríocha na mBallstát, na pribhléidí agus na díolúintí is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh, faoi na coinníollacha atá leagtha síos i bPrótacal an 8 Aibreán 1965 ar phribhléidí agus díolúintí na gComhphobal Eorpach. Beidh an céanna infheidhme ar an mBanc Ceannais Eorpach agus ar an mBanc Eorpach Infheistíochta.

Airteagal III-341

Ní dhéanfaidh an Bunreacht seo difear do na cearta agus na hoibleagáidí a éiríonn as comhaontuithe a tugadh i gcrích roimh 1 Eanáir 1958, nó, i dtaca le Stáit aontacha roimh dháta a n-aontachais, idir Ballstát amháin nó níos mó ar thaobh amháin agus tríú tír amháin nó níos mó ar an taobh eile.

A mhéad nach bhfuil na comhaontuithe sin ag luí leis an mBunreacht, glacfaidh an Ballstát nó na Ballstáit áirithe gach slí iomchuí chun deireadh a chur leis an neamhluí arna shuíomh. Nuair is gá, beidh na Ballstáit de chúnamh ag a chéile chun na críche sin agus glacfaidh siad comhdhearcadh nuair is iomchuí sin.

Ag cur na gcomhaontuithe dá dtagraítear sa chéad mhír i bhfeidhm dóibh, cuirfidh na Ballstáit san áireamh gur cuid dhílis den Aontas na buntáistí a fhaightear faoin mBunreacht ó gach Ballstát agus uime sin go bhfuil siad i ndlúthnasc doscartha le comhinstitiúidí a bhunú, le cumhachtaí a thabhairt dóibh, agus leis na buntáistí céanna a bheith á ndeonú ag na Ballstáit eile go léir.

Airteagal III-342

1. Ní chuirfidh an Bunreacht bac ar na rialacha seo a leanas a chur i bhfeidhm:

(a) ní bheidh ar aon Bhallstát faisnéis a sholáthar má mheasann sé go mbeadh nochtadh na faisnéise sin contrártha do leasanna bunúsacha a shlándála;

(b) féadfaidh aon Bhallstát cibé bearta is gá leis a ghlacadh chun leasa bunúsacha a shlándála a chosaint agus ar bearta iad a bhaineann le hairm, muinisin agus ábhair chogaidh a tháirgeadh nó a thrádáil. Ní foláir, áfach, gan na bearta sin a dhul chun dochair do na coinníollacha iomaíochta sa mhargadh inmheánach i gcás táirgí nach bhfuil ceaptha chun críoch míleata go sonrach.

2. Féadfaidh Comhairle na nAirí, ar thogra ón gCoimisiún, cinneadh Eorpach a ghlacadh d'aon toil a mhodhnaíonn an liosta, a shocraigh sé ar an 15 Aibreán 1958, de na táirgí a bhfuil na forálacha i mír 1(b) infheidhme orthu.

CUID A CEATHAIR

Forálacha ginearálta agus críochnaitheacha

Airteagal IV-I

Siombailí den Aontas [4]

Is éard é bratach an Aontais ciorcal ina bhfuil dháréag réalta órga ar chúlra gorm.

Bunófar roscamhrán an Aontais ar an Óid don Aoibhneas ón Naoú Siansa le Ludwig van Beethoven.

Is éard é mana an Aontais: aontaithe d'ainneoin na héagsúlachta.

Is éarad é airgeadra an Aontais an euro.

Déanfar an 9 Bealtaine a cheiliúradh ar fud an Aontais mar lá na hEorpa.

Airteagal IV-2

Conarthaí roimhe seo a aisghairm

Aisghairfear ón dáta an Conradh a bhunaíonn an Bunreacht a theacht i bhfeidhm an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, an Conradh ar an Aontas Eorpach agus na hionstraimí agus na conarthaí a rinne iad a fhorlíonadh nó a leasú agus atá liostaithe sa Phrótacal a ghabhann leis an gConradh a bhunaíonn an Bunreacht.

Airteagal IV-3

Leanúnachas dlíthiúil i ndáil leis an gComhphobal Eorpach agus leis an Aontas Eorpach

Tiocfaidh an tAontas Eorpach i gcomharbas ar chearta uile agus ar oibeagáidí uile na gComhphobal Eorpach agus an Aontais, cibé acu ar inmheánach atá siad nó gur ó reachtaíocht náisiúnta a thig siad, a bhí ann roimh theacht i bhfeidhm don Chonradh ag bunú an Bhunreachta de bhua conarthaí, prótacal agus ionstraimí a chuaigh roimhe, lena n-áirítear sócmhainní agus dliteanais uile na gComhphobal agus an Aontais, agus a gcartlanna.

Maidir leis na forálacha de ghníomhartha Institiúidí an Aontais, arna nglacadh de bhua na gconarthaí agus na n-ionstraimí dá dtagraítear sa chéad mhír, fanfaidh siad i bhfeidhm faoi na coinníollacha atá leagtha síos sa Phrótacal a ghabhann leis an gConradh ag bunú an Bhunreachta. Coimeádfar dlí-eolaíocht Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach mar fhoinse don léiriú ar dhlí an Aontais.

Airteagal IV-4

Raon feidhme

1. Beidh an Conradh seo infheidhme ar Ríocht na Beilge, Ríocht na Danmhairge, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Éire, Poblacht na hIodáile, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Portaingéile, Poblacht na Fionlainne, Ríocht na Sualainne, Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann,…

2. Beidh an Conradh a bhunaíonn an Bunreacht infheidhme ar na ranna Francacha thar lear, na hAsóir, Maidéara agus na hOileáin Chanáracha, i gcomhréir le hAirteagal III-326 de Chuid III.

3. Beidh na socruithe speisialta i dtaobh comhlachais atá leagtha amach i dTeideal IV de Chuid III den Chonradh a bhunaíonn an Bunreacht infheidhme ar na tíortha agus críocha thar lear atá luaite sa liosta in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an CCE.

Ní bheidh an Conradh a bhunaíonn an Bunreacht infheidhme ar thíortha ná críocha thar lear a bhfuil caidreamh speisialta acu le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann agus nach bhfuil luaite sa liosta sin.

4. Beidh an Conradh a bhunaíonn an Bunreacht infheidhme ar na críocha Eorpacha a bhfuil Ballstát freagrach ina gcaidreamh eachtrach.

5. Beidh an Conradh a bhunaíonn an Bunreacht infheidhme ar Oileáin Åland i gcomhréir leis na forálacha atá leagtha amach i bPrótacal 2 a ghabhann leis an Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais Phoblacht na hOstaire, Phoblacht na Fionlainne agus Ríocht na Sualainne.

6. De mhaolú ar na míreanna roimhe seo:

(a) ní bheidh an Conradh ag bunú an Bhunreachta infheidhme ar Oileáin Fharó;

(b) ní bheidh an Conradh a bhunaíonn an Bunreacht infheidhme ar limistéir cheannasachta Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann sa Chipir;

(c) ní bheidh an Conradh a bhunaíonn an Bunreacht infheidhme ar Oileáin Mhuir nIocht ná Oileán Mhanann ach a mhéad is gá chun a áirithiú go bhfeidhmeofar an córas dá bhforáiltear do na hoileáin sin sa Chonradh i dtaobh aontachas na mBallstát nua le Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus leis an gComhphobal Eorpach d'Fhuinneamh Adamhach, a síníodh ar an 22 Eanáir 1972.

Airteagal IV-5

Aontais réigiúnacha

Ní chuirfidh forálacha an Chonartha ag bunú an Bhunreachta bac le haontais réigiúnacha idir an Bheilg agus Lucsamburg, nó idir an Bheilg, Lucsamburg agus an Ísiltír, a bheith ann nó a chomhlánú, sa mhéid nach bhfuil aidhmeanna na n-aontas réigiúnach sin á ngnóthú tríd an gConradh sin a chur i bhfeidhm.

Airteagal IV-6

Prótacail

Is cuid dhílis den Chonradh seo na Prótacail atá i gceangal leis.

Airteagal IV-7

Nós imeachta chun an Conradh a bhunaíonn an Bunreacht a athbhreithniú

1. Féadfaidh Rialtas aon Bhallstáit, Parlaimint na hEorpa nó an Coimisiún tograí a chur faoi bhráid Chomhairle na nAirí chun an Conradh a bhunaíonn an Bunreacht a athbhreithniú. Cuirfear na tograí seo i bhfios do na Parlaimintí náisiúnta sna Ballstáit.

2. Má dhéanann an Chomhairle Eorpach, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gCoimisiún, trí thromlach simplí cinneadh a ghlacadh i bhfabhar scrúdú a dhéanamh ar na leasuithe a bheartaítear, comórfaidh Uachtarán na Comhairle Eorpaí Coinbhinsiún arb iad a bheidh air ionadaithe do na Parlaimintí náisiúnta sna Ballstáit, do Cheannairí Stáit nó Rialtais na mBallstát, do Pharlaimint na hEorpa agus don Choimisiún. Rachfar i gcomhairle freisin leis an mBanc Ceannais Eorpach i gcás leasuithe institiúideacha sa réimse airgeadaíochta. Féadfaidh an Chomhairle Eorpach a chinneadh trí thromlach simplí gan an Coinbhinsiún a chomóradh mura bhfuil call leis de bharr raon na leasuithe arna mbeartú. Sa chás déanach, saineoidh an Chomhairle Eorpach na téarmaí tagartha don chomhdháil d'ionadaithe do rialtais na mBallstát.

Scrúdóidh an Coinbhinsiún na tograí maidir le leasuithe agus glacfaidh sé de chomhthoil moladh chuig an gcomhdháil d'ionadaithe do rialtais na mBallstát dá bhforáiltear i mír 3.

3. Comórfaidh Uachtarán Chomhairle na nAirí an chomhdháil d'ionadaithe do rialtais na mBallstát chun na leasuithe a bheidh le déanamh ar an gConradh a bhunaóinn an Bunreacht a chinneadh de thoil a chéile.

Tiocfaidh na leasuithe i bhfeidhm tar éis a ndaingnithe ag na Ballstáit go léir i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

4. Más rud é, dhá bhliain tar éis an Conradh a leasaíonn an Bunreacht a shíniú, go bhfuil sé daingnithe ag ceithre chúigiú de na Ballstáit agus go bhfuil deacrachtaí ag Ballstát amháin nó níos mó dul ar aghaidh leis an daingniúchán, déanfar an cheist a tharchur chuig an gComhairle Eorpach.

Airteagal IV-8

An Conradh a bhunaíonn an Bunreacht a ghlacadh, a dhaingniú agus a theacht i bhfeidhm

1. Déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha daingniú ar an gConradh a bhunaíonn an Bunreacht i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach. Taiscfear na hionstraimí daingniúcháin le Rialtas Phoblacht na hIodáile.

2. Tiocfaidh an Conradh a bhunaíonn an Bunreacht i bhfeidhm ar an …., ar an gcuntar go bhfuil gach ionstraim daingniúcháin taiscthe, nó, ina éagmais sin, ar an gcéad lá den mhí i ndiaidh thaisceadh na hionstraime daingniúcháin ag an gceann is déanaí de Stáit a shínithe a dhéanfaidh an taisceadh sin.

Airteagal IV-9

Tá an Conradh a bhunaíonn an Bunreacht tugtha i gcrích go ceann tréimhse gan teorainn.

Airteagal IV-10

Teangacha [5]

Rinneadh an Conradh a bhunaíonn an Bunreacht a tharraingt suas i scríbhinn bhunaidh amháin sa Bhéarla, sa Danmhairgis, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, sa Ghaeilge, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, san Iodáilis, san Ollainnis, sa Phortaingéilis, sa Spáinnis, sa tSualainnis, san Eastóinis, sa Laitvis, sa Liotuáinis, sa Mháltais, sa Pholainnis, sa tSeicis, sa tSlóvaicis, sa tSlóivéinis agus san Ungáiris agus comhúdarás ag na téacsanna i ngach ceann de na teangacha sin; taiscfear é i gcartlann Rialtas Phoblacht na hIodáile agus cuirfidh an Rialtas sin cóip dheimhnithe chuig Rialtas gach ceann eile de na Stáit shínitheacha.

[*] Tá an Iarscríbhinn seo, a fhreagraíonn do Iarscríbhinn I de CAE, le bunú.

[**] Tá an Iarscríbhinn seo, a fhréagraíonn do Iarscríbhinn I de CAE, le bunú.

[3] Feic an Dearbhú maidir leis an tSeirbhís Eachtrach um Ghníomhaíocht Eorpach a chur ar bun.

[4] Measann an Coinbhinsiún gurbh fhearr an tAirteagal seo a chur i gCuid I.

[5] Le coigeartú i gcomhréir leis an Ionstraim Aontachais.

--------------------------------------------------

PRÓTACAL MAIDIR LE RÓL NA bPARLAIMINTÍ NÁISIÚNTA SAN AONTAS EORPACH

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG MEABHRÚ DÓIBH gur ceist é a bhaineann leis an eagrúchán agus cleachtas bunreachtúil ar leith i ngach Ballstát an dóigh ina mionscrúdaíonn na Parlaimintí náisiúnta leithleacha a gcuid rialtas féin i ndáil le gníomhaíochtaí an Aontais,

ÓS MIAN LEO, áfach, na Parlaimintí náisiúnta a chothú chun páirt níos mó a ghlacadh i ngníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh agus íad a dhéanamh níos ábalta chun a gcuid tuairmí a chur i bhfriotal ar thograí reachtacha agus ar ábhair eile a bhfuil suim ar leith acu iontu,

TAR ÉIS A CHOMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an mBunreacht:

I. Faisnéis chuig Parlaimintí náisiúnta na mBallstát

1. Díreoidh an Coimisiún gach doiciméad comhairliúcháin dá chuid (páipéir uaithne agus bána agus cumarsáidí) go díreach chuig na Parlaimintí náisiúnta sna Ballstáit ar iad a fhoilsiú. Cuirfidh an Coimisiún freisin chuig na Parlaimintí náisiúnta sna Ballstáit an clár reachtach bliantúil mar aon le haon ionstraim eile a bhaineann le pleanáil reachtach nó straitéis beartais a chuireann sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus Chomhairle na nAirí san am céanna a chuirtear chuig na hInstitiúidí sin iad.

2. Cuirfear gach togra reachtach arna chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig Comhairle na nAirí ar aon uain chuig na Parlaimintí náisiúnta sna Ballstáit.

3. Féadfaidh na Parlaimintí náisiúnta sna Ballstáit tuairim réasúnaithe a chur chuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Uachtarán Chomhairle na nAirí agus Uachtarán an Choimisiúin á rá an gcomhlíonann togra reachtach prionsabal na coimhdeachta, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos sa Phrótacal maidir le prionsabal na coimhdeachta agus prionsabal na comhréireachta a chur i bhfeidhm.

4. Beidh tréimhse sé seachtaine ann idir dáta an Coimisiún togra reachtach a chur ar fáil chuig Parlaimint na hEorpa, chuig Comhairle na nAirí agus chuig na Parlaimintí náisiúnta sna Ballstáit i dteangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus an dáta a chuirfear ar chlár oibre Chomhairle na nAirí é lena ghlacadh nó le seasamh a ghlacadh faoi nós imeachta reachtach, cé gur féidir eisceachtaí ar fhorais phráinne a sonrófar na cúiseanna sa ghníomh nó sa chomhsheasamh. Ach amháin i gcásanna práinneacha a bhfuil cúiseanna cuí tugtha ina leith, ní fhéadfar aon chomhaontú a bhunú ar thogra reachtach le linn na sé seachtaine sin. Ní mór deich lá a bheith rite idir togra a chur ar chlár oibre Chomhairle na nAirí agus comhsheasamh a ghlacadh.

5. Seolfar na cláir oibre do na cruinnithe de Chomhairle na nAirí mar aon le torthaí na gcruinnithe sin, lena n-áirítear na miontuairiscí de na cruinnithe nuair atá tograí reachtacha á bplé ag Comhairle na nAirí, go díreach chuig na Parlaimintí náisiúnta sna Ballstáit san am céanna a chuirtear chuig na rialtais sna Ballstáit iad.

6. Nuair atá sé ar intinn ag an gComhairle Eorpach dul ar iontaoibh na forála sa chéad fhomhír in Airteagal I-24(4), cuirfear na Parlaimintí náisiúnta ar an eolas faoi roimh ré.

Nuair atá sé ar intinn ag an gComhairle Eorpach dul ar iontaoibh na forála sa dara fomhír in Airteagal I-24(4), cuirfear na Parlaimintí náisiúnta ar an eolas faoi ceithre mhí ar a laghad sula nglacfar aon chinneadh.

7. Cuirfidh an Chúirt Iniúchóirí a tuarascáil bhliantúil chuig na Parlaimintí náisiúnta sna Ballstáit mar eolas san am céanna a chuirtear chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig Comhairle na nAirí í

8. Má tá Parlaimintí náisiúnta ann ina bhfuil dhá sheomra, beidh na forálacha seo infheidhme ar an dá sheomra.

II. Comhar idirpharlaiminteach

9. Cinnfidh Parlaimint na hEorpa agus na Parlaimintí násiúnta i gcomhar le chéile cad é mar is féidir an comhar idirpharlaiminteach a eagrú agus a chur ar aghaidh go héifeachtach tráthrialta san Aontas Eorpach.

10. Féadfaidh Comhdháil na gCoistí um Ghnóthaí Eorpacha aon aighneacht is cuí léi a chur i láthair Pharlaimint na hEorpa, Chomhairle na nAirí agus an Choimisiúin. Ina theannta sin, cuirfidh an Comhdháil sin ar aghaidh an malartú faisnéise agus an cleachtas is fearr idir na Parlaimintí náisiúnta sna Ballstáit agus Parlaimint na hEorpa, lena n-áirítear a gcoistí speisialta. Féadfaidh an Chomhdháil comhdhálacha idirpharlaiminteacha a eagrú freisin ar théamaí sonracha, go háirithe ábhair a phlé a bhaineann leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála agus an comhbheartas slándála agus cosanta. Ní bheidh aighneachtaí ón gComhdáil ina gceangal ar Pharlaimintí náisiúnta agus ní dhéanfaidh siad réamhbhreith ar a seasaimh.

--------------------------------------------------

PRÓTACAL MAIDIR LE PRIONSABAL NA COIMHDEACHTA AGUS PRIONSABAL NA COMHRÉIREACHTA A CHUR I bhFEIDHM

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO a áirithiú go nglactar cinntí ar leibhéal chomh gar do na saoránaigh agus is féidir,

AR A BHEITH BEARTAITHE ACU na coinníollacha a bhunú le prionsabal na coimhdeachta agus prionsabal na comhréireachta, mar atá siad leagtha amach in Airteagal 9 den Bhunreacht, a chur i bhfeidhm, agus córas a bhunú chun faireachán a dhéanamh ar na hInstitiúidí na prionsabail sin a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS A CHOMHAONTÚ ar na forálacha seo a leanas, a chuirfear i gceangal leis an mBunreacht:

1. Áiritheoidh gach Institiúid go ndéantar prionsabal na coimhdeachta agus prionsabal na comhréireachta, mar atá siad leagtha amach in Airteagal 9 den Bhunreacht, a urramú go tairiseach.

2. Sula ndéanfaidh sé gníomhartha reachtacha a mholadh déanfaidh an Coimisiún comhairliúchán forleathan. Cuirfidh na comhairliúcháin sin san áireamh, más iomchuí, an éirim réigiúnach agus áitiúil den ghníomh arna bheartú. I gcásanna práinn eisceachtúil, ní sheolfaidh an Comisiún na comhairliúcháin sin. Tabharfaidh sé cúiseanna leis an gcinneadh ina thogra.

3. Cuirfidh an Coimisiún gach togra reachtach dá chuid mar aon leis na tograí leasaithe chuig na Parlaimintí náisiúnta sna Ballstát san am céanna a chuirtear chuig reachtóir an Aontais iad. Cuirfidh Parlaimint na hEorpa agus Comhairle na nAirí a cuid rún reachtach agus a cuid seasamh faoi seach, ar iad a ghlacadh, chuig na Parlaimintí náisiúnta sna Ballstáit.

4. Tabharfaidh an Coimisiún réasúnú lena thogra fad a bhaineann le prionsabal na coimhdeachta agus prionsabal na comhréireachta. Ba chóir go mbeadh in aon togra reachtach ráiteas mionsonraithe chun gur féidir a mheas an gcomhlíontar prionsabal na coimhdeachta agus prionsabal na comhréireachta. Ba chóir go mbeadh sa ráiteas sin freisin meastachán éigin ar iarmhairt airgeadais an togra agus, i gcás dlí réime, ar na himpleachtaí ar na rialacha atá le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit, lena n-áirítear, más gá, an reachtaíocht réigiúnach. Ní mór na cúiseanna lena mhaíomh gur fearr is féidir cuspóir de chuid an Aontais a ghnóthú ar leibhéal an Aontais a fhódú le táscairí cáilíochtúla, agus nuair le féidir, le táscairí cainníochtúla. Tabharfaidh an Coimisiún aird ar a riachtanaí atá sé go ndéantar aon ualach, bíodh sé ina ualach airgeadais nó riarthach, a thiteann ar an Aontas, ar rialtais náisiúnta, údaráis réigiúnacha nó áitiúla, oibreoirí eacnamaíocha nó saoránaigh, a íoslaghdú agus go bhfuil sé comhchuimseach leis an gcuspóir atá le gnóthú.

5. Féadfaidh aon Pharlaimint náisiúnta nó aon seomra i bParlaimint náisiúnta de chuid Ballstáit, laistigh de shé seachtaine ó dháta an Coimisiún a thogra reachtach a sheoladh, tuairim réasúnaithe a chur cuig Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Uachtarán Chomhairle na nAirí agus Uachtarán an Choimisiúin á rá cad chuige a measann sé nach gcomhlíonann an togra i gceist prionsabal na coimhdeachta. Braithfidh sé ar gach Parlaimint náisiúnta nó gach seomra i bParlaimint náisiúnta dul i gcomhairle, nuair is iomchuí, le Parlaimintí réigiúnacha a bhfuil cumhachtaí reachtacha acu.

6. Tabharfaidh Parlaimint na hEorpa, Comhairle na nAirí agus an Coimisiún aird ar na tuairimí réasúnaithe ó na Parlaimintí náisiúnta sna Ballstáit nó ó sheomra i bParlaimint náisiúnta.

Beidh dhá vóta ag na Parlaimintí náisiúnta sna Ballstáit a bhfuil córas Parlaiminteach aon seomra acu agus beidh aon vóta amháin ag gach seomra i gcóras Parlaiminteach ina bhfuil dhá sheomhra.

Nuair atá tuairimí réasúnaithe maidir le togra ón gCoimisiún a bheith ar neamhchomhlíonadh le prionsabal na coimhdeachta in ionannas le trian ar a laghad de na vótaí uile arna gcionroinnt ar na Parlaimintí náisiúnta sna Ballstáit agus a gcuid seomraí, déanfaidh an Coimisiún a thogra a athbhreithniú. Beidh an tairseach seo ina cheathrú ar a laghad i gcás togra ón gCoimisiún nó tionscnamh a thagann ó ghrúpa de Bhallstáit faoi na forálacha in Airteagal III-165 den Bhunreacht maidir le limistéar saoirse, slándála agus ceartais.

Ar athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh a thogra a choimeád ar bun, a leasú nó a tharraingt siar. Tabharfaidh an Coimisiún cúiseanna lena chinneadh.

7. Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais caingne a éisteacht ar an bhforas go ndearnadh prionsabal na coimhdeachta a shárú trí ghníomh reachtach, arna dtabhairt i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos in Airteagal III-270 den Bhunreacht ag Ballstáit nó arna gcur in iúl acu i gcomhréir lena n-ord dlí thar ceann a gcuid parlaimintí náisiúnta nó seomra dá gcuid.

I gcomhréir leis an Airteagal céanna den Bhunreacht, féadfaidh Coiste na Réigiún caingne den sórt sin a thionscnamh freisin maidir le gníomhartha reachtacha má fhoráiltear sa Bhunreacht nach mór dul i gcomhairle leis lena nglacadh.

8. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil gach bliain faoi bhráid na Comhairle Eorpaí, Pharlaimint na hEorpa, Chomhairle na nAirí agus na bParlaimintí náisiúnta sna Ballstáit maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 9 den Bhunreacht. Díreofar an tuarascáil bhliantúil freisin chuig Coiste na Réigiún agus chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta.

--------------------------------------------------

PRÓTACAL MAIDIR LE hIONADAÍOCHT NA SAORÁNACH I bPARLAIMINT NA hEORPA AGUS UALÚ NA VÓTAÍ SA CHOMHAIRLE EORPACH AGUS I gCOMHAIRLE NA nAIRÍ

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA

TAR ÉIS NA FORÁLACHA SEO a leanas, a bheidh i gceangal leis an gConaradh a bhunaíonn Bunreacht don Eoraip, a ghlacadh

Airteagal 1

Forálacha a bhaineann le Parlaimint na hEorpa

Go feadh an téarma parlaiminteach 2007-2009, is mar seo a leanas líon na n-ionadaithe a thoghfar do Pharlaimint na hEorpa i ngach Ballstát:

An Bheilg | 24 |

Poblacht na Seice | 24 |

An Danmhairg | 14 |

An Ghearmáin | 99 |

An Eastóin | 6 |

An Ghréig | 24 |

An Spáinn | 54 |

An Fhrainc | 78 |

Éire | 13 |

An Iodáil | 78 |

An Chipir | 6 |

An Laitvia | 9 |

An Liotuáin | 13 |

Lucsamburg | 6 |

An Ungáir | 24 |

Málta | 5 |

An Ísiltír | 27 |

An Ostair | 18 |

An Pholainn | 54 |

An Phortaingéil | 24 |

An tSlóivéin | 7 |

An tSlóvaic | 14 |

An Fhionlainn | 14 |

An tSualainn | 19 |

An Ríocht Aontaithe | 78 |

Airteagal 2

Forálacha a bhaineann le hualú na vótaí sa Chomhairle Eorpach agus i gComhairle na nAirí

1. Leanfaidh na forálacha seo a leanas de bheith i bhfeidhm go dtí an 1 Samhain 2009, gan dochar d'Airteagal 24.

Le haghaidh pléití sa Chomhairle Eorpach agus i gComhairle na nAirí a éilíonn tromlach cáilithe, déanfar vótaí na gcomhaltaí a ualú mar a leansas:

An Bheilg | 12 |

Poblacht na Seice | 12 |

An Danmhairg | 7 |

An Ghearmáin | 29 |

An Eastóin | 4 |

An Ghréig | 12 |

An Spáinn | 27 |

An Fhrainc | 29 |

Éire | 7 |

An Iodáil | 29 |

An Chipir | 4 |

An Laitvia | 4 |

An Liotuáin | 7 |

Lucsamburg | 4 |

An Ungáir | 12 |

Málta | 3 |

An Ísiltír | 13 |

An Ostair | 10 |

An Pholainn | 27 |

An Phortaingéil | 12 |

An tSlóivéin | 4 |

An tSlóvaic | 7 |

An Fhionlainn | 7 |

An tSualainn | 10 |

An Ríocht Aontaithe | 29 |

Glacfar cinntí má tá 232 vóta ar a laghad i bhfabhar atá in ionannas le tromlach na gcomhaltaí nuair is gá faoin mBunreacht iad a ghlacadh ar thogra ón gCoimisiún. I gcásanna eile glacfar cinntí má tá 232 i bhfabhar atá in ionannas le dhá thrian ar a laghad de na comhaltaí.

Féadfaidh ball den Chomhairle Eorpach nó ball de Chomhairle na nAirí a iarraidh, nuair a ghlacann an Chomhairle Eorpach nó Comhairle na nAirí cinneadh trí thromlach cáilithe, go ndéantar a áirithiú go bhfuil na Ballstáit a déanann an tromlach cáilithe in ionannas le 62 % ar a laghad de dhaonra iomlán an Aontais. Más amhlaidh nach mar sin atá, ní ghlacfar an cinneadh.

2. Tráth gach aontachais iardain, déanfar an tairseach dá dtagraítear sa mhír roimhe seo a ríomh chun a áirithiú nach mó tairseach an tromlaigh cháilithe arna léiriú i vótaí ná an tairseach a leanann ón tábla sa Dearbhú maidir le méadú an Aontais Eorpaigh san Ionstraim Chríochnaitheach den Chomhdháil a ghlac Conradh Nice.

--------------------------------------------------

PRÓTACAL MAIDIR LEIS AN nGRÚPA EURO

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

ÓS MIAN LEO taobhú le dálaí um fhás eacnamaíoch níos láidre san Eoraip agus, chuige sin, comhórdú buandlúite a fhorbairt ar na beartais eacnamaíocha arna nglacdh ag na Ballstát s limistéar euro,

ÓS FEASACH dóibh an gá atá le forálacha speisialta a leagan síos don agallamh feabhsaithe idir na Stáit a bhfuil an euro glactha acu, go dtí go n-aontaíonn na Ballstáit uile den Aontas don limistéar euro,

TAR ÉIS na forálacha seo a leanas, atá i gceangal leis an mBunreacht, a chomhaontú:

Airteagal 1

Tiocfaidh na hAirí ó na Stáit a bhfuil an euro glactha acu le chéile go neamhfhoirmiúil. Beidh na cruinnithe sin ann, nuair is gá, chun ceisteanna a phlé a bhaineann leis na freagrachtai sonracha atá a roinnt acu maidir leis an airgeadra aonair. Tabharfar cuireadh don Choimisiún agus don Bhanc Ceanais Eorpach páirt a ghlacadh sna cruinnithe sin agus is iad na hionadaithe do na hAiri a bhfuil freagracht acu as cúrsai airgeadais sna Ballstáit a bhfuil an euro glactha acu a ullmhóidh iad.

Airteagal 2

Toghfaidh na hAiri ó na Ballstáit a bhfuil an euro glactha acu uachtarán go ceann dhá bhliain go leith, trí thromlach de na Ballstáit sin.

--------------------------------------------------

PRÓTACAL A LEASAÍONN CONRADH EURATOM

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA,

AG CUR I GCUIMHNE a thábhachtái atá sé go leanfadh na forálacha den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach de lánéifeacht dlí a bheith acu,

ÓS MIAN LEO, áfach, an Conradh a chur in oiriúint do na rialacha nua atá bunaithe sa Chonradh a bhunaíonn Bunreacht don Eoraip, go háirithe na réimsí institiúideacha agus airgeadais,

TAR ÉIS na forálacha seo a leanas a ghlacadh atá i gceangal leis an gConradh a bhunaíonn Bunreacht don Eoraip agus an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach a leasú mar a leanas:

Airteagal 1

Aisghairtear Airteagal 3.

Airteagal 2

Sa cheannteideal do Theideal III cuirtear "Forálacha institiúideacha agus airgeadais" in ionad "Forálacha institiúideacha".

Airteagal 3

1. Cuirtear an tAirteagal seo a leanas in ionad Airteagal 107:

"Airteagal 107

Na forálacha Institiúideacha agus airgeadais den Chonradh a bhunaíonn Bunreacht don Eoraip (Airteagail I-18 go I-38, Airteagail I-52 go I-55 agus Airteagail III-227 go III-316) agus Airteagal I-58 den Chonradh sin, beidh siad infheidhme ar an gConradh seo gan dochar do na forálacha sonracha atá leagtha síos in Airteagail 134, 135, 144, 145, 157, 171, 172, 174 agus 176."

2. Aisghairtear Airteagail 107a go 133, 136 go 143, 146 go 156, 158 go 170, 173, 173a, 175 agus 177 go 183a.

Airteagal 4

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Theideal IV "Forálacha airgeadais":

"Forálacha airgeadais sonracha"

.

Airteagal 5

Sa dara mír d'Airteagal 38 agus sa tríú mír d'Airteagal 82, cuirtear Airteagail III-265 agus III-266 faoi seach ón gConradh a bhunaíonn Bunreacht don Eoraip in ionad na dtagairtí d'Airteagail 141 agus 142.

In Airteagal 171(2), sa chéad mhír d'Airteagal 175, agus in Airteagal 176(3) cuirtear III-318 ón gConradh a bhunaíonn Bunreacht don Eoraip in ionad na tagartha d'Airteagail 183.

Sa cheathrú mír d'Airteagal 172 cuirtear III-310 ón gConradh a bhunaíonn Bunreacht don Eoraip in ionad na tagartha d'Airteagal 177(5).

Sa mhír deiridh d'Airteagal 18, agus in Airteagal 83(2), cuirtear III-307 ón gConradh a bhunaíonn Bunreacht don Eoraip in ionad na tagartha d'Airteagail 183.

Sna hAirteagail 38 agus 82, cuirtear "cinneadh Eorpach" in ionad "treoir".

Sa Chonradh cuirtear "cinneadh Eorpach" in ionad "cinneadh".

Airteagal 6

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 190:

"Déanfaidh Comhairle na nAirí, ag gníomhú di d'aon toil, na rialacha i dtaobh teangacha na nInstitiúidí a chinneadh, gan dochar do na forálacha atá i Reacht na Cúirte Breithiúnais."

Airteagal 7

Leasaítear Airteagal 198 mar a leanas:

"(a) í bheidh an Conradh seo infheidhme ar Oileáin Fharó."

Airteagal 8

Leasaítear Airteagal 201 mar a leanas:

"Bunóidh an Comhphobal dlúthchomharaíocht leis an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíoch; socrófar na rialacha mionsonraithe di de thoil a chéile."

Airteagal 9

Leasaítear Airteagal 206 mar a leanas:

"Féadfaidh an Comhphobal comhaontuithe a thabhairt i gcrích le Stát amháin nó níos mó nó le heagraíocht idirnáisiúnta amháin nó níos mó, a bhunaíonn comhlachas lena ngabhfaidh cearta agus oibleagáidí cómhalartacha, comhghníomhaíochtaí agus nósanna imeachta speisialta.

Is é Comhairle na nAirí a thabharfaidh na comhaontuithe sin i gcrích ag gníomhú di d'aon toil tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa.

Nuair a éilíonn na comhaontuithe sin nach mór an Conradh seo a leasú, glacfar na leasuithe sin ar an gcéad dul síos i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal IV-7 den Chonradh a bhunaíonn Bunreacht don Eoraip."

--------------------------------------------------

Dearbhú atá i gceangal leis an bPrótacal maidir le hionadaíocht na saoránach i bParlaimint na hEorpa agus ualú na vótaí sa Chomhairle Eorpach agus i gComhairle na nAirí

Is mar seo a leanas an comhsheasamh a ghlacfaidh na Ballstáit den Aontas Eorpach tráth chomhdhálacha aontachais na Rómaíne agus/nó na Bulgáire don Aontas Eorpach fad a bhaineann le cionroinnt na suíochán i bParlaimint na hEorpa agus ualú na vótaí sa Chomhairle Eorpach agus i gComhairle na nAirí. Má tharlaíonn go n-aontaíonn an Rómáin agus/nó an Bhulgáir don Aontas Eorpach sula dtagann an cinneadh ón gComhairle Eorpach i bhfeidhm atá luaite in Airteagal 19(2) den Bhunreacht, déanfar líon a n-ionadaithe tofa do Pharlaimint na hEorpa a ríomh ar bhonn na bhfigiúirí 33 agus 17 faoi seach, arna gceartú de réir na foirmle céanna agus an fhoirmle faoinar cinneadh líon na n-ionadaithe do Pharlaimint na hEorpa ó gach Ballstát mar atá sé sonraithe sa Phrótacal maidir le hIonadaíocht na saoránach i bParlaimint na hEorpa agus ualú na vótaí sa Chomhairle Eorpach agus i gComhairle na nAirí.

De mhaolú ar Airteagal I-19(2) den Bhunreacht, féadfar a fhoráil sa Chonradh Aontachais don Aontas Eorpach gur mó ná 736 go sealadach líon na gcomhaltaí i bParlaimint na hEorpa don chuid eile den téarma parlaiminteach 2004 go 2009.

Gan dochar d'Airteagal I-24(2) den Bhunreacht, is é 14 agus 10 ualú na vótaí don Rómáin agus don Bhulgáir sa Chomhairle Eorpach agus i gComhairle na nAirí faoi seach go dtí an 1 Samhain 2009. Tráth gach aontachais socróidh Comhairle na nAirí an tairseach atá luaite sa Phrótacal maidir le hionadaíocht na saoránach i bParlaimint na hEorpa agus ualú na vótaí sa Chomhairle Eorpach agus i gComhairle na nAirí.

--------------------------------------------------

Dearbhú maidir le Seirbhís Eorpach um Ghníomhaíocht Eachtrach

Chun bheith de chúnamh ag Aire Gnóthaí Eachtracha todhchaí an Aontais, arna thabhairt isteach in Airteagal I-27 den Bhunreacht, chun a f(h)eidhmeanna a fheidhmiú, comhaontaíonn an Coinbhinsiún ar a riachtanaí atá sé go gcomhaontódh an Chomhairle agus an Coimisiún, gan dochar do na cearta atá ag Parlaimint na hEorpa, seirbhís chomhpháirteach aonair a bhunú (Seirbhís Eorpach um Ghníomhaíocht Eachtrach) arna comhdhéanamh d'oifigigh ó na ranna ábhartha d'Ardrúnaíocht Chomhairle na nAirí agus den Choimisiún agus d'fhoireann ar iasacht ó na Seirbhísi Taidhleoireachta Náisiúnta.

Tiocfaidh an fhoireann de thoscaireachtai an Aontais, mar atá luaite in Airteagal III-225, as an tseirbhís chomhpháirteach sin.

Tá an Coinbhinsiún den tuairim gur chóir na socruithe is gá chun an tseirbhís chomhpháirteach a bhunú a dhéanamh laistigh den chéad bhliain tar éis an Conradh a bhunaíonn Bunreacht don Eoraip a theacht i bhfeidhm.

--------------------------------------------------

Dearbhú san Ionstraim Chríochnaitheach maidir leis an gConradh a bhunaíonn an Bunreacht a shíniú

Más rud é, dhá bhliain tar éis an Conradh a bhunaíonn an Bunreacht a shíniú, go bhfuil sé daingnithe ag ceithre chúigiú de na Ballstáit agus go bhfuil deacrachtaí ag Ballstát amháin nó níos mó dul ar aghaidh leis an daingniúchán, déanfar an cheist a tharchur chuig an gComhairle Eorpach.

--------------------------------------------------

AN COINBHINSIÚN EORPACH

LIOSTA DE NA COMHALTAÍ

UACHTARÁNACHT

An tUasal Valéry GISCARD d'ESTAING | Cathaoirleach |

An tUasal Giuliano AMATO | Leaschathaoirleach |

An tUasal Jean-Luc DEHAENE | Leaschathaoirleach |

COMHALTAÍ EILE DEN PRAESIDIUM

An tUasal Michel BARNIER | Ionadaí don Choimisiún Eorpach |

An tUasal John BRUTON | Ionadaí do Parlaimintí Náisiúnta |

An tUasal Henning CHRISTOPHERSEN | Ionadaí do Uachtaránacht na Danmhairge |

An tUasal Alfonso DASTIS | Ionadaí do Uachtaránacht na Spáinne (ó Mhárta 2003) |

An tUasal Klaus HÄNSCH | Ionadaí do Pharlaimint na hEorpa |

An tUasal Giorgos KATIFORIS | Ionadaí do Uachtaránacht na Gréige (go dtí Feabhra 2003) |

An tUasal Iñigo MÉNDEZ DE VIGO | Ionadaí do Pharlaimint na hEorpa |

Bean Ana PALACIO | Ionadaí do Uachtaránacht na Spáinne (go dtí Márta 2003) |

An tUasal Giorgos PAPANDREOU | Ionadaí do Uachtaránacht na Gréige (ó Fheabhra 2003) |

Bean Gisela STUART | Ionadaí do na Parlaimintí Náisiúntas |

An tUasal Antonio VITORINO | Ionadaí don Choimisiún Eorpach |

An tUasal Alojz PETERLE | Ar cuireadh |

COMHALTAÍ DEN CHOINBHINSIÚN

IONADAITHE DO PHARLAIMINT NA hEORPA

An tUasal Jens-Peter BONDE (DK)

An tUasal Elmar BROK (D)

An tUasal Andrew Nicholas DUFF (UK)

An tUasal Olivier DUHAMEL (F)

An tUasal Klaus HÄNSCH (D)

Bean Sylvia-Yvonne KAUFMANN (D)

An tUasal Timothy KIRKHOPE (UK)

An tUasal Alain LAMASSOURE (F)

Bean Linda McAVAN (UK)

Bean Hanja MAIJ-WEGGEN (NL)

An tUasal Luís MARINHO (P)

An tUasal Íñigo MÉNDEZ DE VIGO Y MONTOJO (ES)

Bean Cristiana MUSCARDINI (IT)

An tUasal Antonio TAJANI (IT)

Bean Anne VAN LANCKER (B)

An tUasal Johannes VOGGENHUBER (ÖS)

IONADAITHE DON CHOIMISIÚN

An tUasal Michel BARNIER

An tUasal António VITORINO

IONADAITHE DO NA BALLSTÁIT

BELGIË/BELGIQUE

Rialtas

An tUasal Louis MICHEL

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Karel DE GUCHT

An tUasal Elio DI RUPO

DANMARK

Rialtas

An tUasal Henning CHRISTOPHERSEN

National Parlement

An tUasal Peter SKAARUP

An tUasal Henrik DAM KRISTENSEN

DEUTSCHLAND

Rialtas

An tUasal Joschka FISCHER (a ghabh ionad an Uasal Peter GLOTZ i Samhain 2002)

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Jürgen MEYER

An tUasal Erwin TEUFEL

ELLAS

Rialtas

An tUasal Giorgos PAPANDREOU (a ghabh ionad an Uasal Giorgos KATIFORIS i bhFeabhra 2003)

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Paraskevas AVGERINOS

Bean Marietta GIANNAKOU

ESPAÑA

Rialtas

An tUasal Alfonso DASTIS (a ghabh ionad an Uasal Carlos BASTARRECHE mar chomhalta malartach i Meán Fómhair 2002, ina dhiaidh sin ionad Bhean A. Palacio mar chomhalta i Márta 2003)

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Josep BORRELL FONTELLES

An tUasal Gabriel CISNEROS LABORDA

FRANCE

Rialtas

An tUasal Dominique de VILLEPIN (a ghabh ionad an Uasal Pierre MOSCOVICI i Samhain 2002)

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Pierre LEQUILLER (a ghabh ionad an tUasal Alain BARRAU i Iúil 2002)

An tUasal Hubert HAENEL

ÉIRE/IRELAND

Rialtas

An tUasal Dick ROCHE (a ghabh ionad an Uasal Ray MacSHARRY i Iúil 2002)

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal John BRUTON

An tUasal Proinsias DE ROSSA

ITALIA

Rialtas

An tUasal Gianfranco FINI

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Marco FOLLINI

An tUasal Lamberto DINI

LUXEMBOURG

Rialtas

An tUasal Jacques SANTER

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Paul HELMINGER

An tUasal Ben FAYOT

NEDERLAND

Rialtas

An tUasal Gijs de VRIES (a ghabh ionad an Uasal Hans van MIERLO i nDeireadh Fómhair 2002)

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal René van der LINDEN

An tUasal Frans TIMMERMANS

ÖSTERREICH

Rialtas

An tUasal Hannes FARNLEITNER

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Caspar EINEM

An tUasal Reinhard Eugen BÖSCH

PORTUGAL

Rialtas

An tUasal Ernâni LOPES (a ghabh ionad an Uasal João de VALLERA i mBealtaine 2002)

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Alberto COSTA

Bean Eduarda AZEVEDO

SUOMI/FINLAND

Rialtas

Bean Teija TIILIKAINEN

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Kimmo KILJUNEN

An tUasal Jari VILÉN (a ghabh ionad an Uasal Matti VANHANEN i mBealtaine 2003)

SVERIGE

Rialtas

Bean Lena HJELM-WALLÉN

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Sören LEKBERG

An tUasal Göran LENNMARKER

UNITED KINGDOM

Rialtas

An tUasal Peter HAIN

Parlaimint Náisiúnta

Bean Gisela STUART

An tUasal David HEATHCOAT-AMORY

IONADAITHE DO NA TÍORTHA IARRTHACHA

Kΰπρoς/AN CHIPIR

Rialtas

An tUasal Michael ATTALIDES

Parlaimint Náisiúnta

Bean Eleni MAVROU

An tUasal Panayiotis DEMETRIOU

MÁLTA

Rialtas

An tUasal Peter SERRACINO-INGLOTT

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Michael FRENDO

An tUasal Alfred SANT

MAGYARORSZÀG/AN UNGÁIR

Rialtas

An tUasal Péter BALÁZS (a ghabh ionad an Uasal János MARTONYI i Meitheamh 2002)

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal József SZÁJER

An tUasal Pál VASTAGH

POLSKA/AN PHOLAINN

Rialtas

Bean Danuta HÜBNER

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Jozef OLEKSY

An tUasal Edmund WITTBRODT

ROMÂNIA/AN RÓMÁIN

Rialtas

Bean Hildegard Carola PUWAK

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Alexandru ATHANASIU (a ghabh ionad an Uasal Liviu MAIOR i bhFeabhra 2003)

An tUasal Puiu HASOTTI

SLOVENSKO/AN tSLÓVAIC

Rialtas

An tUasal Ivan KORČOK (a ghabh ionad an Uasal Ján FIGEL i Samhain 2002)

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Ján FIGEL (a ghabh ionad an Uasal Pavol HAMZIK i nDeireadh Fómhair 2002)

Bean Irena BELOHORSKÁ

LATVIJA/AN LAITVIA

Rialtas

Bean Sandra KALNIETE (a ghabh ionad an Uasal Roberts ZILE in Eanáir 2003)

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Rihards PIKS

Bean Liene LIEPINA (a ghabh ionad an Uasal Edvins INKĒNS in Eanáir 2003)

EESTI/AN EASTÓIN

Rialtas

An tUasal Lennart MERI

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Tunne KELAM

An tUasal Rein LANG (a ghabh ionad an Uasal Peeter REITZBERG in Aibreán 2003)

LIETUVA/AN LIOTUÁIN

Rialtas

An tUasal Rytis MARTIKONIS

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Vytenis ANDRIUKAITIS

An tUasal Algirdas GRICIUS (a ghabhh i Nollaig 2002 ionad an Uasal Alvydas MEDALINSKAS, agus ghabh seisean ionad Bean Dalia KUTRAITE-GIEDRAITIENE mar chomhalta malartach)

Бългapия/AN BHULGÁIR

Rialtas

Bean Meglena KUNEVA

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Daniel VALCHEV

An tUasal Nikolai MLADENOV

ČESKÁ REPUBLIKA/POBLACHT NA SEICE

Rialtas

An tUasal Jan KOHOUT (a ghabh ionad an Uasal Jan KAVAN i Meán Fómhair 2002)

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Jan ZAHRADIL

An tUasal Josef ZIELENIEC

SLOVENIJA/AN tSLÓIVÉIN

Rialtas

An tUasal Dimitrij RUPEL (a ghabh ionad an Uasal Matjaz NAHTIGAL in Eanáir 2003)

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Jelko KACIN (a ghabh ionad an Uasal Slavko GABER in Eanáir 2003)

An tUasal Alojz PETERLE

TÜRQÍYE/AN TUIRC

Rialtas

An tUasal Abdullah GÜL (i Márta 2003 a ghabh ionad an Uasal Yasar YAKIS, a raibh ionad an Uasal Mesut YILMAZ gafa aige i Nollaig 2002)

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Zekeriya AKCAM (a ghabh ionad an Uasal Ali TEKIN i Nollaig 2002)

An tUasal Kemal DERVIŞ (a ghabh ionad Bean Ayfer YILMAZ i Nollaig 2002)

MALARTAIGH DO NA

hIONADAITHE DO PHARLAIMINT NA hEORPA

An tUasal William ABITBOL (F)

Bean ALMEIDA GARRETT (P)

An tUasal John CUSHNAHAN (IRL)

Bean Lone DYBKJAER (DK)

Bean Pervenche BERÈS (F)

Bean Maria BERGER (ÖS)

An tUasal Carlos CARNERO GONZÁLEZ (ES)

An tUasal Neil MacCORMICK (UK)

Bean Piia-Noora KAUPPI (FI)

Bean Elena PACIOTTI (IT)

An tUasal Luís QUEIRÓ (P)

An tUasal Reinhard RACK (ÖS)

An tUasal Esko SEPPÄNEN (FI)

An tIarla STOCKTON (UK)

Bean Helle THORNING-SCHMIDT (DK)

An tUasal Joachim WUERMELING (D)

IONADAITHE DON CHOIMISIÚN

An tUasal David O'SULLIVAN

An tUasal Paolo PONZANO

IONADAITHE DO NA BALLSTÁIT

BELGIË/BELGIQUE

Rialtas

An tUasal Pierre CHEVALIER

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Danny PIETERS

Bean Marie NAGY

DANMARK

Rialtas

An tUasal Poul SCHLÜTER

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Per DALGAARD

An tUasal Niels HELVEG PETERSEN

DEUTSCHLAND

Rialtas

An tUasal Hans Martin BURY (a ghabh ionad an Uasal Gunter PLEUGER i Samhain 2002)

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Peter ALTMAIER

An tUasal Wolfgang GERHARDS (a ghabh ionad an Uasal Wolfgang SENFF i Márta 2003)

ELLAS

Rialtas

An tUasal Giorgos KATIFORIS (a ghabh ionad an Uasal Panayiotis IOAKIMIDIS i bhFeabhra 2003)

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Nikolaos CONSTANTOPOULOS

An tUasal Evripidis STILINIADIS

ESPAÑA

Rialtas

Bean Ana PALACIO (a ghabh ionad an Uasal Alfonso DASTIS i Márta 2003)

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Diego LÓPEZ GARRIDO

An tUasal Alejandro MUÑOZ LONSO

FRANCE

Rialtas

Bean Pascale ANDREANI (a ghabh ionad an Uasal Pierre VIMONT i Lúnasa 2002)

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Jacques FLOCH (a ghabh ionad Bean Anne-Marie IDRAC i Iúil 2002)

An tUasal Robert BADINTER

ÉIRE/IRELAND

Rialtas

An tUasal Bobby McDONAGH

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Pat CAREY (a ghabh ionad an Uasal Martin CULLEN i Iúil 2002)

An tUasal John GORMLEY

ITALIA

Rialtas

An tUasal Francesco E. SPERONI

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Valdo SPINI

An tUasal Filadelfio Guido BASILE

LUXEMBOURG

Rialtas

An tUasal Nicolas SCHMIT

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Gaston GIBERYEN

Bean Renée WAGENER

NEDERLAND

Rialtas

An tUasal Thom de BRUIJN

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Wim van EEKELEN

An tUasal Jan Jacob van DIJK (a ghabh ionad an Uasal Hans van BAALEN i nDeireadh Fómhair 2002)

ÖSTERREICH

Rialtas

An tUasal Gerhard TUSEK

Parlaimint Náisiúnta

Bean Evelin LICHTENBERGER

An tUasal Eduard MAINONI (a ghabh ionad an Uasal Gerhard KURZMANN i Márta 2003)

PORTUGAL

Rialtas

An tUasal Manuel LOBO ANTUNES

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Guilherme d'OLIVEIRA MARTINS (a ghabh ionad an Uasal Osvaldo de CASTRO i Meitheamh 2002)

An tUasal António NAZARÉ PEREIRA

SUOMI/FINLAND

Rialtas

An tUasal Antti PELTOMÄKI

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Hannu TAKKULA (a ghabh ionad Bean Riitta KORHONEN i mBealtaine 2003)

An tUasal Esko HELLE

SVERIGE

Rialtas

An tUasal Sven-Olof PETERSSON (a ghabh ionad Bean Lena HALLENGREN i Nollaig 2002)

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Kenneth KVIST

An tUasal Ingvar SVENSSON

UNITED KINGDOM

Rialtas

Banbharún SCOTLAND OF ASTHAL

Parlaimint Náisiúnta

An Tiarna TOMLINSON

An Tiarna MACLENNAN OF ROGART

IONADAITHE DO NA BALLSTÁIT IARRTHACHA

Kΰπρoς/AN CHIPIR

Rialtas

An tUasal Theophilos V. THEOPHILOU

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Marios MATSAKIS

Bean Androula VASSILIOU

MÁLTA

Rialtas

An tUasal John INGUANEZ

Parlaimint Náisiúnta

Bean Dolores CRISTINA

An tUasal George VELLA

MAGYARORSZÀG/AN UNGÁIR

Rialtas

An tUasal Péter GOTTFRIED

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal András KELEMEN

An tUasal István SZENT-IVÁNYI

POLSKA/AN PHOLAINN

Rialtas

An tUasal Janusz TRZCIŃSKI

Parlaimint Náisiúnta

Bean Marta FOGLER

Bean Genowefa GRABOWSKA

ROMÂNIA/AN RÓMÁIN

Rialtas

An tUasal Constantin ENE (a ghabh ionad an Uasal Ion JINGA i Nollaig 2002)

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Péter ECKSTEIN-KOVACS

An tUasal Adrian SEVERIN

SLOVENSKO/AN tSLÓVAIC

Rialtas

An tUasal Juraj MIGAŠ

Parlaimint Náisiúnta

Bean Zuzana MARTINAKOVA (a ghabh ionad an Uasal Frantisek SEBEJ i Samhain 2002)

An tUasal Boris ZALA (a ghabh ionad Bean Olga KELTOSOVA i Samhain 2002)

LATVIJA/AN LAITVIA

Rialtas

An tUasal Roberts ZILE (a ghabh ionad an Uasal Guntars KRASTS in Eanáir 2003)

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Guntars KRASTS (a ghabh ionad an Uasal Maris SPRINDZUKS in Eanáir 2003)

An tUasal Arturs Krisjanis KARINS (a ghabh ionad Bean Inese BIRZNIECE in Eanáir 2003)

EESTI/AN EASTÓIN

Rialtas

An tUasal Henrik HOLOLEI

Parlaimint Náisiúnta

Bean Liina TÕNISSON (a ghabh ionad Bean Liia HÄNNI in Aibreán 2003)

An tUasal Urmas REINSALU (a ghabh ionad an Uasal Ülo TÄRNO in Aibreán 2003)

LIETUVA/AN LIOTUÁIN

Rialtas

An tUasal Oskaras JUSYS

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Gintautas ŠIVICKAS (i bhFeabhra 2003 a ghabh ionad an Uasal Gediminas DALINKEVICIUS, a raibh ionad an Uasal Rolandas PAVILIONIS gafa aige i Nollaig 2002)

An tUasal Eugenijus MALDEIKIS (a ghabh ionad an Uasal Alvydas MEDALINSKAS i bhFeabhra 2003)

Бългapия/AN BHULGÁIR

Rialtas

Bean Neli KUTSKOVA

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Alexander ARABADJIEV

An tUasal Nesrin UZUN

ČESKÁ REPUBLIKA/POBLACHT NA SEICE

Rialtas

Bean Lenka Anna ROVNA (a ghabh ionad an Uasal Jan KOHOUT i Meán Fómhair 2002)

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Petr NEČAS

An tUasal František KROUPA

SLOVENIJA/AN tSLÓIVÉIN

Rialtas

An tUasal Janez LENARČIČ

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Franc HORVAT (a ghabh ionad Bean Danica SIMŠIČ in Eanáir 2003)

An tUasal Mihael BREJC

TÜRQÍYE/AN TUIRC

Rialtas

An tUasal Oğuz DEMIRALP (a ghabh ionad an Uasal Nihat AKYOL i Lúnasa 2002)

Parlaimint Náisiúnta

An tUasal Ibrahim ÖZAL (a ghabh ionad an Uasal Kürsat ESER i Nollaig 2002)

An tUasal Necdet BUDAK (a ghabh ionad an Uasal A. Emre KOCAOGLOU i Nollaig 2002)

BREATHNÓIRÍ

An tUasal Roger BRIESCH

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta

An tUasal Josef CHABERT

Coiste na Réigiún

An tUasal João CRAVINHO

Na Comhpháirtithe Sóisialta Eorpacha

An tUasal Manfred DAMMEYER

Coiste na Réigiún

An tUasal Patrick DEWAEL

Coiste na Réigiún

An tUasal Nikiforos DIAMANDOUROS

Ombudsman Eorpach

(a ghabh ionad an Uasal Jacob SÖDERMAN i Márta 2003)

Bean Claude DU GRANRUT

Coiste na Réigiún

An tUasal Göke Daniel FRERICHS

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta

An tUasal Emilio GABAGLIO

Na Comhpháirtithe Sósialta Eorpacha

An tUasal Georges JACOBS

Na Comhpháirtithe Sósialta Eorpacha

An tUasal Claudio MARTINI

Coiste na Réigiún

Bean Anne-Maria SIGMUND

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta

An tUasal Ramón Luis VALCÁRCEL SISO

Coiste na Réigiún

(a ghabh ionad an Uasal Eduardo ZAPLANA i bhFeabhra 2003; Bean Eva-Riitta SIITONEN a bhí mar chomhalta malartach ó Dheireadh Fómhair 2002)

RÚNAÍOCHT

Sir John KERR

Ardrúnaí

Bean Annalisa GIANNELLA

Leasardrúnaí

Bean Marta ARPIO SANTACRUZ

Bean Agnieszka BARTOL

An tUasal Hervé BRIBOSIA

Bean Nicole BUCHET

Bean Elisabeth GATEAU

An tUasal Clemens LADENBURGER

Bean Maria José MARTÍNEZ IGLESIAS

An tUasal Nikolaus MEYER LANDRUT

An tUasal Guy MILTON

An tUasal Ricardo PASSOS

Bean Kristin de PEYRON

An tUasal Alain PILETTE

An tUasal Alain PIOTROWSKI

An tUasal Etienne de PONCINS

Bean Alessandra SCHIAVO

Bean Walpurga SPECKBACHER

Bean Maryem van den HEUVEL

--------------------------------------------------